Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-05-31

Tír gan teanga, tír gan anam?

Ní maith liom manaí. Tuigim go bhfuil gá leo, gur féidir leo bheith éifeachtach chun scéal a scaipeadh nó slua a ghríosadh. Is dócha go bhfuilim ró-thugtha don anailís agus don céard-faoi-achas, agus don sea-ach-achas. Luaigh mé le déanaí nach maith liom an mana "Tír gan Teanga, Tír gan anam" a bhí chun cinn le linn an Lá Dearg le déanaí. Bhí sé i gceist agam breis léitheoireachta a dhéanamh sular scríobh mé an bhlagmhír seo, ach tá crúóga éagsúla orm faoi láthair agus níl fhios agam caithin a mbeidh an deis agus an fonn orm dul ag tochailt. Agus tá dhá grafaic foilsithe inniu ag Tuairisc.ie a léiríonn cuid den méid a bhí le rá agam go paiteanta:

Foinse

Is ait liom an cinneadh eagarthóireachta gan teanga ar bith a lua leis an mBeilg agus an Ostair; Tá dhá theanga sa Bheilg, leagan den Ísiltíris - Pléamainnis, agus Francis. Gearmáinis is mó a luaitear leis an Ostair. (Níl Ollainis cruinn i mo thuairim féin, b'fhearr Ísíltíris).

אַ שפּראַך איז אַ דיאַלעקט מיט אַן אַרמיי און פֿלאָט
a shprakh iz a dialekt mit an armey un flot
~ Max Weinreich

Canúint le harm ⁊ cabhlach is ea teanga 
(Nó státseirbhís sa lá atá inniu ann)
Mar a léiríonn an grafaic thíos, bíonn i bhfad níos mó ná teanga amháin á labhairt ar limistéar stáit Eorpach; fiú gan inmirce a chuir san áireamh. Tá an chás níos casta i Lár agus Oirthear na hEorpa ná san Iarthair - agus dáiríre tá cúrsaí in Éirinn thar a bheith simplí!

Foinse

Baineann sciar de na mionteangacha seo le náisúin bheaga a bhí ar an dtalamh i bhfad roimh teacht don stáit nua aoiseach. Baineann go leor eile le pobail ó náisúin amháin a bheith fágtha ar an dtaobh "mícheart" de theorainn nuair a bunaíodh na stáit atá anois ann. 

Maidir leis an mana "Tír gan teanga, tír gan anam" - luaitear leis an bPiarsach é (agus é canónach sa dioscúrsa dá réir!), agus is cinnte go bhfuil fírinne áirithe ann don náisúin Gaelach - a raibh a urlabhra féin nach mór caillte tráth a raibh an Piarsach ag scríobh. Tá go leor gaois san teanga - sna logainmneacha agus sa bhéaloideas; agus cailleadh neart de nuair a cailleadh an teanga. Baineann an léitheoireacht nach bhfuil déanta (fós) agam leis an scéal seo a rianadh siar - an comhthéacs ina raibh an Piarsach a scríobh a aimsiú, agus a thuiscint. Tá fhios agam áfach ón tús a rinne mé go raibh an Piarsach ag tógáil ar an máchnamh a bhí Tomás Daibhis a dhéanamh maidir leis an dteanga i dearbhú an náisúin don scarúnaí. Bhí Daibhís áfach ag tarraing ar smaointeoirí Gearmánacha - a bhí ag scíobh nuair a bhí lucht labhartha na Gearmáinise scaipthe thar líon mór mionstáit, le gaol scaoilte eatarthu. Aontachtaithe seachas scarúnaithe ab ea Herder agus Fichte - ach an tuiscint acu go raibh an teanga bunúsach don náisiúin. 

Baineann náisiúntacht le duine, mar a bhaineann teanga - ach ní gá ná beadh ach Náisiúntacht nó teanga amháin ag duine. Tógadh go dhá-theangach mé féin, agus d'fhoghlaim mé Gearmáinis ag thús mo dhéaga agus tá sí á labhairt go laethúil agam le tríocha bliain anois. Tá na teangacha uilig seo fite fuaite i m'fhéiniúlacht dá réir. 

Creidim go láidir i cearta teanga; creidim go  láidir go bhfuil dualgas ar an stáít i gcríocha as ar eascair teanga seasamh leis na cearta sin agus seirbhís a chuir ar fáil do lucht labhartha na dteangacha, a thugann spás don dteanga bheith beo agus forbairt.

Ach is le daoine a bhaineann cearta, ní leis an tír - agus creidim gur faoin duine féin glacadh lena oidhreacht (nó é a shéanadh). Na daoine le chéile i ndaonlathas a chinneann conas is ceart don stáít a gcearta a chuir chun cinn. Beidh siar agus aniar agus sárú i gcónaí ann - agus caithfear an tromlachas a sheachaint. Bíonn brú ar acmhainní, ar ndóigh, agus deacrachtaí eile. 

Tá gá le plé agus idirdhealú - agus cé go bhfuil mana fearacht Tír gan teanga, tír gan anam fiúntach agus agóid ar bun, tá sé ró shimplí nuair atá idirbheartaíocht ar bun.

Agus sin mo racht go n-uige seo. Seans go mbeidh mé ag filleadh ar an gceist má bhíonn deis agam níos mó leithéoireachta a dhéanamh - an Piarsach, Daibhís, Herder agus Fichte!

2022-05-28

Apacailipsis Sheáin

Cúig chinn de scéalta atá sa chnuasach is déanaí ó Sheán Ó Muireagáin, cúig fhís den saol a d'fhéadfadh bheith ann. Cruthaíonn sé cruinne i ngach scéal acu, agus mar is dual do ficsean samhlaíochta maith is é an duine agus a bhéascna agus iarmhairtí a iompair téama gach scéal. Ach níl siad gan dóchas. 

An Chóir Chodlata
An Turas
Aiséirí
Fuil
An Choilíneacht

Sa Chóir Chodlata tugtar isteach muid i cruinne deachtóireachta ina gcuirtear iadsan a éiríonn amach chun suain ar feadh seal, agus tugtar deiseanna dóibh "bisiú". Cad a tharlódh áfach dá mbeadh duine den ciorcal órga ag easaontú.... 

Fuadaíonn an Turas muid isteach in aigne duine atá ag déanamh a anama, ag teacht ar thuiscint ar a iompar féin agus na fíorchúiseanna leis. 

Scéal ficsean eolaíochta crua is ea Aiséirí, misean chun pláinéad nua a aimsiú don gcine daonna sula scristear an domhain seo. Ach conas plé leis an mbeatha ann? Intleacht shaorga agus foireann bheag daoine. Taitníonn an intleacht shaorga go háirithe liom - níl bréag antramorfachas i gceist. Pléann an IS le rudaí de réir na prótacail agus na halgartaim agus ar mhaithe leis an misean a leag a mháistrí síos. Níl aon géarchéim coinsiasa fearacht HAL i gceist. 

Déanann Fuil athléamh ar finscéal ársa na daoine atá beo ar fuil daonna agus óige buan acu dá réir. Ach cuireann Seán an scéal bun os cionn ón gnáthléamh. 

Pobal beag a tháinig slán agus atá i bparthas sa scéal deireadh - ach caithfidh ceannairí an phobail an stair dorcha a fhoghlaim d'fhonn buaine an phobail a chinntiú. 

Cúig scéal ana éagsúil ach a suíonn le chéile go compordach sa chnuasach. Táimid go dtí gann ar ficsean samhlaíochta machnamhach, nach bhfuil dírithe ar aosánaigh agus eachtraíocht. Tá lón machnaimh sna scéalta seo den chineál a thugann Ursula le Guin dúinn. Cé hé an duine agus cad atá dlite dó? 

Thaithin na scéalta seo go mór liom, agus fillfidh mé orthu. Chuir mé fios ar an leabhar ó Éabhlóid nuair a chonaic mé luaite ar Twitter é agus cóip faighte ag Réaltán. Fíor shásta. 

Tagairt do sheanfhocal an teideal, tá cuid de luaite i scéal agus fuair mé an t-iomlán ar líne - 

Ní dheachaigh dóbair in abar riamh ach is minic a bádh b'fhéidir. 

