Píosaí liom in áiteanna eile:

2025-11-04

Is ó mhnáib do·gabar rath nó amhrath.

Níl mé cinnte go baileach cén bheach a phrioc mé, ach le déanaí táim tar éis amharc ar dornán scannáin as Gearmáinis a fuair mé ón leabharlann nó ó leabharlann an Goethe Institut. Bunaithe ar saothar liteartha atá siad ar fad. 

Úrscéal le Heinrich Böll atá mar bhunús le Oineach caillte Katherina Blum a bhaineann leis an scrios ar shaol mnaoi óg a dhéanann iriseoir tablóideach ag obair as lámha a chéile le cigire póilíní. Tá amhras ar na péas faoi Katherina Blum toisc go raibh caidreamh tobann aici le fear a shíleann siad a bheith ina sceimhlitheoir. (Níl sé sin iomlán fíor). Carnann ar iriseoir bréag ar bhréag. Scríobh Böll é seo ag am ina raibh fiabhras sceimhlitheoireachta sa Ghearmáin. Agus nuachtáin tablóideacha ag cothú an imní sin. 
I radharc cumhachtach ag deireadh an scannán (ag iarraidh scéalmhilleadh a sheachaint anseo) déanann foilsitheoir an nuachtáin ionannú idir leas an nuachtáin agus an freiheitliche demokratische Ordnung, i. An Ord saor daonlathach (sa Ghearmáin Thiar i gcodarsnacht leis an DDR). 

Scéal cumhachtach faoin scrios is féidir leis na meáin a dhéanamh ar dhuine príobháideach aonarach, agus an dóigh a scaiptear an scrios thart uirthi. 

Scannán ó 1975 le Volker Schlöndorff agus Margarethe von Trotta. Tumann an físiúlacht sa scéal muid, agus saol Katherina á scrios céim ar chéim. 

Tarlaíonn sé go bhfuil neart saothair le Böll léite agam. Go luath agus mé sa Ghearmáin, tar éis leabhar amháin dá chuid a bheith léite agam, d'fhiafraigh Frau Schilsky ar obair liom cad ba mhaith liom do mo bhreithlá - bhí sí chun bailiúchán a dhéanamh i measc na meithle. Úrscéal le Böll arsa mise. Bosca leabhair a fuair mé. Oideachas!

Thart ar an am céanna a thosaigh mé ag léamh Hesse. (Ní raibh ganntanas siopaí leabhar i mBeirlín agus bhí mé i Kiepert Adenauerplatz go minic). D'éirigh mé tógtha le Hesse cé go bhfuil amhras anois orm ar thuig mé mar aosánach é. Tá Steppenwolf ar mo leabhragán, ach cé go bhfuil cuimhne agam ar Knulp, Siddartha agus go pointe Glasperlenspiel, thuig mé nuair a d'amharc mé ar an scannán nach bhfuil cuimhne agam ar Steppenwolf a léamh. Aonarán ag streachailt le miangas agus ciall na beatha a cuirtear romhainn i scannán go bhfuil go leor den osréalachas ag baint leis. Tá bé aige san scannán a mheabhraíonn comrádaí scoile dó. An teannas idir a nádúr buirgéisigh agus a ainmhianta. Is cosúil go raibh Hesse féin ag streachailt ag an am. Anois agus mé méanaosta mé féin is dócha gur fearr mo thuiscint air. 
Amhránaíocht Marlene Dietrich seachas scríbhneoireacht Heinrich Mann ba chúis liom fios a chur ar scéal Professor (Un)rath agus an t-amhránaí Lola. Sean bhaitsiléir d'oide a thiteann i ndrúis le bean cabaret. Leanann tubaiste ar thubaiste. Aisteoireacht iontach ón gcliar ar fad, go háirithe Dietrich agus Emil Jannings. Teachtaireacht láidir in amharc nó cuntanós. Tragóid sa chiall gréagach. Whom the gods would destroy they first make mad. 

Tá "cnaga" móra Dietrich anseo - Ich bin von Kopf bis Fuß auf Liebe eingestellt. 

Männer umschwirr'n mich
Wie Motten um das Licht
Und wenn sie verbrennen
Ja dafür kann ich nichts

Bíonn fir ag plódú umam 
Fearacht leamhan um solas 
Agus má loisctear iad 
Ní ormsa an milleán 

Ní dóigh liom go bhfuil mé féin iomlán saor ó bhaois Professor Rath bocht, cé go bhfuil súil agam nach bhfuil mé chomh saonta leis. Léirítear an fáinní fí go paiteanta. 

Tá roinnt Mann léite agam, ach tá sé trom.