Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-11-30

Kostka - seoladh leabhair

Bhí mé san séiplíneacht Polannach aréir, atá lonnaithe in eaglais stairiúil chaitliceach San Audeon i lár Bhaile Átha Cliath. Bhí mé luath don ócáid ach bhí slua beag san Eaglais. Dá mbeinn sách airdeallach thuigfinn go raibh aifreann ar tí tosú, gur chuige sin agus chun faoistine roimhe a bhí an slua ann. Ar an ndrochuair ní raibh, agus bhailigh mé liom chun cupán tae a lorg. Rud a fuair mé. D'fhill mé níos gaire d'am na hócáide is bhí roinnt Gaeil ag bailiú isteach. Bhí aistriúchán Gaeilge ar úrscéal grafach Polannach le seoladh  úrscéal bunaithe ar shaol Íosánaigh óg de chuid an 17ú aois -  Naomh Stanisław Kostka.
Chuir an sagart paróiste an tAthair Frainc Mac Bhradaigh i láthair, eagarthóir (agus inneall!) Foilseacháin Ábhar Spioradálta.
Níor chuir sé siúd am amú, ach chuir rudaí i lámha beirt ceoltóir Polannacha Piotr Czechowski agus bean (nach bhfuair mé a hainm faraor) . Chan siad rogha iomainn Polannacha, ag críochnú le leagan i mBéarla de Mórann m'ainm an Tiarna (An Magnificat). Tionlacan séimh giotár agus guthanna binne.
Bhí an taobh foirmeálta den seoladh i lámha Łukasz Chimiak ón ambasáid, a labhair faoin slí go raibh go leor de dhúshlán Kostka san 17ú aois déag romhainn inniu, ré éiginnte eile. Gur spreagadh a bheadh san leabhar do ghlúinte nua tabhairt faoin dúshlán.
Íosánach óg Przemysław Wysogląd an údar agus ealaíontóir. Bhuail sé le Frainc agus é i mbun oibre abhus i Luimneach agus thaispeáin an leabhar dó. As sin a d'fhás an togra Gaeilge a chuir air.
Bhí sé féin i láthair agus labhair go bríomhar faoina ghrá do agus spéis i Naomh Stanisław Kostka agus an chaoi a thug sé faoin leabhar chun an inspioráid a thug scéal a bheatha dó a roinnt ar dhaoine eile, a léiriú gur muinín i nDia agus flosc agus umhlaíocht atá i gconair na naoimh seachas aon ollbhua neamhdhaonna.
Bhogamar ón séipéal isteach i spás halla an pharóiste ansin áit a raibh roinnt sólaistí agus cóipeanna den leabhair á dhíol as Gaeilge agus Polainnis.
Chuir Liam Ó Maonlaí clabhsúr le himeachtaí le ceolchoirm dá amhránaíocht atá dúchasach agus uilíoch in éineacht. Taibhiú a shroich a bhuaic i gcuir i láthair agus canadh a dhuan féin chumtha dóchasach Amhrán na Féidearthachta.
Ard ócáid. Tá súil agam tuairisc a scríobh ar an leabhar (cheannaigh mé cóip) ach é bheith léite agam!

2018-11-28

Ag Caint leis an Simné?

Is annamh a tharraingím chugham saothair critice nó léinn i dteanga ar bith. Siad Cló Iar Chonnacht a chuir an cnuasach aistí seo le Louis de Paor faoi mo bhráid, ag bronnadh cóip léirmheasa orm.

Tá mé sásta go ndearna. Tá foghlamtha agam as, mar gheall ar údair a bhfuil gean cheana agam orthu fearacht Ó Cadhain, Ó Direáin, Myles na gCopaleen agus údair a bhfuil fonn de bharr an léamh orm breis aithne a chuir orthu, Liam S Gogán go háirithe.