Seán Ó Muireagáin 
Éabhlóid 


2022-05-27

Seandálaíocht idirlín


Ina blagmhír inniu luaigh Áine nach raibh fhios aici cad a d'imigh ar http://miseaine.blogs.ie/. Ní ann don freastalaí blogs.ie níos mó - is minic a tharláíonn a leithéid. Dá bhrí sin, thug an meitheal laistiar de archive.org faoin bhfadhb a mhaolú i bhfad ó shin. Baintear feidhm as bogearra ar leith - ransaitheoir gréasáin  a chuardaíonn an idirlíon agus a dhéanann cnuaschóipeáil ar na torthaí. Cuireann siad roinnt de na torthaí i dtaisce - "snapshot" - "roghbhlúire". 



Tá fáil ar na torthaí seo tríd an "Inneal dul i bhfad siar" ar leathanach archive.org. Is féidir seoladh idirlín ar bith a chuir isteach ansin, agus má tá fáil ar sa chnuasach, taispeánfear féilire de na roghbhlúirí atá ar fáil. Ach brú ar chiorcal thart ar dháta, cuirtear nasc chuig an roghbhlúire ar fáil. Má bhrútar ar an nasc sin, léirítear an leathanach de réir an eolas a fuarthas. Laistigh den chóip den leathanach, oibríonn nascanna mar a dhéanfadh sa bhunleagan, ach gur go dtí cóipeanna eile san taisce a ghabhann siad.


Oibríonn an chóras ana mhaith de chuid den ábhar ar an idirlíon - HTML nó rudaí eile atá ar "dromchla" an idirlín. Uaireanta cuirtear rudaí ar fáil ar éileamh ó bhunachar sonraí, agus ní bhíonn fáil ag an ransaitheoir ar a leithéídí sin. Bíonn sin i gceist go háirithe do rudaí nach bhfeictear gan logáil isteach i freastalaí.

Ach is éachtach an obair atá ar bun ag archive.org - is féidir deontas a cuir ina dtreo anseo. (Déanaim féin amhlaidh, cúpla euro in aghaidh na míosa).


Ardeaglais Bhreandáin, Baile Locha Riach

Nuair  a bhí mé in ionad Sliabh Eachtaí, fuair mé Taxi isteach go Baile Locha Riach d'fhonn Aifreann a éisteacht. Bhí mé ann i bhfad roimh am an Aifrinn, rud a thug deis dom súil a chaitheamh ar an Eaglais (agus ar bheagán den mbaile) ar mo shuaimhneas. Sui Easpag Cluain Fhearta atá san Ardeaglais, agus é tiomnaithe do Naomh Breandáin dá réir - ach ní fhaca mé ach fuinneog beag gloine daite sa phóirse a léirigh an naomh é féin. Tá an Ardeaglais suite ar bhruach an locha agus tá spás go leor timpeall air, agus roinnt dealbha cuanna ann - ina measc cuimhneachán mór do sagart a maraíodh i gCogadh na Saoirse.
Bhí leabhrán ar fáil san eaglais faoi - tá áiféala orm anois nár cheannaigh mé cóip, ach shíl mé go mbeadh fáil ar an eolas ann ar líne. Má tá, theip orm teacht air go dtí seo. Tá roinnt eolais ar Wikipedia.
I stíl an "Athbheochan Ceilteach" atá an Eaglais tógtha; agus tá neart fuinneoga gloine áille a rinne baill an comhar Túr Gloine, ealáíontóirí fearacht Evie Hone agus Michael Healy (tá a n-ainmneacha le léamh san Eaglais).
Tá an dealbh seo de Mhuire agus Íosa in aice an locha; theip glan orm breis eolais a aimsiú faoi go dtí seo. Is maith liom é - go ró mhinic is dealbha daite gáifeacha a bhíonn le feiceáil thart ar eaglaisí in Éirinn. 

Is mósáic cuanna bealach na croise san Eaglais, le scríbhínní i nGaeilge. Mar an gcéanna, tá scríbhinní Gaeilge ar na lampaí i corp na hEaglaise. 

Ní dhearna mé grinnstaidéir ar gach gné den Eaglais, ach is álainn an áit atá ann, agus suíomh ana dheas.

Sagart ón Nigéír a léigh an Aifreann - fómhar síol a chuir misnéirí ón dtír seo anallód! Ritheann sé liom uaireanta gur sheolamar an chuid is fearr den gcléir - na fir misnúla spreagúla - thar lear, agus nach chun leasa an Eaglais abhus a bhí sé sin.

2022-05-26

Eamhain Macha, cidh diatá?

Máire Mhaigdiléana 
le Anthony Frederick Augustus Sandys
Eamhain Macha, cidh diatá? Ní ansa. Macha mong-ruadh, ingen Aedha rúaidh meic Badhuirnn, dorad for macaibh Díthorba in ráith do chlaidhe. Día m-batar for indarba i fothribh Bairne luidh-si ir-richt chlaimsighe chuco día m-batar ac fuine thuirc allaidh isin chaille. Berigh gach fer ar úair les h-í do aentughudh fría, & nochengladh-si iarom. Beridh-si iarom lei co h-Emain fon chruth sin cóic meic Dithorba .i. Baeth & Brass & Bétach, Uallach & Borbchass a n-anmand-sidhe. Fororchongairt-sidhe dino in ráith do chlaidhe, ar bá fearr lei moghsaine forro andá a marbudh. Rothoraind doibh ímpi 'ma cúairt día dealg íarsin in ratha, & rosclaidhset-som. Unde dicitur Eamain .i. eomhuin .i. eo imma mhuin Mhacha .i. delg ímmá braighit. Acht chena fégh in Réim Rigraidhi, si desideras inuenire prolixius, & causa breuitatis hic praetermito.

Nó dano is de Eamhuin Macha. Dia luidh Macha ingen Sainrith meic Inboith do choimling fri dha ghabair an righ Choncobair isin aenach, íarna radh do Chrunnchoin ba luaithi a ben andate eich an righ. Asbert in rí fri Crundchoin, foghebadh báss mene thísad a ben don coimling. Tanic iarom Macha do sháeradh a fir, & si alachta, & roreith an cend m-blai frisna h-eocho, & ba luaithe dhi anda dona h-echaibh. Arsisbis iarom mac & ingen d'aen-tairbert, & scredsad in noidhin, co rolai Ullta ina cess, co m-ba coimneart fria mnai siúil cach fear, conidh o sin rolen an cess, & conidh on Macha sin & don eamon rosfuc ata Magh Macha & Eamain Macha.

Dinnseanchas Dán 112

Eamhain Macha, cad as don ainm? Ní hansa. Chuir Macha Mhongrua iníon Aedha rua mac Badhuirnn iachall ar mic Ditorba claí a chuir ar an rath. Nuair a bhí siad in ionnarba sa Bhoireann tháinig sí chucu i mbréagriocht lobhair nuair a bhí torc allta á fhuineadh acu sa choill. Bheir gach fear faoi seach í chun siúl chun luí léi, agus cheangal sí gach duine acu. Chroch sí léi ansin go hEamhain mic Ditorba, i. Baeth ⁊ Brass ⁊ Bétach, Uallach ⁊ Borbchass a n-ainmneacha. D'ordaigh sí dóibh claí a chuir ar an rath mar do bhfearr leí moghsaine orthu ná iad a mharú. Ina dhiadh sin tharraing sí line an chlaí thart ar an rath dóibh lena dealg, agus thochail siad é. As sin deirtear Eamhain .i. eomhuin .i. eo um muin Mhacha, i. dealg um a bráid. Ach is féidir leat an t-iomlán a léamh i Réim na Rí, más mian leat an scéal a fháil atá fágtha ar lár anseo agam ar mhaithe le giorracht.

