Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-11-12

Bleaist Eolaíochta

Creidim go bhfuil an Ghaeilge agus an teicneolaíocht araon ana
thábhachtach do todhchaí an Stáit, agus go bhfuil tionchar ag an dá rud
ar a chéile. Is taispeántas do bhunscoileanna atá i gceist leis an
Bleaist Eolaíochta ESB, atá á reáchtáil ag Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.

Le roinnt blianta anois tá lá ar leith á eagrú acu go na scoileanna
Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Bhí breis agus céad ochtó seastáin ann
nuair a bhí mé ann mar mholtóir i Márta 2024. Ceisteanna roghnaithe agus
cíortha ag na ranganna iad féin, le cabhair óna n-oidí. Gach rud ón gcré
fúinn go dtí an spás ós ar gcionn. Ní breith atá i gceist leis an
moltóireacht - ní comórtas atá i gceist. Feidhm an mholtóra ná na daltaí
a spreagadh, a bhfiosracht a chothú agus iad a neartú i gcuir i gcrích
an modh eolaíochta. Spreagtar iad nuair a thugann duine fásta, nach
múinteoir ná tuiste iad, aird ar a gcuid oibre, ag cuir ceisteanna agus
á phlé leo.  De bharr mo chúlra féin, is tograí a bhain leis an spás a
rinne mé moltóireacht orthu, ach bhí réimse leathan ann.

Ardú croí a bhí ann bheith ag plé le daoine óga fiosracha. Anuraidh, bhí
ionadaíocht ann ón gceathrú cuid de na Gaelscoileanna agus scoileanna
Gaeltachta.  Agus lón machnaimh! Bhí ceisteanna éagsúla á phlé acu, agus
dearcadh úr acu orthu.

Tá moltóirí á lorg arís. Is é 15ú Samhain an spriocdháta. Beidh Lá
speisialta do Ghaelscoileanna agus do scoileanna Gaeltachta ar an 6ú
Márta 2025, san RDS i mBaile Átha Cliath. Is féidir spéis a léiriú
anseo: https://app.smartsheet.com/b/form/05fa89a526e241958619a8080a09c138

Ó Ghleann go Gleann: litríocht na Gaeltachta

 

Emma Ní Fhíoruisce, Proinsias Mac a Bhaird,
Catherine Foley, Jackie Mac Donnacha

Bhí an dara ócáid ag IMRAM i gcomhar le Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath ar an Satharn. An uair seo i ndrioglann na Saoirse.

Litríocht na Gaeltachta. Bhí Diane Ní Canainn le tionlacan ceoil a thabhairt, ach tá sí tinn. (Biseach luath gan iarmhairtí uirthi!) Ina háit tháinig Emma Ní Fhíoruisce aduaidh, bean óg a fáisceadh as an Crannóg agus a rinne staidéar ar an gceol i mBriostó. Amhránaí agus scríbhneoir /aistritheoir binn. Chuir sí tús agus deireadh leis an ócáid le rogha amhráin dá cuid - ón traidisiún Conallach, óna haistriúcháin ar leithéidí Marvin Gaye nó Bob Dylan, nó óna cumadóireacht. Is iontach Ar ais go Gaoth Dobhair a d'fhás as an cumha a bhí uirthi i mBriostó.

Cé gur mar scríbhneoir próis a chuir mise aithne ar Jackie Mac Donnacha, is file freisin é, file saoil agus pobail. Léigh sé as a chnuasach Gaineamh séidte. Dánta teaghlaigh. Cuimhní cinn. Agus dánta fíochmhara fríth chogaidh. Agus é truamhéalach go bhfuil na dánta céanna tráthúil blianta fada tar éis a scríofa.

Dánta teaghlaigh agus pobail ag Catherine Foley ón Rinn, Gaoluinn ceolmhar na Rinne ag trácht ar mharú maicréal agus nithe áitiúla eile ar nithe uilíocha iad.

Léigh Proinsias Mac a Bhaird dhá sliocht as Flaitheas - a úrscéal faoi óige Cholmcille. Sár léitheoir é Proinsias. Beag nár bhraith mé anáil na bhfaolchon ar chúl mo mhuiníl. Nó an teannas i gcúirt an rí agus agairt Fhinnian i gcoinne Cholmcille á mheá.

Agus murar leor sin, léigh sé dornán dánta dá chuid, gruaim grá agus greann iontu. 

Ard oíche ar fad. Imram abú. 

2024-11-10

Mórléamh IMRAM


Réaltán Ní Leannáin, Seán Ó Cadhain,
Colm Ó Ceallacháin

Tá Féile IMRAM linn arís, agus an gobadán ag iarraidh cúpla tráth a fhreastal. Rud a chiallaigh go raibh mé i gclólann Caisleáin Bhaile Átha Cliath ardtráthnóna inné. 

