Pé scéal é, leathnaigh Pádhraic a chaint go sraith raidió a craoladh ar RnaG thar an samhradh. Roinnt údair roghnaithe aige, agus é ag allagar le daoine eolgaiseacha fúthu. Eolas agus smaointe meabhracha. Snas ar an eagarthóireacht, ag fí na hagallaimh éagsúla ina léiriú iomlán ar gach údar faoi seach.
Ar chúiseanna éagsúla, níor chuala mé na cláracha ar an raidió. Tá feabhas mór tagtha áfach ar sheinnteoir RTÉ (cé go bhfuil listen baistí acu air). D'aimsigh mé an sraith. Ní féidir nasc a thabhairt don sraith, ach seo nasc don gcéad chlár. Tá sé measartha simplí ar aon nós "Údair taistil" a chuardach san aip.
An t-aon locht atá agam air ná go bhfuil sé sa chóras de réir dáta craolta, athchraolta san áireamh. Is gá neamhaird a dhéanamh de gach dara taifead. Agus níl nótaí do gach clár ann, rud a bheadh cuiditheach agus clár ar leith á lorg.
Ach is fiú go mór é bheith ar fáil.