Macha ag mallachtú fir Uladh
Stephen Reid

Nó is as seo ainmnítear Eamhain Macha. Macha iníon Sainrith mac Inboith a bhí i gcoimhlint le caiple an Rí tar éis dá céile Cronnchú a mhaíomh gur luaithe a nuachar ná eacha an Rí. Bhagar an rí bás an Cronnchú mura dtiocfadh a bhean chun rás leis na heacha. Tháinig Macha chun a fear a saoradh, ainneoin í bheith ag iompar, agus ríth sí rás leis na heacha go deireadh an bháin, agus ba luaithe í ná na heacha. Rugadh mac agus iníon ansin di d'aon bhreith agus scread na naíonáin agus tháinig céas ar fir Uladh chun nach raibh neart bean tar éis breith i bhfear acu. Agus lean an chéas ó shin iad. As an Macha seo agus an cúpla (emon) a rugadh di a ainmnítear Má Macha agus Eamhain Macha.

Le giolcadh an línseora

 Tá alt ag Conchúr Caomhánach san eagrán is déanaí de Léann Teanga: An Reiviú - "Códswitcheáil agus códmixeáil: iniúchadh ginearálta ar an gcódmheascadh Gaeilge-Béarla ar na meáin shóisialta"

Rinne sé iniúchadh ar leith ar na leaganacha a bhaineann le Twitter agus Tweet. Ag giolcaireacht a bhíonn mé féin, ó thosaigh mé cuntas @anciorcal i Feabhra 2011 I( scoilt @aonghusoha uaidh tar éis tamaill mar do raibh fonn orm mo thuairimí féin a thabhairt agus cuireadh ar mo shúile dom nach raibh sé cuí sin a dhéanamh faoi ainm ghrúpa). Is maith liom giolc agus na foirmeacha eile a bhaineann leis mar go bhfuil sé éasca iad a sní isteach in abairt Ghaeilge - agus leithéidí Údarás na Giolcaireachta  a chumadh. Níorbh mé an chéad duine le Gaeilge ar Twitter ná baol air, agus bhí díospóireacht bhríomhar faoi théarmaíocht ag an tús, agus cúpla leagan in íomaíocht. Rinne mé fein roinnt tochailt, agus d'iarr mé ar Kevin Scannell roinnt tochailt a dhéanamh ina chorpas.



Is le teann grinn a chum Ciarán Ó Meachair an traslitriú tbhaoit (ar mhaithe le w/v a sheachaint is dócha). Tvuít an traslitriú údaraithe, cé go dtugann téarma.ie aitheantas freisin do giolc. Ar ndóigh, an rud a luíonn le réasún an focal Tweet a lorg i de Bhaldraithe, agus ar feadh seal bhí gíog in úsáid ach fuair giolc an ceann is fearr air sa deireadh. Measaim go bhfuil baint mhór ag úsáid RnaG leis sin - giolc is mó a chloisim ar an raidió.

Nuair a thug saorálaithe an Ríomhacadaimh faoi Ghaeilge a chuir ar chomhéadan Twitter, bhí díospoireacht ann faoi Tweet agus na leaganacha a bhí le húsáid - bhí lámh beag agam féin san obair sin tríd an comhéadan aistriúcháin a bhí ag Twitter an uair úd. B'é an cinneadh gur ainmbhranda é Tweet agus go mba cheart cloí leis dá réir, Rud a rinneadh. Ó shin i léith áfach tá Twitter tar éis dul i muinín aistrítheoir eile agus tá míréir áirithe agus bearnaí sleamhnaithe isteach san comhéadan (faoi láthair tá neart teaghráin gan aistriú). Mar sin bíonn tvuít á atweetáil ...


Spreagadh mé chun é seo a scríobh de bharr amhras a bheith orm faoin sampla a roghnaigh Conchúr a phlé - ach feictear dom anois gur sampla ana mhaith atá ann, mar go léiríonn sé na gnéithe agus na fórsaí a mhúnlaíonn téarmaíocht ar líne agus as líne.

Anseo thíos cuid de na samplaí a fuair Kevin:

 

Bunaithe ar roinnt tochailte eile is cosúil gurb í Roseanne Smith (a bhíodh gníomhach ar Twitter faoin ainm @enormous ach atá imithe ó shin) a bhí laistiar de @giolcairithe - bot a rinne athghiolcadh ar giolcanna as Gaeilge. Is dócha mar sin gurb di atá an creidiúint ag dul as an téarma a cheapadh ar Tweet.

2022-05-25

Ag tabhairt aghaidh ar shaol naimhdeach

Berthold Wolze - In's feindliche Leben (Der lästige Kavalier) 1874   
 
Chuir @Sinabhfuil (Lucille Redmond) ceist faoin bpictiúr seo, a húsáidtear go minic anois do méimeanna, go háirithe faoi fearmhíniú. Baineadh feidhm as sa leabhar le Nicole Tersigni, a d'eascair as sruth méimeanna a sheol sí ar Twitter - Men to avoid in Art and Life. D'aimsigh mé an bunleagan tríd cuardach droim ar ais íomhánna ar Google. Ach an teideal a bheith aimsithe againn, bhí @Sinabhfuil in ann breis eolais a aimsiú. Chuir sé mearbhall uirthi gur luadh gur baintreach í an bhean - tá sé follasach go bhfuil sí an-óg. Cinnte, tá éide dobhrón uirthi agus í ag gol. Ach baintreach?

Chuir sé sin ar thóir breis eolais mé agus tháinig mé ar snáithe Twitter le "Töchter der Zeit" (Iníní an Ré) - cuntas atá tiomnaithe do litríocht na mban ó 1770-1930.

Nuair a cuireadh ar taispéaint é i dtosach i 1874 bheadh tuiscint mhaith ag an bpobal air, agus cuireadh ar chlúdach iris ban é. Is faoin teideal "In's feindliche Leben" a cuireadh ar taispéaint i dtosach é. Léiríonn sé cailín in éide dóbhrón, i gcarráiste den tríú grád i traein. Mar ba léir do lucht féachana na linne, iníon a bhfuil a tuismitheoirí agus a taca caillte aici agus í ag tabhairt aghaidh ar shaol nua deacair - ag brath ar charthanas gaolta, nó níos dóichí i bpost mar buime nó oide leanaí, ar bheagán pá agus níos lú measa - agus i mbaol ag miangas agus macnas fir an tí, agus í thíos leis is dócha dá ngéillfeadh. Sa chomhthéacs seo tá an lästige Kavalier (An fear uasal éilitheach) sothuigthe. Bheadh fhios ag lucht féachana an ré cad a bhí i gceist agus go díreach cé chomh "huasal" is a bhí an boc atá ag brú isteach i spás na mnaoi. Ag pointe éigin athraíodh teideal an phictúir chun an fear a chuir ina lár - mar ba mhian leis bheith i saol na mnaoi óige, go sealadach, go dtí go raibh a mhian sásta.

Is bocht an scéal é go bhfuil na béasa sin fós ann, agus cé go bhfuil saoirse áirithe ag mná agus gan iad a bheith spléach i gcónaí ar fhear do "chosaint" (ó fhir eile) agus le teacht isteach cinnte a bheith acu, níl an béascna sáraithe fós agus tá eagoithrme cumhachta fós ann i go leor earnáil. Shílfeá gur #MeToo seachas fearmhíniú tátal an phictúir seo, atá tráthúil ar bhealach eile arís.

2022-05-24

Oilithreacht


Nuair a bhí mé óg is minic i Mí Bealtaine, Mí na Maighdine Mhuire gur thugamar cuairt ar an scrín atá lámh leis an ionad síochána i nGleann Crí.

