Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-11-17

Ich Hab' Noch Einen Koffer In Berlin



alt spéisiúil ag Torlach Mac Con Midhe san Times inniu. Dar leis:
Níl plean ar bith le feiceáil san atógáil nua; níl aon phlean amháin cuimsitheach do Bheirlín. B’fhéidir go bhfuil sé de chinniúint ar Bheirlín bheith ina chathair ollmhór meigleamáineach i gcónaí riamh, áit a mhothaíonn an gnáthdhuine go bhfuil gach tábhacht ag baint leis na foirgnimh agus nach bhfuil an iomad sin tábhachta ag baint leis féin ná lena shaol.
Anois, chaith mise tréimhse sách fada de mo shaol i mBeirlín. Nó, le bheith cruinn, i Hakenfelde, Prenzlauer Berg agus Pankow. Mar is mar sin a amharcann muintir Beirlín ar a gcathair - maireann gach aoinne ina Kiez fhéin. Is ann atá a theach tabhairne, a shiopa nuachtáin, a bháicéir - riachtanais uile an tsaoil. Agus is sna ceantair atá aghaidh daonna na cathrach le feiscint.

Is fíor gur réabadh an croí ó lár na cathrach san cogadh, agus de bharr deighilt na cathrach ina dhiaidh bhí an iliomad stroighinleach agus fásach i croí lár na cathrach. Potsdamer Platz an ceann ba mheasa. I ndiaidh an aontais, tógadh ceathrú nua ann - ceathrú ar teampall de chuid an chaipitleachas atá ann, ag adhradh Sony agus Daimler Benz. Is fíor gur deacair ról an saoránaigh a fheiceáil ann. Ach ní sin Beirlín! Agus cá bhfios nach ndaonófar é - is stroighinleach eile atá in Alexanderplatz. Ach tá cuimhní cinn agus cion dá réir ag pobal na cathrach air.

Agus tá, freisin, roinnt iarsmaí den Bheirlín uasal ann - mhair roinnt foirgnimh ar Unter den Linden. An tArdeaglais, abair. Nó an Staatsoper. Agus is seod atá san Gendarmenmarkt.

Go deimhin, buaileann "Heimweh" chuig Beirlín mé ó am go chéile!

Ich Hab' Noch Einen Koffer In Berlin