Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Berlin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Berlin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2025-08-28

Ní Döner go harán


Mhair mé i mBeirlín sna 1990í. Sé Beirlín, ó thaobh daonra de, an chathair leis an líon is mó Turcach ina gcónaí ann, seachas Istanbul. Bhí siopaí dá gcuid ann, ceantair iomlán inar mhair Turcaigh amháin. I mBeirlín a forbraíodh an Döner kebab. ('feoil rósta ar bior atá ag casadh').

Is iomaí Döner mit Schafskäse und schärfe Soße (Le cáis caora agus anlann spíosrach) a d'ith mé. Tar éis babtha óil sa tábhairne ach go háirithe.

Ar ndóigh, tá díoltóirí Döner fairsing abhus anois. Ach tá locht mór amháin orthu, dar liom. Níl an an t-arán ceart acu.

Ceathrú de bhuilín aráin cruinn atá um Döner i Beirlín. 

Tiubhas thart ar cm ann. Ní thaitníonn Döner i bpita liom. Tá an t-arán ró thanaí. 

D'oscail siopa nua i Portobello, ar imeall lár na cathrach. Berliner Kebab

Bhí amhras orm féin, agus níor thaobhaigh mé an áit. Ach dúirt duine de mo lucht aitheantais liom, Berliner go smior, go raibh na kebab mar is cóir. Bhí deis agam inné a thuairim a dhearbhú dom féin. 

Shocraigh mé ithe sa phroinnteach, tá sé cineál deacair kebab lán a ithe agus tú ag siúl! Go háirithe nuair atá carn mór glasraí, cáis caora mionaithe agus feoil san arán atá gearrtha sa lár. Meascán uaineoil agus circeoil a roghnaigh mé. Bhí gach rud úr blasta. Níor fhág mé puinn i mo dhiaidh. 

Beidh mé ar ais.... 


2024-02-13

Tuigeann Tadhg Michel

Deirtear nach bhfuil greann ag Gearmánach
Ach níl sé ceart ná cóir é sin a rá 
Níl greann níos fearr le Gearmánach 
Ná Gearmánach eile ag casadh cialla 

(leithscéal le Tadhg Mac Dhonnagáin as rann leis a chlaochlú). 

Is iomaí gáire croíúil a roinn mé le mo chomhghleacaithe, cuma an ó Beirlín Thiar, an DDR nó an BRD ó thús iad. Greann a bhí go minic bunaithe ar imeartas glic focail nó casadh coincheapa. Nuair a thosaigh mé ag obair bhí sé de nós agam dul amach leis na deartháireacha B agus Axel nuair a bhí an triúr acu ag ól tobac. Ní raibh sin ceadaithe sa oifig ach bhí san log staighre. Is ann a cíoradh ceisteanna an tsaoil idir gairmiúil agus sóisialta. Agus is iomaí píosa seafóide a bhí againn. Bhí Béarla mhaith acu triúr cé nach é a labhair mé leo riamh. 
Níl fhios agam an é Otto Waalkes a chum English for Runaways (Ó fortgeschritten = ardleibhéal. Ach is féidir é a léamh mar "coiscéimeanna chun siúil glactha"). Ach bhí na leaideanna ceanúil ar an gcleasaíocht. Casadh breise ann trí focail a bhriseadh suas ina gcodanna agus na codanna a thiontú. Leithéid "the company has my gostop overmeadowed" (Die Firma hat meinen Gehalt überwiesen, Tá mo thuarastal aistrithe ag an gcomhlacht).