Ar Luan an deireadh seachtaine fada ag tús na míosa seo rinne mé socrú buaileadh le m'athair i nGleann Crí, chun cuairt a dhéanamh agus lón a ithe sa bhialann. Thiomáin seisean. Shiúl mise. Sé sin le rá, thóg mé bus go Bré, agus bus eile as sin go Cill Moling laistiar de Áth na Scéire. Bhí orm siúl feadh bóthair ar feadh thart ar fiche nóiméad go dtí gur shroich mé Slí Chualann Nua ag an gcoill i Baile Mhic Thorcaill. Bóthar coille i dtosach agus ansin cosán déanta ag an meitheal sléibhe le céimeanna clochacha chun an creimeadh talún a mhaolú.
Nuair a bhí barr an droim bainte amach agam chas mé ar chlé ó Slí Chualann Nua agus shiúl fán droim (agus ar theorainn idir Cill Mhantáin agus Áth Cliath) go Suí Liam agus ar aghaidh go Cloch na gCon. Portach atá i gceist, agus eibhear faoi - agus uaireanta ag gobadh as, mar atá ag Cloch na gCon. 
Ag Cloch na gCon thug mé m'aghaidh ar chosán isteach sa Ghleann. Bhí foirgnimh Ghleann Crí le feiceáil go soiléir ag barr an Ghleanna. Foirgneamh a bhí ina bhearaic tráth ag Arm Shasana ar an mbóthar míleata tríd na cnoic a bhí i seilbh ceithearnaigh coille na nGael ar feadh i bhfad. 
Ansin bhí sé ina scoil leasaithe do bhuachaillí a tharraing aird an dlí orthu féin. Níl fhios agam an raibh cáil na brúidiúlachta air - ach bheadh iontas orm mura raibh. Bhíodh dealbh den tréadaí maith ar an mbóthar os cionn an Ghleann. Níl fágtha de anois le fada ach an plionta, agus inscríbhinn i nGaeilge air. Thug mé faoi ndeara áfach go bhfuil dealbh den tréadaí maith curtha i ngairdín beag cuimhneacháin lámh leis an reilig. Nó, ag amharc ar mo phictiúr - an Chroí ró naofa, seachas an tréadaí maith. 
Nuair a bhí leanaí ón nGearmáin a tabhairt go hÉireann i ndiaidh an dara chogadh domhanda is go Gleann Crí a tháinig siad i dtosach. Oibríocht Seamróg a tugadh air. 

Ina dhiaidh sin arís bunaíodh ionad comhuintearais ann, áit a tugadh daoine óga ón dá thraidisiún ó thuaidh le chéile chun plé agus gníomhaíocht. Chaith mé féin seachtain nó mar sin i gcampa samhraidh ann agus mé sna déaga ach is beag cuimhne agam ar ná ar cárbh as na daoine eile. Bronnadh bonn orm as damhsa folklore - gníomh éadóchais ag an gceannasaíocht creidim fós, a bhí ag iarraidh aitheantas éigin a thabhairt do chách agus bhí mé féin ciotach ag mórán gach rud cé go ndearna mé iarracht ar a laghad. 

Bhí m'athair romham i nGleann Crí agus chuamar síos go dtí an scrín in aice an tsrutháin. Bhí athchóiriú déanta air ó chonaic mé cheana cúpla bliain ó shin - bhí dealbh nua de Naomh Bernadette curtha san áit nach raibh ach stumpa cheana. Ba léir go raibh go leor cuairteoirí. San áit nach raibh, de réir cuimhní m'óige ach seastán coinnle bhí anois neart pictiúir agus siogairlíní agus coinnle. Agus muid ag urnaí tháinig teaghlach - athair Éireannach agus máthair agus seanmháthair a raibh dealramh Mheiriceá Theas orthu. D'fhág siad cúpla coinneal ar lasadh. Thug mé faoi ndeara gur pictiúr d'fhear os comhair de phictiúr de Muire Guadalupe a bhí laistiar de na coinnle. Ag cuimhneamh, is dócha, ar athair agus céile a bhí fágtha i gcré na cille thall. N'fheadar an mó eachtrannach a fhaigheann sólás ag a leithéid de scrín chiúin? 

Tá eachtrannaigh eile curtha sa Ghleann. I gcairéal ar an dtaobh eile den srutháin tá reilig míleata Gearmánach, ina bhfuil mairnéalaigh nó eitleoirí a fágadh a taisí in Éirinn curtha. Bíonn searmanas ann i Mí na Samhna go bliantúil. Chuamar ann le paidir ar son na síochána a rá. 
Tá uaigh ar leith ag Hermann Görtz ann, spiaire de chuid na Gearmáine. Chuir sé lámh ina bhás féin seachas dul ar ais go dtí an Ghearmáin mar go dtabharfaí ar lámh do na Rúisigh é. Is ait liom na clocha sin atá fágtha ar a leac. Nós Giúdach sin, shíl mé. Ar éigin go mbeadh siadsan ag cuimhniú ar a leithéid.

Bhí sraith ag RTÉ faoi fadó Caught in a free State. Fiú sna caogaidí agus Heinrich Böll ag cuairtíocht in Éirinn bhí neart daoine báúil leis na Gearmánaigh as troid a chuir ar na Sasanaigh. Tá caibidil ina Dhialann as Éirinn áit a chuireann sé síos ar "fhiaclóireacht pholaitíochta" - eadhon ag míniú d'fhear áitiúil nach é go raibh  Hitler "ceart go bunúsach ach go ndeachaigh sé thar fóir" agus nach raibh fonn dá laghad air go mbeadh gean ag daoine air de bharr gur chuir na Gearmánaigh troid ar Shasanaigh! 

Áit shuaimhneach an reilig. Ba shuaimhní fós é dá shílfinn go mbeadh an lá go gcuirfí fir óga in úir aineoil i bhfad ó bhaile tar éis bás fuilteach thart. Ach níl. 

Bhí lón againn i gcafé ionad Ghleann Crí agus ansin ar an slí abhaile rinnemar siúlóid gairid go bun an Ghleanna d'fhonn na coinnle corra faoi bhláth a fheiceáil ar Slí Chualann arís idir An Corrán agus Cnoc Crí. 

Siúlóid taitneamhach. 








Cois Siúire

Blianta fada ó shin - b'fhéidir sular thosaigh mé ag blagadóireacht fiú - léigh mé Cois Móire le hAnnraoi Ó Liatháin. Cuntas ar Abhann Mór na nDéise ó foinse go farraige. Seo siúirleabhar leis sin, faoi abhann na Siúire óna fhoinse i gcnoic Tiobraid Árainn go dtí cumar na dtrí uisce lámh le Chathair Phort Láirge. 
De shiúl na gcos a rinne Ó Liatháin a aistir, agus cuir síos aige ní hamháin ar an dtírdhreach ach freisin ar stair agus seanchas na duthaí, an chogaíocht agus an churadóireacht, ceol agus comhraic. Agus na daoine a chastar air fán bóthar. Tá eolas mhaith aige ar an seanchas agus an stair agus súil grinn an t-iascaire do sonraí. 
Agus friotal deas cuideachtúil. Imir den greann tríd i gcónaí, greann séimh nach spárálann é féin.

Tá go leor le foghlaim as, agus bheadh spéis agam roinnt de na háiteanna a luann sé a lorg - is dócha go bhfuil athraithe go leor tarlaithe ó shin, agus ní dócha go mbeadh sé chomh áisiúil céanna na bóithre a shiúl - ach tá rian gorm na Siúire ann anois agus corr conair siúlóide. 

Ón leabharlann a fuair mé an leabhar, ní heol dom é bheith i gcló fós. Ní raibh mé ró thógtha leis mar earra fisiciúil. Clóite i ndúch cineál corcra agus gan an ceangal a bheith ró iontach. 

Ba mhaith liom athchló den dá leabhar a fheiceáil le breis léarscáil agus léaráidí - tá forbairt ana mhór ar cló na leabhair ó na 1980í!

Feicim go bhfuil sé ar fáil ó Kennys.

Cois Siúire
Annraoi Ó Liatháin 
An Clóchomhar 
1982
ISBN9781906883140

2022-05-22

Bandiera rossa trionferà.


Ní fear mór agóidí mé. Níl mé ar mo chompord i sluaite. Ní cuimhin liom ach lámh a bheith agam in eagrú agóid amháin. An bliain a rinne mé an ardteistiméireacht — 1986 — bhí stailc múinteoirí ann. Is cuimhin liom glaonna gutháin a dhéanamh go dtí daltaí ó scoileanna eile ag iarraidh máirseáil a eagrú - ceann a bhí le bheith neodrach, agus dul ó oifigí na ceardchumann go dtí an roinn oideachais agus muid ag éileamh orthu suí síos agus teacht ar réiteach. Fón talún an t-aon chineál a bhí ann an uair úd. An cuimhne is soiléire atá agam ná an tréaniarracht a bhí de dhíth chun dul i bhfeidhm ar mháthair an teagmhálaí a bhí faighte agam do scoil mór cailíní... Ní cuimhin liom ar éirigh liom fiú.

