Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label saoirse cainte werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label saoirse cainte werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-11-19

táimse mo chola is ní theastaíonn uaim a bheith 𝙒𝙤𝙠𝙚

Teideal goidte ó Viva liobarnach le Súil Amháin.

Is éard is brí le Woke ná múscailte, i mBéarla na nAfrai-Mheiriceánach - awake sa Bhéarla caighdeánach. Le himeacht ama tháinig brí polaitiúil le Be woke - Bí múscailte. Bheith comhfhiosach faoi chearta - i dtosach cearta na nAfrai-Mheiriceánach, ar ball cearta mionlaigh éagsúla. 

Ach le tamall is ón eite dheis agus mar mhasla tarcaisneach a cloistear an focal Woke. Lipéad a bhuailtear anuas ar gach rud nach maith leo atá athraithe.

Feictear dóibh, le teip an dá reifreann abhus agus le toghadh Trump thall, cóir gaoithe a bheith leo ina gcrosáid frith-Woke.

Beidh fhios ag léitheoirí an bhlag seo go bhfuil mé féin caomhach i gceisteanna sóisialta. Go gcreidim go bhfuil an beatha le cosaint ó choimpeart go síothlú nádúrtha. Go bhfuil fireann agus baineann ann, agus gur eatarthu, i bpósadh buan dílis idir bheirt, oscailte do atáirgeadh, amháin atá collaíocht dlisteanach.

Ach mairimid (fós) i ndaonlathas agus ní hé sin tuairim an móraimh. Agus ar aon nós ní féidir a leithéid de idéil a chuir i bhfeidhm le lámh láidir an dlí - nuair a déantar iarracht ar sin eascraíonn éagóir, fulaingt agus pian - a chuireann ní hamháin na daoine atá thíos leis an dlí as a riocht ach freisin iadsan a chuireann an dlí i bhfeidhm toisc go ndalltar iad ar dhaonnacht na daoine a thagann salach ar an ndlí. 

Dúirt Chesterton tráth gur síor athnuachan is gá don caomhach - más mian leat cuaille bán a bheith bán, caithfidh tú dath a chuir air go rialta.

Tá gá le hathnuachan ar an bpobal. Tá gá le smaointe caomhacha a mhíniú, agus gan iarracht a dhéanamh iad a bhuaileadh ar an phobal le lámh láidir dlí nó bachall easpaig.

Caithfear léiriú nach cruálacht gan bunús atá i gceist leo, ach leas an duine agus caoinfhulaingt ceart.

Tá teir ar na tuiscintí traidisiúnta de dheasca fimíneacht agus cruálacht agus caithfear na coilm agus créachtaí sin a leigheas.

Ní cogaí cultúir atá de dhíth - ná sluaghairm maslacha trodacha, ach cúram dá chéile, agus meas ar a chéile ainneoin difríochtaí. 

As lor liom ꝗ laḃrꝫ de sin


2024-04-23

Cad is gríosú chun fuatha ann?


Bhí mír ar Thús Áite inné faoi cosc agus lámh trom péas círéibe Bheirlín ar agóid bheag a bhí á reáchtáil trí Ghaeilge. Ní raibh na péas sásta go mbeadh caint i dteanga nach raibh ar a gcumas tuiscint, chun bheith cinnte nach raibh gríosú chun fuatha i gceist. Nó sin a mhaígh siad ar aon nós. Is cosúil go raibh leaganacha éagsúla ag péas éagsúla - ach go raibh siad diongbháilte deireadh a chuir leis an bhfo-agóid seo ag grúpa beag. 

Measaim féin go raibh an agóid thar a bheith éifeachtach, ó tharla go bhfuil caint ar abhus ar a laghad - theip orm aon tagairt a fháil i meáin na Gearmáine. Is beag iontas é sin, áfach, ó tharla go bhfuil na mílte ag agóid thall faoi ceist ionradh Gaza. 

De bharr na staire, tá sé fréamhaithe go domhain i dtuiscint pholaitíochta na Gearmáine gur gá seasamh le hIosrael. É ráite ag an seansailéir Scholz gur "deutsche Staatsräson" (Nath nár chum sé féin) slándáil Iosrael. Fiú an taz - nuachtán den eite chlé a léim altanna ann, tá siad ag cáineadh ionradh Hamas go géar ainneoin a gcáineadh ar freagra thar fóir Iosrael.

Ach feiceann siad gríosú chun cinedhíothú sa mhana "ón abhainn go dtí an muir".

Ní ceart agus éigeart cás na Pailistíne atá fúm a phlé, ach ceist an chaint gríosaitheach. 

Tá bille fuathchainte á phlé san Oireachtas. Is cosúil, tar éis an teip san dá reifreann ar na mallaibh, go bhfuil an rialtas ag déanamh athmhachnamh air an mBille. Ba mhithid. 

Bhí mé ar son an tagairt do diamhasla a bhaint as an mBunreacht. Tá mé i gcoinne Bille fuathchainte ar an mbonn céanna. Téarma doiléir sleamhain atá ann. Ní raibh aon sainmhíniú cruinn le bheith sa bhille. 

Is gá gan amhras cóimheá a bhaint amach idir saoirse cainte agus smaointeoireachta agus cearta grúpa mionlaigh. 

Ach is gá a bheith airdeallach faoi dlí a thugann cumhacht do na húdaráis smaointe nach bhfeileann dóibh a dhéanamh coiriúil. 
Is uirlis forlámhas sin. Claíomh dhá bhéal. 
Uirlis ar féidir mí úsáid a bhaint as. Is gá bheith cúramach.