Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label leabhra feabhra werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label leabhra feabhra werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2015-04-05

Bratach na gCnámh

B'é Éalú as Páras a roghnaigh mé mar leabhar le bronnadh ar m'iníon do Leabhra Feabhra i mbliana. An céad leabhar de sraith Bratach na gCnámh le hAlain Surget. Thaitin an leabhar thar barr le'm iníon - go deimhin léigh sí codanna de as a stuaim féin cé go mbíonn an ghnáth drogall uirthi leabhar a léamh nach don obair bhaile é.
"Spannend" atá an scéal, dar léi: spreagúil, lán teannais - (scaití is fearr a fheileann focal Gearmánach!)
Sé leabhar atá foilsithe as Gaeilge go dtí seo - chuir mé fios ar an gcúig leabhar eile ó Leabhar Breac agus tá muid ag treabhadh tríothu ó shin. 
Beirt dílleachta iad Louise Bheag agus Benjamin atá fágtha san dílleachtlann i bPáras nuair a éagann a máthair. Táthar ag iarraidh ábhar saighdiúra a dhéanamh as Benjamin, agus bean fuála as Louise Bheag - ach sin rudaí nach luíonn le meon ceachtar acu! Tá Louise Bheag fiáin agus trodach; tá Benjamin ciúin agus staidéarach.
Tá fhios acu go bhfuil a n-athair amuigh áit éigin; mairnéalach dar leo. Beartaíonn siad ar teitheadh i dtreo dul faoi na gréine. Éiríonn leo, agus baineann siad an cósta amach. Ach ansin titeann siad i lámha drong foghlaithe mara, agus foghlaimíonn siad gur foghlaí mór le rá athair s'acu - an Captaen Roc.
Is iomaí corr agus craiceann a chuireann a scéal eachtrúil de uaidh sin amach. Tá na caibidil gairid agus go deimhin lán teannais - an feiliúnach chun gasúir atá ag tosú amach a léamh a spreagadh, nó go deimhin mar a chleachtann muid, scéal roimh am luí.
Cuireann léaráidí Annette Marnat go mór leis an scéal; leathanaigh agus clúdach maisithe go breá agus beocht bhreise curtha sna carachtar - pearóid glórach glic Dún do Ghob! san áireamh.
Tá focail nua foghlamtha agam ó thiontú ealaíonta Darach Ó Scolaí agus táim ag súil go mór go mbeidh gála eile ann - feicim go bhfuil ar a laghad deich leabhair foilsithe as Fraincis!

Molaim an sraith, dar craiceann an diabhal ....

 

2015-01-12

Scríbhneoirí na Gaeilge - tá mná ina measc!

Cé go n-aontaím le Réaltán (agus cúiseanna maithe tugtha anseo aici) gur feall éagóir atá ann nach bhfuil ach bean amháin ar an póstaer seo de chuid Leabhra Feabhra, tús maith atá ann dar liom.

Gliogáil le méadú

Bhí plé bhríomhar againn ar Twitter faoi; meabhraíonn an scéal ar fad don go ndearnadh feall ar mhná mná a ligeann síos freisin san Field Day Anthology, rud a spreag imleabhar iomlán ar chúrsaí ban ina dhiaidh sin. Ar ndóigh chíor Máirín Nic Eoin an leithcheal seo in B'ait leo Bean agus phléigh lucht Merriman uair an scéal - tá toradh a bplé ar fáil san leabhar Leath na Spéire.

Ní mór dom admháil - agus mé ag déanamh talamh slán de gur daoine ar shlí na fírinne a bheadh san áireamh - nár rith liom ach beirt:
Luaigh Iarla Siobhán Ní Shúilleabháin. Maidir le Peig, a luaigh Réaltán, bhí mise den tuairim gur scéalaí seachas scríbhneoir í. Ach ag smaoineamh arís, caithfidh mé admháil go raibh tionchair aici in éineacht le scríbhneoirí eile an Bhlascaod ar litríocht na Gaeilge, agus áit san Painteon dlite di dá réir.

Ba chuimhin liom gur luaigh Biddy Jenkinson liosta filí a bheith in A primer of Irish metrics le Kuno Meyer. Chíor mé an liosta agus fuair na mná seo leanas ann (tharlódh corr botún cló bheadh annm agus tharlóidh mná a bheith sa liosta nár aithin mé mar mhná)

Ar ndóigh tá mná  lárnach i litríocht na linne; agus níos fadsaolaí. Tríonóid iad Máire Mhac an tSaoi Seán Ó Ríordáin agus Máirtín Ó Direáin atá ag tús na nua-filíochta; tá Máire fós linn agus gura fada buan í! Tá Nuala Ní Dhomhnaill i measc filí INNTI. Tá Biddy Jenkinson, Áine Ní Ghlinn, Anna Heusaff, Orna Ní Choileáin, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Éilis Ní Anluain,  Rita Kelly ... agus níl ansin ach ainmneacha ar bharr intinne an léitheora thuathaigh seo ...

Nára fada uainn póstaer a thugann a gceart do na mná!




2020-09-21
Le cuir leis an liosta thuas, a bhuí le hElizabeth Boyle (cómhrá Twitter)

máthair Dega meic Cairpri a leagtar  an dán  "Co fes cor leth iar Luachair" uirthi. Ní heol dúinn a hainm dílis.