Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-08-24

Dialann Dúradáin


Ní haon rún é go mbím ag léamh leabhair le’m iníon, mar sin sheol Futa Fata cóip léirmheastóireachta chugainn de Dialann Dúradáin (Diary of a Wimpy Kid).

Bím idir dhá chomhairle maidir le haistriúcháin ón mBéarla go Gaeilge. Tuigim an buntáiste margaíochta a bhaineann le údar aitheanta. Níl aon cheist ach gur tháinig Futa Fata i dtír ar cháil an sraithe seo agus iad ag eagrú comórtas chun an leagan is fearr Gaeilge a chuir ar an leabhar. (D’éirigh thar barr leo feictear dom).

Ach go minic is fusa do léitheoirí óga an leagan Béarla a léamh. Is minic go mbíonn sé léite acu sula mbíonn an leagan Gaeilge ar fáil! Mar a tharlaíonn, cé go raibh cuir amach ag m’iníon ar an leabhar ní raibh sé léite aici. Go deimhin bhí sí cineál amhrasach faoi! Ach mheall an spraoi agus na léaráidí í, agus níl aon cheist ach gur éirigh leis an aistritheoir, Máirín Ní Mhárta, an ghreann agus na himeartais focail a thabhairt slán ina leagan saibhir soléite.

Léaráidí Jeff Kinney cnámh droma an leabhair, iad ag iompar reacaireacht an Dúradáin, buachaill i tús na déaga ag streachailt leis an saol, ag iarraidh go mbeidh aitheantas agus cairdeas aige, ach é gafa leis an dream atá níos imeallaí fós ná é féin.

Léirítear go breá an chaoi nach aon naomh é Greg – go deimhin bíonn sé sách gránna lena chara, agus íocann sé as sin. Tá roinnt snátha grinn tríd an insint –”Galar na cáise”, “Zu Wi Mama!” agus araile a chuireann go mór leis an ngreann, agus an chaidreamh greannmhar atá ag Greg leis na daoine timpeall air. Tá an scéal ana ‘bhruachbhaile Meiriceánach ach ar ndóigh tá taithí ag daoine óga air sin ón iliomad sraitheanna teilifíse agus éiríonn leis an aistriúchán cuma nádúrtha a chuir air an scéal. Bhaineamar araon an taitneamh as an léamh.

An imní is mó a bheadh orm ná nach ndéanfaí níos mó den sraith a aistriú, agus go rachaidh m’iníon i dtreo na leaganacha Béarla dá bharr. Níor aistríodh ach an gcéad imleabhar de Harry Potter agus d’Artemis Fowl. Tá muinín agam áfach as cumas gnó agus tiomantas Futa Fata; táim dóchasach dá réir go mbeidh breis le léamh as Gaeilge faoin Dúradáin.


Údar: Jeff Kinney
Aistritheoir: Máirín Ní Mhárta
ISBN: 9781906907990
Foilsitheoir: Futa Futa
Aois: 9-12 bl


Foilsíodh an mír seo i dtosach ar Gobblefunked, 9 Iúil 2016