Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Breandán Ó Doibhlin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Breandán Ó Doibhlin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-12-15

Fabhalscéalta La Fontaine, Ó Doibhlin


Seo rogha Bhreandáin Uí Dhoibhlin de insint La Fontaine de na fabhalscéalta ársa. Bhí leagan éigin acu ar fad, nach mór, léite nó cloiste agam roimhe. Cuid de throscán aigne an Eorpach liteartha iad, measaim. Ach tá leaganacha La Fontaine fileata cuanna agus tá siad curtha i nglan Ghaeilge fileata ag Ó Doibhlin. Ó thaobh na foclóra de, soléite cliste cuanna.

Tá mé sásta gur chuir mé fios orthu faoi dheireadh ón leabharlann. Is saibhride m'aigne an méid de saothar Uí Dhoibhlin atá léite agam, idir bunsaothair ficsean, critic (nach bhfuil mórán in aon chor de léite agam) agus aistriúchán. (Caiticeasma na hEaglaise Caitlicí san áireamh, cé nach bhfuil sin léite ó chlúdach go clúdach fós agam!). Ní cúis iontais é gur thug Rialtas na Fraince gradam dó as feabhas a oibre, ag cuir saíocht na Fraince in aithne d'Éireannaigh. 

Mar a dúirt Terry Pratchett tráth, Pan Narrans, ápa inste scéalta is ea an duine. Trí scéalta a insint agus a chlos a dhéanaimid foghlaim. Agus tá fírinní buaine sna scéalta ársa seo. Ach iad a bheith inste go maith, tá siad thar a bheith éifeachtach dúinn.

Tá focail Uí Dhoibhlin snoite snasta. Faraor, níl cló a dhiongbhála curtha orthu san eagrán seo. Tá an cló beag agus doiléir. Fágann an leagan amach go bhfuil cuid den téacs - an téacs Fraincise go háirithe - ró ghar d'imeall an leathanaigh, agus doléite gan dochar a dhéanamh don ceangal.

Ba mhaith liom eagrán ar pháipéar maith, le cló soléite agus leagan amach cúramach. Tá léaráidí maithe san eagrán seo, ach fágann caighdeán an chló doiléir iad. Tá roinnt botúin cló agus clóchur le leasú. 

Táim sásta go bhfuair mé an leabhar, ach d'fhéadfadh sé bheith i bhfad níos fearr! 

2018-08-31

Sliocht ar Thír na Scáth

Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.

Íseáia 26:19

Úrscéal stairiúil atá curtha faoinár mbráid ag Breandán Ó Doibhlin. Scéal cogadh. Scéal deireadh ré. Scéal creideamh agus athrú creideamh. Scéal grá. Scéal gruaim.

Ábhar file an reacaire, i sochaí aicmeach na ngael nuair a chuaigh gairm le sliocht. É lonnaithe i dTír Eoghain. Tá an sean riocht ar té a scriosta, faoi bhuillí fealltacha an eachtarchine, mar a thugann an reacaire orthu - Sasanaigh agus Albanaigh lán le dhíogras concas tiomanta ag saint agus faobhar bhreise ar a lanntracha de bharr an athleasú creidimh.

I leataobh ón gcogaíocht seachas corr ruathar atá an insint.

Agus cinnteachtaí ag clis air caithfidh an reacaire a dheánamh amach cad é a ghairm feasta nuair nach féidir muinín a chuir i bpátrúnacht uaisle Gaeil, atá ag loic ar a ndualgais, ag súirí fiú leis an ionróir, ag tarraingt a bhéascna chucu.

Ceathrar duine óg atá i croílár an scéil, cairde. An reacaire, atá ag foghlaim a cheird agus ar tí céim an anruth a bhaint amach nuair a bhuaileann tubaiste an chogaidh a chuireann scaipeadh ar lucht léinn. Ábhar file aneas, díbeartha as cúige Laighean ag lorg oideachas i gceantar atá faoi réimeas Gaeil fós. Bráthair Bocht, cara eile. Rúnsearc an reacaire. Iníon airchinnigh. Céim as a raon san seanreacht. Ach anois?

Scéal súirí agus cogadh fite fuaite. Agus i gcónaí an cheist cad atá i ndán anois. Conas an oidhreacht a chaomhnú?

Chonac cuir síos ar an nGaeilge mar charachtar sa leabhar. Níl fhios agam an rachainn chomh fada sin.

Tá prós shollúnta fhileata ag an reacaire. File é, tar éis an tsaoil. Focalbhách. Ar maos sa litríocht. Múnlaí ársa smaointe.

Ach tá an leabhar soléite dar liom. Teannas san insint.

Ní haon néal maidine agus tine oíche atá anseo.

Tá machnamh agus marana ann, cinnte. Ach is machnamh agus marana an reacaire atá ann, a eascraíonn go nádúrtha as an scéal agus an stair.

Tá plota leanúnach ann, a fhágann go bhfuil drogall mórán eile a rá faoi imeachtaí an scéil, ar eagla go lagóinn pléisiúr léitheora eile.

Tá smál beag ar an leabhar- dornán botúin fánacha cló thall is abhus, a bhaineann tuisle as an léitheoir. Is trua sin.

