Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-12-12

Auferre trucidare rapere falsis nominibus imperium

Chuir mé mo shíntiús leis An Páipéar ar ceal. Tá saoirse acu ar ndóigh a dtuairimí Putin-bhácha a scaipeadh. Tá an tsaoirse céanna agamsa gan íoc as.

Ní shéanaim gur impireacht Mheiriceá, a gcuireann a rialtas súil thar a chuid go rímhinic, agus go foréigneach. Ach ní impiriúlachas Mheiriceá is cúis le leathnú ECAT i lár na hEorpa, ach impiriúlachas na Rúise. Chonaic na críocha i Muir Bhailt agus sa Pholainn, Ungáir agus araile buaileam sciath na Rúise. Rinne siad an rud a dhéanfadh stáit ar bith ceannasach neamhspleách, agus lorg comhghuaillí láidir chun cuir ina choinne. Tá an ceart céanna ag Stáit ceannasach neamhspleách agus atá ag an daoine aonair cumann agus conradh a dhéanamh de réir mar a mheasann sé bheith ceart. 

Agus léiríonn cás na Seoirsia agus anois an Úcráin go raibh cúis réasúnta acu chuige. Go deimhin, mar thoradh ar ionradh na Rúise tá an tSualainn agus an Fhionlainn tar éis ballraíocht a ghlacadh in ECAT. Bhí an tSualainn ina impireacht tráth ach neamhspleách ó shin. Bhuaigh an Fhionlainn cogaidh i gcoinne impireacht na Rúise sna daichidí, ach tá codanna móra den bhFionlainn stairiúil fós gafa ag an impireacht céanna. Agus is faoi bhrú ó Stailín a ghlac an Fhionlainn chucu an polasaí neodrachta chucu féin an chéad lá.

Maítear go minic nach bhfuil gaol stairiúil ag an Crimé leis an Úcráin. Agus is fíor sin. Ach ba stát ceannasach neamhspleách a bhí ag Tartaraigh an Chrím go dtí go ndearna impireacht na Rúise iad a slogadh. Agus rinne Stailín géarleanúint ar na Tartaraigh. Thug rialtas na hÚcráine meas agus méid áirithe féin riail dóibh. Tá Putin áfach ag déanamh aithris ar Stailín ina ghéarleanúint ar Tartaraigh freisin. 

Chuala mé ráite é go raibh dlisteanacht éigin ag ionradh na Rúise chun lucht labhartha na Rúisise a chosaint ó dlíthe éagóracha. Tá an amhras orm faoin mhaíomh sin. An dtugann Acht na dTeangacha Oifigiúla ceart don Bhreatain ionradh a dhéanamh ar Éirinn?

Sé fírinne an scéil gur mó dochar atá déanta ag ionradh agus foréigean na Rúise don Rúisis ná iarracht ar bith ag tíortha neamhspleácha díchoilíniú a chur i gcrích. 

Is seafóid an meon "cara liom eascara mo eascharad."

Níl cairde ag impireacht. Tá leasa acu. Agus tá níos mó impireachtaí ann ná Meiriceá agus an Rúis. Agus tá impireachtaí ann atá imithe ach nach bhfuil an t-uaillmhian múchta iontu - An Bhreatain, an Tuirc agus araile.

Is gá amharc ar gach coinbhleacht faoi sheach agus aithint go mbíonn impireacht ar thaobh na córa, uaireanta. 

Agus sin mo racht go nuige seo.

Auferre trucidare rapere falsis nominibus imperium, atque ubi solitudinem faciunt, pacem appellant.

Tugann siad an t-ainm bréagach impireacht ar ghoid, creachadh agus ár, agus nuair a chruthaíonn siad fásach tugann siad síochán air.

    Calgacus athluaite ag Tacitus in Agricola