18 September 2008

Blagadóireacht mar mheán

alt ag Dónall Mac Ghiolla Chóill i Lá an Lae ar bhlagadóireacht.
Ní raibh Conchubhar ró shásta leis!

Is dóigh liom féin go bhfuil a alt stuama go leor, ach go bhfuil an bun bhotún chéanna á dhéanamh ag Dónall agus Conchubhar araon.

Sé sin, nach ann don bhlagadóir "tipiciúl". Meán thar a bheith leathan atá sa bhlagadóireacht, mar a thuar Clay Shirky i 2003.

Is beag comparáid idir, abair, an bhlag seo, agus blag na Ceithearna Coille, nó blag na Scríobhnóirí Óga 's Úra (ag fanacht laistigh de bhlag chruinne na Gaeilge)

Beidh (agus tá) blaganna ann atá ar nós nuachtán, ag clúdach réimse leathan abhair, agus léitheoireacht sách mór acu. Beidh blaganna eile ann a fhreastalaíonn ar chomhrá idir líon beag daoine.

Níor dhultáigh páipéir dúch riamh - agus is lú fós a dhiúltaíonn an tIdirlíon focail!

1 comment:

Concubhar said...

Sílim gur fearr an t-imreas ná an t-uaigneas. Sin an fath ar thug mé faoi Dhónall agus a alt mí stuama inniu. Ar ndóigh ní raibh Dónall ach ag iarraidh spás a líonadh de bharr ná raibh an ghnath cholúnaí ar fáil don eagrán seo.

An bun rud - aontaím leat. Níl blagadóirí tipiciúla ann. Ach tá taoide na blagadóíreachta ag líonadh - agus trath ag teacht ar na meáin thraidisiúnta. Is é cumas na meáin sin dul i ngleic le na meáin úra a chinnteoidh cé acu an dtiocfaidh siad slán nó nach ndéanfaidh.

Ach tá fás ar líon agus forbairt ar chaighdeán na mblaganna gach lá. Agus tá dearcadh Dhónall ina leith calcaithe i gcloch aois Chonallach éigean.

Ní féidir an oíche aréir a thabhairt ar ais.....

[Agus más fíor go mbeidh nuachtáin ann i gcónaí, ní féidir bheith cinnte go mbeidh nuachtán Ghaeilge ann i gcónaí, i bhfianaise na ngiorruithe atá ag titim amach i gcaiteachas an rialtais....]