Píosaí liom in áiteanna eile:

2025-08-28

Gal is toit

Poul Anderson ag ól a phíopa 

 Nuair a bhí dúlagar orm le déanaí bhí mé ag léamh go leor ficsean eolaíochta ar an fón, ar líne. Ag braith go mór ar https://freesfonline.net/. Bhí mé ag roghnú scéalta a bheag nó a mhór go randamach. Ach ag pointe éigin rith sé liom nach raibh an oiread sin le Poul Anderson léite agam sna déaga, agus gur mithid sin a cheartú. Léigh mé le fonn cuid dá raibh teacht agam orthu. Cuid mhaith acu lonnaithe i dtodhchaí samhlaithe. 

Gné amháin a shíl mé bheith ait ó mo thaithí reatha - eadhon go raibh ól tobac fairsing sna scéalta. Mura bhfuil dul amú orm, tá a leithéidí fíor freisin faoi shaothar Asimov.

Ach anois agus srianta agus coinníollacha ar chaitheamh tobac, tá cuma ait ar an nós. 

Is dócha, tráth a scríofa, go mbeadh sé chomh hait céanna dá mbeadh teir ar thobac! 

Ní Döner go harán


Mhair mé i mBeirlín sna 1990í. Sé Beirlín, ó thaobh daonra de, an chathair leis an líon is mó Turcach ina gcónaí ann, seachas Istanbul. Bhí siopaí dá gcuid ann, ceantair iomlán inar mhair Turcaigh amháin. I mBeirlín a forbraíodh an Döner kebab. ('feoil rósta ar bior atá ag casadh').

Is iomaí Döner mit Schafskäse und schärfe Soße (Le cáis caora agus anlann spíosrach) a d'ith mé. Tar éis babtha óil sa tábhairne ach go háirithe.

Ar ndóigh, tá díoltóirí Döner fairsing abhus anois. Ach tá locht mór amháin orthu, dar liom. Níl an an t-arán ceart acu.

Ceathrú de bhuilín aráin cruinn atá um Döner i Beirlín. 

Tiubhas thart ar cm ann. Ní thaitníonn Döner i bpita liom. Tá an t-arán ró thanaí. 

D'oscail siopa nua i Portobello, ar imeall lár na cathrach. Berliner Kebab

Bhí amhras orm féin, agus níor thaobhaigh mé an áit. Ach dúirt duine de mo lucht aitheantais liom, Berliner go smior, go raibh na kebab mar is cóir. Bhí deis agam inné a thuairim a dhearbhú dom féin. 

Shocraigh mé ithe sa phroinnteach, tá sé cineál deacair kebab lán a ithe agus tú ag siúl! Go háirithe nuair atá carn mór glasraí, cáis caora mionaithe agus feoil san arán atá gearrtha sa lár. Meascán uaineoil agus circeoil a roghnaigh mé. Bhí gach rud úr blasta. Níor fhág mé puinn i mo dhiaidh. 

Beidh mé ar ais.... 


2025-08-24

An Bheatha Phléisiúrtha

Bhí alt ag Pól Ó Muirí san Timire faoi leabhair fealsúnachta i nGaeilge. Ní fealsamh ná baol air mé féin, ach phrioc sé m'fhiosracht.

Chuir mé fios ar an leabhar An Bheatha Phléisiúrtha leis an tAthair Fiachra OFM. Iasacht idir leabharlainne. 

Admhaím nach ró mhaith a thuig mé an dóigh a roinn sé an saol idir beatha phlandúil, beatha ainmhí agus beatha an spioraid. Agus faoi dheireadh chaith mé an leabhar i dtraipisí toisc go raibh mé bréan den athrá go raibh intleacht na mban níos ísle ná intleacht na bhfear toisc iad a bheith níos collaí! 

Ach chnuasaigh mé dornán tagairt as an saothar, féach thíos. Dá mbeinn níos oilte, b'fhéidir go mbeadh níos mó céille bainte agam as an leagan amach fealsúnachta, ach is tuata sa mhéid sin mé. Mar sin féin táim sásta gur spreag alt Phóil mé leis an iarracht a dhéanamh! 



Óir is le linn na hóige a bhíonn an t-ealaíontóir i mbarr a mhaitheasa ; agus is le linn na meánbhlianta a bhíonn an t-óráidí nó an staraí i bpríomh a mhaitheasa ; agus ní hiontaoibh an t-eagnaí go dtí gur aosta é.

Mar an gcéanna, mórmháistir na filíochta is ea fíon agus ólachán, mar a deir Horace, agus ba chóir go mbeadh a fhios aige : nár chum an fuaruisce filíocht riamh fós.

Sa Scriptiúir léimid arís agus arís eile, agus in Epistle Shéamais ach go háirithe, go bhfuil smachtú na colla go léir ag brath ar rialú na teangan.

