Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label leabhar comhar werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label leabhar comhar werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2025-12-22

Scéalta Titley Fáidh

An dtaca seo anuraidh a fuair mé an leabhar seo, ach idir seo is siúd níor léigh mé i gceart é go dtí le déanaí. 

Tá dhá chuid sa leabhar. Cnuasach de colúin bhliantúla Alan Titley ina mbaineann sé casadh as scéal na Nollaig chun teachtaireacht a phlé. Go leor acu sin, bhí siad léite agam tráth a fhoilsithe san Irish Times. 

An dara chuid, a shamhlú ar scéal óige Íosa. Go pearsanta, níor thaitin an chuid seo liom in aon chor. Sé an chaoi go bhfuil eolas cuíosach maith agam ar na scrioptúir, agus ar ndóigh is Pápaire mé. D'aithin mé na tagairtí, mar sin, agus bhain sé tuisle asam iad a bheith réabtha as comhthéacs agus lonnaithe i gcomhthéacs nua. Mí-oiriúnach, dar liom féin. Bhraith mé go raibh cleasaíocht agus gliceas Titley ar fáin. Mothaím sin uaireanta le saothar dá chuid - go mbíonn fonn cleasaíochta an pensionée terrible (mar a thug Caitlín Nic Íomhair air tráth) ag cuir an saothar ó rath.

Ach is dócha gur mó a insíonn sin fúmsa ná faoi siúd! 

2024-11-23

Foilsíonn leathabairt fios fátha


Nod ó Antain Mac Lochlainn ar bluesky ba chúis liom fios a chur ar an gcnuasach seo ón leabharlann. Ficsean gairid, níos lú ná míle focal i ngach mír, agus cuid acu níos giorra fós.

Splancscéalta, agus is minic an splanc i leathabairt a thugann brí an iomláin. 

Daoine a imeallaíodh, a díbríodh óna dteaghlaigh nó sa sochaí i lár cuid mhaith de na scéalta. Lón machnaimh dá réir, go háirithe do mo leithéid atá agus a bhí riamh go sócúl i lár an sochaí.

Guth úr. Guth láidir, a úsáid ar a son siúd ar ceileadh guth orthu - agus a gceiltear fós á nguth scaití.

Táim buíoch as an nod!

Gearóidín Nic Cárthaigh
Leabhar Comhar 
Sraith: Guth Nua
ISBN: 978-1-7392551-6-9
Líon leathanach: 104
Bliain foilsithe: 2023 


2023-04-23

An Loch


Go hiondúil, ní bhacfainn le húrscéal d'fhoghlaimeoir fásta. Ach tá beagán aithne agam ar Phóil, agus aithne ar a chuid iriseoireachta. Traidhfil blianta ó shin bhí cúpla colúin aige faoin ndúlra timpeall Loch nEathach. Thaithin an cur síos ar an ndúlra iontu go mór liom. 

Tá an tabhairt faoi ndeara céanna sa scéal seo, ach scéal lánúine fite tríd. Scéal tinnis agus téarnamh. Grá faoi ghruaim. Gruaim ag géilleadh go dóchas, shílfeá. Tá casadh i ruball an scéil áfach. Casadh a bhain siar asam, admhaím. Níl fhios agam an mbeadh an scéal níos fearr dá uireasa. 

Leabhar beag gairid soléite. Agus léargas ana dheas ar dhúlra agus dhuine. 

Léaráidí gleoite ag Ciaraíoch ann, an tabhairt faoi ndeara céanna maidir leis an dúlra iontu. 

Tréaslaím a saothair leo beirt! 

Pól Ó Muirí
Maisitheoir : Ciaraíoch 
Leabhar Comhar 
ISBN: 978-1-9162403-8-4

2022-08-20

Aistriúchán arís


Níl sé de nós agam saothair neamhfhicsean a léamh lasmuigh de chúrsaí gairme (agus fiú ansin) nó cúrsaí creidimh. Ach tá spéis agam i gcúrsaí léitheoir na Gaeilge. Ní cuimhin liom go baileach anois cad a spreag mé chun fios a chur ón leabharlann ar an saothar seo - ach tá spéis agam i gceist an aistriúcháin freisin, mar a phléigh mé anseo cheana. 

Léargas chuimsitheach ar aistriúcháin go Gaeilge don aos óg ó thús na hathbheochana go tráth foilsithe an leabhar thart ar deich mbliana ó shin. Cíoradh ar na ceisteanna uilig a bhaineann leis, na fórsaí agus na léitheoirí le hais daoine óga - oidí, tuismitheoirí, foilsitheoirí a théann i bhfeidhm ar roghnú agus aistriú saothair. Ról an oideachais agus na hidé-eolaíochta teanga. Ceisteanna faoi an cultúr eile a logánú nó a fhágáil coimhthíoch. Neart roghanna éagsúla. 

