Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-10-21

Idir dhá shaol


Nuair a bhíonn muid, mar a bhí beagnach gach bliain ó 2003, i gCorca Dhuibhne, is i Saipeál na Carraige a éisteann muid Aifreann an Domhnaigh. Anuraidh nó b'fhéidir arú anuraidh nó b'fhéidir an dá bhliain bhí sagart groí solabhartha spéisiúil ag rá an Aifrinn. Bhí sé le tuiscint óna aithisc gur ar saoire abhaile ó na misean a bhí sé. Nuair a chuaigh an tAthair Ó Murchú ar slí na fírinne níos luaithe i mbliana, bhí cúpla clár ina chuimhne ar an Saol Ó Dheas agus thuig mé gurb é a bhí ann. Luadh go raibh leabhar cuimhní cinn scríofa aige, agus chuir mé fios air ón leabharlann.

Ní raibh díomá orm. 

Cuimhní cinn ar a shaol ag fás aníos i gCorca Dhuibhne agus ag foghlaim a cheird mar shagart sa Chóiré fite fuaite ina chéile. Scéal ag tarraingt scéil. Ceantracha tuaithe sa dá chás agus iad ag athrú go gasta - níos gaiste fós sa Chóiré. Béaloideas láidir iontu. Ach sa Chóiré an Chaitliceachas le hais teagasc Confúiceachas, Búdachas agus págántacht. Tionchar acu ar a chéile. 

Scéalta seoigh agus dáiríre. Tuiscint agus caoine.

Scéal ar leith teacht in inmhe agus chun gaoise. 

Sagart uasal. Leaba i measc na naomh aige.