Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-10-25

Údair Taistil

Tá suim agam i litríochtaí na Gaeilge. Suim ar leith san litríocht taistil. Bhí mé i láthair ag caint a thug Pádhraic Ó Ciardha roinnt blianta ó shin i Má Nuad. Bhí cuid de na saothair a luaigh sé léite agam roimhe, agus sciar eile ó shin toisc gur chuir a chaint ar mo shúile dom iad a bheith ann. (Agus is iontach an áis an iasacht idir leabharlainne, nuair atá teideal ag duine. Cé gur gá uaireanta cúpla iarratas toisc go mbíonn leabhair Ghaeilge sna stórais, agus uaireanta ar strae. Is é an feall gan leabharlann Gaeilge ann, le go dtiocfadh léitheoir ar saothair nua de thaisme. Níl bealach úsáideach na catalóg a scagadh chun leabhair Ghaeilge a aimsiú.)

Pé scéal é, leathnaigh Pádhraic a chaint go sraith raidió a craoladh ar RnaG thar an samhradh. Roinnt údair roghnaithe aige, agus é ag allagar le daoine eolgaiseacha fúthu. Eolas agus smaointe meabhracha. Snas ar an eagarthóireacht, ag fí na hagallaimh éagsúla ina léiriú iomlán ar gach údar faoi seach.

Ar chúiseanna éagsúla, níor chuala mé na cláracha ar an raidió. Tá feabhas mór tagtha áfach ar sheinnteoir RTÉ (cé go bhfuil listen baistí acu air). D'aimsigh mé an sraith. Ní féidir nasc a thabhairt don sraith, ach seo nasc don gcéad chlár. Tá sé measartha simplí ar aon nós "Údair taistil" a chuardach san aip.

An t-aon locht atá agam air ná go bhfuil sé sa chóras de réir dáta craolta, athchraolta san áireamh. Is gá neamhaird a dhéanamh de gach dara taifead. Agus níl nótaí do gach clár ann, rud a bheadh cuiditheach agus clár ar leith á lorg.

Ach is fiú go mór é bheith ar fáil.