Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-12-04

Duairc ait, nó Aerach Aiteach, bímis Gaelach!

Beidh fhios ag léitheoirí an bhlag seo gur pápaire mé, agus go bhfuil tuairimí caomhacha agam ar chúrsaí inscne, collaíochta agus teaghlaigh. Nílim ar mo chompord dá réir ag ócáidí ina bhfuil an Bród Aiteach chun cinn. Aithním áfach go bhfuil an léiriú sin dlisteanach agus tábhachtach do neart daoine. 

Le cúpla bliain tá an comhar ghrúpa ealaíne AerachAiteachGaelach i mbun oibre, ag tabhairt ealaíontóirí le chéile, ag stáitsiú drámaí agus ag déanamh neart rudaí eile. 

Admhaím gurb é fógra ó Stiofán Ó Briain go mbeadh scéal eile ó Thulach na dTadhg le clos a mheall mé chun ticéad a fháil d'imeacht AAG i MoLI oíche Luain seo caite. Níor chuidigh sé le m'amhras go raibh feisteas manglam luaite leis an ócáid. Innealtóir mé, tar éis an tsaoil. Ní bhím iontach tógtha le cúrsaí éadaí. Ach fuair mé seaicéad agus léine agus abhae liom. Bhí mé ag teacht ón obair, agus mhúscail m'éadaí cúpla ceist... 

Bhí slua breá cruinnithe ar an dara urlár in ionad MoLI, spás atá in oiriúint do taibhithe. 

Thug Eoin McEvoy léargas ar obair leathan AAG sular chuir sé sciar de na healaíontóirí i láthair le blaiseadh dá ealaín a thabhairt. Liosta le háireamh na himeachtaí atá eagraithe agus á eagrú ar bhonn leanúnach ag AAG. 

Tugadh blaiseadh den réimse sin thar na hoíche - filíocht, scéalaíocht, gearrscannán - ag rud ar leith, dearcealaíon. Bhí réimse leathan i gceist freisin, idir sean agus nua, agus nua tríd an sean. 

Seoladh agus dáileadh iris de chuid AAG freisin - An Gairdín. Tharlódh go mbeidh níos mó le rá agam faoi sin ach a bhfaighidh mé deis é a léamh. 

Bhain mé taitneamh as an oíche, agus as an ealaíon. 

Tá mé cinnte go mbeidh AAG ag dul ó neart go neart agus go spreagfaidh siad a chéile agus daoine nach iad le tabhairt faoi na healaíona ar fad. 



2024-12-02

Údarás agus idirlíon

Bhí plé fhada ar Bluesky ag eascairt as foilsiú Corpas na Gaeilge ar na deacrachtaí a eascraíonn as cnuasach sonraí ón idirlíon. Tá go leor den ábhar "Gaeilge" ar líne ar praistriúchán Google atá ann. Agus ar an ndrochuair, tá foghlaimeoirí ag foghlaim óna leithéid.

Sé an chaoi freisin gur líonmhaire go mór foghlaimeoirí - ar gach leibhéal - ná cainteoirí dúchais i measc scríbhneoirí agus léitheoirí na Gaeilge.

"Labhraíonn Gaeilge;
Crochann suas amhrán Gaeilge;
Ach ní léann Gaeilge" 

Tomás 
Laoighseach Ní Choisdealbha 
Baile an Eibhir (cnuasach ar na bacáin)

Fágann sin go bhfuil an t-ábhar seo chun tionchar a imirt ar na huirlisí digiteacha a fhorbraítear don nGaeilge. 

Bhí plé go háirithe ar an Vicipéid, áit a bhfuil tionchar ag líon beag eagarthóir, nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, agus atá spléach ar Praistriúchán Google ar cuid mhór den ábhar, toisc am agus fonn a bheith acu tabhairt faoi.


Tá sé luaite anois, feicim, mar fhoinse eolais ar an alt Vicipéid faoi Stefan Zweig. Blagmhír a scríobh mé go fánach de bharr plé ar leabhar. 

Tá na mílte focail ón mblag seo agus ó m'fhotha Twitter tar éis bheith istigh a fháil sa chorpas. Ní toisc a bhfeabhas, ach toisc iad a bheith ar fáil. 

Buntáiste an idirlín gur féidir le duine ar bith foilsiú. Sin a mhíbhuntáiste freisin. Conas is féidir údarás, barántúlacht nó fiú cruinneas agus fírinne rud a fhoilsítear a mheas, in éagmais eagarthóra, foilsitheora, piarmheastóra? 

Caveat lector!