Léamh i bpáirt le Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath. Triúr a bhí le léamh. 

Léigh Colm Ó Ceallacháin sleachta óna úrscéal staire ailtéarnach, Fiche. Deachtóireacht míleata i réim. Lánúin ag iarraidh a ndán féin a oibriú amach.

Léigh Réaltán sliocht as scéal géar greannmhar nua faoin gceathrú muc. Is thug aitheantas d'ollscoil Bluesky as cabhrú léi an téarma cuí a aimsiú. Greann agus gaois. Le foilsiú ar Aneas. 

Ar chúis éigin, d'éalaigh sé uaim go raibh leabhar foilsithe ag Seán uasal Ó Cadhain. Léigh sé giotaí as na scéalta, greann séimh gearrthach. Léamh den scoth a thug sé, ag mealladh neart gáire ón slua.

Soláthar smaointeoireachta. Agus deis teagmháil le pobal liteartha na Gaeilge. 

Gura fada buan IMRAM. 

2024-11-09

Sreang órbhuí ceoil


Is aoibhinn liom na coirmeacha a eagraíonn IMRAM le ceoltóirí mór le rá trascruthaithe go Béarla. Agus cé nach Swiftie in aon chor mé, is Seoighí go smior mé. Bhí ticéid ceannaithe agam dá réir, na míosa ó shin, do Sreang dofheicthe - dom féin agus don déagóir.

Bhíomar ann breá luath, chaitheamar béile Seapánach i Sushida roimh ré. Cionn is go raibh suíocháin i lár báire againn, chuamar isteach a luaithe agus a osclaíodh na doirse. Diaidh ar ndiaidh líon an amharclann, a formhór baineann agus i bhfad níos óige ná mé. Níor aithin mé oiread daoine agus a dhéanfadh de ghnáth. Bhí slua mór páistí le chéile. 

Is í Jessie Dingle agus a giotár a chuir tús le himeachtaí le seit acústach. Ó tharla nach bhfuil cuir amach agam ar ouevre Swift ná ar an dá albam a bhí i gcroí an seó Folklore agus Evermore níl mórán gur féidir liom a rá faoi dílseacht nó a mhacasamhail. 

Saol an baile beag tuaithe Meiriceánach atá i gceist, má thuig mé cur i láthair Liam Carson i gceart. Grá agus crá. Luaigh Róisín Seoighe triantán grá le cuid de na hamhráin a thraschruthaigh sí féin. 

Mar is iondúil, bhí an file físe Margaret Lonergan ag tionlacan na hamhráin le híomhánna ar scáileán mór, leis na liricí Gaeilge orthu. Cumasc de pictiúir de Taylor Swift, ealaín ó na meánaoiseanna agus tírdhreacha agus cathairdhreacha, ag béimniú na liricí. 

Tráthúil go leor, os í a tharraing aird a hathair ar Taylor Swift, chan Eithne Carson dhá amhrán go binn freisin. I misniúil ina gúna cródearg gairid is riteoga dubha. 

Ach ba le Róisín Seoighe an oíche. Í ag canadh lán mothúcháin, ag baint feidhm as fad corda an mic le siúil thart agus pas beag aisteoireachta. 

Nós Taylor Swift á leanúint aici, trí fheisteas ar leith. Gúna fada bán i dtosach, agus cairdeagan bán - tráthúil go leor agus amhrán den teideal sin á chanadh aici. Tar éis an tsosa gúna fada donn is buataisí go glúin. Agus don finale gúna lonrach ar ghlaise an bhuidéil. Faoi sin bhí an trí rang cailíní óga téite suas go maith aici agus thionlacan a caintearacht í do Seaimpéin fadhbanna agus amhrán bríomhar bogadh bogadh bogadh. 

Ba Neil Ó Briain agus Cian Mac Cárthaigh an leagan d'IMLÉ a bhí ar stáitse le réimse giotár agus draíocht ón ríomhaire - agus sheinn Neil ildánach amhrán amháin ar an méarchlár. Sheinn Cúán de Búrca cúpla rian ar an méarchlár freisin.

Ard oíche. Agus an Ghaeilge mar chuisle tríd. 

Tá dóchas agam gur cheangal an ócáid roinnt sreanganna órbhuí dofheicthe idir an lucht éisteachta agus an Ghaeilge! 



