Dé Domhnaigh seo caite d'éist mé Aifreann i Königs Wusterhausen, i séipéal San Elisabeth. Banríon ó na meánaoiseanna a bhfuil cáil na féile uirthi. Séipéal atá anois ar Friedrich Engels Straße. Agus a tógadh i lár na tríochaidí. Bernhard beannaithe Lichtenberg a leag an cloch boinn. Sagart a mharaigh na Naitsithe ar ball de bharr a labhairt amach ina choinne, an fíoch acu ar Ghiúdaigh ina measc.
Thug mé suntas don dealbh de Mhícheál ardaingeal ar bhalcóin an orgán. Agus na véarsaí faoi ag éileamh misneach agus faire. Is deacair gan teachtaireacht i gcoinne na deachtóireachtaí a tháinig an Eaglais tríd a fheiceáil ansin.
Bhí seachtar freastalaí agus sagart agus deagánach ag rá an Aifrinn. Níorbh páistí iad na freastalaíthe ach ceathrar gearrchaile agus tríúr glasstocach.
Ba Spáinniseoir an sagart ach Gearmánach an deagánach a léigh Soiscéal agus a thug aitheasc. Ní raibh deis agam fiafraí an bhfuil sé ag tabhairt faoin sagartacht, ach os rud é nach fear óg a bhí ann, samhlaím gur vir probatus atá ann. Pósta, b'fhéidir, ach iontaofa don oifig.
Bhí sollúntacht san Aifreann, agus tiúis!
Tharla go raibh mé i gcroílár Bheirlín agus i mo shuí go luath maidin Luain. Bheartaigh mé Aifreann a éisteacht in ardeaglais Hedwig. (Gaol le Elizabeth, mar a tharlaíonn). Séipéal a tógadh le cead Feardorcha Mór, an chéad séipéal Chaitliceach a tógadh i mBeirlín tar éis an Reifirméisean, i 1773. Cé gur foirgneamh as féin é, fearacht mórán séipéal Chaitliceach eile i mBeirlín tá sé i bhfolach nach mór, i gcúinne laistiar den Staatsoper.
An cuimhne a bhí agam air ná go raibh an taobh istigh ar aon dul leis an taobh amuigh, maisithe go hálainn.
Nuair a chuaigh mé isteach, shíl mé go raibh íolbhristeoirí tar éis a bheith i mbun oibre. Foirgneamh cruinn atá ann. Rud atá follasach anois agus é folamh nach mór. Leathsféar cloiche lom mar altóir. An tabarnacal i folach ar thaobh amháin. Dealbh de Mhuire ar thaobh amháin, Peadar ar an taobh eile - an cuma ar an dá cheann iad a bheith fágtha i ndiaidh longbhriseadh agus an tuille tráite.
Cé go raibh an sagart agus an freastalaí urramach ina labhairt agus ina ngóthaí, mheabhraigh an chailís cruach dosmálta cupán coinneála dom.
Chuaigh mé síos san íoslach chun paidir a rá ag uaigh Bernhard Lichtenberg. Shiúl mé timpeall faoi dhó sular aimsigh mé é. San áit a mbíodh pictiúir mór de, leac cloiche agus teastas ó Yad Vashem ar an mballa bhí droinnuilleog adhmaid, agus nóta beag clóscríofa ar an mballa.
Fíor aisteach. Ar a laghad bhí roinnt de na saothair ealaíne caomhnaithe thíos, beithilín le líon mór figiúirí san áireamh.