Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-07-03

Bláthnaid


Bhí mé ag tnúth leis an leabhar seo ó d'fhógair Darach Ó Scolaí go raibh sé ar na bacáin. Thaitin Deirdre go mór liom. Tá leagan de scéal Cú Roi agus Bláthnaid ar Scéilín ó bhéilín, mar sin bhí dinnseanchas an Fionnghlaise ar eolas agam. Agus dhreap mé uair amháin go Cathair Chon Rí. Ach dhíbir ceo agus míoltóga mé!

Tá leagan fite ag Darach ó na lámhscríbhinní, ag tarraingt as scéalta eile nuair is gá bearnaí a líonadh. Leagan drámatúil. Bláthnaid i ngrá le Cú Chulainn agus eisean léi. Ach an lámh in uachtar ag Cú Roi ar feadh i bhfad. Go mbuaileann Bláthnaid bob air agus a chuid feara. Sléacht agus ár mar thoradh ar sin. Tá an scéal dorcha foréigneach barbartha. Ach tá cuannacht sa chaint agus sa chuir síos. Agus is carachtar láidir gníomhach i Bláthnaid seachas áilleagán atá ina bréagán i lámha na bhfear. 

Tá roinnt filíochta tríd an insint próis a chuireann go mór leis. Agus léaráidí Anastasia Melnykova ag cuir go mór leis, mar a bhí i Deirdre.

Nod i gcúl an leabhar go mbeifear ag cuir leis an sraith. Cuir síos ar "Sadhbh - Ceasacht Iníon Ghuile". An chéad gála eile sa sraith? Is maith scéal faoi bhean óg a fhaigheann an ceann is fearr ar na fir le bua na dea-chainte. Go háirithe tar éis dán Bhláthnaide!

Is maith liom go bhfuil Leabhar Breac ag meabhrú na scéalta seo ón tseanlitríocht dúinn, ach cuir Gaeilge an lae inniu orthu ach fós dílís don leagan liteartha. Saibhriú ceart ar an nua-litríocht. 

Darach Ó Scolaí
56 lch; clúdach crua; 
978-1-913814-56-4