De bharr go raibh téamaí á phlé i gcaibidil ar leith, bhraith mé go raibh roinnt athrá maidir le saothair agus aistritheoirí agus coincheapa. 

Ceist a thagann chun cinn go minic ann ná ceist na margaíochta - idir thaighde ar an margadh atá ann dáiríre, agus an iarracht léitheoirí a aimsiú do na leabhair atá foilsithe.
Ceist a bhaineann le hearnáil na leabhair Ghaeilge trí chéile.

Chuir mé spéis ar leith san trí caibidil ina raibh léargas Bhreandáin Uí Dhoibhlin, Máire Nic Mhaoláin agus Fidelma Ní Ghallchobhair ar an aistriúchán don óige. Stair an Ghúm ón dtaobh istigh maidir leis an gceist tugtha le chéile in aiste Uí Ghallchobhair. Ar ndóigh ar feadh i bhfad ba an Gúm a bhí leo féin ag foilsiú - agus lancaisí orthu mar rannóg de chuid na ranna oideachais ó thaobh cúrsaí tráchtála i measc rudaí eile. 

Tá neart eolais sa leabhar, agus shamhlóinn go mb'fhiú dóibh siúd atá ag foilsiú agus díol é a léamh. 



Órla Ní Chuilleanáin
ISBN: 9780992731304
Líon leathanach: 416
Bliain foilsithe: 2014

2022-01-24

Saol nua misniúil

Is breá liom ficsean tuairimeach, is bealach iontach é smaoineamh faoi conas atá an tsaoil, agus conas a d'fhéadfadh sé a bheith. 

San úrscéal seo le Celia de Fréine cruthaíonn sí domhan iar tubaiste ar féidir creideamh ann go furasta. "Bithsféar" - cathair dúnta faoi screamh saorga, ina bhfuil aicmiú docht agus forlámhas daingin ag na húdaráis. Paistí fireann agus baineann scartha go hiomlán go dtagann siad in inmhe - faire géar ar gach corr a chuireann siad daoibh. 

Atáirgeadh ar an mbealach le bheith iomlán meicniúl ach gá fós le mná chun leanaí a thabhairt ar an saol cé gur go saorga a ghintear na suthanna, agus innealtóireacht ghéiniteach i gceist. 

Tríd súile mnaoi óige - a deir futhú féin go bhfuil sí cliste, ach gan a bheith glic - a insítear an scéal. Scéal éirí amach agus fonn éalaithe, agus cabhair ó chearn nach mbeifí ag súil leis.
Scéal le go leor don am i láthair atá ann, maraon le machnamh faoin dtodhchaí.

Tóir ar "foirfeacht" agus canóin chúng faoi cad is brí le sin - fionn, seang, gormshúileach. Idir eoiginic agus máinliacht i gceist chun cloí leis an gcaighdeán. Tarcaisne don té nach mbaineann an foirfeacht seo amach, nó nach bhfuil sách cliste sa léann - ach tromaíocht freisin ar an té atá ró dhíograiseach i mbun léinn, mar atá laoch an scéil. Laoch a bhfuil cairdeas inti - agus a dhéanann iarrachtaí dá chiotach iad teacht i gcabhair ar chailíní eile. 

Scéal eachtraíochta atá i gceist - bíonn freasúra faoi choim i gcónaí i gceist le deachtóireacht agus iarrachtaí éalú. 

Tríd súile Emma feicimid an slí a bhfuil an córas ag forbairt, agus na smaointe atá i dtreis - ach de bharr a suim i gcúrsaí roimhe agus i modh éalaithe, cíortar smaointe eile. Meascán mearaí den stair a chaomhnaítear sa chóras ríomhaireachta - ach is dócha gurb amhlaidh a bheidh nuair a tharlaíonn na t-athrú mór de bharr cúrsaí aeráide, agus dá réir go mbeidh tuairimí measctha ag ár sliocht ar an dóigh a bhí rudaí dáiríre - mar atá ag formhór againn faoin am atá caite.

Cé go bhfuil an leabhar seo dírithe - agus oiriúnach - do dhéagóirí, bhain mé féin suim agus tairbhe as, agus lón machnaimh. Tá uireasa ficsean tuairimíochta sa Ghaeilge. Tarraingíonn an scéal seo - a bhfuil gnéithe den saol i  Brave New World Huxley agus 1984 Orwell tugtha le chéile go healaíonta chun diostóip nua a chruthú agus cúis dóchais mar sin féin, mar nach bhfuil an lámh in uachtar go hiomlán ag crua-chroí fóinteach na hudaráis.