San naoú aiste, an aiste deireadh sa leabhar,  tá marana luachmhar ar aistriúchán liteartha ó Ghaeilge go Béarla agus na fórsaí atá i gceist suite i gcomhthéacs idirnáisiúnta - go háirithe i gcomhthéacs an choilínithe. An tionchar atá ag tuairim an spriocmhargadh ar an méid atá 'oiriúnach' le n-aistriú, agus an treisiú dá réir ar claontuairimí.

Tá lón sásúil machnaimh sna haistí fiú don té, fearacht mise, atá ina scíthleitheoir, ar thóir sóláis agus ag éalú ón gnáthshaol sa leitheoireacht.

Tá eolas nach mbeadh agam ann maidir le cúlra, léitheoireacht, tuairimíocht, timpeallacht, cairde an údair.

Saothar acadúil atá ann, le tagairdí cuí do scolairí eile, do foinsí agus le leabharliosta chuimsitheach. Ach ní dris chosáin an méid sin san léamh don neamhscoláire.

Mo bhuíochas dá réir do Cló Iar Chonnacht as bearna a dheánamh i m'fhalsacht!

Ag Caint leis an Simné?
Dúshlán an Traidisiún agus Nualitríocht na Gaeilge
Louis de Paor
Cló Iar Chonnacht

ISBN 978-1-78444-177-7

2018-11-18

Tromdhámh Fheargail

Inné a cheannaigh mé an seod is déanaí seo de dhéantús gaibhne gile na bhfocail i Leabhar Breac. Scéal nach raibh ach macalla fann de cloiste agam, mar atá, conas a fuair Seanchán Torpéist an Táin ó scáth Fhearghais mac Róich.

Insint bhríomhar greannmhar aorthúil atá anseo ar shaint agus sotal éigse Éireann agus a n-éileamh thar fóir ar ríthe Éirinn. Géilltear dóibh ar eagla an aortha.

Tromdhámh, i slua áibhéileach a thugann Seanchán ina chomhluadar go Guaire Rí is ábhar don scéal. Na mianta áibhéileacha a éilíonn siad. An cuí a bhronntar mar sin féin iad. Ach go gcasann Marbhán Muicí a gcleasa orthu féin faoi dheireadh agus cuireann faoi gheasa iad an Táin a aimsiú, scéal atá imithe ó cuimhne orthu.

Admhaím gur iomaí focal atá dorcha dom, cé go bhfuil sé ráite ag an údar go bhfuil fonóta le ceann ar bith nach bhfuil i FGB. Ach ní bac sin ar phléisiúr na léitheoireachta de bhrí go bhfuil an scéal féin soiléir sólásach greannmhar.

Tá an scéal slogtha ina ruathar agam d'fhonn turas eitleáin a chuir díom. Bhain mé ana shult as agus bhain sé seanscairt gháire (chiúin!) asam go minic.

Léifidh mé arís é le cuir le mo stór focal agus eolais. Tá saibhreas neamhghnách nathanna le fáil ann.

Cloch bhreá eile atá ann i gcarn comórtha agus ceiliúrtha litríocht ár sinsir atá á thógáil go cúramach ag Leabhar Breac d'fhonn go mbeadh tuiscint ag léitheoirí na Gaeilge ar ár litríocht agus go mbeidh faill ag scríbhneoirí feidhm a bhaint as idir téamaí agus tagairtí.

Gura fada buan iad agus nára fada go mbeidh saothair eile uaidh Feargal Ó Béarra againn. Tá sé ráite i gcúl an leabhair gurb é seo 'an chéad leabhar den chineál seo óna pheann'.

Moram go mba mithid cuideachta aige!

An Tromdhámh
Feargal Ó Béarra
Leabhar Breac 2018

ISBN 978 1 911363 21 pp7

Spléachadh ar aigne úrscéalaí

Bhí ócáid de chuid an Dublin Book Festival ar siúl san Siopa Leabhar inné, faoi chathaoirleacht an bhainisteora nua Gráinne Ní Mhuilneoir. Bean a bhfuil taithí ar an earnáil foilsitheoireachta aici agus ana eolas ar earnáil na leabhair (Béarla agus Gaeilge).

Mheall sí isteach beirt a bhfuil úrscéal ar tí a bheith foilsithe acu chun labhairt faoina gcuir chuige.

