Dhá aiste a léigh mé ag na mallaibh - Charles J. Chaput, Ardeaspag Denver, ag plé tionchar agus ról na meáin, agus an chaoi a bhfuil an ceathrú eastáit ag teipeadh ar an ndualgas a bhí acu scagadh ionraic a dhéanamh, agus an t-eolas a chuir ar fáil mar lón intinne don saoránach saor chun cinntí cearta a dhéanamh. Dar ndóigh is fada ré an chéad eastáit - na huaisle - thart. Cé gur dócha go bhfuil an ról sin glactha chucu féin ag prionsaí an mhaoinlathais. Is beag atá ag éisteacht leis an dara eastáit - an chléir. Tá an tríú eastáit, an pobal, in ainm is a bheith i réim sna tíortha daonlathacha. Ach i bhfírinne, siad prionsaí an cheathrú eastáit a mhúnlaíonn an dioscúrsa poiblí as a dtagann buaiteoirí agus caillteoirí toghcháin. (Rud atá rí léir san Iodáil, áit a bhfuil maoinlathach preasa i gceannas, an chéad agus an ceathrú eastáit i gcleamhnas cúng!).
Pléann alt John Allen le gné a luann Chaput - an "Roghnú Mór" - an caoi ina bhfuil daoine i Meiriceá, agus san Eaglais thall, a dtarraingt féin siar i treibheanna ar chomh mheoin, agus iad dall agus bodhar d'aon uaim ar smaointe eile.
Feictear dom go bhfuil a leithéid i dtreis abhus freisin, ach gan é bheith chomh soiléir de bharr nach bhfuil an córas dé pháirtí ann abhus, agus gan an dá eite den Eaglais a bheith chomh soiléir.
Maidir le ceist an chreidimh de, is baolach an ní é seo. Chuir Lewis an smaoineamh i mbéal Screwtape gurbh é an slí an dochar a bhaint as Críostaíocht ná féachaint chuige nach raibh sa Chríostaíocht ach uirlis eile chun smaoineamh saolta a bhí ag duine a chuir chun cinn.
Agus maidir le slánú an daonlathais, is rí léir go bhfuil baol ann. Tá an focal breá "mündig" ann sa Ghearmáinis. Cáilíocht atá riachtanach don saor. É nó Í a bheith ar an eolas faoi na cinntí atá le déanamh, agus roghnú dá réir. Ach má tá muid dall ag an cáilúileachas agus an drongsmaoineamh....