Tá Fionn s'againne tar éis críoch a chur le máistreacht san amhránaíocht Opera agus i mbun cúrsa dhá bhliain chun barr feabhais a bhaint amach - rud a thógann tamall ar dhord!
Ar mhaithe le taithí agus oiliúint cuirtear píosaí ar stáitse le linn an chúrsa. An uair seo chur cleas na céad bhliana The Burning fiery furnace le Britten ar stáitse Acadamh Ríoga an Cheoil i Londain.
Dráma laistigh de dhráma, cliar manach ag cuir dráma cráifeach bunaithe ar scéal an triúr ógánach i leabhar Daniel. Do fir agus buachaillí a scríobhadh an píosa i dtosach, ach rinneadh cóiriú ar páirteanna áirithe do na mná sa rang.
Níl mo chluasa sách oilte chun breith cóir a thabhairt ar na hamhránaithe, agus gan amhras tá mé claonta. Is túisce a chuaigh aisteoireacht i bhfeidhm ormsa ná ceol - agus go minic bhí mím den scoth ar siúl ag amhránaithe nach raibh páirteach san canadh, ag insint gné eile den scéal nó ag treisiú an scéil le gothaí agus dreach.
Thug mé suntas ar leith do Grace Hope-Gill, sular ionchollaigh sí an aingeal. Searbhónta ag an bhféasta, a dreach ag léiriú amhras agus imní faoi cad a bhí in ndán don triúr aosánach.
Fionn gan amhras ina réalteolaí dorcha, ag scéiméireacht agus ag mealladh Rí Owen Lucas. An rí féin ag streachailt le cíor thuathail mothúcháin, imní, amhras, fearg....
Bhí an dís Caroline Blair agus Abigail Sinclair éachtach mar chrosáin, ag léiriú le greann agus le diabhlaíocht an tubaiste a bheadh mar deireadh ré, blianta i ndiaidh an scéil, ar Bhabylon agus a ghairdíní clúite crochta.
Tá scéal an triúr aosánach, eachtrannaigh le freagracht faoi impire a bhfuil formad ag a chomhluadar seisean leo tráthúil ar go leor bealaí. An seasmhacht i gcreideamh seachas lúbadh le gaoithe na polaitíochta. Gan sléachtadh do íol óir, ná géilleadh do chraos agus ragairne, fiú má tá praghas le n-íoc.
Bhí an dearadh stáitse, smidiú, éidiú agus soilsiú éifeachtach simplí.
Ceol fhoireann ilghnéitheach ar an stáitse freisin, agus in úsáid mar chuid den gcliar. Neart cnaguirlisí ag léiriú drámatacht na hócáide.
B'fhiú go mór an turas é!
Tá léirmheas oilte le léamh ar Opera Today.
Cliar :
King Nebuchadnezzar Owen Lucas
The Astrologer (Abbot) Fionn Ó hAlmhain
Ananias - Harrison Robb
Misael - Konstantinos Akritides
Azarias - Theodore McAlindon
The Herald/Leader of the Courtiers Tom Butler
Courtiers
Charlotte Clapperton
Ella Orehek-Coddington
Zixin Tang
Entertainers/Attendants
Caroline Blair
Abigail Sinclair
Angel Grace Hope-Gill
Faoi stiúir ceoil Christopher White agus stiúir stáitse Victoria Newlyn.