Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-03-31

Pápaire mé


A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan mar aisce sibh a chriathradh ar nós an arbhair; ach táim tar éis guí ar do shonsa chun nach gclisfeadh do chreideamh; agus, ón uair amháin a bheidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre.”

 
San eaglais Chaitliceach Rómhánach, is é an Pápa, comharba Pheadair an chloch bonn. Ní an duine, ach an oifig a bhronn Íosa. 


Dúirt Síomón Peadar á fhreagairt: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.”  D'fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d'fhoilsigh duit é ach m'Athair atá ar neamh. Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m'eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi. Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.” 

 Ní shin le rá gur daoine gan locht iad na Pápaí. Bhí tréimhsí ann ina raibh siad sáite i gcorbacht, finíochas agus fingal. Agus níl Pápa saor ó cheartú. Peadar féin, bhí ar glacadh le ceartú ó Phól. 

Rud eile de, nuair a tháinig Céafas go hAintíoch, chuir mé ina choinne lena bhéal mar bhí sé san éagóir. 

Le mo linn, tá na Pápaí ina eiseamláirí níos fearr ná le linn na haoiseanna nuair a bhí siad ina Ríthe ar codanna móra den Iodáil agus sáite i bpolaitíocht na mór rinne. Diaidh ar ndiaidh tá gothaí na Ríthe leagtha uathu. Dhíol Pól VI an choróin triarach ríoga chun bia a thabhairt do na bocht. Níor ghlac Eoin Pól I le corónú in aon chor, ag cuir Aifreann tiomnaithe ina áit. Sílim gurbh é Pól VI an Pápa deiridh a bhain feidhm as an iolra ag caint ar féin. (Bhain Eoin Pól II feidhm as an tríú pearsa, ag cuir béim ar an oifig seachas an duine). Agus níl an Pápa reatha Proinsias ag cónaí sa phálás aspalda fiú - is fearr leis bheith i measc na ndaoine i dteach aíochta na Vatacáine. 

Pól VI - Fotografia Felici - Fearann Phoiblí

Pól VI a bhí i gcathaoir Pheadair le linn mo leanbaíochta. Níl cuimhne dá laghad agam air. Ach tá a imlitir Humanae Vitae léite agam, inar athdhearbhaigh sé nach raibh úsáid frithghiniúint shaorga ag teacht le tuiscint na hEaglaise ar an gcollaíocht agus an pósadh. (Ní mór a mheabhrú gur laistigh den bpósadh, agus le haontoil na lánúine atá comhriachtan dlisteanach de réir teagasc na hEaglaise). Cáineadh an imlitir, agus is dócha go bhfuil go leor nach dtugann aird ar bith air i measc Caitlicigh. Nó a bhíonn ag streachailt leis, ar a laghad. Ní chuirfinn mé féin as an áireamh. Ach is dóigh liom go bhfuil dhá ghné dá ndúirt sé ann fáidhiúil. Go mbeadh laghdú ar urraim agus méadú ar leithlis i gcaidrimh dá mbeadh frithghiniúint in úsáid. Agus go raibh an baol ann go ndéanfadh rialtas údarásaíoch é a úsáid chun a dtoil a bhrú ar an bpobal, mar ó dhea agus go raibh fadhb daonra seachas fadhb dáileadh acmhainní ann. Mar atá déanta ag an tSín. Agus torthaí tubaisteacha as - pobal ag éirí níos sine fiú ná mar atá i dtíortha eile, agus glúin iomlán de dhaoine a d'fhás aníos gan siblíní agus fadhbanna go leor acu de bharr an easpa sin. Agus easpa ban! 