Síorfhairechán cánacha na saoirse

Is fearr file na féithe na file na Gaeilge

Eoghan Rua, athluaite ag an tAthair Fiachra OFM 

Tá baol ann i gcónaí sa chaitheamh aimsire go raghaimis thar fóir, go ndéanfaí gol den gháire agus searbhas den mhilseacht agus truailliú den tsláinte.

An tAthair Fiachra OFM
An Bheatha Phléisiúrtha
Sáirséal agus Dill 
1955

Gabhaim molta hiiker.app (agus East West mapping!)


Nuair a thosaigh mise ag súil sléibhe (I seachtóidí an chéid seo caite!) is taobh le léarscáil 1/2 orlach in aghaidh an míle 1:126,720 a bhíomar. Nó, in áiteanna áirithe, orlach in aghaidh an míle - 1:63,360. Agus ní fhéadfaí brath orthu go domhain sna sléibhte ceal sonraí iontaofa. Sna nóchaidí, agus mé níos gníomhaí agus ag treorú scaití, thosaigh an suirbhéireacht ordanáis ag foilsiú na léarscáileanna 1:50000. Bhí scileanna measartha loingseoireachta agam, cleachtadh agam ar riail Naismith, agus mé faichilleach ag ullmhú cárta bealaigh do siúlóidí sléibhe. Mé in ann compás a ionramháil, an earráid idir fíor Tuaisceart agus an tuaisceart maighnéadach san áireamh.

Nuair a chuaigh mé chun na Gearmáine, ba ghnáthrud é léarscáil a bheith ar scála 1:25000. Sa mhullach ar sin, bhí eangach dlúth cosáin marcáilte sna háiteanna go raibh mé ag siúl sa Ghearmáin agus sa tSeic. Shearg mo scileanna loingseoireachta ceal úsáide.

Sa lá atá inniu ann, tá glacadóir don gcóras suite domhanda i ngach fón cliste.

Agus tá léarscáileanna East West Mapping ar scála 1:25000 ar fáil do na ceantair is spéisiúla siúlóide. Siúlóir é Barry Dalby, agus bíonn sé iontach cúramach faoi na sonraí a chuireann sé ar a chuid léarscáileanna. (Déanann sé cúram ar leith de logainmneacha freisin). Má tá cosán siúlóide marcáilte, beidh sé insiúlta (seachas, ar ndóigh, má tá an úinéir talún tar éis é a iamh ó foilsíodh an léarscáil. Níor tharla sin dom fós).

Tá na léarscáileanna agam, agus tairbhe bainte astu agam. Go háirithe i mo cheantar áitiúil le linn Covid! Ach freisin i Port Láirge nuair a bhí mé ag siúl i Sléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh. (Agus tá mé ag súil go mór leis na léarscáileanna do Tír Chonaill a úsáid!)

Nuair a chuala mé go raibh comhéadan hiiker.app ar fáil as Gaeilge, agus go raibh léarscáileanna ar ardchaighdeán san áireamh ach síntiúis a íoc, cheannaigh mé. I gcás na hÉireann is léarscáil de chuid East West atá i gceist, má tá sé ar fáil.

Bhí gléas garmin agam le cúpla bliain roimhe, a d'úsáid mé mar dialann siúlóide. Ach tá an scáileán róbheag agus ródhorcha domsa len é a úsáid go héifeachtach don loingseoireacht. Níor chuir mé siúlóid ar riamh roimh ré. 

Ach is féidir liom gpx - comhad ina bhfuil bealach siúlóide taifeadta - a chur ar mo ghuthán go héasca, agus tá an scáileán soléite. 

Rud a rinne mé ar siúlóid de chuid na Cnocadóirí. 

Agus is féidir liom siúlóid a thaifeadadh. 

Is féidir siúlóid a phleanáil freisin, agus é a leanúint. Níl sé sin déanta agam fós. 

Ach an tseachtain seo fuair mé an-tairbhe as. Bhí mé ag siúl le mo dheartháir agus a chlann. Bhí beartaithe againn siúl timpeall locha taiscumar Fheartraí. Cosáin marcáilte agus gan aon dúshlán loingseoireachta. Níor bhac mé fiú léarscáil a bhreith liom. 

Ach nuair a tháinig muid chomh fada leis, bhí na cosáin iata de bharr crainn a bheith tite! 

Bheartaíomar dul go Dioghais, ag tosú ag ceann de na carrchlós os cionn Loch Té ag Baile na Stua Thiar. Bhí léarscáil East West ag mo dheartháir. 

Idir an léarscáil agus an aip, bhí sé fíor éasca dul ar aghaidh uaidh Dioghais nuair a bhí an barr sroichte againn - ar chosáin neamh marcáilte ach soiléir ar an léarscáil go Cnoc an Bhairr. Agus ar aghaidh trasna an fraoch go dtí cosán coille a thug amach ar an mbóthar muid, agus ar ais fán mbóthar go dtí an gluaisteán.

