![]() |
| Móid Ruetli (Bunú Cónaidhm na hEilvéise) le Johann Heinrich Füssli, Ón gnáthfhoinse. |
Mar sin féin, má táthar ag caint ar 'An Náisiún' níor mhóir sainmhíniú a thabhairt air. De réir an Bhunreacht: 'Is bundualgas polaitiúil ar gach saoránach bheith dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.' (Airteagal 9.3). Mar sin féin níl aon sainmhíniú tugtha ar cad é an náisiún, seachas gurbh í an Ghaeilge an teanga náisiúnta. (Airteagal 8.1). Is beag saoránach atá dílis don ghné sin den náisiún!
Níl freagra agam féin ar an gceist cad é an náisiún, agus ba dheacair dom cuir síos ar cad dó go díreach a bhfuilim dílis. Beidh orm mo mharana a dhéanamh air. Ach sílim féin gur mó tábhacht atá ag baint le dílseacht do Bhunreacht agus do riail an Dlí - Verfassungspatriotismus ag leibhéal an Stáit - agus gur don duine aonair dílseacht do náisiún nach gá gurbh ionann a dhaonra ná a chríocha agus daonra ná críocha Stáit.