Táim buíoch de Leabhar Comhar a chuir cóip léirmheasa chugam nuair a d'fhiosraigh mé conas teacht air! (Tá dearbhán le caitheamh agam, caithfear ar rud éigin eile anois é!)

Celia de Fréine
Leabhar Comhar
ISBN: 978-1-9196013-1-1

2021-08-31

Scéal corraitheach grá agus méala


Fuair mé an leabhar seo ón leabharlann. Bhí léirmheasanna maithe feicthe agam air. Is cuid de sraith Leabhar Comhar do foghlaimeoirí fásta atá ann, rud a chuireann ó dhoras mé scaití. Bhain na fonótaí tuisle asam i dtosach - iad líonmhar ag míniú focail, ach sar a bhfad rinne m'inchinn iad a scagadh amach sa chaoi nár chuir siad as don léitheoireacht.

Feallmharaíodh bean Antoine Leiris agus máthair a mhic in ionsaí fuilteach an Bhataclan i bPáras. Go gairid ina dhiaidh sin scríobh sé píosa ar Facebook ag rá leis na dúnmharfóirí nach mbronnadh sé a fhuath orthu, nach raibh sé chun an ghar sin a dhéanamh dóibh. Go raibh sé chun a mhac a thógáil i sonas agus saoirse, droim láimhe a thabhairt don amhras agus doicheall.

Is éard atá sa leabhar seo ná scéal agus sruth smaointe Antoine Leiris ón oíche go raibh sé féin ag tabhairt aire dá leanbh - seacht mí d'aois - sa bhaile, agus a bhean amuigh ag an ceolchoirm míchinniúnach úd, go dtí an lá tar éis a sochraide nuair a thug sé a mhac ag an uaigh.

Scéal grá atá ann, grá don mbean a baineadh uaidh go fealltach, agus an grá a roinn siad don mac a ghin siad le chéile. Scéal truamhéalach le síol dóchais. Níl éalú ón bpian, an méala uafásach mór a bhaineann le bás tobann tubaisteach.

Thuigfeá dó freisin go bhfuil eagla air bheith sáinnithe i ról an íospartaigh uasail, an balla a chuireann an tragóid idir é agus an timpeallacht, daoine eile seachtanach.

Níl an scéal gan ghreann - na máithreacha sa naíonra ag soláthar béilí dó don leanbh nach bhfuil an fear céanna sásta a ithe; an drogall atá ar féin iad a dhiúltú ná fiú admháil nach bhfuil an leanbh sásta iad a oíche.

Tá áilleacht sa scéal ainneoin a thromchúis. Guím gach rath air ag tógáil a mhac - cúram deacair do bheirt, agus trom d'athair ar gá do ionad máthair a ghlacadh freisin, i sochaí a shíleann sin a bheith iomlán dodhéanta.

Tá comaoin curtha orainn ag Leabhar Comhar agus Colm Ó Lorcáin leis an aistriúchán cuanna soléite seo.

Antoine Leiris
Aistritheoir Colm Ó Lorcáin 
Leabhar Comhar 
Sraith: Foghlaimeoir Fásta
ISBN: 978-1-9162403-3-9

2019-12-17

Cur i gCéill

D'fhreastail mé ar sheoladh an leabhair seo i Smock Alley áit ar chuala dornán beag againn comhfhreagraí coiriúlachta RTÉ, Órla O'Donnell ag tabhairt suntas do chruinnis agus fírinne na gnéithe síceolaíocht fóiréinseach sa leabhar.

Tá staidéar déanta ag Celia de Fréine ar a leithéid agus seas sé sin léi in insint an scéil seo. 

Ní bean óg an laoch, Cass Uí Chaoimh. Tá clann tógtha aici. Ach ar bhealach is tús saoil atá i gceist sa leabhar seo. Le linn a saol pósta bhí sí gafa le clann, agus le cúram a máthair chéile. Bean a raibh col aici lena cúlra íosaicmeach. Anois is baintreach í, ag déanamh a cinntí féin. Saor roghanna nua a dhéanamh.

Ag obair i cúpla gné den síceolaíocht. Ina measc do na Gardaí. Ach fiosrach as a stuaim féin faoi bhás bean óg gaolta léi, a chuaigh i bhfarraige as a stuaim féin. Má rinne. 

Tá casadh agus corr sa scéal, agus scéalta eile fite isteach is amach ann. A d'fhéadfadh baint a bheith acu leis an príomhscéal. 

Tá an buaic sásúil drámata. 

Agus tá go leor síolta curtha go bhféadfadh Cass filleadh orainn le héachtraí nua. 

Carachtar nua spéisiúil iltoiseach le cúlra casta domhain. Agus carachtair eile lena hais. 