Beidh Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin á fhoilsiú san athbhliain ag Cois Life. Úrscéal faoi anáil stair a teaghlaigh, sa mhéid is gur déanadh cleamhnas dá máthair mór i Malta le linn an chéad cogaidh. Saighdiúir a chreid forógra Redmond ab ea a sheanathair agus bheir sé leis a nuachar ó gile is glaine Málta go duairceas agus díomá Lonáidh Bhéal Feirste. Labhair sí ar a cuid taighde - grianghrafanna stairiúla, seachas teaghlaigh tar éis don tost scaipeadh de bheagán, ach freisin ar an láthair i Málta, san aircív. Nach mar an gcéanna dearcadh pobal Mhálta - ina gceithearnaigh leis na cianta ag impireachtaí éagsúla agus dearcadh muintir Bhéal Feirste leis an coilínitheoir béal dorais acu. An gá stair a bhaint as an úrscéal le nach mbáfaí an scéal féin! Ainneoin a spéisiúla don údar féin é. Ina measc na cosúlachtaí idir taithí cosmhuintir iarthar Bhéal Feirste sna fichidí agus le linn óige Réaltáin sna seachtóidí.

Léigh sí sleacht ansin as an saothar, an cleamhnas á bheartú agus an bhrídeog leis na mná laistiar de chuirtín sa chistin. Mar a bhíodh...

Tá scéinséir ar na bacáin le hocht mbliana ag Proinsias Mac a'Bhaird, ón uair a foilsíodh Rún an Bhonnáin. De bhrí gur scéinséir atá i gceist, bhí sé níos deacra ag Proinsias é phlé gan é mhilleadh! An caibidil a bhí i gcló le déanaí i Comhar a léigh sé, tús an scéil, eachtra uafair comhaimseartha san Eaglais sa Róimh ina bhfuil Iarlaí Uladh curtha. Labhair sé ar bheith ag siúl na láithreacha ina bhfuil a scéal lonnaithe, sa Róimh agus ar Oileán Í (tá tábhacht le Colm Cille sa scéal).

Is cosúil gur chuir éirí as an Pápa Beinidict corr i gcinniúint an úrscéil! (D'fhiafraigh duine den lucht féachana dó an raibh saothar Dan Brown léite aige...)

Dúirt sé gur faoi rudaí ina bhfuil spéis aige le fada a scríobhann sé agus dá réir nach mbíonn taighde nua de dhíth air mar go bhfuil an taighde déanta le fada aige. Ach go gcuireann siúl an suímh toise nua leis an scéal, craiceann níos fearr seachas na cnámha a athrú. Bíonn an streachailt céanna i gceist do áfach gan barraíocht teagasc staire a scaoileadh isteach san insint!

Beidh a úrscéal 'Tairngreacht ' á fhoilsiú sa bhliain seo chugainn freisin, ag Leabhar Comhar.

2018-11-13

Vicipéid

Go luath sa chéad seo, agus mé ar thóir comhairle feabhsaithe bogearraí tharla mé ar an gcéad Wiki, c2.com. Bhí an pobal sách bunaithe faoin am sin, agus ós rud é gur dream iad ríomhchláraitheoirí go bhfuil fonn feabhais agus cainte ar gach rud faoin spéir orthu, bhí an bplé spréite i ngach treo.

PAinriail a bhí sách folláin mar go raibh mórchuid sásta glacadh le freagracht. Thaithin coincheap an meitheal stuaime a bhí á fhorbairt ann liom agus d'fhoghlaim mé as go gairmiúil agus go pearsanta. Shleamhnaigh mé i dtreo roinnt areopág eile, ina measc ceann chun cúrsaí creideamh a phlé, agus ceann ar chúrsaí wiki iad féin agus na fadhbanna a bhain lena riaradh, an teannas idir saoirse agus saineolas agus an baol ó lucht mioscaise.