Greann easurramach le roinnt baol ag baint leis a chleacht na comhghleacaithe oirthearacha. 
(Nath a dúirt Honecker, rím sa Ghearmáinis - ní féidir le hasal ná dámh cúrsa an sóisialachas a bhacadh. An t-asal ag rá nach bhfuil siad fiú ag smaoineamh air. B'shin 1989, nuair a bhí neart daoine ag teitheadh tríd an Ungáir. Íomhá le Horst Haitzinger

Chuala mé neart scéalta grinn faoin sean réimeas. Ach neart faoin réimeas nua freisin. Bhí ábhair dlisteanach gearáin ag muintir an Oirthir nár ghlac muintir an Iarthair leo, iad ag ceapadh go raibh siadsan ag íoc as an iomlán. Ach bhí an Solidaritätszuschlag (tobhach breise do chostais an athaontaithe) á íoc thoir freisin. Agus gan an tuarastal céanna acu. Bhí sotal ag baint le lucht an Iarthair go minic, rud a spreag an leathrann 

Der Fuchs ist schlau, und stellt sich dumm 
Beim Wessi ist es andersrum... 

Tá an sionnach glic agus cuireann cuma na baoise ar féin; a mhalairt glan atá fíor faoin Iartharach. 

Nó níos gairbhe: Wie nennt man ein Wessi in einem Fass Salzsäure? Ein gelöstes Problem. 
Cad a thugann tú ar Wessi in umar aigéad hidreaclórach? Fadhb tuaslagtha. (= réitithe). 

Bhí deisbhéal thoir agus thiar. Anois is arís amharcaim ar físeán grinn Gearmánacha. Gliceas agus casadh tobann cialla a fréamh. 

Greann dóite go minic, agus cúis mhaith acu. 

Nóta: is é Michel Gearmánach Tadhg an mhargaidh thall. 

2024-01-31

Ag ceol 's ag ól is ar shiúl i ndiaidh mná


Bhí sé sách nádúrtha is dócha go mbeadh an t-ochtar againn ag crochadh thart le chéile ag an tús. Saol nua, muid ar chomhaois agus comhghleacaithe cúpla bliain níos sine ar a laghad, agus iad socruithe síos. 

Tábhairní ag tarraingt ar n-aird. Cuimhin liom, luath go maith, gur chuireamar ceist ar thábhairneoir cathain a mbeadh sé ag iamh. Oíche Chinn bhliana, b'fhéidir, a dúirt sé. Ar feadh cúpla uair an chloig.

Chuamar ar thuras amháin le chéile - go Prág. Nílim baileach cinnte anois arbh roimh an chéad Nollaig thall a bhí sin nó gairid ina dhiaidh. Geimhreadh a bhí ann cinnte. Bhí cailín duine de na leaids tagtha anall, measaim. Bhí tiomáint ag beirt acu agus fuaireamar mionbhus ar cíos d'fhonn taisteal go Prág ar feadh deireadh seachtaine. Ar an ndrabhlás. Níl ach cúpla cuimhne agam. Gur buaileadh bob ar nach mór gach duine againn, ag malartú airgead ar na sráideanna. Rud a dhiúltaigh mise a dhéanamh toisc gur bualadh bob mar é orm féin cúpla bliain roimhe in Oirthear Bheirlín. Fágadh le moll nótaí mé nach raibh mé in ann fáil réidh leo - toisc gur chreid mé an bhreág go mbeinnse mar eachtrannach in ann a t-airgead a malartú ar ais. Bhí mé airdeallach dá réir. Mhalartaigh mé airgead go neamhoifigiúil ceart go leor. Ach san óstán, faoi solas geal agus deis agam na nótaí a chuntas. 
Fuair duine againn beart nótaí nach raibh Seiceach ach an ceann uachtar is an ceann íochtar - airgead na hIúgslaive eatarthu!

Is cuimhin liom gur fhreastail muid ar dioscó a bhí sa bhonn a bhí faoi dhealbh Stailín (a bhí leagtha). Nach raibh ach pingeacha ar an leann bhuí ar ólamar barraíocht de. Nach raibh ar fáil san óstán nuair a laindeáil muid déanach ar an Aoine ach Becherovka. Ní bhfuair mé aon bhlas air agus níor ól mé ó shin é.