2011-05-28

Foinse filíochta agus foghlama

Jean de la Fontaine
 I measc na leabhar atá léite agam le déanaí tá an cnuasach a rinne Breandán Ó Doibhlín as Fabhalscéalta la Fontaine. Tá na bunleaganacha Fraincíse agus an leagan Ghaeilge a rinne an Doibhlínnneach féin, maille na léaráidí gleoite a bhí leis an mbunleagan.
Gan amhras, is é a rinne La Fontaine ná a chló fhéin a chuir ar scéalta a théann i bhfad siar; rianaínn Ó Doibhlín  siar chuig Aesop agus roimhe iad. Ach d'éirigh chomh maith sin leis a chló féin a chuir orthu gurbh san fhoirm sin atá taithí againne orthu. Tá glan Ghaeilge galánta curtha ag Ó Doibhlin ar Fraincis galánta La Fontaine. Gan amhras tá clú agus cáil - agus gradam Ridire ó Rialtas na Fraince - gnóthaithe ag Breandán Ó Doibhlin - de bharr a eolas agus a shaothar sa Ghaeilge agus Fraincis araon.
Léaráid de chuid Doré
Mar sin, níl duine ar bith níos fearr le tabhairt faoi shaothar mar seo, agus tá curtha i gcrích go paiteanta aige.  Níl an leabhar ar fáil ó Litríocht (ón Leabharlann a fuair mise é), mar sin is cosúil é bheith as cló - mór an trua sin. Dála an scéal - agus tharlódh gurbh ar mo shúile meánaosta an locht - ach braith mé nach raibh an cló sa chóip a bhí agam i gcónaí soiléir, agus go raibh sé rud beag ró bheag. D'fheadfaí é sin a chuir san áireamh má (agus tá súil agam gur nuair atá i gceist) déantar athchló ar an bpéarla léinn seo.

Aguisín: Nod le chairde na Fabhalscéalta go bhfuil David Webb, diaidh ar ndiaidh, ag cóiriú leagan Peadar Ua Laoghaire d'Aesop á tháinig go hÉireann.

2010-02-07

Aistear anama

Tá "An Branar gan Cur" le Breandán Ó Doibhlin díreach críochnaithe agam. Tá foclóir leathan ag an Doibhlinneach, rud a fhágann go bhfuil stró neamhghnách ag baint le saothar dá chuid a léamh, agus thóg sé i bhfad orm bheith ar mo chompord leis an leabhar.

Tá an úrscéal spéisiúil seo suite i traein ó Bhaile Átha Cliath go Doire. Tá an laoch ar a shlí ó thuaidh, abhaile ar chuairt. Ag tús an scéil tá an cuma ar an scéal go bhfuil cinneadh déanta aige conas an chuid eile dá shaol a chaitheamh - dul le sagartacht. Sruth smaointe, agus an aistear traenach mar fráma dóibh, atá san úrscéal. Cíorann sé a shaol agus a chuid caidrimh le daoine eile - agus imíonn a chinnteacht le fána.

Tá léargas ar saol an fhir cúise, an léachtóir ollscoile, aos gnó Bhaile Átha Cliath, agus na ciorcail eile a thagann sé i dteagmháil leo san scéal. Léargas freisin ar féiniúlacht an náisiúnaí tuaisceartach, agus an neamhaird agus col a bhraitheann pobal an deiscirt leo.

Tríd is tríd, sílim gurbh fiú an tairbhe an trioblóid a chuir foclóir leathan Uí Dhoibhlinn orm! Is dócha freisin go mbeadh a leathbhreac de leabhair i mBéarla nó i nGearmáinis léite níos sciobtha agam - agus gurbh ormsa seachas ar siúd an locht. Easpa taithí ar an saghas seo litríochta.

An Branar Gan Cur.
Breandán Ó Doibhlin.
Sáirséal – Ó Marcaigh 1984
ISBN 086289025

2009-11-22

Iomramh Bhreandáin

Fuair mé úrscéal Bhreandán Uí Dhoibhlín "Néal Maidine agus Tine Oíche" ón leabharlann.

Ní leabhar éadrom atá ann, go deimhin, táim ag iomrascáil leis le geal le sé seachtainí. Ach bhfiú an trioblóid, sílim. Úrscéal ar leith atá ann, lán de mhacallaí ó fánaíocht Chlann Iosrael sa bhfásach mar mheafair do dhán Chlanna Gaeil - agus go háirithe cultúr na nGael. Guth amháin - guth chinnire - atá sa leabhair. É ag cíoradh dán a chine, ag machnamh agus i mbun miúine. N'fheadar a bhfuil tuar tagtha faoin tairngire atá sa leabhar fós - is eagal liom nár tháinig, agus go bhfuilimid fós ar strae agus i ngéibheann na coilíneachta ó thaobh meoin agus sochaí de.

Is iontach an saibhreas foclóra a bhí agus atá ag an Doibhlíneach, fiú i seascaidí an chéid seo chaite nuair a scríobhadh an leabhar seo.

Tá léargas ar an méid a chuir sé roimhe san díonbhrollach - tá cóip déanta agam agus é curtha ar fáil anseo.

Saothar ar rún dom filleadh air arís.




Néal Maidine agus Tine Oíche
Breandán Ó Doibhlin
Sáirséal - Ó Marcaigh 1998
ISBN 0-862890-67-5