Mar is eol daoibh, is maith liom scéalta coiriúlachta. Níl mórán acu sa Ghaeilge. Chroch mé an ceann seo le Liam Ó Muirthile liom ón leabharlann. Mar file is mó atá aithne ar Liam, ach tá úrscéalta scríofa aige freisin, agus ceann ar a laghad acu léite agam. Más buan mo chuimhne is beag adhmad a bhain mé as, ach gach seans gurbh ormsa an locht faoi sin.Ní cérinneachán atá san scéal seo, mar go dtugtar eolas dúinn faoin dúnmharfóir ón tús. Tá gnéithe den mhodh-scéal póilíneachta ann, ach de bhrí gur gealt é an sraithmharfóir ní a bhuí le modh a leigheastar an scéal.
Láidreacht an úrscéil seo na léiriú na pearsan agus na mothúcháin acu. Na péas, ón bleachtaire i gceannas, a bhfuil, mar is dual, lúb ina chúlra, go dtí na daoine níos sóisearaí atá ag teacht isteach ar an gceard. Na mion-choirpigh a bhíonn mar fhoinse eolais acu. An dúnmharfóir.
Tarraingíonn an údar focal-phictiúr bheachta láidre dúinn díobh ar fad.
Tríd síos tá íomhánna láidre ann; fiú ag an tús giota nach den scéal in aon chor iad tá siad lán de mhothúcháin. Blaiseann tú smaointe agus mothúcháin na rannpháirtithe.
Molaim é.
Sceon na Mara
ISBN: 978-1-907494-00-0
Foilsithe: 2010
Leathanaigh: 182
€15.00