Eoin Pól I - Fotografia Felici - Fearann phoiblí

Ní raibh Eoin Pól I in oifig ach beagán thar mí. Bhí mé deich mbliana d'aois an uair sin. Ní dócha go mbeadh cuimhne ar bith agam air, murach an leabhar a scríobh sé agus é ina patrarc ar an Veinéis. Cnuasach litreacha atá in Illustrissimi, litreacha lán greann séimh scríofa chuig daoine cáiliúla sa stair nó san ficsean. Daichead litir san iomlán, a foilsíodh in iris cráifeach i dtosach. Foilsíodh i leabhar as Béarla iad tar éis a bhás. Le greann séimh agus gaois cuireann sé teagasc fónta i láthair. Tá cóip as Gearmáinis fós ar mo leabhragán, cóip a cheannaigh mé do mo shonuachar roimh pósadh dúinn, nuair a bhí sí ag foghlaim faoin gcreideamh Chaitliceach. 

Eoin Pól II - Gregorini Demetrio - CC-by-SA 3.0

Ach agus mé ag fás aníos, b'é Eoin Pól II an Pápa. Karol Wojtyła, an fear ón dtír i gcéin mar a thug beathaisnéis amháin air a foilsíodh go gairid i ndiaidh a thoghadh. An chéad Phápa nárbh Iodálach é leis na cianta. Fear a fuair oiliúint i gcliarscoil rúnda agus marbhfháisc ag na Naitsithe ar a thír dhúchais. Agus a mhair faoi dheachtóireacht Stailíneach ina dhiaidh sin. Deachtóireacht a bhí fós láidir tráth a thofa agus baol seasta ann go mbeadh an cogadh fuar idir Meiriceá agus an tAontas Sóivéadach ina chogadh deargte. 

Fear spóirtiúil lán fuinnimh i dtús a ré. Is cuimhin liom comhghleacaí liom, an tráth a tháinig sé go Beirlín ag déanamh iontais dá mheath a bhí tosaithe i 1996 - é ag rá go raibh cuma "dia óg" air i dtús a ré. Ar ndóigh, bhí sé tar éis teacht slán ó iarracht feallmharaithe in 1981 a d'fhág lorg air. Go dtí a bhás i 2005 lean sé air, gan a fhulaingt a cheilt de réir mar a bhí a cholainn ag meath. Ag teagasc le gothaí fiú nuair a bhí a ghuth bainte de ag fadhbanna sláinte. 

Is é Diagacht na colainne a mhórshaothar teagaisc. Ach níl sé léite agam. Cé go bhfuil roinnt imleabhar dá theagasc agam, ní dheachaigh mé i ngleic leo i gceart. Léigh mé roinnt leabhair agallaimh leis - go háirithe Cuimhne agus Féiniúlacht. 

Foilsíodh díolaim as Gaeilge dá chuid filíochta freisin, agus tá sé agam agus codanna léite. Thug an sagart a bhí ag cuir teagasc sa chreideamh do mo nuachar anois dráma leis faoin grá phósta dúinn - I siopa an ghabha ghil. Ní dóigh liom gur léigh mé i gceart riamh é. 
 
Is lena linn a cuireadh Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí ar fáil, ar chuir Breandán Ó Doibhlin Gaeilge air agus atá ar mo leabhragán agam. Agus codanna de léite agam fiú. 

