Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-06-27

Trá na mBó



Níl mórán spéisiúil le rá faoi Aoine an saoire. Bhí mé sa bhaile, agus tráthnóna fad is a bhí an déagóir ag tabhairt faoi scrúdú damhsa chuaigh mé ag siúl i mBré. Thugamar aghaidh ansin ar lár na cathrach. Bus 20:00 le fáil againn. An bus mór glas arís. Cáidheach arís. Bhailigh mo nuachar muid i nDún Garbhán agus thug chun na hAirde Móire muid. Bhí sé thart ar mheán oíche. Fán slí chonaiceamar péire broc ar an mbóthar. Ní dóigh liom go bhfaca mé broc beo cheana!

Ní raibh aon ócáid ceoil a raibh sé i gceist againn freastal air ar an Satharn. Thugamar aghaidh ar Bhun Machan sa charr. 

Chaith mé féin cúpla saoire i mBun Machan sna 1970í agus 1980í. Babtha amháin le club óige i sean teach feirme. Mo chuimhne ar an dturas sin ná gur cuireadh amach inár mbeirteanna muid chun dul go Trá Mhór ar an ordóg. Mise sa bheirt deireadh. Stopamar bus a bhí iompaithe ina theach soghluaiste ag teaghlach ó na sé Chontae. Phioc siad suas gach dís eile sa ghrúpa freisin...

Bhí tigh saoire ag cairde le mo thuismitheoirí díreach trasna an bhóthair ón láthair campála agus an trá. Mo chuimhne ná go rabhamar ann dhá samhradh i ndiaidh a chéile sna 1980í luath agus gur chuir mé aithne gach bliain acu ar buachaill ón Ghearmáin a bhí mórán ar chomhaois liom. Malairtigh muid litreacha ar feadh seal agus idir dhá Nollaig i 1982/3 chuaigh mé anall - tamall gar do Hamburg agus tamall i mBeirlín Thiar. Níor mhair an teagmháil le fear Hamburg, ach tá mé fós i dteagmháil leis an gclann as Beirlín - na tuismitheoirí seachas an cara pinn! Rinne siad ionad tuismitheora dom an chéad cúpla bliain i mBeirlín.

Bhí Trá na mBó feicthe agam an uair úd. Tá iarsmaí mianaigh copair sna haillte - uaimheanna isteach agus tolláin. Tá siúlóid thart ar deich nóiméad chuige, cois aille. Cosán géar ansin síos go dtí cladach clochach. 

Tá grianghraf de dheirfiúr liom ag seasamh i mbéal uaimhe, tógtha ón taobh istigh ag m'athair sa chaoi is nach raibh le feiceáil di ach a cruth. Bhí súil agam athchruthú a dhéanamh ar sin leis an déagóir, ach bhí an phluais áirithe sin dúnta, gráta curtha ina bhéal. D'fhan mo mháthair céile thuas ar bharr na haille ag faire ormsa, an déagóir agus a páirtí ag tabhairt faoi snámh. (Bhí sé fuaaarrr). Chaitheamar tamall ag suí muid féin tar éis an tsnámh, agus ansin shiúil amach go dtí ceann tíre beag chun lán ár súil a bhaint as dealbhóireacht na mara - sceirde agus stácaí mara. 

Ar ais ansin ar ar suaimhneas go dtí an tsráidbhaile agus caife oighreata. 

Áit álainn, agus gan a bheith ró phlódaithe. 

Is an Trá céanna a mheabhraigh an pictiúr seo le Thomas Richter dom (ach aithris ar Dali agus tírdhreach Éireannach a bhí i gceist aige siúd) 
Rinne mé socrú leis é a cheannach agus íoc as ina ghálaí. Tá sé ar ár mballa ó shin.