Ach tharla an mórshiúl, agus bhí sé a bheag nó a mhór neodrach cé go ndearna roinnt daltaí radacacha tréaniarracht muid a chuir ag seasamh leis na ceardchumainn. 

Níl aon chuimhne agam ar bheith páirteach in agóidí eile ach is dóigh liom go raibh mé ag corrcheann polaitíochta.

Seachas agóidí na Gaeilge. I 2004, an máirseáil ar son stádas na Gaeilge san Eoraip. Faoi sin bhí an idirlíon ar fáil agus modhanna ann an scéal a scaipeadh. Bhí slua measartha mór ann. An cuimhne is gléine atá agam ná buaileadh le Panu Höglund agus bheith ag iarraidh dul leis go dtí an Café i Sráid Dawson a bhí ag Gael Linn - Trí D. Agus an Café céanna ag dúnadh agus ag cuir daoine ó dhoras... An bainisteoir ag maíomh nach raibh sé ar an eolas faoin agóid (agus an deis brabach a bhaint as an Euro Gaelach) agus póstaer faoi laistiar de...

Deich mbliana dar gcionn, i 2014 bhí mé ag trí agóid as a chéile. Ceann i mBaile Átha Cliath nuair a d'éirigh Seán Ó Cuirreáin as mar Choimisinéir Teanga. Agus an agóid i gConamara a lean sin. Faoi sin bhí an mana Dearg le Fearg (agus an leagan a chuir saoithíní le ceangal Níos deirge níos feirge) in úsáid agus an nós baill éadaigh dearga a chaitheamh. Smaoineamh, de réir cuimhne Tómaí Rua Ó Conghaile, a bhí ag muintir Ghaoth Dobhair. Scaip sé. Smaoineamh simplí ach iontach éifeachtach mar go gcuireann sé le aontas an léirsithe, á idirdhealú ó ghnáth mór thionóil. Feiceálach, fiúntach. 


Tamall ina dhiaidh sin bhí mé ag ceardlann de chuid Teacht Aniar, agus mar atá pléite agam áit eile ar an mblag, tuigeadh dom go mbeadh sé ceart dul ó thuaidh. Agus chuaigh. Bhí bus eagraithe ó Sráid Fhearchair agus casadh roinnt daoine orm sa bhus, daoine atá anois feiceálach i saol na Gaeilge fearacht Caoimhe Ní Chathail. Ba ardú croí an slua gealgháireach a bhí ann an lá úd. Tá cuimhne agam ar frith agóid dhuairc dílseach ag crosbhóthar amháin - ach iad coinnithe i bhfad siar. Bhí na callairí ar an stáitse an ghlórach agus mé ann ghar dó - níor thuig mé Hiúdaí Óg Mac Gairbheith, mar shampla. Ach bhí an mothúchán dlúthpháirtíochta agus an dóchas láidir. 

Ní cuimhin liom anois cén fáth nach raibh mé i láthair i 2017. Is dócha go raibh cúraimí eile orm.

Ach seo muid i 2022 agus an Ghaeilge agus cearta lucht a labhartha fós ina phíosa imeartha ar clár fichille na polaitíochta páirtí ó thuaidh - mionchearta atá ar fáil gan cheist i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe ina féirín a bhronntar nó a séantar de réir mar a fhaigheann páirtí amháin seilbh ar aireacht. Streachailt síoraí leis an rud is lú a bhaint amach, agus bagairt i gcónaí go mbainfear é. Muide ó dheas thíos leis freisin mar gur Foras tras teorainn an Foras Teanga ar cuid de Foras na Gaeilge. Laincisí dá réir ar an bhForas ó thaobh buiséad agus straitéisí de bhrí go bhfuil cead na roinne thuaidh agus theas de dhíth do bheartais. Mar sin eagraíochtaí atá maoinithe ag an bhForas - na foilseacháin san áireamh - ag leanacht orthu ar maoiniú reoite, rud a chiallaíonn maoiniú laghdaithe de bhrí go bhfuil costais ag ardú. Cosnaíonn a leithéid fuinneamh arbh fhearr go mór é bheith ag dul i dtreo rudaí agus deiseanna as Gaeilge a chruthú. Mar sin is féinleas seachas dlúthpháirtíocht amháin a thug ó thuaidh mé inné.


An dóchas fann atá agam ná go mbainfidh fiú an tAcht lochtach cultúr atá geallta an Ghaeilge agus lucht a labhartha den mBord idirbheartaíochta go ceann tréimhse ar a laghad. 

Tá ana mheas agam ar Ghaeil na Sé Chontae agus an méid atá bainte amach acu in ainneoin na rialtais éagsúla idir naimhdeach agus patuar a bhí ann síos tríd na blianta. Ach cosnaíonn streachailt leis na húdaráis fuinneamh arb fhearr go mór é bheith caite go cruthaitheach. 

Tá an Chiste craoltóireachta tar éis torthaí fónta a thabhairt go dtí seo. Más féidir cosaint mar é a thabhairt do dhrámaíocht, obair óige, litríocht agus a leithéid is chun ár leasa uilig a bheidh sé. 

Tá cumas spleodrach eagraithe léirithe ag an dream dearg - nára fada go raibh an fhuinnimh sin saor chun rudaí úra a chruthú, chun pobail a neartú - sa Ghaeltacht tíreolaíochta chomh maith leis na líonraí fíorúla agus fisiciúla ó thuaidh agus ó dheas. 

Acht, anois. 

Aguisín - de réir teachtaireacht a sheol Danny Brown chugham ar Twitter is í  Maighread McGeady Brown a chum an mana Dearg le Fearg ag cruinniú a bhí i nGaoth Dobhair chun réiteach don agóid i mBaile Átha Cliath i 2014. Dar leis bhí plé ann freisin ar bhloc dubh na n-ainrialaithe in agóidí na mór Roinne. 



An fáth go gcaithim cóta dearg (beagnach i gcónaí)

I 1992 chaith mé seachtain san Ötztal ar chúrsa oiliúna de chuid an Alpenverein. Chaitheamar bunús seachtaine san Brandenburger Haus ar imeall an oighearshrutha. Chasamar ar a chéile sa ghleann - bhí cúpla cruinniú roimh ré i mBeirlín. Shiúlamar suas ón ngleann. Nuair a shroicheamar imeall an oighearshrutha mhol an oiliúnaí go gceanglófaí muid - agus go mbeimis airdeallach ar na hoighearscoilteanna. Ba mise an tríú nó an ceathrú duine ar an dtéad. Chuaigh duine de na treoraithe chun cinn, ag baint feidhm as a mhaide siúil chun bheith cinnte nach raibh aon scoilt faoin bhrat úr sneachta. B'fhéidir nár lean mé lorg na gcos chomh pointeáilte is ba cheart - go tobann ghéill an talamh fúm agus fágadh mé ag crochadh go coim i scoilt - mo mhála droime i bhfostú sa bhruach - bhíos buíoch den téad! B'uafar an mothúcháin é agus an sneachta faoi mo chosa ag imeacht diaidh ar ndiaidh.
Ach dé bhrí go raibh mé ceangailte, bhíos slán go maith agus níor thóg sé i bhfad orthu mé a fhuascailt. Ba cheacht thábhachtach é ag tús na seachtaine!  (Bhí a mhacasamhail d'eachtra againn níos déanaí sa tseachtain ach gur imigh an bhean as radharc ar fad orainn - mhol an treoraí dúinn siúl siar go cúramach san dá treo - agus tháinig sí suas arís de phlimp mar a bheadh corc as buidéal seaimpéin!).
Siúl agus dreapadh ar an oighear a bhí le cleachtadh againn. Bróga sléibhe plaisteach agam, ar mholadh na hoiliúnaithe, mar go ngearrfadh strapaí na crampóin isteach sa leathar dá mbeadh sé fliuch. Ní raibh mé ró thógtha leo - b'ait gan bheith in ann an talamh a mhothú leis na cosa.