Bhí mé ina láthair, nó ar a laghad i measc an tslua, roinnt uaireanta. Bhí mé i bPáirc an Fhionnuisce i 1979 i measc an breis is milliún duine a d'fhreastail ar an Aifreann ann agus é ar chuairt ar Éireann. Bhí mé i bhfad amach ón altóir, agus i ndáiríre níl mórán cuimhne agam ar an ócáid. Bhí cearnóga deighilte le rópaí agus greamán daite le huimhreacha chun an slua a eagrú. B'ionann líon an slua agus trian de dhaonra na poblachta ag an am, agus bhí slógadh déanta ar iliomad eagraíocht chun cabhrú leis an maoirsiú - go háirithe agus an Pápa á thiomáint tríd an slua, agus nuair a bhí daoine ag teacht agus ag imeacht. Mí Mheán Fómhair a bhí ann. Mo chuimhne ná go raibh an áit ina phuiteach ag deireadh an lae. Agus muide traochta ach a raibh an bealach go lár na cathrach siúlta againn. An tSeachtain Mhór 1987 bhí mé sa Róimh le grúpa mic léinn ollscoile ar Oilithreacht. Mar chuid de chomhdháil idirnáisiúnta mic léinn. Bhí béiltí eagraithe i mbialanna éagsúla. Rinne grúpa s'againne go maith, bia blasta gach lá. Bhí grúpa amháin tar éis an tráithnín gairid a fháil, Mensa na hOllscoile. Nach raibh thar moladh beirte. Socraíodh as dlúthpháirtíocht go nglacadh gach grúpa béile ann. Bhí troscadh Aoine an Chéasta éasca... Mo chuimhne ná gur éigin go raibh rogha gan feoil ann. Spionáiste beirithe go dtí go raibh sé ina glóthach nach mór... Bhí arán úr ann áfach. Agus gach áit bhí caife láidir. Bhí ticéid faighte ag ár grúpa do Bhigil na Cásca i mbaisleac Pheadair. Ba dhiamhair an radharc é an Pápa ag siúl isteach san Eaglais lándorcha, coinneal na Cásca ar iompar roimhe agus an cantóir ag fógairt solas Chríost - Lumen Christi agus na céadta ag freagairt Deo gratias - buíochas le Dia. Tonn solais ag bogadh ó chúl na heaglaise - coinnle á lasadh agus splancanna ceamaraí. Ansin, nuair a bhí an Pápa beagnach ag an altóir solas tobann láidir agus na tuilsoilse lasta ar mhaithe leis an dteilifís. Cuimhne gléineach. 

Tharla go raibh mo thuismitheoirí sa Róimh i mBealtaine 1992 ag freastal ar bheannú. Bhí mo nuachar anois casta ormsa ag tús na bliana. Thaisteal an bheirt againn ó Bheirlín ó dheas ar thraein le castáil orthu. Agus bhíomar i gcearnóg Pheadair dá réir ag an mbeannú. (Cruinniú achrannach a bhí ann áfach de bhrí nach raibh teanga i gcoitinne ag mo mháthair agus mo leannán agus iad amhrasach faoina chéile...ach sin scéal eile). 

I 1996 tháinig Eoin Pól II go Berlin agus bhí mé ag an Aifreann sa Staid Oilimpeach. Tá meathchuimhne agam gur thug mé mo mhac is sine go geata Brandenburg lena fheiceáil ach tharlódh go bhfuil dul amú orm faoi sin - naíonán ab ea é fós, bliain d'aois.

Idir eatarthu, agus teacht níos éasca orthu de bharr an idirlíon, bhí mé ag coinneáil súil ar aithisc agus tráchtaireacht an Phápa. Níl aon muinín agam as scéal scéil ná léamh iriseora ná ach go háirithe as an leathabairt réabtha as comhthéacs agus casta ag claonbholscairí a bhfuil a mba féin le cuir thar abhainn acu.

Monuar ní mór a admháil gur le linn Eoin Pól II a réab séarach an toist institiúideach a bhí ag ceilt ainghníomhartha sagairt agus pearsanra eaglasta eile. Ní fadhb eaglasta amháin an mí-úsáid leanaí ach thug struchtúir na hEaglaise deis do na foghlaithe gnéis, teacht ar leanaí agus daoine fásta leochaileacha. Agus thug an cléireachas agus an mian an institiúid a chosaint sciath chosanta dóibh fiú nuair a bhí eolas faoi na ghníomhartha faoi choim. Tugadh barraíocht aird ar dhlíodóirí agus cuntasóirí, agus ar teiripeoirí soirbhíocha a mhaígh daoine a bheith leigheasta agus nach raibh aon ró dhochair déanta d'íospartaigh. Ba mhinic na ciontóirí deisbhéalach carasmatach. Tionchar acu. Meas ag go leor orthu. Stádas. Iad oilte ar a n-íospartaigh a roghnú i measc an dreama nach bhfaigheadh tacaíocht na héisteacht. 


Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar gur cuma sibh nó tuamaí aolta atá go hálainn le féachaint orthu ón taobh amuigh ach iad lán suas istigh de chnámha na marbh agus de gach salachar. 

Sa tír seo, bhí cúpla toise bhreise ann a rinne rudaí níos measa. An Stáit ag fágáil go leor cúraimí faoi grúpaí deonacha eaglasta - cúrsaí oideachais agus leigheas, agus cúraim daoine leochaileacha den uile chineál. An Janseneachas agus náire forleathan faoi chúrsaí collaíochta a rinne níos deacra é do dhaoine gonta éisteacht a fháil. Dearcadh forleathan gur tharraing na híospartaigh orthu féin é. Pobal a bhí, mar a dúirt an t-ardeaspag Diarmuid Martin "ar an dream is mó caiticéis ach ar a laghad soiscéalú". Brú shóisialta cloí le rialacha gan tuiscint ar na rialacha céanna. Rud a d'iompaigh go tobann ar ndóigh agus a d'fholmhaigh na séipéil. Tarcaisne tagtha in áit an ró-urraim. 

Níor chruthaigh Eoin Pól II go maith sa chás seo. D'fhág a theacht in inmhe agus a thaithí faoin gcumannachas é amhrasach seachantach maidir leis an Stáit tuata. D'éirigh le roinnt ciontóirí cáiliúla - Maciel abair, bunaitheoir Léigiún Chríost, cuir ina luí air gur formad agus mioscais ba bhun leis na líomhaintí ina choinne. 

Ach fós tá meon dlíthiúil cosantach forleathan san Eaglais. Iarracht plé leis laistigh den eagraíocht féin. Tá cuid de sin sothuigthe agus an Stáit naimhdeach don Eaglais go minic. Ach...

Ba é an cheacht deireadh a theagasc Eoin Pól II dúinn, gan focail, ná glacadh le fulaingt ach bheith dílis don ngairm. Muinín a chur i nDia seachas i gcolainn a bhí ag teip. 


Benedict XVI - Tadeusz Górny - Fearann phoiblí.

Sula raibh sé ina Phápa in aon chor, bhí scríbhinní Josef Ratzinger á léamh agam. I dtosach na hagallaimh a chuir Peter Seewald air. Ina dhiaidh sin a chuid machnamh agus aistí. Ollamh ollscoile, machnóir dlúth ab ea é ó chroí. Ciúin staidéartha san áit a raibh Eoin Pól II spleodrach. 

Ó leagadh an cúram air féachaint chuig caomhnú an teagaisc agus smacht a chuir ar dhiagairí a bhí ag imeacht ró fhada ón dteagasc bhí clú na géire agus an easpa trócaire air - é ina Phanzerkardinal de réir lucht na meáin. Diagaire a raibh smachtú déanta orthu ag clamhsán go glórach sna nuachtáin faoi é bheith dá gcuir ina dtost. Rinneadh tochailt agus aimsíodh pictiúir de in éide le linn an dara cogadh domhanda, nuair a rinneadh preasáil air i dtreo deireadh an chogaidh. Mar ó dhea agus gur go deonach a bhí sé ann. Iarracht smál an Naitsíochas a chaitheamh air. 

Níor thug mé puinn aird ar an scéal scéil ná an áibhéil - mar a scríobh mé anseo i bhfad ó shin. Agus scéal an camauro

Ní dóigh liom go raibh mé i láthair Benedict riamh. Taobh leis na leabhair agus na haithisc a bhí mé. 

Bhain sé croitheadh as an saol lena éirí as. Rud beagnach gan fasach. Bhí sé féin ag ceapadh nach raibh saol fada ina dhiaidh sin i ndán dó de dheasca a chúinsí sláinte. A bhí níos measa ná mar a tuigeadh, agus a d'fhág an tuairim aige nach raibh ar a chumas a oifig a chomhlíonadh mar is gá. Ach mhair sé beagnach deich mbliana eile. Rud faraor a thug deis do lucht an amhrais iarracht a dhéanamh feidhm a bhaint as i bhfreasúra leis an bpápa Proinsias. Uaireanta daoine gar dó féin ina measc. 

