Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-08-30

An Triail (Kafka)

Tá rudaí éagsúla le Kafka léite agam sa bhunleagan. Tá cuimhne mhaith agam ar Die Verwandlung (An Chlaochlú) abair.

Ní dóigh liom áfach gur léigh mé Der Prozeß, ina iomláine ar aon nós.

Ón leabharlann a fuair mé aistriúchán Risteard Mac Annraoi ar an dtromluí seo, fear i ngleic le cúirt maorlathach dorcha éiginnte a iompaíonn a shaol bunoscionn agus nach bhfuil aon éalú i ndán dó uaidh ainneoin a iarrachtaí le habhcóide nó gan.

Bíonn greann dóite agus áibhéil i saothar Kafka. Mheas mé an aistriúchán a bheith snasta soléite, cé go ndeachaigh an bunscéal chun fadálachta ábhar.

Fabhalscéal ár linne, an aonarán ag streachailt le maorlathas nach dtig leis ciall a bhaint as.

Is maith ann a leithéid d'aistriúchán chun smaointe a chíoradh as Gaeilge.

An Triail
Franz Kafka
Leagan Gaeilge  le Risteárd Mac Annraoi 2017

2019-08-24

Gairdín Bhríde




Ar ár mbealach abhaile ón Traidphicnic i Mí Iúil , bhí fonn orainn Gaillimh a sheachaint agus greim lóin a ithe. Thrasnaigh muid na cnoic (agus chuir bóithre Chonamara sceon ar mo nuachar a bhí ag tiomáint) go Maigh Cuilinn agus Gairdín Bhríde.

Gairdín ealaíne agus bláthanna, leagtha amach ina cheithre chuid de réir na sean féilte Gaelacha, Imbolc, Bealtaine, Lúnasa agus Samhain. Táim amhrasach faoin nua phágántacht, agus faoi cuid den "teagasc ársa" nach bhfuil chomh hársa sin dáiríre.

Ní théitear thar fóir lena leithéid áfach, agus is áit deas an ghairdín le ham a chaitheamh. 

Tá bialann spéisiúil ann freisin agus roinnt de na comhábhar tógtha on ngairdín. 

Áit dheas chun turas a bhriseadh. 



Dóiteoir na Samhna/An Bradán Feasa

Athinsint bhreá atá sna leabhar seo ar Mhacghníomhartha Fionn Mac Cumhaill ó Darach Ó Scolaí. Tá cúlra Finn tugtha aige chomh maith leis na heachtraí iad féin, rud a chuirfidh go mór le heolas na léitheoirí óga. Chomh maith leis an insint taitneamhach tá dathadóireacht iontach Caomhán Ó Scolaí a cuir go mór leis an insint.Tá an insint breá soiléir, agus tarraingteach do léitheoirí óga. Tá na heachtraí féin spleodrach agus an bagairt sa chúlra ó Gholl Mac Mórna breá soiléir san dá scéal. Tá mionsonraí sna scéalta a chuireann leis an saibhreas iontu le hais cnámha na scéalta a bheadh ag go leor daoine cheana.

Tá na leabhar feiliúnach le léamh ós ard do ghasúir agus do léitheoirí neamhspleácha.

Dóiteoir na Samhna
Darach Ó Scolaí
ISBN:9780898332438
Leabhar Breac
Aois 8-10

An Bradán Feasa
Darach Ó Scolaí
ISBN:9780898332421
Leabhar Breac
Aois: 8-10

 

Foilsíodh an mír seo i dtosach ar Gobblefunked 6ú Nollaig 2016

Dialann Dúradáin


Ní haon rún é go mbím ag léamh leabhair le’m iníon, mar sin sheol Futa Fata cóip léirmheastóireachta chugainn de Dialann Dúradáin (Diary of a Wimpy Kid).

Bím idir dhá chomhairle maidir le haistriúcháin ón mBéarla go Gaeilge. Tuigim an buntáiste margaíochta a bhaineann le údar aitheanta. Níl aon cheist ach gur tháinig Futa Fata i dtír ar cháil an sraithe seo agus iad ag eagrú comórtas chun an leagan is fearr Gaeilge a chuir ar an leabhar. (D’éirigh thar barr leo feictear dom).

Ach go minic is fusa do léitheoirí óga an leagan Béarla a léamh. Is minic go mbíonn sé léite acu sula mbíonn an leagan Gaeilge ar fáil! Mar a tharlaíonn, cé go raibh cuir amach ag m’iníon ar an leabhar ní raibh sé léite aici. Go deimhin bhí sí cineál amhrasach faoi! Ach mheall an spraoi agus na léaráidí í, agus níl aon cheist ach gur éirigh leis an aistritheoir, Máirín Ní Mhárta, an ghreann agus na himeartais focail a thabhairt slán ina leagan saibhir soléite.

Léaráidí Jeff Kinney cnámh droma an leabhair, iad ag iompar reacaireacht an Dúradáin, buachaill i tús na déaga ag streachailt leis an saol, ag iarraidh go mbeidh aitheantas agus cairdeas aige, ach é gafa leis an dream atá níos imeallaí fós ná é féin.

Léirítear go breá an chaoi nach aon naomh é Greg – go deimhin bíonn sé sách gránna lena chara, agus íocann sé as sin. Tá roinnt snátha grinn tríd an insint –”Galar na cáise”, “Zu Wi Mama!” agus araile a chuireann go mór leis an ngreann, agus an chaidreamh greannmhar atá ag Greg leis na daoine timpeall air. Tá an scéal ana ‘bhruachbhaile Meiriceánach ach ar ndóigh tá taithí ag daoine óga air sin ón iliomad sraitheanna teilifíse agus éiríonn leis an aistriúchán cuma nádúrtha a chuir air an scéal. Bhaineamar araon an taitneamh as an léamh.

