Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-08-24

Jimín Mháire Thaidhg

Aon leabhar go dtí seo a cheannaigh mé ón Snáthaid Mhór, ba seod é. Claisiceach is ea Jimín Mháire Thaidhg, a raibh iomrá cloiste agam air le fada ach nach raibh riamh léite agam.

Bhí an-spéis agam dá réir nuair a chuala go raibh an scoláire iomráiteach Ríona Nic Congáil tar éis tabhairt faoi eagrán nua a chuir amach, maisithe ag Andrew Whitson.

Idir seo is siúd chuir mé an ceannach ar an méir fhada. Nuair a chuaigh mé á lorg is an eagrán leis an litriú caighdeánach amháin a fuair mé romham. Shantaigh mé an leagan canúnach áfach.

Bhí mé dóchasach go n-aimseoinn i gCorca Dhuibhne é, san Caifé Liteartha. Mar a tharlaíonn sé, tá seastán ag an gCaifé in Ionad an Bhlascaoid. Chasamar isteach ansiúd tar éis siúlóid na Cille agus chonaic mé go raibh cóip amháin fágtha ag Seoirse. (B'é a thuairim siúd gur botún ab ea an dá eagrán - go raibh an litriú tugtha suas chun dáta san dá eagrán agus gur beag difríocht eatarthu. Ach go raibh daoine fearacht mise ag lorg an eagrán canúnach agus deacair teacht air dá réir.)

Tá mé á scríobh seo ar an bhfón, agus ní féidir liom pictiúir a chuir leis. Ach tá samplaí de léaráidí iontacha Andrew Whitson le fáil ar líne. Tá siad ana oiriúnach, lán sonraí.

Tá an téacs mar a bheadh i gcóipleabhar (i bpeannaireacht rómhánach!) ach breá soiléir mar sin féin.

Rógaire saonta an reacaire Jimín Mháire Thaidhg, a bhfuil croí a mháthair Máire Thaidhg scólta aige. Bean dian, mar ba ghá le bean ar fheirm bheag a bheith go háirithe agus gan mórán spreacadh ina fear céile.

Tá scéalta iontacha eachtrúla sa leabhar. Mheabhraigh na scéalta eachtraí
"Emil i Lönneberga" de chuid Astrid Lindgren dom (mar Mhichel a chuir mise aithne ar Emil). Rógaire saonta eisean freisin, croí maith ach místuaim agus easpa rechonn a fhágann sa bhfaopach go minic é.

Tá ana chreidiúint ag dul don tSnáthaid Mhór agus do Ríona Nic Congáil as an taisce seo a chuir ar fáil i scrín chomh cuanna! (Bhí Tadhg Ó Dúshláine ag clamhsán agus muid ag caint ar an Saol ó Dheas faoi chúrsaí foilsitheoireachta na Gaeilge gur baineadh Jimín Mháire Thaidhg den cúrsa bunscoile díreach sular shroich sé féin an rang ceart. Ní dócha go mbeadh sé ar cúrsa bunscoile ach ba cheart é bheith sna leabharlanna scoile!)

Jimín Mháire Thaidhg. Eagrán Canúnach Neamhghiorraithe.

Pádraig Ó Siochfhradha (An Seabhac)
Curtha in eagar ag Ríona Nic Congáil
Maisithe ag Andrew Whitson
An tSnáthaid Mhór 2016

ISBN 9780993474521