Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-02-17

Tost

 I ndiaidh an chrith talún, tháinig tine. Ach ní raibh an Tiarna sa tine. I ndiaidh na tine, tháinig fuaim chogair bhig. 


D'aimsigh mé taifeadtaí den Pápa Beinidict ag rá an phaidrín sa Laidin. Éistim leo sách minic. (Tá fhios agam cad iad na hurnaíthe agus na rúndiamhair, mar sin ní bac an Laidin). Ag an deireadh canann cór an Salve Regina. Leanann nóiméad toist sula dtugann Beinidict  faoin liodán. Deis machnaimh. 

Tá na húdair, agus ní Críostaí amháin, ar aon fhocal faoi ról an toist san urnaí. 

Ba mháistir Beinidict  ar an dtost san urnaí phoiblí. Is cuimhin liom píosa teilifíse a fheiceáil, ócáid éigin de chuid Lá idirnáisiúnta na nÓg. Na mílte daoine in éineacht leis an bpápa ag urnaí i láthair an naomhshaicrimint. Agus tost iomlán i réim. 

Ní go rómhaith a bhím féin maidir le tost. Tá intinn luaineach agam, ré roithleagan smaointe. Is deacair cogar an Tiarna a chlos mar sin. 

(Agus anois ritheann Triúr manach Dennis liom) 

2026-02-15

An Géillsineach


Ar mo chamchuairt inné bhuail mé isteach chuig leabharlann Institiúid Goethe ar Chearnóg Mhuirfean. Tá cnuasach scannáin acu ar DVD chomh maith le neart leabhar.

Chroch mé liom Der Untertan  scannán dubh agus bán ó 1951. DEFA an Ghearmáin Thoir a rinne, bunaithe ar úrscéal de chuid Thomas Mann ó 1918.

Aor shearbh ghreannmhar ar sár náisiúnaithe an impireacht tar éis Liam I Hohenzollern teacht i réim. Géillsine don arm, mar a léirigh scéal Captaen Köpenick. Fimíneacht i gcúrsa collaíochta - diúltaíonn an laoch an bhean atá sé tar éis í a bhréagadh agus atá torrach a phósadh, ar an mbonn nach bhfuil sí geanmnaí. (Imríonn leifteanant an chleas suarach céanna ar a dheirfiúr).

Na schlagande Verbindungen - cumann mic léinn tugtha do troid le claíomh, agus colm ar an aghaidh mar cúis mórtais acu.

Dímheas ar an lucht oibre. 

Leanbh faiteach lag atá sa laoch i dtús báire, ach go dtagann sé ar an dtuiscint nach bhfuil sé chun bheith saor ó chos ar bolg mura imríonn sé féin é, géillsine suas, an bhuatais síos. 

Deireadh an scannán é ag nochtadh dealbh den impire, i lár stoirme. Agus ansin ag móradh an chogaíocht chun an náisiúin a neartú. 

An radharc deiridh ná an dealbh i lár faiche agus na tithe timpeall air ina fhothrach. 

Greann dubh dóite agus aor fíochmhar. Bhain mé an-taitneamh as. 

2026-02-14

Cruinne Honor

(C) David Burroughs Mattingly

Nuair a bhí mé tinn an samhradh seo caite, bhí mé ag léamh ficsean eolaíochta ar an fón, toisc nach raibh ar mo chumas díriú ar aon rud trom. Diaidh ar ndiaidh d'éirigh mé gafa le saothar ilghabhálach David Weber, dírithe ar an oifigeach cabhlaigh spáis Honor Harrington. Iarracht comhfhiosach macasamhail sraith Hornblower a chruthú.

Níl pioc de sraith Forester léite agam.

Pé scéal é, leanann úrscéalta Weber (agus scaití comhghleacaithe aige) gairm Honor Harrington óna tús mar Meánloingseach nua cháilithe go dtí go mbíonn sí ina hardcheannasaí cabhlaigh agus polaitíochta.

Ag troid le foghlaithe spáis, lucht díolta sclábhaithe (a póradh ag baint feidhm as leagan lofa géiniteach), agus cogaí le castaí polaitíochta agus míleata.