An imní is mó a bheadh orm ná nach ndéanfaí níos mó den sraith a aistriú, agus go rachaidh m’iníon i dtreo na leaganacha Béarla dá bharr. Níor aistríodh ach an gcéad imleabhar de Harry Potter agus d’Artemis Fowl. Tá muinín agam áfach as cumas gnó agus tiomantas Futa Fata; táim dóchasach dá réir go mbeidh breis le léamh as Gaeilge faoin Dúradáin.


Údar: Jeff Kinney
Aistritheoir: Máirín Ní Mhárta
ISBN: 9781906907990
Foilsitheoir: Futa Futa
Aois: 9-12 bl


Foilsíodh an mír seo i dtosach ar Gobblefunked, 9 Iúil 2016

Óró na Circíní – agus scéalta eile ón Afraic



Cnuasach álainn de fabhalscéalta na hAfraice atá anseo, athinste ag Gabriel Rosenstock. Tá leagan amach an leabhair go hálainn, léaráidí le Brian Fitzgerald ar beagnach gach leathanach. Tá corr cainte de chuid na hAfraice roimh gach scéal.

Cuid de na scéalta, tá siad cosúil lena mhacasamhail de scéalta ón Eoraip; ach cuid acu tá siad aduain ar fad. Tá gaois an chine iontu ar fad mar fabhalscéalta, ceachtanna le foghlaim ag cách.

Tá an athinsint oiriúnach chun scéalta a léamh do pháistí nach bhfuil léamh acu, nó do pháistí ar féidir leo léamh iad féin – nó go deimhin do dhaoine fásta fiosracha.

Thaitin an scéal faoin gcrogall ach go háirithe liom; go raibh craiceann mín álainn aige tráth – ach go raibh sé chomh mórtasach as gur tháinig sé amach faoin ngrian agus gur thriomaigh agus scoilt a chraiceann!

Údar: Gabriel Rosenstock
Maisitheoir: Brian Fitzgerald
ISBN: 9781857919059
Foilsitheoir: An Gúm
Aois: 5+

Foilsíodh an mír seo i dtosach ar 6 Meán Fómhair 2016 ar Gobblefunked.


2019-08-19

Peig

De réir mo chuimhne ní dhearna mé staidéar ar Peig ar scoil, cé nach cuimhin liom go beacht cén leabhar a "rinne" mé don ardteistiméireacht. (Tá na coilm ó Pride and Prejudice fós gan leigheas áfach).


Tá Machnamh Seanmhná agus Labharfad le Cách agam, agus taitneamh bainte agam as bheith ag léamh agus ag éisteacht le scéalaíocht Pheig Sayers. 

Siopadóir gan Ghaeilge thar bhaile isteach sa Daingean a luaigh Peig agus an slat in aon anáil mar leithscéal dá easpa Gaeilge a thug an sonc deireadh dom agus chuaigh mé caol díreach go dtí an Caifé Liteartha chun Peig a cheannach. 

D'fhoilsigh An Sagart eagrán neamh chiorraithe roinnt blianta ó shin, ach ar an drochuair tá sé as cló cheana féin, agus ní raibh le fáil ach an eagrán coillte scoile. Nach bhfuil ró tharraingteach ó thaobh dearadh ach oiread. 

Tá de cháil ar an leabhar gur olagón dhuairc ó thús deireadh atá ann. 

Ní fíor. Gan amhras bhí saol crua ag Peig, agus trioblóid agus uaigneas go leor. 

Mar sin féin is léir féith an ghrinn agus go deimhin na diabhlaíochta tríd síos. Mar a pléigh sí leis an buachaill feirme a bhí á crá, abair. 

Scéalaíocht atá i gceist agus coinbhinsiún na scéalaíochta le cur san áireamh ag an léitheoir. Nathaíocht san áireamh. 

Mar sin féin, ní dócha gur saothar oiriúnach atá ann le cuir faoi bhráid déagóirí cathrach nach mbeadh taithí dá laghad acu ar cruatain saoil tuaithe. 

Bhain mise sult as áfach, agus táim ag súil Machnamh Seanmhná a athléamh go luath. 

An Triail (Ní Ghráda)

Is fada trácht cloiste agam ar An Triail le Mairéad Ní Ghráda. Bhí mise imithe ón scoil le fada faoin am a cuireadh an dráma ar an gcúrsa. Ní dócha áfach go mbeinn sách aibí agus mé i mo dhéagóir i scoil buachaillí sna hochtóidí chun meabhair a bhaint as. Agus ar aon nós múchann dualgas anailíse pléisiúr léitheoireachta.

Tarlaíonn sé go bhfuil dornán dráma le Brecht léite agam. Ar ndóigh, ní hé léamh an modh ceart le dráma a bhlaiseadh, ach tá fiúntas ann. Fuair mé An Triail ón leabharlann le déanaí. Tá Brecht luaite ina réamhrá ag Ó Ciosáin.

Insítear scéal mealladh agus tréigeadh  Mháire agus a linbh i bhfoirm trialach agus radharcanna siar. Modh éifeachtach chun ról na pearsan éagsúla a léiriú agus a scagadh.

Tá measaim, roinnt den mheon fós linn, cé go bhfuil an moráltacht agus modhanna smachtaithe athraithe.

Ach tá na Pádraigí fós ag fáil abhae leis agus na Máirí fós fágtha leo féin i go leor cásanna, gan mórán tacaíochta.

Lón machnaimh. (Ach n'fheadar an bhfuil déagóirí fir ag baint mórán admhaid as.)