Ach ar aon nós, an lá in ndiaidh dúinn an bhrú a bhaint amach, ní raibh an aimsir oiriúnach do mhórán - ceo trom agus sneachta. Dar leis na hoiliúnaithe, deis den scoth an treodóireacht le compás a chleachtadh.  Ba é duine deireadh na téide a bhí leis an treoir a thabhairt bunaithe ar an gcompás - agus ag baint feidhm as an rópa féin leis an treo a chinntiú - agus ag rá leis an duine tosaigh dul beagán ar chlé nó ar dheis de réir mar ba cheart. Bhí an duine tosaigh le scoilteanna a lorg. Nuair ba mise an fear tosaigh, bhí an fear deiridh ag clamhsán go raibh sé deacair mé a fheiceáil - cóta ar dhath an uachtair a bhí orm, mar atá sa phictiúr a glacadh ag an am. Riamh ó shin, tá sé de nós agam cóta dearg a chaitheamh - an na sléibhte cinnte, ach fiú mar ghnáthnós. Rud a bhíonn thar a bheith  áisiúil nuair a fógraítear lá Dearg!

2022-05-21

Ag fálróid i Sliabh Eachtaí


Ag tús mhí na Bealtaine chaitheamar deireadh seachtaine taitneamhach in ionad Sliabh Eachtaí. Óstán agus Ionad marcaíochta atá ann, ag deireadh bóthair chiúin in aice le Baile Locha Riach sa Ghaillimh. Bhí deacrachtaí againn éalú ó Bhaile Átha Cliath de dheasca tranglam tráchta ar an mótarbhealach a rinne muid éalú uaidh tríd dul na cúlbhóithre thar na sléibhte. Bhí sé tar éis a seacht nuair a thuirling muid faoi dheireadh agus imní orainn nach mbeadh bia le fáil. Ar ámharaí an tsaoil bhí an cócaire (Spáinneach!) fós sa chistin agus bia úr orgánach le fáil. Ina measc pláta éachtach tapas le pesto creamha, úr ón gcoill. 
Chuamar a chodladh subhach sách sásta! Bhí an bheirt eile ag tabhairt faoi ceardlann gréasaíochta mar chuid de deireadh seachtaine Celt. Bhí mise díomhaoin. Tá gréasán cosáin marcáilte sna coillte thart ar an ionad agus bhí léarscáil suirbhéireacht ordanáis agam agus mé réidh chun fánaíochta. Bhuail mé amach faoin gcoill. Mar a chuala mé ó bhean an tí - Ísiltíreach - ba talamh feirmeoireachta an talamh tríocha bliain ó shin nuair a tháinig sí féin chun cónaí ann. Tugann an logainm Coill Breac le fios go raibh coill ann fadó, ach is plandáil tráchtála de chuid Coillte mórchuid de anois. Agus faraor bíonn a leithéid de choill réidh le baint tar éis thart ar tríocha bliain. Bhí réitigh gránna úra mar sin in áiteanna éagsúla fán mbealach. 

Ag pointe éigin thréig mé an cosán marcáilte agus thug aghaidh ar chaisleán a bhi marcáilte ar an léarscáil - ag fágáil bóithre coille i mo dhiaidh agus ag siúl ar chúlbhóithre idir páirceanna. Mar a tharla, níor aimsigh mé ach Geata an Chaisleáin, má tá bealach poiblí isteach chuige ní fhaca mé é. 
Chas mé ar ais i dtreo an óstáin, ag filleadh ar cúlbhóithre eile. Chuaigh mé thar conairt íseal sceamhlach, agus ar aghaidh liom. Bhí bóthar glas marcáilte ar an léarscáil. Faraor, bhí claí deilgneach trasna air... Ní raibh fonn orm aghaidh a thabhairt ar an gconairt ghlórach arís, mar sin bheartaigh mé dul sa tseans agus leanacht orm - ag súil nach mbeadh bulláin bhagracha ná feirmeoir oibrithe romham. Ní raibh. (Ach agus mé ag teacht an treo an lá dár gcionn bhí tréad sa chluain - bhí an t-ádh liom). 

Bhí mé slán ansin ar chúlbhóithre ciúine. Agus ar ais ar ball ar bhóithre coille. Chonaic mé cúpla fia I bhfad uaim ar an mbóthar. Sa mhullach ar an ghnáth ceiliúradh éin bhí an chuach i mo chluasa ó mhaidin. Agus mé ar ais gar don ionad, ghearr mé trasna tríd an choill agus trasna srutháin ar chlochán chun teacht ar conair marcáilte eile. Thug sé sin mé thar macasamhail tí ón iarainn aois, tógtha ag dream a bhfuil an tógáil iomlán léirithe acu ar YouTube - tugann siad Smooth gefixt orthu féin. 

Bhí mé ar ais san óstán in am chun greim lóin a fháil. Lig mé mo scíth ag léamh don gcuid eile den tráthnóna. Bhí dinnéar blasta arís againn. Ar an nDomhnach thóg mé taxi go Baile Locha Riach chun Aifreann a éisteacht in Ardeaglais Bhreandáin (Tá blagmhír dá chuid féin dlite don seoid sin de chuid na hAthbheochana Ceiltí). 

Ansin shiúl mé ar ais go dtí an ionad, ar chúlbhóithre agus bóithre coille don gcuid is mó. Seachas ag an tús nuair a bhí orm siúl ar feadh thart ar km ar ciubhas an bhóthair mhóir, bhí sé taitneamhach - ar éigean go raibh carr ar bith ar an mbóthar. Bhí siúlóid dheas ar feadh píosa beag de bhruach na locha - is mór an trua nach leanann sé ar aghaidh sa dóigh is go bhféadfaí an bóthar mór a sheachaint ina iomláine. 

Bhí an dís eile ana shásta leis an obair leathair a chruthaigh siad thar an dá lá. Deireadh seachtaine iontach pléisiúrtha a bhí ann agus d'fhéadfainn a shamhlú go bhfillfimid arís! 

 

2022-05-20

Ríomhlóid

Agus ar iarratas ó Eoin P Ó Murchú, sa chló Rómhánach


......
Blianta fadó ó shin, bhí T-léine agam leis an íomhá seo, ach ceann scuaibe ar an sléa agus an mana 
Coinneoidh tusa féin an chistin glan, a chomrádaí.

Rinne mé leagan den íomhá thús blianta fada ó shin, ach bhí an buníomhá beagán garbh. Seo leagan feabhsaithe. 

Aguisín - Cıarán ó Meaċaır @antsiogghlas a chum ríomhlóid (= ríomhaire + réabhlóid) - ar na deiseanna a thugann an teicneolaíocht an Ghaeilge a chur chun cinn.

Aguisín 2 - ar mholadh ó Karoke na Gaeilge chuir mé ciorcal an dreama dearg in áit réalta na Soivéadach.


2022-05-18

Fonn a níos fiach


Bhí an leagan kindle de Fonn a níos fiach ar mo mhianliosta le cúpla bliain anois. Bhí cloiste agam go raibh sé lán de chruachaint Dhuibhneach - mura bhfuil dul amú orm bhí roinnt de chiorcal comhrá Allagar na hAoine á léamh ar mhaithe le saibhriú teanga. Ach ní raibh mórán cloiste agam faoi mar scéal maith, mar sin bhí sé fágtha ar an méar fhada agam. Go dtí gur mhol Eoin P Ó Murchú ar na mallaibh é, ar Twitter. Ba bharántas sin.

Baineann an príomhscéal le athair teaghlaigh a bhfuil súil géar aige ar giorria mór groí baineann - é i gceist aige dul sa tóir uirthi in am an ghátair. Rud nach mbíonn riamh i bhfad ón bpobal in áit iargúlta i mblianta an Ghorta Mhóir, fiú má tá bia cladaigh acu.

Tá trácht ar an bpobal agus fo-phlota faoin réice shaibhir áitiúil agus a ghiolla faiteach. Agus an toradh ar a chuid banaíochta... 

Tá ana chuir síos ar an bpobal agus a seiftiúlacht chun snáithe a choinneáil faoin bhfiacail.

Tá go deimhin caint craicneach crua Duibhneach sa leabhar - ach tá mórchuid de sothuigthe go maith sa chomhthéacs, agus is beag bac é ar an scéal a leanacht. 