2024-11-08

Uisce thar talamh

Córas uisce Chnoc Mheilearaí 

Bhí cosán beartaithe agam do mo shiúlóid sna Cnoic Mhaoldomhnaigh, Slí Dhéagláin a leanacht go dtí pointe áirithe agus ansin gearradh trasna agus siúl fá na beanna. Ach ar mo shlí suas thug mé faoi deara slabhra taiscumair, agus bothán cuanna cloiche. Ansin chonaic mé go raibh conair go dtí an foinse marcáilte, agus go raibh an foinse marcáilte ar mo léarscáil ag cumar trí sruthán faoi bhun Cnoc na gCnámh. Bheartaigh mé an cosán a leanacht agus dreapadh uaidh sin.

Thug mé faoi deara go raibh an t-uisce anois i trinse a bhí gearrtha díreach trasna an portach. B'fhéidir troigh ar leithéid agus doimhne, leacracha faoi agus ar na taobhanna. Leac mar droichead thairis anois is arís.

De réir mar a tháinig mé i ngaireacht don bhfoinse, bhí m'ionadh ag borradh. Bhí an cuma air go raibh an uisce ag dul in aghaidh an fána. Agus bhí.

Ní raibh aon inneall i gceist áfach, is leor an domhantarraingt agus sruth an trí feadán ón sliabh chun an cnoc a shárú. 

Éacht innealtóireachta a cuireadh i gcrích, dar leis an leabhrán staire a cheannaigh mé sa siopa féiríní sa mhainistir, ag an bráthair Vincent Stapleton in 1887. Ní hamháin gur chuir an scéim fíoruisce ar fáil do na manaigh agus a bhfeirm ach bhí trealamh á thiomáint ag cumhacht an uisce - go díreach, agus go hindíreach tríd aibhléis a ghiniúint.

Ní cosúil go raibh aon oiliúint foirmiúil ar an mbráthair ach tá sé follasach go raibh samhlaíocht agus bua aige. 

Do chum glóire Dé.... 

2024-11-07

An Páipéar

Ar an raidió a chuala mé an deá-scéala go raibh dream díograiseach tar éis tabhairt faoi ghníomh dóchais, i. Nuachtán Ghaeilge a chuir i gcló. Chuaigh mé á lorg ar líne. Ní mór dom a rá nach dóigh liom gur rogha maith An Páipéar ó thaobh infhaighteacht ar líne!

Fuair mé mar sin féin é, agus ghlac mé síntiús don eagrán clóite.  B'fhéidir go raibh sé de cheart agam iarracht a dhéanamh áitiú ar siopa áitiúil é a fháil, mar a rinne mé le Gaelscéal agus Lá - ach tá mé éirithe falsa.

Tháinig sé sa phost cúpla lá ó shin.

Tá sé tanaí go maith, ach tús maith atá ann mar sin féin. Luaigh Síle Ní Choncheanainn ar Thús Áite gur shíl sí é bheith claonta beagán. Ar ndóigh bíonn a chlaonadh féin ag gach eagraíocht. Ní an suíomh iomlán i bhfeidhm fós, mar sin níl eolas cúlra faoi Gaelmheáin - an cuideachta a fhoilsíonn é - ar fáil fós. Caoimhín Ó Cadhla an fear eagar, agus tá altanna leis an staraí Kerron Ó Luain, le hEoin Ó Murchú, agus le  Máire Úna Ní Bheaglaoich i measc daoine eile sa chéad eagrán. Tá comhfhreagras ann freisin. Gaeil, den eite chlé, lonnaithe i mBaile Átha Cliath. 

Is linne (pobal na Gaeilge) an nuachtán seo
Eagarfhocal, Caoimhín Ó Cadhla

Mian bhreá. Ach an ann do phobal - seachas pobail - na Gaeilge? Sin a chruthóidh an bhfuil bunús faoin dtogra seo - an féidir líon leordhóthanach léitheoirí - atá sásta íoc - a mhealladh. Guím gach rath ar an dtogra, agus tá súil agam go gcuirfidh Caoimhín a dhán ar an méar is faide is féidir - i. ballraíocht i gcumann iareagarthóirí na n-iar-nuachtáin Gaeilge.

Tá tús maith déanta, ar aon nós, Dé réir a chéile a tógtar na nuachtán.

Anrocomraircnicsiumairne

 Ocht sillaba isan focul is mo isan Gaedilc, ut est, fiannamailcecheterdarai
& anrocomraircnicsiumairne, & rl.

Auraicept na n-Éces (Uraiceacht na nÉigise) 

Anrocomraircnicsiumairne,
Thomas Keyes, 2024

anrocomraircnicsiumairne: gach botún a rinneamar
᚛ᚐᚅᚏᚑᚉᚑᚋᚏᚐᚔᚏᚉᚅᚔᚉᚄᚔᚒᚋᚐᚔᚏᚅᚓ᚜
 

U679.2. Anno Domini .dc.lxx.uiii.
Cenn Faelad m. Ailella m. Baetain sapiens pausauit.

