Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-08-15

Ag siúl Corca Dhuibhne

Bileoga, treoirleabhar agus Léarscáil uiscedhíonach SO70!
Chonac fógra le déanaí go bhfuil Oifigeach Forbartha agus Turasóireachta(PDF!) á lorg ag  Coiste Shlí Chorca Dhuibhne agus airgead faighte acu le forbairt a dhéanamh ar Shlí Chorca Dhuibhne. Ó 2003 ar aghaidh tá, beagnach gach samhraidh, coicís caite agam in Iarthar Dhuibhneach. Is minic mé ag siúl ann. I mbliana bhí m'athair agus chuaigh muid ag siúl mórán chuile lá, seachas lá nó dhó a bhí ceobhránach ó mhaidin. Tá cúig chinn de bhileoga siúl foilsithe ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus iad i mo sheilbh le blianta beaga anuas.
Ná Blascaod lem chúl (Lúb na Cille)
D'éist muid Aifreann sa Bhuailtín gach maidin; agus an chéad dá lá is ón Eaglais amach a thosaigh muid ag siúl. Tá tús agus deireadh gach siúlóid ar na mbileoga sa Bhuailtín. Níl na siúlóidí seo marcáilte ach leanann siad bóithre agus trá mar sin níl sé deacair iad a leanacht. De Luain shiúl muid "Siúlóid na nDúnta" - ón mBuailtín síos bóthar na Cluainte go dtí trá Béal Bán, fán Trá ansin go Dún an Óir agus ar ais ar na cúlbhóithre. Ar ceann de na cúlbhóithre sin thug muid faoi deara fógra do "Siúlóid Star Wars". Ní bás Lúcás Spéirsiúlaí a thug ann muid áfach agus lean muid ar aghaidh dá réir chuig Dún Urlann chun paidir a chuir le hanamacha Danny Sheehy agus Aodh Ó Domhnaill, beir laochra a d'imigh uainn ró luath.
Breandán is a naomhóg (Cuas an Bhodaigh)
An lá dar gcionn shiúl muid Slí Ghallaruis - ón mBuailtín amach i dtreo Tigh Bhric, suas lúb bhóthair i dtreo láthair mainistreach an Réisc, agus ar ais ar an bpríomhbhóthair. Ní raibh fonn orm siúl chomh fada le Gallarus ar an bpríomhbhóthar atá ana chruógach san samhraidh. Mar sin shiúl muid suas an taobhbhóthar go dtí Leataobh Beag áit ar thrasnaigh muid Cosán na Naomh agus leanamar sin go Gallarus. Bhí fhios agam gur lean an gcuid sin bóithrín glas nó trasna páirceanna seachas an bóthar mór. (Tá an t-iomlán ó Ceann Trá siúlta blianta eile agam). Tá caife beag lámh le Séipéilín Gallarus agus bhí cupán deas caife agus píosa císte againn ann. Lean muid orainn ansin síos go dtí trá an Mhuirígh agus ar ais fán trá chomh fada le Béal Bán. Is ar Shlí Chorca Dhuibhne a bhí muid ar an gcuid sin, ar ndóigh. Ar ais bóthar na gcluainte ansin. Measaim gurbh é sin an siúlóid is faide a rinne muid, thart ar 14 km.
Cuas a Bhodaigh
An lá dar gcionn bhí muid i nDún Chaoin, ag siúl Lúb na Cille, a thug muid leathbhealach suas Marthain agus timpeall arís i dtreo Cill Gobnait. Tús agus deireadh na siúlóide seo ag Ionad an Bhlascaod. Radharcanna iontacha amach ar na Blascaod. (Caife san Ionad ag deireadh freisin!)
Chuamar isteach ar an mBlascaod an lá dar gcionn agus fuair turas treoraithe ó Oifig na nOibreacha Poiblí ar an sráidbhaile. Chaith muid seal i dteach Tomás Ó Criomhthain; agus chuaigh ag snámh ar an Trá Bán. Is eol dom siúlóid bhreá a bheith ar dhroim an oileáin ach ní raibh am againn dó sin idir dhá bhád.

