Michelle Nic Pháidín, Art Hughes, Daithí Ó Muirí, Majella Ní Dhomhnaill |
Oíche Máirt is i dtimpeallacht uasal Club na Múinteoirí a bhí mé, áras sócúl Seoirseach a bhfuil cothabháil maith déanta air ag Cumann na mbunmhúinteoirí.
.
Ceathrar atá ag dul don bhficsean a bhí ag léamh. Léigh Majella Ní Dhomhnaill sleachta gairide as na scéalta i Cuimhní Poircealláin - géarú goile roghnaithe go cúramach chun nach mhillfí aon scéal, ach go bhfaigheadh an lucht éisteachta blaiseadh den saothar.
Scéal sách osréalach a léigh Daithí Ó Muirí óna chnuasach nua Mná - saothar nach bhfuil léite agam. Ach tá leagan den scéal áirithe seo léite agam, ar Comhar, sílim. Léitheoir maith é Ó Muirí.
As Súile Éisc a léigh Michelle Nic Pháidín. Scéal amháin as gcnuasach. Scéal lán dráma agus cumha ó radharc duine óg a bhfuil deartháir leis agus ansin a mháthair básaithe go tragóideach ar muir. Blas agus boladh sáile agus cumha ag díbirt sócúl an seomra galánta Seoirseach.
Chuir Art Hughes clabhsúr leis an ócáid le cúpla sliocht as a úrscéal An Cairdeagan Buí.
Sliocht tuairisciúil faoi bhean feasa, sliocht eile faoi ollamh ar téarma sabóideach. Súil aige an bhean a bhfuil sé ag fanacht léi a mhealladh - le cion ar a teach is a maoin.
Éagsúlacht stíle, éagsúlacht léitheoirí. Léiriú go bhfuil an ficsean beoga.
IMRAM abú!