Tráthnóna dé Máirt bhí mé i láthair in Acadamh Ríoga na hÉireann agus saothar ealaíne á bhronnadh ar an Acadamh. Saothar ealaíne a cruthaíodh mar chuid den dtogra OPal+, togra a bhfuil an cúram air feasacht faoi Ogham, agus go háirithe torthaí an togra Og_h_am a scaipeadh.

Thomas Keyes an t-ealaíontóir - fear a thosaigh a ghairm ag scríobh ar bhallaí ach ar saineolaí anois é ar scríobhaithe agus lámhscríbhinní na meánaoiseanna, agus é ag cruthú saothair ealaíne ag baint feidhm as na modhanna traidisiúnta.

Ba é David Stifter Ollscoil Mhá Nuad fear an tí, comhoibriú idir Ollscoil Glaschú agus Má Nuad atá i gceist leis an dá thogra.

Thug an Dochtúir Deborah Hayden  léargas ar ogham, agus go háirithe a úsáid síos tríd na blianta, go dtí an lá inniu féin. (Tá fáil air i Unicode. Bhain mé feidhm as ᚛ᚐᚅ ᚄᚒᚔᚑᚋᚆ ᚄᚓᚑ ᚜ don sliocht thuas. Labhair Deborah faoi na nótaí imill, agus úsáid oghaim i lámhscríbhinní chun eolas a cheilt ar an ndaoscarshlua. A mhalairt de chuir cuige ag scoláirí an lae inniu - flosc orthu ag roinnt agus ag scaipeadh eolais, agus as sin Opal+ agus an saothar ealaíne. 

Is i leabhar Bhaile an Móta atá ceann de na cóipeanna is iomlán den Auraicept. Saothar a leagtar, i measc údair eile, ar Cenn Faelad. Ní cuimhin liom a scéal seisean a chlos cheana. Is cosúil gur goineadh sa cheann é ag Cath Mhá Tuireadh. Rinneadh smidiríní dá inchinn dearmaid, agus bronnadh cuimhne eisceachtúil air dá réir. 

Tá scéal cruthú na Gaeilge as fuíoll na dTeangacha iar Bháibil san Uraiceacht. Éacht a rinne Fenius Farsaid. 

 “Féach,” arsa an Tiarna, “aon mhuintir amháin iad le haon teanga amháin acu go léir. Níl sa mhéid seo ach tús na mbeart a dhéanfaidh siad; níl aon ní dá bhfuil acu á bheartú nach bhféadfaidh siad a chur i gcrích.
Tugadh Báibil uirthi uime sin mar go ndearna an Tiarna cíor thuathail de theangacha an domhain go léir ansiúd; agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne go léir.

Thug na rudaí seo ar fad inspioráid do Thomas Keyes. Ach ní hamháin go ndeachaigh sé in ngleic leis na focail i leabhar Bhaile an Móta, ach - mar a léirigh sé ina chaint spreagúil - le déantús an leabhair. 
Pár réitithe ar an dóigh céanna, le haol agus uisce. Scríobadh cúramach. Thug sé suntas do ghnéithe den obair - a laghad damáiste atá sa phár, fianaise dar leis ar úsáid uisce ina raibh go leor aoil, agus ar bhealach nach mór tionsclaíoch - níl mórán dochar déanta ag mionchlocha, mar a bheadh i sruthán ann. An scríbhinn féin. Dar leis, bhí na grafnóirí ag obair ar luas lasrach - ach bhí an caighdeán ard agus leanúnach, gnéithe de ar féidir iad a rianadh siar go dtí an naoú aois. Traidisiún caomhach - mar atá, dar leis, ag ealaíontóirí graffiti an lae inniu. An dóigh a déantar taganna múnlaithe i Nua Eabhrac na n-ochtóidí faoi chúinsí ar leith (Tá briathra na fáithe le léamh ar bhallaí an Subway). Na taganna fós amhlaidh ach na cúinsí athraithe. 

Déantús ceimice dúiche - idir dubh agus daite. Léargas iontach. 

Sa phíosa féin, tá ainm Nemruadh in ogham nua-aoiseach trí thoiseach, agus túr úr Báibil i mBaile Átha Cliath. Tagairtí do armas na cathrach. Do húdair an Auraicept. Do healaíontóirí graffiti thuaidh is theas. 

Uraiceacht ann féin an saothar, breac le noda ar gá eolas len iad a scaoileadh! 

Adrodimes do no dosum anísin o ua brathar a athar o fuillter go mad tor Nemruaid he ar chena. 





