Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-04-12

An Ghaeilge ina uirlis margaíochta

Tarraingíonn fógraí as Gaeilge mo shúil (agus sách minic mo chárta creidmheasa as mo phóca). Ardú croí ceann cruinn, níos mó arís má tá sé cliste. Trúig osna Gaeilge a chodail amuigh. Cúis cantail lomaistriúchán focal ar fhocal ón Sacs-Bhéarla. (Cúis gearáin ag eolas@coimisineir.ie más comhlacht poiblí atá freagrach). Idir ceap magaidh agus fraoch Gaeilge i cló Béarla fearacht Ishka (uisce i mbuidéal) nó Stira (staighre go dtí an lochta). Nó shuppa... 

Ar ndóigh, mar thoradh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla tá líon mór fógraí Stáit as Gaeilge. Faraor cuid mhór acu briotach nó oiread meamraiméise iontu gur deacair meabhair a bhaint astu. Ola ar mo chroí na heisceachtaí nuair is léir gur aistríodh nó cumadh an teachtaireacht seachas na focail Béarla. 

Tá níos mó spéise agam sna fógraí tráchtála áfach, toisc nach ceangal dlí a spreagann iad. Tá trí aicme ann. Comhlachtaí ilnáisiúnta ag maíomh áitiúlacht. Gaeil a bhfuil sé nádúrtha dóibh. Agus Éireannaigh ar bheagán Gaeilge atá á úsáid mar ornáid. 

Scaití bíonn fógraí an chéad is an tríú aicme briotach, scaití ina ceap magaidh. Ach go hiondúil bíonn siad go maith, agus scaití glic - imeartas focal dhá theangach go minic. 

Feictear dom go bhfuil a leithéidí ag éirí níos coitianta. Iarrachtaí fréamh áitiúil a léiriú, más cur i gcéill atá ann scaití. 

Ní dóigh liom go mbeadh rath ar dá mbeadh an Ghaeilge níos fairsinge, ach....