Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label féilte werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label féilte werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2013-05-27

Litríocht na Gaeilge ag Hay Festival Kells

Beidh lá breá Gaelach i gCeanannas Mór na Mí (Kells) an mhí seo chugainn, tráth go mbeidh an fhéile litríochta idirnáisiúnta an Hay Festival ar siúl sa bhaile ón 28-30 Meitheamh.
 
Is cúis áthais dúinn a fhógairt go mbeidh An Siopa Leabhar i láthair i gcaitheamh na féile agus go bhfuil Gabriel Rosenstock, Tadhg Mac Dhonnagáin, Manchán Magan, Alan Titley, Sharon Ní Bheoláin agus Maidhc Dainín Ó Sé i measc na rannpháirtithe atá deimhnithe le bheith páirteach cheanna féin.
 
Beidh leithéidí DBC Pierre, John Banville, Germaine Greer, John Boyne, Peter Sheridan, lucht léirithe The Secret of Kells agus tuilleadh nach iad i láthair i gcaitheamh an deireadh seachtaine chomh maith. Mar sin bí cinnte go mbeidh neart ann d’óg agus aosta.

Is Dé Sathairn 29ú Meitheamh a bheas na himeachtaí dírithe ar litríocht agus scríbhneoireacht na Gaeilge ar siúl:

  • 12.00: Cuirfidh an t-údar agus an t-aistritheoir Gabriel Rosenstock tús le cúrsaí le ceardlann Haiku dátheangach.
  • 2.30: Beidh an ceoltóir agus an scríbhneoir Tadhg Mac Dhonnagáin agus a iníon Róise i láthair le haghaidh dreas ceoil, rannta, gáire agus spraoi.
  • 5.00: Beidh an scoláire, úrscéalaí, gearrscéalaí, fabhalscéalaí, staraí liteartha, craoltóir, drámadóir agus colúnaí le The Irish Times Alan Titley ar stáitse, in éineacht leis an bhfile clúiteach ón mBreatain Bheag Eurig Salisbury. Déanfaidh Sharon Ní Bheoláin cathaoirleacht ar an ócáid seo, tráth go mbeidh siad beirt ag léamh as a gcuid saothair agus ag plé saibhreas teanga.
  • 7.00: Óna chéad leabhar, A Thig ná Tit Orm, i leith, tá cáil agus tarraingt i bhfad is i gcéin ar Mhaidhc Dainín Ó Sé. Foilsíodh a shaothar is déanaí Punt Isló i mbliana. Labhróidh sé linn, i gcomhrá, faoi seo agus tuilleadh.
Cuirfear clabhsúr leis an lá le ceol agus tuilleadh plé óna 9.00in ar aghaidh!!

Tá an clár ina iomláine ar fáil ag an nasc seo:

Is iad an chraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus le comhoibriú ón gcoiste áitiúil den Hay Festival atá ag obair go dian chun an clár seo a chur le chéile.

Tiarnán De Hál
Cathaoirleach, Chraobh Cholmcille de Chonradh na Gaeilge
Ceanannas Mór
087 0533600
tdeh ag eircom ponc net

2012-04-07

An Cháisc agus na Lus

Féile Earraigh is ea an Cháisc; féile atá fite fuaite le damhsa na Gréine agus na Gealaí. Ar an Domhnach i ndiaidh an ré lán i ndiaidh cónocht an Earraigh a cheiliúraimid Aiséirí an Tiarna. Ón Eabhrais, tríd an Laidin a thagann an focal Cáisc (< Pascha); Níltear cinnte faoi shanasaíocht "Easter" ná "Ostern" cé go chreidtear nasc a bheith ann le Bandia Gearmánach an Earraigh nó na Camhaoire, ainneoin gan breis eolais faoina leithéid a bheith ann. Baintear feidhm as éirí na Gréine mar siombail d'aiséirí Chríost freisin, gan amhras, agus bhí tráth ann go mbíodh treo an Oirthear tábhachtach i gceiliúradh na Eocairiste agus suíomh eaglaise. 

Cothrom lae mo phósta atá ann amárach freisin, agus músclaíonn na lusanna a bhíonn fairsing an tráth seo den bhliain cuimhní milse ar ár Mí na Meala, an sabhaircín ach go háirithe. Chaith muid seachtain in Iarthar Duibhneach agus bhí an lus seo chuile áit. Bíonn sé fairsing abhus freisin.

Ós ag cíoradh sanasaíochta a bhí mé, ó Quadragesima na Laidin (i. dá fhichead) a thagann Carghas. Ach sa Bhéarla is focal ársa ar Earrach a bhaintear feidhm as, i. Lent. Tá an focal fileata Lenz an sa Ghearmáinis ar Earrach, tagairt san dá fhocal do na laethanta a bheith ag dul i bhfad.