2024-11-02

Ó do bhíos-sa lá 'bPort Láirge

Bhí mé i bPort Láirge thart ar a trí tar éis teacht ar an mbus ó Cheapach Choinn tríd Dún Garbhán. Ach ní raibh an traein le bheith ann do dtí 18:25, agus bhí an traein roimhe díreach imithe.
Bhí an bus gafa i Sráid Pharnell nuair a chonaic mé an litreoireacht cuanna ar fhoirgneamh tréigthe an CYMS. Bhí an bus ag stopadh i Sr. Pharnell cibé, mar sin léim mé de chun pictiúr níos fearr a fháil. Bhí sé i gceist agam aghaidh a thabhairt ar iarsmalann nó dhó ansin, agus greim bia d'fháil. 
Ach go tobann thuig mé go raibh mo hata fágtha ar an mbus agam. Abhae liom de thruslóga fada diana go dtí stáisiúin an bhus ar na céanna cois Siúire. D'aimsigh cigire. Reic mo scéal. Dúirt sé liom go raibh an bus díreach imithe - do Dún na nGall...
Ag magadh a bhí sé ar ndóigh, cé gur ghlac sé meandar orm sin a thuiscint. Ní fada go raibh mo hata ar mo cheann agus mé ag siúil ar ais i dtreo Túr Raghnaill. Shíl mé iarsmalann Lochlannach a bheith ansin. Bhí dul amú orm. Timpeall an chúinne i lána na mBráithre Liatha a bhí na hiarsmalanna. Réaltacht fíorúil a bhí i gceist leis an gceann Lochlannach, rud nach raibh fonn orm tabhairt faoi. Músaem na Meánaoiseanna mar sin.
Ó siléar na fíona thar cúpla urlár trí stair Gallda Port Láirge - an chuimse cairteacha a bhronn an Rí seo agus siúd ar buirgéisigh dílse na cathrach. Ina measc, an chéad cáipéis as Béarla in Éirinn - seachas Fraincis Normannach nó Laidin.
 
Claíomh ó Ré Chromail agus dealbha ó eaglaisí na Meánaois a chuireadh i bhfolach óna dhrong mar meabhrú nach i gcónaí a bhí dílseacht do Sasana chun leasa na cathrach. 

Gné amháin cineál Gaelach - fuinneog ina raibh éide Aifrinn de chuid Seathrún Céitinn. Agus cóip dá mhórshaothar - as Béarla! (R-phost scríofa faoi sin)

Chuaigh mé ag siúl na sráideanna ansin ag lorg greim bia. Is maith liom ealaíon sráide Phort Láirge - tá cuir chuige córasach acu tithe a mhaisiú. Faoi dheireadh chaith mé proinn i gCafé Goa ar na céanna, agus thug aghaidh ar an stáisiún traenach agus an mbaile.

Bheadh fonn orm filleadh agus súil a chaitheamh ar mhúsaem na hama, agus músaem an tórraimh. Agus an réaltacht fíorúil féin, b'fhéidir.

duibithir éc


Agus mé i Port Láirge (blagmhír níos iomláine ar na bacáin) chonaic mé an éide Aifrinn thuas arbh le Séathrún Céitinn, údar Foras Feasa ar Éirinn, é tráth. Níl an dath liotúirgeach dubh in úsáid mórán ón leasú a lean Vatacáin II - is túisce bán á chaitheamh ag Aifreann éagnairce, agus dearg ar Aoine an Chéasta. Ach inniu Féile na nAnamnacha  Uile. Bhí mé ar Aifreann. As Laidin a deir an sagart áitiúil Aifreann an tSathairn de ghnáth. Agus bhí éide dubh á chaitheamh aige. Dath an bháis agus an dobrón a leanann é.

duibithir éc. 

Éanna Corr - Fainic Scéalmhilleadh!

 Fainic: Tá fúm gnéithe den scéal a phlé anseo.

Insítear an scéal ó dearcthaí éagsúla - Éanna féin, Síomóin - an buachaill a earcaíonn é isteach san Teampall Nua, a dheirfiúr Brídín, agus Louise, cailín a dhéanann Éanna iarracht an chluain a chuir uirthi.
 
Ar an gcéad dul síos, ní mór dom a rá gur bhain an teanga a chuireann Antain ar bheola lucht na Teampaill croitheadh asam - caint ar an Bhunaitheoir, agus araile, caint í sin a bheadh coitianta i neart gluaiseachtaí san Eaglais Chaitliceach Rómhánach - cuid a chuaigh ar strae go dona, cuid atá dílis do Phápa agus teagasc. Ach fiú an chuid is fearr acu, is féidir leo ding a chruthú idir duine agus a mhuintir, mura dtuigeann nó mura ghéilleann a mhuintir dá chleachtas nua. 
 
