Píosaí liom in áiteanna eile:

▼

2026-10-04

Glórtha an Tráthnóna


Tharraing Raven Books ar Bluesky m'aird ar an leabhar seo, ar chúis éigin níor thuig mé é a bheith ann. I gcomhthéacs Women in translation month (mí Lúnasa) a rinne sí amhlaidh. Bhí sé i gceist agam m'fheachtas léitheoireachta féin a dhéanamh, ach ar an ndrochuair d'éirigh mé tinn. Ar aon nós, cheannaigh mé an leabhar, ó Raven Books mar a tharlaíonn. 

Scéal teaghlaigh shaibhir san Iodáil roimh, le linn agus i ndiaidh réimeas an fhaisisteachas agus an dara cogadh domhanda, agus scéal grá éagmaise - nó ar a laghad grá a raibh gach leath den lánúin ag iarraidh rud éagsúil. 

Díríonn sleachta ar ball amháin den teaghlaigh, ag léiriú stair siadsan. Sa chaoi go gcuireann na sleachta diaidh ar ndiaidh le tuiscint níos iomláine ar an méid a tharla.

Ansin ar deireadh scéal mná atá dóite i ngrá le mac de chuid an teaghlaigh. Níl uaidh siúd ach craiceann agus caidreamh éadomhain. Pósadh agus buaine atá uaithi siúd. Ach é bheith fírinneach. 

Sár obair déanta arís ag Máire Nic Mhaoláin chun an scéal seo a thiontú ón Iodáilis go Gaeilge shaibhir ach soléite. 

Leabhar eile ar charn na n-aistriúchán fiúntacha. 

Caighdeán maith san earra féin, mar is dual do Éabhlóid. 

Natalia Ginzburg 
Aistrithe ag Máire Nic Mhaoláin
Éabhlóid 

2026-10-03

Díolaim litríocht taistil


Ó chaint Phádhraic Uí Chiardha i 2022, táim ag tnúth leis an díolaim seo.

Tá clár an leabhar le feiceáil ar suíomh an siopa leabhar, agus léiríonn sé an fairsinge ábhar agus ilchineálachas na n-údar. Altanna cuid de na sleachta, cuid eile is sliocht as leabhar nó saothar níos faide ná alt atá i gceist leo. Ar ndóigh, cnuasaíodh roinnt de na haltanna i leabhair. Mar shampla saothar Mícheál Breathnach.

Daoine spéisiúla iad na húdair. Tuairimí acu. Mar sin, ní cuir síos lom tíreolaíochta atá i gceist. Cuid de na halt, scríobadh iad nuair a bhí corraíl sna háiteanna as a rabhthas ag trácht. Agus ar ndóigh thar tréimhse breis is céad bliain a scríobhadh iad - céad bliain a bhí lán stair san Eoraip!

An tír is nuaí a phlé Breandán Ó hEithir, an DDR, ní hann dó níos mó.

Mar a dúirt Erich Kästner, ag trácht ar athraithe teorainn, is ar mhaithe le lucht bailithe stampaí a ghníomhaíonn an stair, shílfeá.

Neart spéisiúil sa leabhar. An locht a bheadh agam air, baineann sé leis an toirt. Leabhar a chaithfeá leagan ar bhord atá ann. Ró mhór agus ró throm le bheith i do lámh agat.

B'fhéidir go bhfuil an eagrán seo dírithe ar lucht acadúil, mar théacs léinn. Is trua sin, dar liom. B'fhear liom dá mbeadh sé i cúpla imleabhar ar ghnáthmhéid.


Eachtraí san Eoraip – scríbhneoireacht taistil i nGaeilge ó thús an fhichiú céad go n-uige seo 
 
    Eagarthóirí:
    Kate Uí Chíobháin, Meidhbhín Ní Úrdail, Joachim Fischer

2026-10-02

Úrscéal na Trá Báine


Tá an úrscéal is déanaí seo de chuid Mhichíl Uí Chonghaile bunaithe ar shaol Bríd Ní Mháille agus na heachtraí a spreag an dá amhrán léi atá againn - Amhrán an Bháthadh (Amhrán na Trá Báine) agus Amhrán South Boston. 

Más buan mo chuimhne, bhí tinfeadh ann freisin ón scríbhneoireacht thart ar logainmneacha (mar a bhí i gceist leis An bhlaosc sa mbois) 

Agus arís fuair mé réamhbhlaiseadh den saothar seo ag Cúirt na bliana seo caite. Go deimhin, tá an leabhar tiomnaithe do na taibheóirí sin. 

Smaointe agus brionglóidí Bríd Ní Mháille atá sa leabhar, agus í thall i South Boston nuair a fhaigheann sí scéal tubaisteach bá a triúr deartháir (agus deartháir eile báite rompu). 

Tosaíonn an insint leis an American wake agus í ar tí dul ar deoraíocht. Nó bhféidir lena cuimhní air. Sruth comhfheasa atá san insint, míreanna éagsúla, ag dul siar is aniar. Scéalta ón mbaile ag baint corr as na smaointe, pé acu litir nó duine nua anoir. 

Abairtí gairide, luas lasrach faoin insint, smaointe coscracha corraithe. An bá agus an toradh á shamhlú aici ar bhealaí éagsúla. De réir mar a tháinig eolas chuici. 

A Deaide agus an cás inar fágadh é. Col aige le ronnachaí ar eagla gur ar coirp a chlann mac a beathaíodh iad. 

Ansin cúinsí a saol féin thall, anró agus cruatan agus a clann séalaithe roimpi seachas duine amháin. 

Na hamhrán a chum sí imithe siar, agus ansin tagtha anoir agus fabhtach! Cúis feirge di. 

Macallaí as na hamhráin arís is arís eile. 

Anois is arís liodán logainmneacha - thall agus abhus. 

Trí intriacht Béarla - litir anoir óna deirfiúr Nell, litir aniar chuig Nell, agus teistiméireacht an Sagart paróiste di agus í ag dul anall. É le tuiscint gur máistir scoile nó sagart a scríobh agus a léigh na litreacha. Dul na Gaeilge ar an mBéarla - go deimhin codanna dothuigthe don té a bheadh taobh le Béarla amháin. 

Thaithin an insint go mór liom. Agus tá an leabhar féin gleoite. Ealaín le Seán Ó Flaithearta - Ó Mhaidhm go Maidhm. Mír idir na caibidil. Currach báite le feiceáil scaití iontu. An méid oiriúnach - 18.2 × 12.3 cm - , cló soiléir soléite. 

Tá nóta staire agus leagan den dá amhrán ann freisin. 


Táim buíoch do Cló Iar-Chonnacht a sheol cóip léirmheasa chugam. 


Micheál Ó Conghaile 
Cló Iar-Chonnacht 
ISBN 978-1-78444-312-2