Cuimhin liom duine againn a bheith uafásach ólta agus go raibh ormsa agus a chailín é a dhoirteadh nach mór isteach i dtacsaí - ní raibh an tiománaí chomh buíoch sin dúinn. 
Agus gur scanraigh géire agus airde an staighre bheo sa Metro mé. 
Agus go raibh achrann leis na péas againn toisc botún a d'fhág go ndeachaigh muid síos an treo mícheart ar bhóthair - ach nárbh fiú trácht an fíneáil don té a raibh an Deutschmark uilechumhachtach ina sparán.

Ní cuimhin liom go ndeachaigh mé ar aon eachtra eile leis an gcuid eile, agus diaidh ar ndiaidh chuamar ár mbealaí féin. Ní raibh an oiread i gcoitinne againn pé scéal é. 

Thosaigh mise ag taithí na pubanna Éireannacha, toisc go mbíodh ceol traidisiúnta le clos iontu ag an deireadh seachtaine. Ní hé go raibh oiread sin spéise agam ann roimhe, ach ar dhóigh éigin bhí mé ar mo chompord leis. Agus leis an nguinness, ar ól mé i bhfad barraíocht de. Bhí thart ar leathdhosaen pubs Éireannacha idir mór agus beag ann. Trí chinn cineál comhlachtúil - An Kilkenny (mar a thugtaí ar Smithwicks thall toisc go raibh fuaim gáirsiúil ar wichs - lámhchartadh) i Charlottenburg, An Harp san Europazentrum i lár na cathrach Thiar, gar do Bahnhof Zoo, agus an Oscar Wilde i Friedrichstraße, Thoir. Áit a bhí ag teacht chun mar ceantar siamsaíochta. Tharlódh go bhfuil dul amú orm faoi cuid de na hainmneacha - bhí ceann mór eile tar éis cúpla i Hackescher Markt i lár na cathrach thoir, agus tharlódh gur Kilkenny a bhí ar sin seachas ceann Charlottenburg. Ní raibh mé sna cinn sin ró mhinic. Bhíodar mór agus ní bhíodh an ceol ró iontach.

Bhí tithe tábhairne eile ann, an James Joyce i Charlottenburg abair. Wohnzimmerkneipe - tábhairne ar geal le seomra suite é. Ceol beo ag an deireadh seachtaine. Corr Éireannach agus roinnt daoine ón Mór Roinn a bhí tugtha do ceol na hÉireann. Gearmánach, Bernd, an tábhairneoir. Ní fada go raibh aithne aige orm.

(Eadarlúid - rinne mé níos mó ná ól. Ach beidh blagmhíreanna eile faoi sin. Ní mór a mhíniú freisin gur freastal mé ar scoil lán bhuachaillí, agus ó tharla go raibh mé san dámh innealtóireachta i COBÁC, nuair a bhí sin fós i bPort an Iarla agus Sráid Mhuirfean, go bhféadfá a rá gur fhreastail mé ar ollscoil lán buachaillí freisin. B'fhéidir go raibh deichniúr ban as an trí chéad a thosaigh ar an ollscoil liom. Ní hé nár theastaigh uaim cailín a bheith agam, ach cé go raibh cairde baineann agam bhí mé tútach sna cúrsaí sin. Eiteach a fuair mé an cúpla uair go raibh sé de mhisneach agam ceist a chur. Eiteach deas go hiondúil ach níor chuir sé le m'fhéinmhuinín).

