Píosaí liom in áiteanna eile:

2014-09-12

An Caighdeán Oifigiúil: Athbhreithniú ⁊ Aighneachtaí

Foilsíodh ‘An Caighdeán Oifigiúil’ (Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge — An Caighdeán Oifigiúil) den chéad uair sa bhliain 1958. San fhoilseachán sin, leagadh amach rialacha gramadaí agus litrithe le haghaidh daoine a úsáideann an Ghaeilge go hoifigiúil – sa reachtaíocht, i bhfoilseacháin oifigiúla an Stáit, sa chóras oideachais, sna meáin chumarsáide agus i réimsí eile nach iad.

Ba í Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais a cheap an Caighdeán Oifigiúil agus a d’fhoilsigh é agus cuireadh athchlónna de amach go rialta tar éis a fhoilsithe sa bhliain 1958. Sa bhliain 2012, foilsíodh leagan athbhreithnithe den Chaighdeán Oifigiúil agus dúradh sa Réamhrá leis an eagrán sin go ndéanfaí athbhreithniú air sin i gceann trí bliana eile.

Tá sé beartaithe an t-athbhreithniú sin a chur sa tsiúil anois, go háirithe d’fhonn rialacha áirithe a choigeartú nó a leathnú agus d’fhonn tuilleadh soiléirithe a thabhairt ar na rialacha i gcoitinne. Is de réir na bhforálacha atá leagtha síos san Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2013 a sheolfar an t-athbhreithniú.

Foráiltear in alt 3 den Acht sin go rachfar i gcomhairle leis an bpobal i gcoitinne agus athbhreithniú á dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil agus, chuige sin, fáilteoidh Coimisiún Thithe an Oireachtais roimh mholtaí agus aighneachtaí ón bpobal.

Más mian le duine aighneacht a dhéanamh chuig an gCoimisiún i dtaobh an Chaighdeáin Oifigiúil, ní gá ach an aighneacht a chur i scríbhinn faoin 8 Deireadh Fómhair 2014 chuig:



Rannóg an Aistriúcháin – COA,
Seirbhís Thithe an Oireachtais,
Teach Chill Dara,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2.