Déagóir nó páiste ab ea mise agus na trioblóidí ó Thuaidh fíochmhar fuilteach. Do mac meánaicmeach Deisceart Bhaile Átha Cliath ba thír aineoil, baolach na Sé Chontae. Le cúpla bliain anuas tá roinnt cuairt tugtha agam ar Bhéal Feirste. Ach níl imní an déagóra curtha díom agam.
Bíonn beagán eagla i gceist nuair atá mé ag brath ar Google maps mo choiscéim a threorú ó A go B. Tá mo dhóthain taithí agam anois ar Bhéal Feirste le tuiscint nach bhfuil ceantair dílseacha an tSean Chill ach faoi urchar méaróige de cheantair náisiúnacha. (Agus, sea, d'aon uaim a roghnaigh mé an tsamhail áirithe sin.)
Le déanaí agus mé ag siúl ó thuaisceart Bhéal Feirste go Bóthar na bhFál ba léir go raibh Google do mo threorú tríd ceantar mar é. Is beag duine a bhí thart, bhí sé sách luath, ach bheartaigh mé mo chóta a dhúnadh thar an geansaí glas leis an mana Gael mé. Agus an bóthar a thrasnú seachas mo shlí a bhrú tríd grúpa daoine a bhí cruinnithe.
Tamall ina dhiaidh sin shiúl mé tríd geata "síochána".
Le hais cathracha eile tá níos mó claíocha arda le feiceáil i mBéal Feirste, thart ar séipéil, scoileanna agus a leithéid. Gan trácht ar na stáisiúin péas atá fós ina ndaingean dorcha le fál go haer thart orthu.
Tá an ealaíon sráide suntasach, ach níos mó ann anois nach bhfuil bainteach go díreach le foréigean na dtrioblóidí, ach sách minic is de dheasca na hiarmhairtí atá sé ann.
Is eagal liom go mbeidh sé i bhfad eile go leagfar claíocha - i gcloigne daoine chomh maith le ar na sráideanna.