Bhí an James Joyce deich nóiméad siúlóide ó stáisiún U-Bahn. Bhíodh ceol ann Aoine agus Sathairn, dornán grúpaí ceoil a bhíodh ag déanamh camchuairt na bpubanna. Fear darbh ainm Robbie Doyle atá fós thall, in éineacht le Ísiltíreach agus Ostarach. An grúpa Midnight Court  (ceathrar a bhí ann an uair úd. Beirt acu fós ann, an t-amhránaí Aaron ó Ard Mhacha, measaim agus Bernd. Bhíodh fear ard Gearmánach ag seinm fidile leo, ní cuimhin liom a ainm. Bhí jeaicín píobaire leo freisin ach bhí sé siúd trom ar an ól agus scar siad leis. Le mo linn a thosaigh Noel a seinm leo. Boscadóir. M'anam nuair a fheicim cé chomh liath is atá an cheathrar againn éirithe go dtuigim go maith go bhfuil tríocha bliain imithe...) Bhíodh ceoltóirí as Éireann ann, go háirithe san samhradh. Tony Small, beannacht Dé lena anam, agus Eoin Duignan. Níor ól Tony agus is dóigh liom gur chuir mo eolchaire ólta baile as dó scaití cé go raibh sé go deas deis a bheith agam Gaeilge a labhairt. 

Thit mé i ndrúis sa James Joyce. Bean rua, gearrtha gairid, craiceann mín bán, beagnach ar chomhairde liom féin. Shíl mé gur grá a bhí ann, ar ndóigh, ach ag amharc siar ní dóigh liom go raibh mórán thar dual agus miangas i gceist. Ní raibh a dóthain i gcoitinne againn chun caidreamh a bhuanú. Bhí cónaí ar mo shearc gar don bpub, in aontíos le beirt bhan eile in árasán, más buan mo chuimhne. Bhíodh geaing acu san James Joyce go minic. Is dócha gur ise a thóg an chéad chéim. Bhí mise riamh cúthail amscaí. 

Chaitheamar neart ama sa James Joyce. Ar a laghad uair amháin d'fhógair Bernd orm i gcorp na hoíche éirí as an snogging agus dul abhaile! Níl cuimhne agam go ndearnamar mórán seachas ól agus suirí. B'fhéidir turas amháin go Potsdam agus cúpla scannán. Ise a chur deireadh tobann leis. B'é is mó a ghoin mé ná gur leaid ar chur sí aithne air tríom a thóg m'áit. Cara le cara liom. Bhí ticéad faighte agam don bheirt againn go dtí the Dubliners san Tempodrom. Chuamar ann le roinnt eile, cé go raibh muid scartha. Tá cuimhne agam ar iarracht a dhéanamh í a chosaint ó phlódú agus luascadh an slua. B'shin a dheireadh sin, cibé. Bhí mise croí bhriste nó b'fhéidir uabhar ghointe.

Stop mé ag dul go dtí an James Joyce. Thosaigh mé ag dul go dtí an Highlander, i Kreuzberg. Fós gar don U7 ach níos faide ó bhaile. Tábhairne beag eile. Gearmánach an úinéir agus é cineál measctha suas idir Éire agus Albain. Bratach San Aindrias crochta ón díon. Rud a bhí ana bhaolach - bhí seisiún ceoil oscailte agus réasúnta maith ann oíche Luain. Ní maith póit lá oibre... Agus bhí sin orm ró mhinic. 

Bhí ól tobac fós ceadaithe sna tábhairní, agus an t-aer bréan leis. Goile lag an toradh a bhíodh ar ró ól ormsa, agus bearnaí i mo chuimhne freisin monuar. Cuir leis sin boladh an deataigh fuaraithe i bhféasóg an mhaidin tar éis an oíche roimh ré... Ní i gcónaí gur éirigh leis an gcith mé a athshlánú... Ná níorbh leor i gcónaí an Döner mit Schafskäse ar an slí abhaile, ó seastán ar an slí go dtí an U-Bahn. Cé go raibh tóir orthu agus iad úr agus measartha folláin dá réir. Arán ar leith in úsáid thall seachas an pita a úsáidtear abhus. Bollóg cruinn, b'fhéidir 2cm ar tiús. Ceathrú de sin. Gearrtha sa lár, lán le feol, sailéad, anlann gairleoige agus cáis caorach. Níorbh gá a bheith ólta chun taitneamh a bhaint as! 

Sa Highlander a casadh mo shonuachar orm. Ach sin scéal eile....