Rud atá, agus ceiliúr na n-éan le clos agam sa chamhaoir na laethanta seo agus mé ag triail ar obair.

Go raibh Cáisc Bheannaithe agaibh ar fad!

2011-01-06

Foilsiú an Tiarna

Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó. ... Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.” (Matha 2, as Soiscéal an Lae inniu)

Dara Léacht an Lae:
Eifísigh 3:2-3. 5-6
A bhráithre, tá iomrá cloiste agaibh, ní foláir, ar an gcúram a thug Dia mar ghrásta dom in bhur gcomhair agus mar a thug sé fios a rúin dom in aisling. Níor tugadh fios an rúin seo do na glúinte daoine a chuaigh romhainn ach tá sé arna nochtadh ag Dia anois faoi luí an Spioraid dá aspail naofa agus dá fháithe. Agus is é rún é: gur comhoidhrí na gintlithe, gur comhbhaill den aon chorp iad agus go bhfuil siad comhpháirteach sa ghealltanas i gCríost Íosa tríd an dea-scéal.

Inniu Nollag na mBan de réir gnás na hÉireann; súil agam go mbainfidh na mná in bhur measc tairbhe as! Agus go raibh Los Reyes flaithiúil daoibhse atá faoi anáil chultúir na Spáinne!

2010-11-21

Rí na nDúl

Ansin chuaigh Pioláit isteach sa Phréatóiriam arís ag glaoch ar Íosa agus dúirt sé leis: “An tusa rí na nGiúdach?”D’fhreagair Íosa: “An uait féin a deir tú an méid sin, nó an daoine eile a dúirt leat é mar gheall orm?”D’fhreagair Pioláit: “An Giúdach mise? Do náisiún féin agus uachtaráin na sagart a thug ar láimh dom tú. Cad tá déanta agat?”D’fhreagair Íosa: “Ní den saol seo mo ríocht. Dá mba den saol seo mo ríocht, throidfeadh mo sheirbhísigh ionas nach dtabharfaí ar láimh do na Giúdaigh mé. Ach anois ní as seo mo ríocht.”Dúirt Pioláit leis: “Ach is rí thú ámh?” D’fhreagair Íosa: “De réir mar a deir tú, is rí mé. Chuige seo a rugadh mé agus chuige seo a tháinig mé ar an saol – chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach aon duine gur den fhírinne é, éisteann sé le mo ghlór.”Dúirt Pioláit leis: “Cad is fírinne ann?”
(Eoi 18:33-38)
Is poblachtach san saol seo mé; ach is géillsineach de chuid Rí amháin mé; Críost, Rí na nDúl. Inniu A Fhéile, deireadh na bliana Eaglasta. Beidh an Aidbhint linn an Domhnach seo chugainn, agus muid ag ullmhú dÁ Bhreithlá.

2010-09-09

Rosh Hashanah, 5771

Schofar ( Grianghraif le hOlve Utne)
Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Labhair le clann Iosrael agus abair: An chéad lá den seachtú mí, bíodh sé ina shaoire shollúnta agaibh, cuimhneachán fógartha ag séideadh an trumpa, comhthionól naofa. Ná déanaigí obair throm, ach ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna.”
(Léi 23:23-25)

Go raibh féile sona, síochánta ag Giúdaigh chuile áit. Agus, ó tharla deireadh a bheith tagtha le Ramadan ar na mallaibh, ag Moslamaigh freisin.

2010-02-01

Muire na nGael


A Naomh Bríd a Mhuire na nGael, scar orainn do bhrat.

A Naomh Bríd a chroí na Féile, stiúir sin ar an mbóthar ceart.

A Naomh Bríd gheanúil ghrástúil, ar ár namhaid cosain sinn.

A Naomh Bríd a bhean rialta álainn, ar uair ár mbáis glaoigh orainn.


Táimid beagnach ar fad an an bport céanna inniu, Lá na Féile Bríde, Imbolc, tús earrach Éirinn más fíor!

Tarlaíonn sé gurbh í Bríd patrún bunscoil na gCailíní abhus (tá an dá scoil nasctha ó shin). Bhí an scoil ar fad ar Aifreann ar maidin, rud a mheabhraigh an nasc úd dom. Luaigh an sagart nós Bhrat Bríde - nach raibh cloiste agam roimhe, cé go bhfuil an scéal agam. Beidh ar mo chumas a rá leis go bhfuil an nós fós beo ag Proinsias! Níl freagra ceiste Fhearghuis agam - ná níl sé i sanasaíocht Chormaic ag Dennis.