Tá scéal na tóraíochta, nuair a thugann sé faoi faoi dheireadh éachtach eipiciúil. Gliceas fir agus a chuid eolais in iomaíocht le hinstinn agus gliceas an neach fiáin. Lá fada seilge trasna talamh sléibhe agus portaigh atá faoi bhrat sneachta.

Comhrac beirte. 

Mheabhraigh gnéithe den scéal The old man and the sea dom - an dúlra féin ina charachtar. Síon agus cruatan agus ocras le sárú chun an duais a bhaint.

Spléachadh ar gníomh nó dhó de dhráma mharfach an Ghorta agus an bochtaineacht.

Táim buíoch gur thug Eoin an sonc dom tabhairt faoi! 


Pádraig Ua Maoileoin
110 lch; clúdach crua, ISBN 978-1-911363-44-6

2022-05-15

Reic sa Beckett Locke

Táim i mo mhóidín de chuid Reic ó thús ama, agus nuair a chuala mé go mbeadh Tadhg Mac Dhonnagáin ina aoi speisialta, bhí fonn níos mó fós orm freastal air. Rinne mé mo bhealach dá réir Déardaoin seo caite isteach sa fásach stroighne atá tógtha le blianta beaga anuas ar na céanna thuaidh.
Bhí an ócáid le bheith in óstán béal dorais leis an ceoláras mór ag an bPointe, pé diabhal comhlacht mór a bhfuil a ainm baiste ar sin anois. Bhí an fhógraíocht san óstán discréideach go maith, ach threoraigh fáilteoir mé go dtí an seomra comhdhála ina raibh Reic mé.

<racht>Ní mór dom i dtosach mo racht faoin seomra a chuir díom! Seomra cruinnithe, gloine ar thaobh amháin ag amharc amach ar an bhfaiche ar a stadann an luas. Leabhragáin bréige ar cheann an seomra timpeall ar teilifís mór (ar theip orm cabhrú le Ciara fógra reic a chuir air, ach d'éirigh le duine d'fhoireann an óstáin). Ar na seilfeanna - adhmaid bréige agus miotail - bhí cúpla carn leabhair, agus neart carn boscaí (folmha?) cairtchlár. Dearadh... Mar bharr ar an ndonais bhí na leithris béaldorais agus sruthlú le clos go rialta. Bord mór comhdhála i lár an seomra, agus cathaoireacha ar gach taobh de. 

Is mór idir é agus broinn na filíochta sa Generator Hostel </racht>

Ar ámharaí an tsaoil, bhí na hoirfidigh ann. Tá Ciara Ní É síoraí ag cur snas ar a taibhe - ag reic dánta ní hamháin lena guth, ach le aghaidh agus colainn a threisíonn na bhfocal. Mar is iondúil, reic sí píosaí léi féin idir na míreanna eile. 

B'é an fonnadóir Pauric Ó Meara an chéad aoi. Bhí scéal spéisiúil le n-insint aige faoin dóigh a thug scoláireacht Gaeltachta deis dó titim i ngrá léi, scoláireacht ar chuir sé féin agus cúpla comrádaí isteach air ar mhaithe le héalú ó ranganna! Chan sé cúpla amhráin idir Gaeilge agus Béarla, ceann acu cumtha aige féin. 

Ava Ní Loingsigh, ball den gcomharghrúpa filíochta Ó Bhéal na mBan a d'aithris ina dhiaidh sin. Bean Corcaíoch, díreach fillte ó seal Erasmus i Strasbourg. Bhí meascán dánta fada agus gairide aici dúinn. An ceann is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná a hinsint fileata uirthi féin i rang a trí ag baint an chraobh de buachaillí rang a sé chun páirt Jimín a ghlacadh sa dráma scoile - caipín Daideo uirthi agus an téacs de ghlan mheabhair! Dánta gealgháireacha ach doimhneacht iontu freisin. Le cleachtadh tiocfaidh breis feabhas ar a cuid reacaireachta - scaití bhí sí ag caint ró ghasta (nó b'fhéidir go bhfuil mise ró shean) ach ba léir an pléisiúr agus sásamh a bhain sí as an reacaireacht. 
I ndiaidh briseadh gairid ghlac Tadhg Mac Dhonnagáin seilbh ar an stáitse. Taibheoir oilte ildánach é Tadhg, agus é maith in ann brí a thabhairt don seanfhocal margaíochta a d'athlua sé - Sell the sizzle, not the sausage. 

Do reic sé dornán orthaí as an leabhar Aniar agus fuaimrian ón CD leo. Le brí agus fuinneamh. Agus ansin scéilín béaloidis faoin bairneach ag cuidiú leis an Slánaitheoir - ceann de na scéalta atá leabaithe san úrscéal Madame Lazare. Agus ar ndóigh bhí an lucht féachana cuí ceart ann do Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir. Taibhiú spleodrach taitneamhach. 

Ceathrar a ghlac páirt sa mic oscailte. 

Bhain Stiofán Ó Briain corr deoir asainn leis an dán a scríobh sé ar na mallaibh nuair a d'éag a dheartháir go tobann - Aimsir ghnáthchaite. Bhí leagan Béarla aige freisin, toisc go mbeadh a leithéid de dhíth, dar leis, ar a dheartháir! (Déanaim dearmad go minic gur sna déaga a shealbhaigh cuid mhór d'fhilí Reic an Ghaeilge agus nach teanga coiteann a muintire í!). Bhí dornán eile dánta aige dúinn, ach is an ceann seo is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. 

Duine eile a bhí ag reacaireacht ag an gcéad reic í Aoife (a bhfuil a sloinne éalaithe uaim arís) agus mheall Ciara í le roinnt dánta a roinnt linn. Dánta gairide agus casadh iontu! Ní raibh mórán fianaise don mheirg a mhaígh sí bheith ar a cuid reacaireachta... 

Chuir Covid bac ar Oisín Mac bheith i mbun a chuid Hip Hop Gaelaí ach thug spás do bheith ag cumadh agus bhí cúpla rian atá ar na bacáin aige dúinn. Filíocht freacnairceach fíochmhar. 

Mheall Ciara Colm Mac Gearailt chun cúpla dán a rá freisin. Dán as Béarla faoi Faiche an Choláiste - achainí é thabhairt ar lámh i gceart do cosmhuintir (!) na cathrach. Dán i nGaeilge a scríobhadh do Other Voices ach a fuair a phremiere ag Reic. Tearmann - cad atá ann agus cá bhfuil fáil air? 

Tá reic ina thearmann domsa - fiú más i dtimpeallacht nach maith liom a bhíonn an reacaireacht ag tarlú! 

Ag tnúth leis an gcéad ócáid eile. Beidh Reic ag dul go Luimneach go luath - caolseans go mbeidh mé féin ann, ach má bhíonn an deis agaibh, tapaígí é! 


2022-05-08

An bhfuil ré an náisiúin mar bhunús do rialtas thart?

Thugtaí Carcar na Náisiún ar impireacht na Hapsburg, fine a raibh géag Spáinneach agus géag Ostaireach acu féin, agus iad i gcumhacht ar feadh i bhfad. Go deimhin i ré na ríthe agus impireachtaí san Eoraip bhí an aicme rialaithe gaolta le chéile - ba colceathrair Rí Shasana Seoirse, Impire na Rúise Nicolas agus Impire na Gearmáine Wilhelm - a raibh a riochtaí in adharca a chéile san chéad Ár Eorpach. Ár a raibh baint mhór ag saint do choilíneachtaí san Afraic lena ghiniúint.

Nuair a scoireadh impireacht na hOstaire agus na Tuirce tar éis an Ár sin, bunaíodh Stáit nua ina raibh móraimh ag náisiún - dream a bhfuil teanga agus cultúr i gcoitinne acu. Ach i gcónaí agus fós bhí mionlaigh de náisiúin amháin ar an dtaobh "mícheart" den teorainn. Go deimhin i formhór na gceantar bhí sráidbhailte trína chéile ó thaobh cultúr - sráidbhailte ceardaíochta ina raibh Gearmáinis in uachtar, sráidbhailte talmhaíochta Slavacha, ceannaithe Giúdacha.