Bhí an taithí ar an plé creidimh rud beag aisteach mar gur ghlac an té a bhí ag cuir an freastalaí ar fáil smacht iomlán ar chúrsaí, agus faoi dheireadh theip ar an suíomh sin. Ach ag pointe roimhe sin d'eagraigh mé cruinniú le duine nó beirt a bhí abhus (ba Sasanach an saoiste) toisc gur chuir sé i mo leith nárbh fíor dhuine faoi fíor ainm mé....

Táim fós tógtha le coincheap an Vicí agus tá a leithéidí curtha i bhfearas agam i gcúrsaí oibre ó am go chéile. Is minic go deimhin gné den vicí in uirlisí bainistíocht fabhtanna nó pleanáil togra.

Ach tá an oscailteacht ainrialach leochaileach.

Tá mé riamh amhrasach faoin Vicipéid mar sin. Tá mionleasú anois is arís ar bhotúin cló déanta agam. Fanaim glan áfach ar aon rud go bhféadfadh tuairimíocht a bheith ag baint leis. Mar thoradh ar an bpróiséis fhoghlama ar an Vicipéid agus na vicí a chuaigh roimhe ar ndóigh tá prionsabail, rialacha agus uirlisí bogearraí forbartha in iarracht dul i ngleic le loitiméireacht nó cogaí eagarthóireacht.

Tá, i ndáiríre, péas eagarthóireachta i gceist.

Ach ní dóigh liom gur féidir prionsabal uilíoch a dheánamh den 'dearcadh neodrach'. Iarracht le taca a thabhairt dó sin an chosc ar 'thaighde nuálach', i gur gá foinsí seachtracha a lua le heolas.

Iarrachtaí fónta iad seo. Ach ag deireadh an lae níl aon bhealach údarás nó saineolas eagarthóra a mheas. Agus is annamh saineolaí neodrach.

Úsáidim an Vicipéid mar sin chun buneolas a aimsiú - agus chun foinsí a aimsiú!

Agus seachnaím eolas ar ábhar a bhfuil conspóid ag baint leis. Mar atá le beagnach aon ghníomh daonna!

2018-11-12

Tadhg an iomaí tréith!

Déagóir í m'iníon anois agus pé scéal é bhí sí gafa le cúrsaí ceoil ar an Satharn.

Is i m'aonair mar sin a thug mé aghaidh ar an Lexikon i nDún Laoghaire áit a raibh taibhe ag Tadhg Mac Dhonnagáin mar chuid de IMRAM na nÓg. Táim dílis d'IMRAM leis na blianta agus is maith liom an fhorbairt nua seo i bpáirt le Glór na nGael.

Áit ana dheas an Lexikon agus tá leabharlann na leanaí, áit a raibh léiriú Thadhg ar an gceathrú urlár. Radharcanna iontach cúlra ar Bhaile Átha Cliath agus trasna an bá go Beann Éadair.

Chuir Tadhg a phictiúr leabhar Uinseann Donn i láthair. Leabhar a spreagadh ag brionglóid tar éis do faire ar bhabhta de Vincent Browne ag iarraidh go cantalach freagraí a fháil. Bhí an aithris a rinne sé ina réamhrá iontach greannmhar d'óg (a bhí ann go flúirseach) agus aosta.

Rinne sé aithris ar an mbéar freisin ina chuid reacaireachta, ag siúl sall is anall, ag léiriú claochlú an chancráin. Agus spreag na leanaí chun cabhrú leis an muicín a chur in iúil.

Rinne amhlaidh leis an leabhar a d'aistrigh sé. Thug uraiceacht aistriúcháin freisin, mar go raibh eolas ag cuid de na leanaí ar 'A squash and a squeeze'.  'Mo theachín gan chuma gan chaoi' i leagan trascruthaithe Thaidhg, greann agus gean agus gaois ann.

Chan sé rogha amhráin freisin ó Peigín Leitir Mór agus Bliain na nAmhrán, ar bunchlocha iad i go leor teaghlaigh a bhfuil leanaí á dtógáil. Rud a bhí follasach sa chuidiú a fuair sé ón urlár!