"An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom; agus an té nach nglacann a chros agus mise a leanúint, níl sé diongbhála dom."

Matha 10:37-38

Nuair a éiríonn le Bunaitheoir é féin a chuir in ionad Críost, bíonn mísc.
 
'A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol. '

1 Eoin 4:1

Saobhghrá, grá le cloch sa mhuinchille, a thugann Éanna isteach sa Teampall Nua - feiceann sé cúram agus searc á léiriú ag "tuismitheoirí" Síomóin do Shíomóin - nuair atá sé féin faoi dhaorsmacht athair nach bhfuil meas aige air, agus máthair atá lagaithe ag a athair. Is beag searc agus is lú cúram a fhaigheann sé. Tá a dheirfiúr Brídín tar éis é a thréigean, ag iarraidh í féin a shlánú agus obair mar iriseoir - agus teorainn leis an méid ar féidir léi a bhaint amach ar aon nós toisc gur ag a hathair a bheadh na cearta de réir dlí agus d'imreodh.
 
Nuair a léiríonn Ana agus Val, tuismitheoirí - más fíor - Síomóin an cúram agus searc céanna dó féin, mealltar Éanna. Cuireann siad feabhas ar a shaol, tugann sé cúram níos fearr dó féin agus cuirtear lena féin mhuinín. Ní haon ionadh fáilte fuar aige d'iarrachtaí a dheirfiúr  fainic a chuir air maidir leis an dTeampall Nua.

Éiríonn le Brídín áfach na fíricí a chuir ar a shúile do Síomóin - agus scriosann seisean an iarracht a dhéanann Éanna an chluain céanna a cuireadh air a chuir ar Louise. Miangas measctha tríd an dualgas agus brú ón dTeampall ag feidhmiú ansin.
 
An dóigh go teasctar Éanna ach go ndéantar gach iarracht Síomóin a "cheartú", tá boladh na fírinne air.  Mar sin a fheidhmíonn seicteanna. Tá ollsmacht le caomhnú.  Ní fiú trioblóid le núíosach, ach caithfear cuir ina luí orthu siúd atá domhain sa seict gan an lámh a bhaint den gcéachta - ar mhaithe leis an sampla, agus freisin toisc go bhfuil barraíocht ar eolas acu.

Tá cuir chuige Brídín iontach cliste agus éifeachtach - ag tabhairt deis do Síomóin an fhírinne a aimsiú, ach gan í bheith ag argóint leis - díreach ag cuir ar a chumas an scéal a thuiscint dó féin, nuair a dhiúltaíonn Éanna scun scan dá hiarrachtaí  - é dallta ag an lúcháir a thugann a shaol nua dó.

Tugann na dearcthaí éagsúla seo deis don údar pictiúr iomlán a tharraing  gan bheith ina Dheus ex machina, ná ina saoi uilefheasach. Thar a bheith éifeachtach mar chuir chuige.
 
 
 

2024-11-01

Iomthúsa Aonghusa ar Shlí Dhéagláin

Bhí cúpla lá saoire le tógáil agam roimh deireadh na bliana. Ó tharla an Luan saor cibé ghlac mé an Máirt agus Céadaoin saor. Céard le déanamh? B'shin an cheist. Thaitin an blaiseadh de Shlí Dhéagláin a fuair mé sa Meitheamh liom. Agus ansin nuair a fuair mé amach go bhfeadfaí fanacht i Mainistir Chnoc Meilearaí bhí mo chinneadh déanta.
 
D'fhág mé an baile (ró-) luath maidin Luain ar an 133 go Busáras. Bhí sé i gceist agam bricfeasta friochta a chaitheamh i lár na cathrach a choinneoidh ag dul mé go tráthnóna, seachas roinnt mion sólaistí a bhí ar iompar agam.  Thóg mé an Luas ó Busáras chomh fada le Jervis dá réir agus bhí bricfeasta breá agam i
gCaifé Lemon Jelly. Bhí súil agam deis a bheith agam Aifreann a éisteacht ina aireagal na Sacraiminte Ró Naofa, ach ainneoin a dúirt Google bhí siad iata go dtína 10:30, de bharr an Lá Saoire Bainc.

Shúil mé i dtreo Heuston, ar an seans go beadh séipéal eile ar na céanna ar oscailt agus Aifreann á rá. Ní raibh. Caife eile i Heuston mar sin, agus fanacht ar thraein Phort Láirge. Beagán thar dhá uair a chloig a thóg an turas traenach - bhí mé ag scríobh ar mo ríomhaire glúine ar mo chompord, rud a ghiorraigh an turas. Na cluasáin istigh toisc go raibh foireann óg peile sa charráiste!

