Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-05-27

Litríocht na Gaeilge ag Hay Festival Kells

Beidh lá breá Gaelach i gCeanannas Mór na Mí (Kells) an mhí seo chugainn, tráth go mbeidh an fhéile litríochta idirnáisiúnta an Hay Festival ar siúl sa bhaile ón 28-30 Meitheamh.
 
Is cúis áthais dúinn a fhógairt go mbeidh An Siopa Leabhar i láthair i gcaitheamh na féile agus go bhfuil Gabriel Rosenstock, Tadhg Mac Dhonnagáin, Manchán Magan, Alan Titley, Sharon Ní Bheoláin agus Maidhc Dainín Ó Sé i measc na rannpháirtithe atá deimhnithe le bheith páirteach cheanna féin.
 
Beidh leithéidí DBC Pierre, John Banville, Germaine Greer, John Boyne, Peter Sheridan, lucht léirithe The Secret of Kells agus tuilleadh nach iad i láthair i gcaitheamh an deireadh seachtaine chomh maith. Mar sin bí cinnte go mbeidh neart ann d’óg agus aosta.

Is Dé Sathairn 29ú Meitheamh a bheas na himeachtaí dírithe ar litríocht agus scríbhneoireacht na Gaeilge ar siúl:

  • 12.00: Cuirfidh an t-údar agus an t-aistritheoir Gabriel Rosenstock tús le cúrsaí le ceardlann Haiku dátheangach.
  • 2.30: Beidh an ceoltóir agus an scríbhneoir Tadhg Mac Dhonnagáin agus a iníon Róise i láthair le haghaidh dreas ceoil, rannta, gáire agus spraoi.
  • 5.00: Beidh an scoláire, úrscéalaí, gearrscéalaí, fabhalscéalaí, staraí liteartha, craoltóir, drámadóir agus colúnaí le The Irish Times Alan Titley ar stáitse, in éineacht leis an bhfile clúiteach ón mBreatain Bheag Eurig Salisbury. Déanfaidh Sharon Ní Bheoláin cathaoirleacht ar an ócáid seo, tráth go mbeidh siad beirt ag léamh as a gcuid saothair agus ag plé saibhreas teanga.
  • 7.00: Óna chéad leabhar, A Thig ná Tit Orm, i leith, tá cáil agus tarraingt i bhfad is i gcéin ar Mhaidhc Dainín Ó Sé. Foilsíodh a shaothar is déanaí Punt Isló i mbliana. Labhróidh sé linn, i gcomhrá, faoi seo agus tuilleadh.
Cuirfear clabhsúr leis an lá le ceol agus tuilleadh plé óna 9.00in ar aghaidh!!

Tá an clár ina iomláine ar fáil ag an nasc seo:

Is iad an chraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus le comhoibriú ón gcoiste áitiúil den Hay Festival atá ag obair go dian chun an clár seo a chur le chéile.

Tiarnán De Hál
Cathaoirleach, Chraobh Cholmcille de Chonradh na Gaeilge
Ceanannas Mór
087 0533600
tdeh ag eircom ponc net