Ócáid iontach taitneamhach i suíomh iontach. Díoladh cuid mhaith leabhair freisin - ní raibh Tadhg Óg díomhaoin!

Tá na leabhair ar fáil ó futafata.ie/

2018-11-10

Makaronik

Roinnt blianta ó shin chonaic mé léiriú Aisling Ghéar de dhráma Dave Duggan, Makaronik.

Anois seo chugham leagan úrscéil. Chuir Cló Iar Chonnacht cóip léirmheasa chugam. (Tá rabharta leabhair spéisiúil i mbliana).

An scéal céanna agus atá sa dhráma. Bean atá aimridiú déanta uirthi Makaronik . Ladrann i bhfriotal na himpireachta ar giolla íseal dá gcuid í. Fágtha ina haonar in ionad sonraí scartha amach ar forimeall na himpireachta i nDoire. Cineál nuachaint mar a bhí i 1984 i dtreis san impireacht. Cartlannú agus díothú le déanamh ar gach teanga eile. Na hiarsmaí le scrios seachas an cóip i gcartlann lár na himpireachta.

Tagann Diarmuid agus Gráinne, beirt oifigeach de chuid na himpireachta, le bailchríoch a chuir ar an obair. Tá an lár ag gríosú críoch na hoibre le dul i ngleic le deacrachtaí eile.

Ag smaoineamh go fuarchúiseach anois air tá roinnt poll suntasach sa chreatlach a úsáidtear le ceisteanna teanga agus cumhachta a chíoradh. Ach bhí an fionraí díchreidimh slán agus an scéal á léamh agam, mé gafa leis an teannas a d'eascair as an gcaidreamh triantánach a léirítear tríd súile Makaronik atá á reic.

Diaidh ar ndiaidh nochtar cúis an teannas idir Diarmuid agus Gráinne. Agus iarmhairtí an eachtra roimhe seo.

Tá corr nó thrí roimh deireadh, ach splanc dóchais éigin ann dóibh.

Thaitin an insint liom agus tá lón machnamh ann faoi saoirse, teanga agus searc. Agus idirspleáchas teangacha.

Makaronik
Dave Duggan
Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 9781784441791 

2018-11-01

Athdhubhaois?

Léigh mé le déanaí New Dark Age -
Technology and the End of the Future
le James Bridle.

Scagadh cúramach ar na deacrachtaí atá ag eascairt as an líonra dhomhanda agus an éifeacht atá aige ar ár smaointeoireacht. Agus an slí atá sé fite fuaite leis an Forthéamh Domhanda. Hipirudaí iad araon dar leis, chomh mór agus uilíoch gur go hindíreach a bhraitheann muid iad.

Táimid ar maos i sonraí, ach tá teoiricí comhcheilge níos coitianta agus níos doimhne ná riamh. Tá teacht againn ar eolas ar an bpointe ó gach cearn den domhain ach seachas cuir le dlúthpháirtíocht táimid deighilte agus amhrasach faoina chéile.

Cuireann craos fuinnimhe na feirmeacha sonraí le ídiú acmhainní - agus le forthéamh dá réir.

Cuireann an rabharta sonraí le deacracht machnamh. Spreagann an castacht teoiricí comhcheilge in iarracht smacht a fháil ar an dúshlán intinne.

Cuireann an tuiscint gur féidir gach rud a ríomh go cruinn, toisc an forbairt sa ríomhaireacht, modhanna smaointeoireachta as riocht.

Go deimhin léiríonn iniúchadh ar earnáil na cógas gur a mhalairt atá ag tarlú. Cé go n-éascaíonn ríomhaireachta taighde is amhlaidh go bhfuil an infheistíocht taighde ag fás as cuimse chun cógas éifeachtach a chuir ar fáil.

Maíonn an údar gur gá marana lasmuigh den idirlíon chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá rómhainn. Agus go mbeidh sin níos deacra de réir ama. An ardú i carbóin dé ocsaíd féin, maolaíonn éirim intinne.

Lón marana. Duairc ach gan bheith éadóchasach amach is amach.