An tSiúir a thrasnú ansin i bPort Láirge go dtí stáisiún na mbus. Fanacht tamall ar bhus Chorcaigh. Tuirling i nDún Garbhán. Uair a'chloig le feitheamh ar bhus nasc áitiúil go Ceapach Choinn. D'fhág mé Heuston ag 10:15 agus bhí mé i Ceapach Choinn thart ar 15:30. Ach bhí sé ciliméadar fós le dul. Bhí sé i gceist agam tacsaí a ghlacadh ó Cheapach Choinn toisc go raibh orm bheith ag an mainistir roimh a cúig. Ach chlis aip Freenow orm - níl aon chlúdach, is cosúil. acu i gContae Phort Láirge. Thosaigh mé ag siúl mar sin, ach an ordóg amuigh agam nuair a bhí carr ag dul mo threo. Faoi dheireadh, agus thart ar 1.5 siúlta agam stop fear óg agus chroch leis chun na mainistreach mé. Fuair mé eochair mo sheomra agus treoir chuig an teach aíochta sa mhainistir. Bhí sé roimh 16:30. Seomra le dhá leaba, seomra folctha ann.
 
Tráth easpartan ag a 17:45. Tá dhá séipéal sa mhainistir, séipéal an phobail atá beag íseal agus séipéal an chomhluadar atá mór ard agus oiriúnach do chanadh na tráthanna. D'aithneofá ar an ngorm gur ó stiúideo Harry Clarke a tháinig an fhuinneog mór. Léiriú ar chorónú Mhuire.  Seisear nó mórsheisear manach a chonaic mé ag canadh na tráthanna fad is a bhí mé ann; agus scaití tionlacan ó bhean ar an orgán. 
Tar éis na hEaspartan bhí suipéir curtha ar fáil i bproinnteach an teacht aíochta - sceallóga, trátaí friochta, ispíní is bagún. Bhí sás déanta tae agus caife ar fáil i gcónaí. Coimpléid um a hocht. Clabhsúr leis le canadh an Salve Regina - as Laidin.  (As Béarla a bhí na hamhráin agus léachtaí ar fad seachas sin). Ardú croí agus meanman. 
 
Chuaigh mé a luí ansin, aláraim socruithe ar an bhfón agam chun éirí don bigil ag 4:30. Ní raibh gá leis - réab cloig na mainistreach as mo shuan mé. Leathuair nó mar sin san séipéal ag éisteacht le cantaireacht agus léachtaí. Thar nais a luí ansin go dtí na moltaí ag 7:00. Aifreann ina dhiaidh sin agus ansin bricfeasta. Réitigh mé mé féin chun siúl ansin. Bhí sé i gceist agam imeacht tar éis tráth terce. Tharla áfach go raibh na manaigh ar fad gafa agus nach raibh éinne ann chun é chanadh. 

Bhí ceo ag scaipeadh agus mé ag dul ar bhealach Dhéagláin i dtreo Chaisil. 
 
Cosáin agus bóithre coille go dtí go raibh mé amuigh ar talamh oscailte. Bhí plean beartaithe agam roimh ré (agus ráite le mo nuachar) - an líne bán ar an léarscáil thíos. Nuair a chonaic mé áfach go raibh cosán márcáilte go dtí foinse uisce Chnoc Mheilearaí, bheartaigh mé sin a leanacht in ionad. (Líne dearg thíos). Trinse cloiche, chomh díreach le rialóir trasna an phortaigh is ea an canáil a thugann uisce chuige mainistir agus feirm. Bhí mé tar éis teacht thar sraith taiscumar níos ísle. Rinne mé iontas den canáil, toisc go raibh an cuma air, gar don trí sruthán is foinse dó, go raibh an t-uisce ag dul in aghaidh an fána. 
Is cosúil go bhfuil fórsa go leor sna srutháin le sin a bhaint amach.
 
Ón gcumar ag a bhfuil an foinse thug mé aghaidh ar an gcnoc oscailte, ag siúl i línte nathrach go barr Cnoc na gCnámh. Bhí sé ceomhar arís, ach ní raibh imní orm toisc go raibh léite agam go raibh fothrach balla fán barr chomh fada le Cnoc Maoldomhnaigh. Chonaic mé an t-uafás Dónall (nó Máirín?) an chlúimh. 

Ar an slí suas, nuair a scaip an cheo, bhí radharc ar machairí méithe na Mumhan thíos fúm, ar Abhainn Mhór na nDéise ag lonrú faoin ngrian agus amach uaim an fharraige mór. Bhí an ceo ag scaipeadh agus ag tiubhú de réir mar a chuaigh mé ar aghaidh. Bhí an grian láidir, agus bogha le feiceáil sa cheo.


