![]() |
| Jean de la Fontaine |
I measc na leabhar atá léite agam le déanaí tá an cnuasach a rinne Breandán Ó Doibhlín as Fabhalscéalta la Fontaine. Tá na bunleaganacha Fraincíse agus an leagan Ghaeilge a rinne an Doibhlínnneach féin, maille na léaráidí gleoite a bhí leis an mbunleagan.
Gan amhras, is é a rinne La Fontaine ná a chló fhéin a chuir ar scéalta a théann i bhfad siar; rianaínn Ó Doibhlín siar chuig Aesop agus roimhe iad. Ach d'éirigh chomh maith sin leis a chló féin a chuir orthu gurbh san fhoirm sin atá taithí againne orthu. Tá glan Ghaeilge galánta curtha ag Ó Doibhlin ar Fraincis galánta La Fontaine. Gan amhras tá clú agus cáil - agus gradam Ridire ó Rialtas na Fraince - gnóthaithe ag Breandán Ó Doibhlin - de bharr a eolas agus a shaothar sa Ghaeilge agus Fraincis araon.![]() |
| Léaráid de chuid Doré |
Aguisín: Nod le chairde na Fabhalscéalta go bhfuil David Webb, diaidh ar ndiaidh, ag cóiriú leagan Peadar Ua Laoghaire d'Aesop á tháinig go hÉireann.