Gné spéisiúil ná go bhfuil sí "uchtaithe" ag ball de speiceas eachtardhomhanda, cat crainn óna pláinéad dúchais. Cat ar a bhfuil sé géag, agus a bhfuil ar a chumas mothúcháin a léamh. Diaidh ar ndiaidh foghlaimímid níos mó faoina dtréithe, agus go bhfuil siad i bhfad níos éirimiúla ná mar a dtuigimid i dtosach. 

Scaití scinn mé thar sleachta fada teicniúla faoi urchair agus a leithéid. I bhfad níos mó spéis agam sna carachtair agus san forbairt a thagann orthu. An ceannaireacht a léiríonn sí (agus roinnt eile). Stíl oiliúna spreagúil. Misneach. Sásta íobairtí a dhéanamh chun seasamh leis an dtuiscint docht ar dhualgas atá aici. Searc agus fuath. 

Duáilcí freisin - claonadh chun fíochmhaire i leith namhaid a bhíonn faoi smacht aici don gcuid is mó. Seachas nuair atá buairt mhór de dheasca bású a lucht grá. 

Diaidh ar ndiaidh forbraítear cliar carachtar sochreidte timpeall uirthi, tréithe fónta agus diúltacha acu ar fad. 

Agus polaitíocht ag teacht i dtreis seachas an bua nó caillteanas simplí mhíleata. 

Cruinne a fhillfidh mé air, ag athléamh. Tá mórchuid de na saothair ar fáil saor in aisce ar an idirlíon, beartas comhfhiosach de chuid an fhoilsitheora Baen, a chreideann go spreagann sé léitheoirí, agus go gceannóidh léitheoirí dílse leabhar de theann measa. Agus go mbaineann sé an ghaoth as seolta foghlaithe foilsitheoireachta. 

Táim sásta gur tháinig mé air. Ba é https://freesfonline.net/, bunachar de shaothair atá ar fáil saor in aisce ar líne a chur i mo threo iad. Tá nithe spéisiúla eile le fáil ansiúd. 

Is faoin bheith daonna ficsean eolaíochta maith. Na fadhbanna céanna i gcruinne nua. Ní fisiceoir ná bitheolaí oilte mé, ach creidim go bhfuil an cruinne seo i dteideal bheith áirithe ina fhicsean eolaíochta "crua", i. cé nach bhfuil an eolaíocht indéanta faoi láthair, tá sé insamhlaithe go bhféadfaí é a dhéanamh amach anseo. 




Ní bhíonn sólás againn ann....

Ní bhíonn sólás againn ann
Gan dólás ann a cheann,
Ní bhíonn maise gan a masla,
Ná an díreach gan an cam.


Tugann beartas Barzaz scoth litríocht na Mór Roinne a chur i nGaeilge saothair i mo threo nach mbeadh agam dá uireasa (ach seans maith nach mbacfainn leo nach mbeadh ach leagan Béarla ar fáil dom). 

Scéal neamhghnách (domsa) sa cheann seo. Fear atá rathúil ach duairc, bean atá uaillmhianach ach ag déanamh faillí ina páirtí, an obair ina leannán aici, í ard san feidhmeannas, gar do Emanuel (Macron) ach gan a bheith ina ionadaí phoiblí. Teagmháil scoile i bhfad siar a thugann ar Amelié Éric a earcú dá rannóg. Ag éirí go maith leis an obair. 

Go gcuireann turas gnó go Súl corr i mbeatha Éric. Agus trí sin i mbeatha Amelié freisin. Casadh sa scéal taithí Éric ar nós na Cóiré deis a thabhairt do duine a bhás féin a shamhlú, dul tríd a shochraid féin agus seal a chaitheamh i gcónra. 

Scéalta faoi caidrimh, idir tuismitheoirí agus páistí, idir páirtithe, idir comhghleacaithe. Colscaradh is cúpláil. Athmhuintearas.  Dúlagar. Strus agus a fhaoiseamh. Díomá, dóchas gan choinne. 

Caibidil ghairide, cúpla snáth san insint. Dul siar agus aniar san am, agus réamhamharc. Fonótaí ar minic a bhain siad miongháire asam. Iad ag cuir leis an insint seachas ina ngluaiseanna tura acadúil. 