 Tháinig mé ar an mballa, agus chas ar chlé i dtreo Cnoc Maoldomhnaigh. Síos isteach i mbearna idir an dá sliabh agus ansin dreapadh sách géar i dtreo an mullaigh. Chonaic mé dreoilín gar do Shuí an Dreoilín! (Léarscáil East-West agam, agus logainmneacha i nGaeilge nuair  a bhí fáil orthu)
Bhain mé amach an mullach. Bhí athair agus a mhac óg romham - é féin agus an leaid óg, 6 bliana d'aois, agus obair ar na pointí is airde san 32 contae a bhaint amach diaidh ar ndiaidh. Bhíomar os cionn na scamaill.  Chonaic/rinne mé scáil an Bhrocain don gcéad uair i mo shaol. (Sé sin, bhí an ghrian laistiar díom, scamaill fúm agus mo sċail le luain thart air le feiceáil.)
 
D'imigh athair agus mac, tar éis dúinn an gar a dhéanamh dá chéile agus pictiúir a ghlacadh. Tháinig fear ón bPolainn agus a mhadra ina n-áit. Nuair a bhí seisean ag réiteach a shorn chun dinnéar a atéamh, thug mise m'aghaidh ar na shleasa ó thuaidh. Síos liom i líne nathrach i dtreo an bhóthair. Tá carraig Aifreann ar na sleasa sin, a bhfuil radharc i bhfad uathu - ach ní dhearna mé tréaniarracht é a aimsiú. Bhí róslabhras fairsing ar na shleasa ísle.
 
Lean mé an bóthar ansin go dtí gur bhuail mé le Slí Dhéagláin arís ag an mbearna buí - fós ar bhóithre go dtí gur bhain mé imeall críocha na mainistreach amach. Bóithre feirme tríd coillearnach agus goirt ansin go dtí go raibh mé ar ais sa mhainistir. Bhí am agam cith a bheith agam ar mo shuaimhneas sula raibh sé in am easpartan. Chaith mé súil freisin ar an siopa agus an ionad oidhreachta, ina bhfuil cúig chinn de clocha oghaim a tugadh ann as láthair eile.
 
Ina dhiaidh sin chuaigh mé ag lorg béile i gCeapach Choinn le mo dheirfiúr agus a nuachar, a bhí ag taisteal thart i veain s'acu - socrú a rinneadh ar WhatsApp níos luaithe sa ló. Ach ní raibh proinnteach ar bith oscailte i gCeapach Choinn. Mar sin, is sa ghreim gasta ag ithe ceibeab a leaindeáil muid. Bhí sé maith go leor.
 
Thug siad ar ais chun na mainistreach mé in am do coimpléid, agus ansin chuaigh mé a luí. Bigil san oíche arís, Moltaí agus Aifreann ar maidin. Mórsheisear manach a chonaic mé agus mé ann. Bricfeasta maith tar éis Aifrinn, agus tar éis terce  thug mé faoi Shlí Dhéagláin i dtreo na hAirde Móire.  
 
Ar bhóithre agus ar bhóithre glasa is mó a bhí sé chomh fada leis an Lios Mór. Ag caisleán Leasa Mhóir chas mé ar chlé agus lean an abhann ar feadh seal go dtí go raibh orm é a fhágáil agus dul ar bhóithre go dtí Ceapach Choinn.

Bhí mé díreach in am do bhus nasc áitiúil go Dún Garbhán nuair a shroich mé Ceapach Choinn ag 13:30. Thart ar deich nóiméad ag fanacht i nDún Garbhán ansin ar bhus Expressway go Port Láirge. Ar an ndrochuair, ní raibh traein níos luaithe ná 18:25 ar fáil. Mar sin, bhí mé i mo thurasóir i bPort Láirge ar feadh seal - blagmhír ann féin. 
 
Traein - Luas - Bus - Baile.
 
Dóibh siúd ar spéis leo costais:
  • Ticéad fillte go Port Láirge, ceannaithe ar líne - €26.78
  • Bus expressway, ceannaithe ar líne, Port Láirge <-> Dún Garbhán - 11€ x 2
  • Bus nasc áitiúil le cárta Leap - €1.40 x 2
 Deontas a iarrann an mainistir, thugadh treoir 55€ san oíche dom. Bheadh trí bhéile isló san áireamh, dá mba mhaith leat sin. 
 
Suaimhneas agus áilleacht dúlra ar feadh cúpla lá.
 
Deo gratias
 
  •