Léitheoireacht siamsúil spreagúil, mar is ceart do scéinséir. 

Go leor cur i gcéill le scagadh agus scaipeadh!

Cur i gCéill
Celia de Fréine 
Leabhar Comhar 
Sraith: An Léamh Liteartha
ISBN: 978-1-9998029-7-4

https://comhar.ie/leabhair/cur-i-gceill/

2019-04-24

De labore Proinsias

Fuair
mé blaiseadh den úrscéal seo ag ócáid san siopa leabhar. Spreagadh goile a spreag mé chun cuairt a thabhairt ar eaglais San Pietro in Montario áit a bhfuil eachtra tábhachtach sa scéal. 

Scéinséir den scoth atá anseo. Is léir an taighde a rinne Proinsias mar go gcloíonn an scéal tríd síos le fíor stair. Ach go bhfuil rud sa bhreis curtha aige leis, casadh nó sonra ar mhaithe leis an scéil. Dhá eagraíocht comhcheilge in adharca a chéile. Dream acu fréamhaithe in idéil na hEaglaise Ceiltí agus ag iarraidh an pápacht a scrios. Na Céilí Dé baiste acu orthu féin. An Nobilita Nera (na hUaisle Dubha) ina gcoinne, ag saothrú faoi rún chun an pápacht a chosaint. Gnáth pholaitíocht eaglasta freisin. Tairngreacht Malachy mar snáithe tríd. A thuarann deireadh go luath leis an bpápacht.... 

Iriseoir Éireannach ar sos gairme a thagann ar eachtra gan choinne agus a bhíonn idir na frontaí. Sáite ann dá ainneoin, mar fhinné ar taca é do dhream acu ach contúirt do dhream eile. Ach é amhrasach fúthu uilig. 


Cúl scéal iontach faoi Cholm Chille agus a faoistin, a aimsítear agus a chuireann corr sa scéal. 

Deireadh drámata agus na cairdinéil atá bailithe chun comharba Pheadair a roghnú tar éis éirí as Benedict faoi ionsaí. 

Ionsaí a chloítear ar éigin. 

Blas na féidearthachta agus fírinne ar an scéal ar fad ainneoin eachtraí taibhsiúla. Gan ann ach nithe a d'fhéadfadh titim amach mar a tharla. 

Pléisiúr iontach. 

Mothófá ciontach ag slogadh saothar na mblianta d'aon alp chraosach amháin. Mar a rinne mé. Á léamh ar dart. Beag nár chuaigh mé thar an stáisiún, bhíos chomh sáite san insint. 

Táim cinnte áfach go bhfillfidh mé ar an scéal arís le fonn. 

Scéinséir comhcheilge den scoth. 

(bhain an tagairt san iarfhocal don dóchúlacht go bhfuil comhad ramhar ag roinnt gníomhaireachtaí faisnéise ar Phroinsias de thoradh an chineáil taighde a bhí ar bun aige miongháire asam. Tá súil agam go mbeidh cúpla leabhar eile uaidh sula dtagann siad chomh fada leis.) 


Tairngreacht
Proinsias Mac a'Bhaird
Leabhar Comhar










2019-03-21

Fadó riamh... Ag an tús

Is maith liom scéalta. Miotais agus seanchas.

Is cosúil de réir a deir sí féin, gurb amhlaidh d'Áine Ní Ghlinn. 

San leabhairín seo atá dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta tá a rogha scéalta ó gach cearn den domhan ar chruthú na Cruinne agus an duine ach go háirithe. 

Tá sé suntasach a mhinice gurb as láib a fáisceadh agus a fuineadh an duine! Cuid den gcúis ná gur roghnaigh Áine scéalta ina bhfuil athrá ar focail agus coincheapa iontu - ar mhaithe le deis foghlama don foghlaimeoir fásta.

Ar an lámh eile is iomaí cruth ar an gCruthaitheoir sna scéalta, Fiach, Turtar, Nathair clúmhach. 

Tá na scéalta fuinte fáiscthe as an amhábhar agus taitneamhach éadrom le léamh. Ní don foghlaimeoir fásta amháin na scéalta, bainfidh léitheoir ar bith taitneamh as, go háirithe mo leithéidí atá tógtha le scéalta agus gaois an chine atá iontu. 

Tá mion léaráidí le nia le hÁine, Aisling Molloy, ag dul leis na scéalta, siombail a cheapann eithne gach scéil. 

Cnuasach taitneamhach éadrom. Seoladh in éineacht le leabhar do pháistí é, Boscadán in áras Éigse Éireann ar na mallaibh. Cheannaíos ann é. 



Áine Ní Ghlinn
Leabhar Comhar 
Sraith: Foghlaimeoir Fásta
ISBN: 978-1-9998029-2-9