De réir mo thuiscint tá baint aige le caoirigh, ach mar fhear cathrach....

Beidh suim ag Dennis san ceann seo a fuair mé in Ár bPaidreacha Dúchais (uimhir 533)

A Bhríd ban naomh, bean na bratóige buí,
ar choimrí a géaga gile dúinn
ón mbéile seo go dtí an béile arís
Ar choimrí Dé agus Bhríd' ban-naomh dúinn.
Bríd Ní Dhaighidí a chuireann an long
go réidh chuig poirt,
ar a coimrí sin dúinn féin
ós léi féin an oíche anocht
(Tá comhartha ceiste in ndiaidh a sloinne sa leabhair! Baiste diaga eile, is léir!)

2009-12-07

Omnia Christus est nobis!

San Ambrós ag staidéir


Inniu Féile San Ambrós, Easpag Milano agus Dochtúir de chuid na hEaglaise.

Thug an Pápa Benedict ceacht faoi ar a lá fhéile i 2007. Fathach d'Easpag, agus tá a leithéidí, a bhfuil teagasc agus saol ag teacht go foirfe le chéile, de dhíth go géar orainn in Éirinn agus ar fud na cruinne. Tá súil agam go bhfuil sé féin agus Pádraig mac Calprainn ag amharc anuas ar imeachtaí na laethanta seo, agus go dtabharfaidh an Cairdinéil Ó Brádaigh agus Ardeaspag Martin fuinneamh nua thar nais ón Róimh leo chun íonghlanadh na hEaglaise Chaitlicí in Éirinn a dhlúthú.

I dtreo is nach mbeidh gá leis an mana "Déan mar a deirid, ní mar a dheinid!"

San Ambrós, guí orainn!



Íomhá ón ghnáth fhoinse, dealbh Spáinneach ón 15ú Aois de Ambrós ag staidéir.

2009-11-11

Droch lá, más gé tú!

Is ea féile San Máirtín. De réir an fhinscéil, chuaigh sé i bhfolach i measc na ngé nuair a bhí muintir Tours ag iarraidh easpag a dhéanamh de dá ainneoin. Ach sceith na géanna air. Dá bharr sin a itear gé inniu ar Mór Roinn na hEorpa, deirtear. Mar a léiríonn an alt seo, is iomaí nós - cuid acu barbartha go leor - a bhain le géanna ar an lá seo. Ach is dócha cúiseanna níos créúla a bheith leis ná scéal naofa amháin. Fáil réidh le farasbarr géanna roimh an Gheimhridh toisc eile, is dócha.

Níl nósanna mar sin in Éirinn, a bhuí do na Péindlíthe, sílim. Ach ar fud na Gearmáine bíonn mórshiúlta fairsing. Dráma beag ag léiriú scéal an Naomh agus an Bacach, agus ansin siúl le lóchrainn.



Íomhá ón ngnáth fhoinse!

2008-02-01

Lá le Bríde

Gar dúinn earrach Éireann?

N'fheadar. Tá sé ag cur sneachta go trom thiar, agus sách fuar thoir anseo.

A Naomh Bríd,
A Mhuire na nGael,
scar orainn do bhrat

2008-01-06

Eipeafáine

Féile na dTrí Ríthe, nó Nollaig na mBan, nó Nollaig Bheag atá ann inniu.



Amharcann an Eaglais ar chuairt na dtrí saoithe ar Íosa agus A Mháthair mar foilsiú an tslánaithe dos na ciníocha.

Feictear é sin í leachtaí an lae inniu. (Íseáia 60:1-6, Eifísigh 3:2-3. 5-6, Matha 2:1-12).

Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra. Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin.


Tá traidisiún ag dul i bhfad siar go raibh fear gorm i measc na dtrí ríthe, agus uaireanta feictear íomhánna agus duine acu ina Shíneach. Sin dóigh eile le cur in iúl go mbaineann Críost agus a Shlánú orainn le gach neach daonna.


A bhráithre, tá iomrá cloiste agaibh, ní foláir, ar an gcúram a thug Dia mar ghrásta dom in bhur gcomhair agus mar a thug sé fios a rúin dom in aisling. Níor tugadh fios an rúin seo do na glúinte daoine a chuaigh romhainn ach tá sé arna nochtadh ag Dia anois faoi luí an Spioraid dá aspail naofa agus dá fháithe. Agus is é rún é: gur comhoidhrí na gintlithe, gur comhbhaill den aon chorp iad agus go bhfuil siad comhpháirteach sa ghealltanas i gCríost Íosa tríd an dea-scéal. (Eifísigh 3:2-3. 5-6)


Nach méanar dúinn?