Chuir sé díomá orm, ainneoin a iarrachtaí féin gortghlanadh a dhéanamh i gcásanna mí-úsáide agus faillí Easpaig, go ndeachaigh sé i muinín léamh chúng dleathach nuair a bhí ceisteanna faoina iompar féin i leith sagairt a bhí faoi amhrais ina dheoise München agus é in oifig. 

Proinsias - Quirinale - Fearann phoiblí

San áit a raibh Benedict ina theagascóir ciúin machnamhach, tá Proinsias mar a bheadh ina shagart paróiste. Gar do na daoine. Ceachtanna foghlamtha aige ó bhotúin ceannaireachta a rinne sé sna hÍosánaigh. (Ach é uaireanta fós amscaí i gceisteanna pearsanra) 

Labhraínn sé óna chroí amach, seachas go staidéarach dlúth mar a rinne Benedict. Uaireanta soláthraíonn sé fuaimghreimeanna a léimeann na meáin orthu agus réabann as comhthéacs iad. Agus bíonn air féin iad a shoiléiriú ar ball. 

Ach tá a chuid caiticeasma ar an gCéadaoin agus an chaint a thugann sé tar éis Fáilte an Aingil ar an Domhnach cuiditheach nuair a chuirim an dua orm iad a léamh - tá fáil éasca orthu ar shuíomh na Vatacáine. 

Ag tús a ré bhí na meáin ag maíomh go raibh réabhlóidí ag athrú rudaí ó bhonn tagtha in áit an panzerkardinal caomhach cruálach. Ní féidir a shéanadh go bhfuil difríochtaí móra stíle agus pearsantacht eatarthu. Agus go gcuireann siad béim ar nithe éagsúla. Ach níl difríocht sa teagasc. 

Ní hionann Pápa agus a thuairisc sna meáin. Na meáin Chaitliceacha san áireamh. Ó tharla muide san anglasféar, cloisimid go leor trí phriosma Meiriceánach. Tá an siosma Meiriceánach ag réabadh an Eaglais thall mar atá sé ag réabadh an phobail. Agus eití naimhdeacha ann ag déanamh coinnealbhá foclach ar a chéile ag cothú fothram. Níl aon oidhre air ach an sliocht as aitheasc Screwtape a chum CS Lewis faoin dá chineál Fairisíneach in adharca a chéile. Dream amháin go daingean i gcoinne ginmhilleadh ach ar son pionóis an bháis agus srian ar inimirce. An dream eile ag déanamh ceart doshrianta de ginmhilleadh agus saoirse iomlán collaíochta. Iad araon dá réir in earráid leis an bpápa agus an teagasc. 

Tá an Pápa ann chun long na hEaglaise a stiúradh tríd stoirmeacha an tsaoil. Duine daonna, a dhéanfaidh botúin agus tuaiplisí. Ach go mbeidh an Spiorad naomh ag tacú leis. Faighim treoir agus sólás as an méid a scríobhann na Pápaí - ach bím airdeallach dul sa tóir ar an mbunrud agus aird a thabhairt ar an gcomhthéacs. Is maith ann chuige sin an idirlíon. Agus na leabhair! 

Tá nath ann, a d'úsáid Eoin XXIII ina imlitir - Ad Petri Cathedram

In necessariis unitas,
 in dubiis libertas,
 in omnibus caritas

Aontacht sna nithe atá riachtanach, saoirse sna rudaí atá amhrasach fós, carthanacht i ngach rud. 

Glacaim chugham féin an mana :

omnes cum Petro
ad Jesum 
per Mariam 

Cách le Peadar chuig Íosa trí Mhuire. 

Pápaire mé!