25 September 2008

Cad tá ar bun ag GNIB?

Tá na scéalta faoi drochmheas agus drochíde ar eachtrannaigh ag ár dteorainn ag carnadh.


Dhá scéal ar na mallaibh - an sagart ón Nigéir a chaitheadh sa charcair agus a deanadh uirisliú air. Agus turasóir ón Ind a bhuaigh duais de chuid Fáilte Oirland - agus nár chreid na hoifigigh ar an dteorainn gurbh amhlaidh a bhí. Tagann seo sna sála ar scéal Alex Hijmans agus a phairtnéir ón Bhraisil a raibh deacrachtaí acu i nGaillimh.
Agus ag dul níos faide siar, scéal Keola Donaghy.


Tá trí rud a chuireann imní orm faoi na scéalta uilig seo

Is deacair gan smal a chiníochas a cheangail leo uilig - daoine nach duine geala iad a bhí i gceist in ngach cás.

Murach cairde sa chúirt acu, ní chloisfí faoi na scéalta seo beag ná mór. Mar sin, is cinnte go bhfuil níos mó eachtraí den tsórt seo ag tarlú.

Ach an ceist is tromchúisí faoi seo uilig ná nach léir dom go bhfuil aon chigireacht cheart ar na daoine atá freagrach as na heachtraí seo. Toisc go bhfuilid ag feidhmiú ar na teorainn, agus i mórchuid cásanna nach scaoiltear na daoine isteach in Éirinn in aon chor, is cosúil nach bhfuil aon cigireacht ag an gcóras dlí ar na himeachtaí seo.


Cinnte, baineadh an stampa "cead isteach diúltaithe" de phas an sagairt. Ach rinneadh "without prejudice" é. Sé sin le rá, níor tugadh cúis ar bith gur cuireadh an stampa ann. Ná níor tugadh cúis ar bith go baineadh an stampa as.

Ní mar sin ar cheart feidhmiú i bpoblacht faoi riail an Dlí.


Ní leor mar chúis "tuairim an oifigigh" chun bheith istigh a dhiúltú. Ba cheart fiainaise i scríbhinn a thabairt don duine i gceist ar cén bunús atá leis an dtuairim sin. Ba cheart freisin cead athchomharc "ar an spota" nó níos moille a bheith ann. Agus ba cheart an t-eolas seo ar fad a chuir ar fáil do chigireacht neamhspléach - Fear (nó Bean) Ionad na nImirceach. A fhoilseodh tuarascáil bhliantiúl ar conas mar atá an córas ag feidhmiú.
Bhí viosa bhailí, agus na conníolacha a bhain leis, coimhlíonta i gcás na ndaoine seo ar fad. Ach, is cosúil, gurbh leor ar an lá, tuairim duine aonair chun na cáipéisí seo a chuir ar neamhní.

Sin sárú dlí agus cirt. Is mithid stop a chuir leis.

4 comments:

MBM said...

Tá an ceart ar fad, ar fad agat. Tá drochthaithí agam féin le lucht seiceála pasanna ag Aerfort Átha Cliath, go háirithe ón am sin nuair nach raibh mé i mo shaoránach ag an Aontas Eorpach go fóill agus ní raibh cead isteach uathoibríoch agam.

Ní hé sin le rá go ndearnadh aon uirísliú orm nó gur cuireadh sa charcair mé (ní fear gorm é, tar éis an tsaoil), ach fós, is dream drochbhéasach iad na hoifigigh inimirce san aerfort agus is léir ón dóigh a mbíonn siad ag labhairt leat go bhfuil drochmheas acu ort. Is fuath liom iad.

Fearn said...

Chaith mé seal san Ollainn agus cé go raibh Éire san AE, bhí orm dul os comhair Gardaí na nAllúrach (?) gach trí mhí le mo chead oibre a athnuachan. Siad an dream ba dhrochbhéasaí is ba bhagairtí a chas mé leo riamh. Ach hé! nach raibh siad i mbun a ngnó?

aonghus said...

Bhí taithí cosúil leis agam i mBeirlín.

Ach faoin triú chuairt, bhí oifig faoi leith do dhaoine geala cuirthe ar bun acu, agus bhí siad rud beag níos béasaí.

Fearn said...

Daoine gheala? Óch!

Ní raibh aon dealú ann dúinne. Oscailtí na daoirsí ar a hocht ar maidin, ach muna raibh tú ansin timpeall a cúig, bheadh tú ansin an lá ar fad. Ní raibh cead agat an lá chuí a athrú. Geal is gorm, buí is dearg, san AE nó laismuigh de, bhí orainne ar fud dul faoi an umhail chéanna.
Fiche bliain ó shoin, bhí ceathrar sa Roinn dlí ag plé le heachtrannaigh, anois, tá 250 000 eachtrannach ann. Ní nach ionadh nach bhfuil siad ar fad sásta lena caitear leo.