Scéal comhaimseartha, lonnaithe i tús na fichidí seo. Ré na paindéime. Ré Macron. Scéal buirgéiseach. 

Bhain mé taitneamh as (cé go raibh sé gar den chnámh agus mé ag teacht as babhta dúlagair nuair a chur mé tús leis). 

Údar: David Foenkinos
Leagan Gaeilge: Máirín Ní Mhárta 
Barzaz 


2026-02-13

An Cláirseoir


Úrscéal neamhghnách stairiúil ó pheann Diarmuid Johnson. Scéal na Normannach a rinne ionradh ar Éirinn ar ball - ach iad fós ar imeall Ríocht Shasana, in adharca le muintir Cymru.

Na Gearaltaigh, go háirithe Muiris a thug a ainm do Chlár chlainne Mhuiris ar ball. A athair, Gearailt de Windsor. É pósta ar banphrionsa as Cymru ar ordú Anraí Rí.

Cláirseoir Breatnach an cláirseoir, scéal a thaoisigh agus na Taoisigh eile fite fuaite le scéal na Tiarnaí Mairge a earcódh Diarmuid na nGall ar ball. Agus a raibh airc talún orthu, iad míshocair san Marg toisc lucht Cymru a bheith ag neartú, agus Anraí Rí a bheith luaineach. Pléimeannaigh sa mheascán leis i roinnt na creiche ar imeall thiar na Breataine.

Siar is aniar idir Éirinn agus an Bhreatain chomh maith. 

Snáithí an scéil fite ina bhréidín dhlúth ag Diarmuid, scéal thar na glúinte, troid agus trádáil, feall agus féile, searc agus mioscais.

Scéal a thugann stair chun beochta, réamhrá d'ionradh na Normannach ar Éirinn.

Léitheoireacht atá idir taitneamhach agus ina lón eolais. 

Ní bearna atá i Muir Meann, ach nasc - go háirithe san tréimhse sin agus go ceann i bhfad ina dhiaidh.

Diarmuid Johnson 
Leabhar Breac 

2026-02-12

Sadhbh - ceasacht Iníon Ghuile


Seo an tríú pictiúirleabhar do dhaoine fásta atá fáiscthe ag Darach Ó Scolaí ón tseanlitríocht, bealach eile fós ag leabhar breac athghaibhniú a dhéanamh ar slabhra reatha an traidisiúin liteartha. 

Bhí scéalta Bhláthnaid agus Dheirdre agam sular léigh mé leagan Dharaigh.

Ach ní raibh eolas dá laghad agam ar Shadhbh. Ná ar Fhéilimí mhic Criomhthainn, Rí Mumhan. A thromdhámh siúd a bheith ag teacht aniar aduaidh ar athair Shadhbh, Guile, ag lorg lóistín agus foscadh cúis an scéil.

Cuirtear Sadhbh amach le moill a chur ar an tslua le go mbeadh réiteach cuí déanta. 

Caint ghlic aici, gáirsiúil scaití, agus í maith i ndán ag óglach Fhéilimí. Agus í níos oilte ar chasfhocal, cruachaint agus dúfhocail ná a chuid ollúna. 

Í ag iarraidh iad a chur ó dhoras, mar dhea, de dheasca ainnise, fuacht agus easpa sa dún. 

Ach faoi dheireadh ag gealladh fleá agus féasta - ach i dúfhocal a chuireann dallamullóg ar chách seachas Feilimí.

In éineacht le caint ghlic greannmhar gaoismhear Shadhbh, tá ealaíon Alé Mercado. Radharcanna sneachta a chuirfeadh fuacht ort. Cruth ar na pearsana. Áilleacht agus áiféis.

Saothar eile den scoth. Tá na Gaeil tugtha don dTríonóid, don tré. Seo triaracht leabhair áille, a thugann dúinn triúr ban misniúla.

Comaoin eile curtha ag Darach agus Leabhar Breac ar léitheoirí na Gaeilge!

Darach Ó Scolaí 
Ealaíon Alé Mercado 
Leabhar Breac 
ISBN 978-1-913814-57-1