Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-10-18

Canathaobh nach dtagann Saintí isteach an doras?

Ceist mós meabhrach, a chuir a iníon ar Daithí de Mórdha. Is cuimhin liom duine éigin a rá go raibh ról ag an bhfear céanna i saol an pháiste - ag múineadh an cheacht riachtanach, nach iomlán na fírinne a insíonn a dtuismitheoirí i gcónaí.

Teach ilchultúrtha s'againne, tá cúpla scéal. Líonann San Nioclás na bróga le féiríní ar a lá fhéile, 6ú Nollaig. Bíonn bronntanais cois teallaigh, i stocaí ar leith, Lá Nollag. Is ar féile na foilsithe fágann Caspar, Balthasar is Melchior féiríní cois beithilín don líon tí.

Tá na scéalta faoi San Nioclás fréamhaithe i naomhsheanchas San Nioclás Myra a  luaitear le tarrtháil iníonacha ceannaí ó striapachas tré spré a chuir ar fáil in am an ghátair. Tá scéalta eile faoi mar cosantóir leanaí agus faoina fhéile. Ar ndóigh, tá tréithe eile i Santí na linne seo, a fuineadh as corcán na gcultúr i Meiriceá, Seán Séamus Seaca na Rúise, abair.

Mairimid i ré a deir ós ard nach bhfuil d'fhirinne ann ach fírinne inphrofa na heolaíochta nádúrtha, atá ar fáil do na céadfaí. Ós íseal áfach géilltear don teoiric chomhcheilge, don bpisreog is don ráfla.

Dúshlán ar leith atá ansin don creidmheach, a bhfuil an parabal is an fabhalscéal tábhachtach i seachadadh an fhírinne dó. A ghéilleann do fhreagra Íosa ar cheist Phíolóid fé cad is fírinne ann:

 “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha."
Eoin 14:6

Bhain Íosa úsáid éifeachtach as parabail, ag maíomh go mba ghá don té a bhfuil cluasa air éisteacht. Ar ndóigh, sé foirceadal na hEaglaise Caitlicí gur faoi tinfeadh Dé a scríobhadh na Scrioptúir. Ní hionann sin is gur lámhleabhar eolaíochta atá le léamh go litriúil atá ann. Mar a dúirt Bellarmine le Galileo, múineann scrioptúir dúinn conas dul chun na flaithis seachas conas mar a bhíonn na flaithis ag dul.

Leabharlann ina bhfuil filíocht, stair, gaois, aoir agus teagasc atá sa Bhíobla. Is ann atá fotha an naomhsheanchais; is taca don traidisiún atá ann. Ach is gá é a scagadh agus a thuiscint.

Maíonn Terry Pratchett gur Pan Narrans - ápa inste scéil - an duine dáiríre. Creidim go bhfuil a mhéir leagtha aige ar rud thar a bheith tábhachtach. Is tríd scéalta a insint a fhaigheann muid tuiscint agus smacht ar an saol. Ach is gá gan eithne na fírinne a chuir trína chéile le blaosc fileata an scéil.

Focal ana úsáideach dá réir 'canathaobh', agus tá freagra ionraic dlite do cheist páiste nó duine fásta. Tharlódh go minic gur 'N'fheadar' an freagra cuí!

Tosach feasa foghlaim, ach fotha gaoise umhlaíocht.