Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-11-18

Spléachadh ar aigne úrscéalaí

Bhí ócáid de chuid an Dublin Book Festival ar siúl san Siopa Leabhar inné, faoi chathaoirleacht an bhainisteora nua Gráinne Ní Mhuilneoir. Bean a bhfuil taithí ar an earnáil foilsitheoireachta aici agus ana eolas ar earnáil na leabhair (Béarla agus Gaeilge).

Mheall sí isteach beirt a bhfuil úrscéal ar tí a bheith foilsithe acu chun labhairt faoina gcuir chuige.

Beidh Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin á fhoilsiú san athbhliain ag Cois Life. Úrscéal faoi anáil stair a teaghlaigh, sa mhéid is gur déanadh cleamhnas dá máthair mór i Malta le linn an chéad cogaidh. Saighdiúir a chreid forógra Redmond ab ea a sheanathair agus bheir sé leis a nuachar ó gile is glaine Málta go duairceas agus díomá Lonáidh Bhéal Feirste. Labhair sí ar a cuid taighde - grianghrafanna stairiúla, seachas teaghlaigh tar éis don tost scaipeadh de bheagán, ach freisin ar an láthair i Málta, san aircív. Nach mar an gcéanna dearcadh pobal Mhálta - ina gceithearnaigh leis na cianta ag impireachtaí éagsúla agus dearcadh muintir Bhéal Feirste leis an coilínitheoir béal dorais acu. An gá stair a bhaint as an úrscéal le nach mbáfaí an scéal féin! Ainneoin a spéisiúla don údar féin é. Ina measc na cosúlachtaí idir taithí cosmhuintir iarthar Bhéal Feirste sna fichidí agus le linn óige Réaltáin sna seachtóidí.

Léigh sí sleacht ansin as an saothar, an cleamhnas á bheartú agus an bhrídeog leis na mná laistiar de chuirtín sa chistin. Mar a bhíodh...

Tá scéinséir ar na bacáin le hocht mbliana ag Proinsias Mac a'Bhaird, ón uair a foilsíodh Rún an Bhonnáin. De bhrí gur scéinséir atá i gceist, bhí sé níos deacra ag Proinsias é phlé gan é mhilleadh! An caibidil a bhí i gcló le déanaí i Comhar a léigh sé, tús an scéil, eachtra uafair comhaimseartha san Eaglais sa Róimh ina bhfuil Iarlaí Uladh curtha. Labhair sé ar bheith ag siúl na láithreacha ina bhfuil a scéal lonnaithe, sa Róimh agus ar Oileán Í (tá tábhacht le Colm Cille sa scéal).

Is cosúil gur chuir éirí as an Pápa Beinidict corr i gcinniúint an úrscéil! (D'fhiafraigh duine den lucht féachana dó an raibh saothar Dan Brown léite aige...)

Dúirt sé gur faoi rudaí ina bhfuil spéis aige le fada a scríobhann sé agus dá réir nach mbíonn taighde nua de dhíth air mar go bhfuil an taighde déanta le fada aige. Ach go gcuireann siúl an suímh toise nua leis an scéal, craiceann níos fearr seachas na cnámha a athrú. Bíonn an streachailt céanna i gceist do áfach gan barraíocht teagasc staire a scaoileadh isteach san insint!

Beidh a úrscéal 'Tairngreacht ' á fhoilsiú sa bhliain seo chugainn freisin, ag Leabhar Comhar.