Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-08-19

Peig

De réir mo chuimhne ní dhearna mé staidéar ar Peig ar scoil, cé nach cuimhin liom go beacht cén leabhar a "rinne" mé don ardteistiméireacht. (Tá na coilm ó Pride and Prejudice fós gan leigheas áfach).


Tá Machnamh Seanmhná agus Labharfad le Cách agam, agus taitneamh bainte agam as bheith ag léamh agus ag éisteacht le scéalaíocht Pheig Sayers. 

Siopadóir gan Ghaeilge thar bhaile isteach sa Daingean a luaigh Peig agus an slat in aon anáil mar leithscéal dá easpa Gaeilge a thug an sonc deireadh dom agus chuaigh mé caol díreach go dtí an Caifé Liteartha chun Peig a cheannach. 

D'fhoilsigh An Sagart eagrán neamh chiorraithe roinnt blianta ó shin, ach ar an drochuair tá sé as cló cheana féin, agus ní raibh le fáil ach an eagrán coillte scoile. Nach bhfuil ró tharraingteach ó thaobh dearadh ach oiread. 

Tá de cháil ar an leabhar gur olagón dhuairc ó thús deireadh atá ann. 

Ní fíor. Gan amhras bhí saol crua ag Peig, agus trioblóid agus uaigneas go leor. 

Mar sin féin is léir féith an ghrinn agus go deimhin na diabhlaíochta tríd síos. Mar a pléigh sí leis an buachaill feirme a bhí á crá, abair. 

Scéalaíocht atá i gceist agus coinbhinsiún na scéalaíochta le cur san áireamh ag an léitheoir. Nathaíocht san áireamh. 

Mar sin féin, ní dócha gur saothar oiriúnach atá ann le cuir faoi bhráid déagóirí cathrach nach mbeadh taithí dá laghad acu ar cruatain saoil tuaithe. 

Bhain mise sult as áfach, agus táim ag súil Machnamh Seanmhná a athléamh go luath.