Tá an siúlóid taifeadta le feiceáil anseo. ( Buntáiste eile!)

Tá taifeadadh dian ar an cadhnra sa ghuthán, agus cadhnra taca de dhíth dá réir ar siúlóid fhada. Ach tá a leithéidí agam ar aon nós. 

Thart ar 50€ sa bhliain an síntiús. Is fiú go mór é, dar liom. Fuair mé lascaine 50% ar an gcéad bhliain pé scéal é!

⭐⭐⭐⭐⭐

2025-08-23

Ráth Chairn fliuch draoibeach an cheoil!


Thug mé turas lae leis an damhsóir ar Féile na Gealaí cúpla bliain ó shin. I mbliana, bhí deis agam freastal ar an iomlán - le hOstarach gan Ghaeilge ar chuir mé aithne air le déanaí!

N'fheadar an bhfuil an choiste buíoch díom - don gcéad uair riamh bádh an deireadh seachtaine i mbáisteach buan ó  lár na hoíche ar an Aoine go hoíche Sathairn....

Faoin am gur landáil muid ar an Aoine tar éis lá oibre bhí sé doiligh áit a fháil dar bpubaill. Rud a d'fhág nár éirigh liom mo phuball féin a theannú i gceart. 

Bhí an ceoil faoi lán seoil freisin. Spleodar ar stáitse. Go dtí mall san oíche. Bhí tuirse orm féin agus chuaigh mé ag luí sular bhog an t-aicsean go dtí an Bradán Feasa. 

Faraor nuair a thosaigh an fhearthainn, bhí an braon anuas i bpuball s'agamsa. Rinne mé iarracht plé leis tríd mo chóta báistí a leathadh thar mo mhála codlata, ach ní raibh maith ar bith déanta agus faoi dheireadh d'éirigh mé agus theith isteach san tipí a bhí feisithe ag lucht an fhéile. 

Thart ar a haon déag a thosaigh clár an Sathairn, le hócáid de chuid IMRAM - reacaireacht filíochta le tionlacan ceoil san Tipí. Colm Mac Gearailt ina fhear an tí, agus Cormac Mac Gearailt, Sam Ó Fearraigh, Maelíosa Scott ag reic freisin. Bhí siad chomh beoga gur cuireadh go mór le fonn fhir na hOstaire an Ghaeilge a fhoghlaim... 

Diaidh ar ndiaidh bhí an bháisteach amuigh tar éis an ithir a bhá agus thosaigh an t-uisce ag ardú laistigh den Tipí. 

Thugamar féin aghaidh ar Pergola an Bhradáin Feasa, áit a raibh deis ag óg agus aosta a gcumas san amhránaíocht ar an tsean nós, mar a bhíonn ag an Oireachtas a chur i láthair agus duine den gCéad ghlúin eile ina bean an Tí! Mar a bhí fíor nuair a bhí mé ann cheana, chuaigh na leanaí óga i bhfeidhm orm toisc a máistreacht ar an amhránaíocht. Bhí leithéidí Nell Ní Chróinín agus Dónall Ó Braonáin ann freisin - beirt a bhfuil duaiseanna bainte acu san Oireachtas. Bhí Cathal Ó Cuirreáin agus Éanna Ó Cróinín agus a dheirfiúr ann ag ceol agus a spreagadh leanaí an cheantair le ceol in éineacht leo. Agus cuireadh clabhsúr leis an ócáid le lúibín thar a bheith greannmhar - beirt bhan ag cáiseamh an deacracht fear buan a aimsiú ag an tOireachtas. Iad ag magadh faoi gach Gaeltacht agus ag ainmniú laochra Oireachtais.... Bhí neart gáire croíúil ann. 

Theitheamar go hÁth Buí chun béile a ithe (agus bheith faoi foscadh seal). 

Nuair a d'fhilleamar bhí an ceol ar an stáitse faoi lán seoil, grúpa i ndiaidh grúpa ar stíleanna éagsúla ar stáitse arís, agus an spleodar ag treisiú ó lár tráthnóna go lár na hoíche. Grúpaí ón Albain freisin ann. 

An talamh á mháistriú faoi chosa damhsóirí. Éanna Ó Cróinín agus an coiste ag leathadh sliseanna adhmaid ach é fuar acu dáiríre. Níor mhúch an síor bháisteach an fuinneamh mar sin féin! 

Toisc go raibh an puball agam scriosta agus an bheirt againn fliuchta go maith, chuamar abhaile tar éis meanoíche. 

Beidh mé ar ais. Ach ag codail faoi dhíon, nó ar a laghad i veain campála!

Tá deich mbliana bainte amach ag an bhféile. Obair na gcapall déanta ag an gcoiste deonach agus iad taobh le pinginí suaracha maoinithe. 

Treise leo.