An lá dar gcionn an rud a rinneamar ná faid Trá Fionn Trá a shiúl (bhíomar arís ar Shlí Chorca Dhuibhne!) . Ní maith liom siúl ar ais an bealach a tháinig mé.
Áitreabhach de chuid Corr Aillí
D'fhonn sin a sheachaint, shiúl muid na cúlbhóithre taobh Sliabh Iolair den bpríomhbhóthar. (Níl an bhóthar sin, ar a mbíonn go leor tráchta, agus é idir dhá sceach ard go minic taitneamhach chun siúl air).

Bhí muid lonnaithe sa Bhaile Breac; tá bóithrín glas uaidh sin go dtí Cathair na bhFionnúrach agus is féidir siúl ar aghaidh go dtí Cuas an Bhodaigh ar bhóithre atá sách ciúin. Rud a rinne muid. D'fhill muid ar an bpríomhbhóthair - atá sách ciúin anseo, ag briseadh ár n-aistir i dteach tábhairne an Bhóthair áit a raibh seabhdar agus pionta (Beoir Chorca Dhuibhne) agam.

An lá dar gcionn shiúl muid píosa de Chosán na Naomh arís - thug mo bhean chomh fada le Cill Maolchéadair muid agus shiúl muid uaidh sin thar Rinn Chonaill, Corr Aillí agus ar ais go dtín mBaile Breac.


Na Triúr Deirféar
Bhí an lá dar gcionn ceobhránach cé gur ghlan sé i dtreo tráthnóna sa chaoi is nach ndearna muid faic ach siúl suas is síos an bóthar sa Bhaile Breac - tá ana radharc uaidh.

Shiúl muid Siúlóid na Faille faoi dhó - tuathal agus deiseal - an lá ina dhiaidh, a bhí ana bhreá. Seo lúb siúlóid i mBaile na nGall a théann amach timpeall na failltreacha chomh fada leis an nGlaisín agus a fhilleann fad Bóthar na Léinsí go Baile na nGall. 

An lár dár gcionn tháinig mo mhac is m'iníon liom is dhreap muid Bréanainn. Tá turas na croise ón mBaile Breac go barra (ach tá dhá chros sa bhreis ar 14 ann - ceann thíos is ceann thuas). Cosán a siúltar go minic seo agus tá sé marcáilte go maith. Bhí na daoine óga níos gaiste agus radharc acu ón mbarr. Faraor nuair a shroich m'athair is mé féin an barr bhí na scamaill fillte! Bhí sé iontach gaofar ar an mbealach suas freisin.

Siúlóid na Faille
Ba le Lúb Cuas na nÉighe a chuir muid clabhsúr lenár siúlóidí, siúlóid iontach cois faille, in aice le trá an Cloichear agus radharcanna iontach uaidh i beagnach gach treo - na hoileáin, Ceann Sibéal agus na Triúr Deirféar, Bréanainn (faoi bhairéid mar is iondúil).

Chuaigh mjuid chomh fada le Galf Chumainn Ceann Sibéal do mhilseog agus caife ina dhiaidh - toisc gur sa cheantar a théadh mo seantuismitheoirí lena gclann ar saoire sna 1930í. Bhí fonn ar m'athair a fheiceáil arís.

Mar is léir ón dtuairisc thuas tá saibhreas iontach siúlóidí sa cheantar; tá na bialanna agus an lóistín ann freisin. Tá barraíocht de shlí Chorca Dhuibhne ar bhóithre, agus cuid de na bóithre céanna gnóthach agus contúirteach dá réir. Baineann cuid de seo le hachrann le feirmeoirí nach mian leo daoine a bheith ag siúl ar a dtalamh, fiú ar bhóithre glasa nó ar imeall gort. Tuigim dóibh go pointe - ach is mór an trua go bhfuil leithéidí Ceann Sibéal agus na Triúr Deirfiúr iata do shiúlóirí. 

Tá súil agam go mbeidh acmhainn taidhleoireachta ag an té a cheapfar! Agus go ndéanfar díriú ar feabhas a chuir ar fógraí - tháinig muid i gcabhair ar lánúin amháin a bhí i bhfad ó slí Chorca Dhuibhne toisc gur chaill siad casadh riachtanach. Fadhb eile ná go bhfuil athruithe tagtha ar na cosáin le hais an méid atá marcáilte ar léarscáil an Suirbhéireacht Ordainéis.

Tá go leor le déanamh mar sin, ach deiseanna iontacha ann.

Bail ó Dhia ar an obair!