Bhí sé ag dul rite liom a thuiscint conas gur sean leagan den mbogearra an leigheas ar a leithéid. Ní bhíonn tionchar ag radaíocht ar bhogearra, bíonn ar chrua earra.
Nuair a bhuaileann cáithnín ard fuinnimh cuimhne ríomhaire is féidir luach giotáin a athrú ó haon go náid, nó a mhalairt. San earnáil spáis, mar atá a leithéid níos coitianta, is gnách go mbíonn crua earra ar leith in úsáid. Bíonn cód ceartaithe earráide sa chrua earra féin - cúpla giotán sa bhreis a mbraitheann a luach ar luach na ngiotán atá in úsáid. Mura bhfuil an luach san cód sin ag teacht leis an luach sa chuid in úsáid, tá "tuaiplis aon uaire" tarlaithe. Go hiondúil, is féidir botún giotáin amháin a cheartú leis an cód, agus botún dhá ghiotán a aithint.
Is féidir a leithéid a dhéanamh sa bhogearra freisin gan amhras, agus is féidir le "CRC" - "seiceáil chioglach iomarcaíochta" réimse níos leithne cuimhne ná beart amháin a chosaint. Déantar áireamh a ríomh ar féidir a úsáid chun athraithe sa réimse cuimhne a aithint, agus athrú giotáin amháin a cheartú. Rinne mé iarracht fáin uair amháin an matamaitic laistiar de thuiscint, ach bhí sé róchasta dom. Oibríonn sé, is leor sin domsa!
Is gnách a leithéid a bheith i bhfeidhm ar theachtaireacht a seoltar go spásárthach, agus go deimhin thar líonra "glórach" ar thalamh.
Braitheann eitilt shreangrialaithe ar theachtaireachtaí idir ríomhairí. Is cosúil go bhfuarthas réidh le seiceáil cuimhne nó teachtaireachtaí - ní léir dom cé acu - sa bhogearra nua. Nuair a tharla tuaiplis aon uaire, an toradh a bhí ar an casadh giotáin na titim tobann an eitleáin - toisc gur baineadh an tátal mícheart as stiúir chuig eireaball an eitleáin.
De réir mar a éiríonn crua-earraí níos lú, bíonn an baol go dtarlódh tuaiplis aon uaire mar seo níos mó. Beidh gá le breis cúram chun cosaint ina choinne.
Gnáthrud é freisin ar spásárthach an chuimhne ar fad a "sciúradh" go rialta - gach beart a léamh agus a athscríobh go rialta chun go nglanfaí aon tuaiplis aon uaire, ag baint feidhm as an gcrua earra, a cheartódh botúin shimplí. Má bhíonn an botún níos mó, is féidir an ionad sin sa chuimhne a mharcáil mar briste - ach tá sé sin níos casta le láimhseáil.
Mar sin, arís eile - athrú bogearra a bhí sa réiteach - ach fadhb deartha (fáil réidh leis an seiceáil) agus fadhbanna crua-earra ab ea an chúis.