(Mo leithscéal le Cathal Ó Cuirreáin as líne as amhrán leis a ghoid mar theideal don mír seo) 

2022-09-24

Dietmar Menzel, cloch ar charn

Menzel ag ár gceiliúradh iarphósta san Highlander i Kreuzberg, 1994.

Baineadh creathadh asam nuair a chuala mé, ar Raidió na Gaeltachta, go raibh Menzel tar éis bású go tobann.

Bhí aithne ag mo nuachar ar Menzel i bhfad siar, roimh an Wende, i an Casadh, mar a thugtar ar an athrú córais a tharla san DDR nuair a thit an balla, ach roimh an athaontú. Bhí sé sa chiorcal ealaíontóirí agus a mhacasamhail a raibh baint aici leo. Cónaí ar go leor acu i Friedrichshagen.

Bhí taispeántas ag duine acu, Thomas J Richter, sa Ghaillimh i 1991. Thaisteal mo nuachar anois le grúpa acu a chuaigh siar, agus thaithin ceol na hÉireann léi. Ba mar sin a casadh ar a chéile muid, toisc go raibh sí i tábhairne ina sheinntí ceol Éireannach, ag fanacht ar deis labhairt le duine de na ceoltóirí.

Go luath ina dhiaidh casadh Menzel agus a bhean an tráth úd, Regina, orm. Bhí siopa ceoil ag Regina i Friedrichshagen, bhí Menzel ina innealtóir. 

Tá cuimhne éigin agam ar a n-árasán i Friedrichshagen. Is ann a chuala mé i dtosach Cór Tsinandali. Ar chúl doras na cistine bhí léarscáil den Eoraip, agus an bealach ó Bheirlín go dtí an Róimh a bhí i gceist aige a shiúil leagtha amach le bioráin agus snáth fada olla. Ní mé ar éirigh leis é chuir i gcrích riamh. Aisling a bhí ann, a bhí aige sula raibh deis ar bith taisteal ag saoránaigh an DDR. 

Rinne mé roinnt siúl leis, bhí sé in éineacht linn sa tSeic ar a laghad uair amháin. Fear mór óil ab ea é, agus is eagal liom a rá, sranntóir nótáltha! Chuaigh mé leis féin agus Regina agus duine nó beirt eile chun Amstardam, nuair a bhí mo nuachar anois gafa le hobair éigin (bhíodh sí ag obair leis an iarnród, ag díol ticéid i stáisiúin Lichtenberg agus sealanna oibre le déanamh istoíche agus an deireadh seachtaine. Bhí ar ár suirí a bheith eagraithe go maith san ré úd roimh fóin phóca, agus ní raibh landline féin aici. Agus cónaí ormsa ar imeall thiar na cathrach, uirthi sa lár thoir - Prenzlauer Berg. Ach sin scéal eile.) 

Phósamar i 1994 agus nuair a bhí clann óg orainn ní rabhamar chomh siúlach céanna ná baol air. D'fhill mé ar Éirinn le mo chlann óg i 2000. Uair éigin ina dhiaidh sin scar Menzel óna bhean agus tháinig chun cónaithe in Éirinn, ag déanamh píosaí oibre anseo is ansiúd, san monarchan éisc i Mín an Aoirigh mar shampla. 

Chaitheamar seal san teach aige i dTeileann blianta fada ó shin. Bhí sé ar chuairt againn i gCill Mhantáin uair amháin, le comrádaí ó Bheirlín agus a mhac seisean a bhí ar chamchuairt. 

Bhí sé deacair taisteal, eisean ag brath ar iompar phoiblí, muidne gafa le cúramaí clainne agus fostaíochta. Ní raibh an chumarsáid chomh dlúth is ba mhian liom é a bheith. 

Agus anois tá sé ar shlí na fírinne, trócaire Dé ar a anam. Agus é curtha ar an gCarraig, i bhfad ó Friedrichshagen.