Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-06-15

Féile na Gealaí



Bhí ticéad agam do Ravelóid i 2016, agus é i gceist agam freastal air leis an duine is óige de mo chlann, cé nach duine mór féilte ná sluaite mé. Cuireadh an Ravelóid ar ceal, agus b'shin sin, dar liomsa. Bhí dream daoine áfach nár ghlac an seasamh leisciúil sin. Bheartaigh siad Féile a reáchtáil iad féin, agus rinne. Tháinig Féile na Gealaí ar an bhfód. Agus tá sé ann go bliantúil ó shin, seachas blianta na Coibhide, ag fás agus ag forbairt. Mo sheasamh ar an ndream beag díograiseach a chuireann croí agus anam isteach ann. Níor éirigh liom féin bheith sách eagraithe dul ann go dtí i mbliana, cé gur fhreastail mé leis an déagóir ar an ócáid tánaisteach a d'eagraigh an dream céanna i nDún Uí Choileáin lá le Pádraig i mbliana agus anuraidh. Bhí sé níos fusa dá réir an déagóir a mhealladh chun tráthnóna Satharn a chaitheamh i Ráth Chairn! 

Thángamar ann thart ar am lóin agus fuair greim bia ó ceann de na seastáin, a raibh rogha fiúntach daoibh ann. 

Bhí deis againn ansin cuid de thaispeántas Dairena Ní Chinnéide a fheiceáil san Típí - filíocht dhiamhair reicthe le tionlacan ceoil. Eagraithe ag IMRAM. 


Bheartaigh muid ansin dul chomh fada leis an mBradán Feasa, áit a raibh Oireachtas na Gealaí le bheith .i. na hEalaíona béil agus cois mar a bhíonn ag Oireachtas na Samhna (áit nach raibh mé féin riamh, toisc nach maith liom sluaite). 

Ceol bhreá ó Cathal Ó Cuirreáin agus Aoife Ní Chróinín. Amhrán ó Domhnaill Ó Braonáin. Lúibín ó bheirt bhan ó Mhúscraí. Fíor mhaith, mar a bheifeá ag súil leis. Ach ansin thosaigh an fíor draíocht. Cailín óg (áitiúil?) a chur agallamh beirte i láthair - léi féin. Amhránaí seacht mbliana d'aois a chan Bean an Fhir Rua go snasta, le foirfeacht a chorraigh go mór mé. Moram go gcloisfear ainm Lasairfhíona Ní Bhraonáin go minic! Bhí ceoltóirí agus damhsóir ann freisin idir leanaí agus daoine fásta óga. 
Tá an déagóir tógtha le aistriúchán Bandia a bhlaiseamar ag ócáid Lá le Pádraig. Mar sin d'fhéachamar chuige go raibh muid ar ais san típí áit a raibh Jill ag treorú déanamh puipéid stoca. (Bhí mé féin measartha falsa agus rinne mé nathair nimhe seachas iarracht a dhéanamh Kate Bush, Robyn, Britney ná Cher a chruthú). Nuair a bhí na puipéid (beagnach) déanta thosaigh an canadh, amhráin leis na hoirfidigh a luaigh mé, aistrithe ag Bandia. Damhsa is canadh spraíúil spreagúil. (Faoi choimirce Aerach Aiteach Gaelach a bhí an ócáid áirithe seo). 

Faoin am seo bhí ceol tosaithe ar an bpríomhstáitse. Grúpa rac na pobalscoile i Ráth Chairn a chuir tús leis, Súp. Fuinniúil!

Tháinig sciar mór de na fonnadóirí a bhí páirteach san sraith Bláth na hÓige ina dhiaidh sin - meallta abhaile ag na deirfiúracha Ní Churraoin. (Dá bhféadfaí fuinneamh Mháire a chuir i mbuidéal bheadh íocshláinte ar leith ann!) Bhain mé an taitneamh as na cláracha agus bhí sé iontach iad a fheiceáil beo.

Lean Emma Ní Fhíoruisce ar an stáitse iad, í féin, a giotár agus a meascán sainiúil de hamhráin traidisiúnta agus a haistriúchán féin ar amhráin comhaimseartha. Táim ag fanacht leis an albam ó chuala i dtosach í ag gradam nós, roinnt mhaith blianta ó shin anois... Ar ámharaí an tsaoil cloistear cuid dá ceol ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá beagán ar soundcloud.

Bhí idirghabháil deas idir í agus an slua, féile pobail seo agus na ceoltóirí iad féin fréamhaithe sa phobal. 

Dúinne b'iad Róisín Seoighe agus IMLÉ an buaicphointe (bhí orainn imeacht ina dhiaidh!) Agus níor ligeadh síos muid. Bhí sé ana dheas Feargal Moloney a fheiceáil leo ag canadh a chuid amhráin ón gcéad albam. Agus Ríona Sally Hartman. Meascán d'amhráin IMLÉ agus a cuid féin aicise. Faoi láthair, is iad cloigeann an chómharghrúpa Cian Mac Cárthaigh agus an cnámh droma Róisín Seoighe, a bhfuil a cuid féin déanta aici den catalóg cúil, agus a bhfuil amhráin dá cuid féin curtha aici leis chun é a shaibhriú. Tuigim go bhfuil tuilleadh eisiúintí ar na bacáin...

Toisc nach raibh againn ach pas teaghlaigh, agus bóthar measartha fada abhaile, bhí orainn fágáil thart ar a hocht. 

Sa mhullach ar an gceol a chualamar bhí neart deiseanna comhrá ann, agus neart comhráite a d'éalaigh uaim. Bhí neart daoine ann freisin nach raibh aithne súil ná twaithne agam orthu fiú. Chonaic mé idir fíor óg agus aosta i láthair, ach dream mór sna fichidí, an chéad ghlúin eile! (Bheinn dóchasach go n-eascródh roinnt straitéis fiche bliain as an teagmháil ann.... Rud a mhol Máire ón stáitse freisin...)

Ba iontach lúcháireach macnasach ceolmhar spreagúil an ócáid é. Ní gan dua a tharlaíonn a leithéid áfach, agus chonaic mé Edel, Hannah Rua, Caoimhe agus Éanna ag gluaiseacht thart ag eagrú agus ag socrú. Measaim go bhfuair siad deis éigin taitneamh a bhaint as cúrsaí freisin ach is léir go raibh an dúrud eagrúcháin agus oibre i gceist, agus é déanta go ciúin éifeachtach acu, gan buaileam sciath. Laochra iad! Ní beag an ní a leithéid a chruthú gan tacaíocht ó eagraíocht, ag mealladh deontais agus ag cruinniú teagmhálacha.

Tá súil agam go mbeidh mé ar ais!