Ba leithscéal ag Hitler an mionlach Gearmáiniseoirí sa Sudetenland - nárbh cuid d'impireacht na Gearmáine seachas impireacht na hOstaire riamh é - chun tús a chur le hionradh agus scrios an dara ár Eorpach. Ár a scuab cultúr Giúdach na céadta bliain chun siúl agus a dhíothaigh na milliúin acu. 

Agus a rinne slad ar fánaithe freisin, fearacht na Roma agus Sinti. 

D'fhág na línte a tharraing na cumhachtaí móra ar mhapaí sa Mheánoirthear agus san Afraic an scéal amhlaidh - an lámh in uachtar ag dream amháin, dreamanna eile thíos leis, ach go minic an lámh in uachtar ag a dream féin thar teorainn.

Ceann de leithscéal Putin don ár reatha, ag ceilt a uaillmhian impiriúlach, ná go raibh leatrom á dhéanamh ag Stáit na hÚcráine ar Rúisigh, agus gur misean trócaire agus cosanta a ionradh.

Tá formhór na ceisteanna polaitiúla fíor áitiúil agus neamhspleách ar chultúr. Uisce glan, séarachas éifeachtach, bonneagar fiúntach, tithíocht, talmhaíocht,...

Creidim go mba cheart don Stáit a bheith díláraithe áitiúil daonlathach - mar atá á dhéanamh ag an Eilvéis leis na céadta bliain. 

Prionsabal na Coimhdeachta a bheith i réim. Gach ceist a réiteach go háitiúil, gar don bhfadhb. Pirimid údarás chun go mbeadh bealach aitheanta fadhbanna a chur go leibhéal níos airde nuair a chliseann ar réiteach áitiúil - agus chun teacht ar chaighdeán comónta dlí agus teicneolaíochta, agus chun cothromas a bhaint amach idir ceantar atá saibhir de bharr na staire nó buntáiste acmhainní, agus ceantar atá daibhir.

Ar ndóigh tá tábhacht le teangacha agus an cultúr a eascraíonn astu freisin, ach ní i gcónaí go bhfuil teorainn néata tíreolaíochta ag baint lena leithéid. 

Tá fasach eagar na hEaglaise Chaitlicí Rómhánach anseo. Tá paróistí agus deoisí aici - aonaid tíreolaíochta. Ach freisin tá na hOrd Rialta ann. Bíonn a mbaill faoi dlínse Easpaig ar cheisteanna áirithe, ach faoi dhlínse a gceannairí faoi cheisteanna eile.

B'fhéidir go mbeadh scéim dá leithéid fóinteach - ach chuige sin bheadh orainn scaradh le coincheap míleata an dílseacht - nach dtig le duine bheith dílis ach do Stáit amháin mar nach dtig leis troid ach in arm amháin (sa turas). 

Tá féiniúlacht gach duine againn geal leis níos casta ná sin, agus ag dul i gcastacht de réir mar a théann cumasc agus caidreamh idirnáisiúnta chun cinn. 

Ba mhaith liom Verfassungspatriotismus dílseacht don ndlí cóir agus bunreacht daonlathach a fheiceáil ag teacht chun cinn in áit tírghrá cúng míleata.

Is eagal liom áfach gur Aisling sin mar go bhfuil greim docht ag na fir láidre ar an gcumhacht, agus airgead le gnóthú as cogadh agus ár. 

2022-05-06

Gearrthóga - gaois gairme

Botún a bheadh ann ceapadh gur leis an intleacht amháin a bhaineann réiteach fadhbanna; tá ról thábhachtach ag dúthracht agus mothúcháin 

~ George Polya

sa leabhar "How to Solve It" a leagann amach modheolaíocht le fadhbanna mata a réiteach.


Múnlaíonn na huirlisí a bhaineann muid feidhm astu muid uilig: go háirithe, múnlaíonn na foirmiúlachais a bhainimid feidhm astú ár nósanna smaointeoireachta, chun leas nó aimhleas, mar sin ní mór dúinn a bheith airdeallach cad a theagascann nó a fhoghlaimímid, mar ní féidir dáiríre dífhoghlaim. 

~ Edsger Wybe Dijkstra

EWD 1305 Answers to questions from students of Software Engineering


Tá dhá dhóigh bogearra a dhearadh:
Simplí ionas gur léir nach bhfuil botún ann.

Casta ionas nach léir na botúin ann.

~ Tony Hoare

Má chuirtear breis foirne ag obair ar thogra bogearraí atá mall, beidh sé níos moille.
~ Dlí Brook

Ní féidir le promhadh ach cruthú go bhfuil fabht sa bhogearra - ní féidir leis cruthú nach bhfuil fabht ann.
~ Edsger Wybe Dijkstra

Eolaíocht ná fios a thuigimid sách maith gur féidir linn é a theagasc do ríomhaire; mura dtuigimid rud go hiomlán is ealaíon atá de dhíth chun plé leis.
~ Donald Knuth
Léacht Duais Turing 1974 - Computer Programming as an Art

Optamú roimh am fréamh gach oilc (nó a bhformhór ar a laghad) san ríomhchlárú.
~ Donald Knuth
Léacht Duais Turing 1974 - Computer Programming as an Art

Comhartha easpa aibíochta gairmiúla is ea friotal antrapamorfach a úsáid i leith córais ríomhaireachta

~ Edsger W.Dijkstra


Ní sócamas ar féidir déanamh dá éagmais is ea cuannacht matamaiticiúil, ach an ní a chinneann an teip nó bua atá i ndán. 
~ Edsger W. Dijkstra

Seachas mianach mhatamaiticiúil, an acmhainn is riachtanaí ag ríomhchláraitheoir chumasach ná sármháistreacht ar a theanga dhúchais.
~ Edsger W.Dijkstra
EWD498  How do we tell truths that might hurt?

Simplíocht réamhriachtanas de chuid iontaofacht.

~ Edsger W.Dijkstra
EWD498  How do we tell truths that might hurt?

2022-05-03

Suim sa Dúlraidh


An té a chuireas suim san dúlraidh is annamh a bhíos sé uaigneach, agus is féidir dó aoibhneas a bheith air áit a mbeadh daoine faoi ghruaim. Ní bhíonn lá dá shaoghal nach nochtann iongantas éigin nua do amach as ucht na cruinne. A fhad agus mhairfeas sé ag breathnú ina thimcheall tchífidh sé áilneachtaí ilghnéitheacha dá léiriú ó shéasúr go séasúr, agus cuirfidh sé aithne ar chréatúirí suimeamhla fá n-a gcuid nósann aistidheach a mbíonn bunadhas na ndaoine dall ortha.

Nuair is léir do riar Dé ar obair tríotha sin, méaduigheann a ghrádh don Cruthuitheoir a chum iad, don Rialtóir a threoruigheas iad, agus don Athair Neamhda a bheir aire dóibh.

Thug Naomh Proinsias Assisi cion bráthar fiú do na feithidí a ba lugha ar bith. Bhí mórán de na filí fosta a thuig áilneacht na dúlraidhe agus a rinne teanga dá lán eile daoine nach raibh acfuinn acu a n-iongantas féin a chur i mbriathra béil. Bhí file Sasanach ann a scríobh dán fada ar scéal shean-mhairnéalaigh, agus tá rann amháin san dán sin a ba mhaith liom a thoghadh mar théacs don leabhar seo i gcómhair an aosa óig. Is é seo an rann, agus é aistrithe agam go Gaedhilg:

Is é 's fearr guidhe, bheir grádh a chroidhe
Don uile nídh eadar bheag a's mór:
An Té a chinn ár mbeatha linn
Bheir seisean cion do chách i gcómhar. 

... 

Támuid fighte fuaighte istigh i ngréasán na cruinne agus, dá bhrígh sin, is díol stuidéir dúinn gach nídh dá bhfuil ann. 

Is fusa áilneacht a mhothachtáil ná a mhíniú. 

... 

Más mian leat áilneacht d'fheiceáil, foscail do shúla agus tchífidh tú sin. 


Tá dearmad déanta agam conas a dtáinig an leabhar seo i mo sheilbh. Measaim go bhfuil sé i mo L-spás le fada, ach tháinig mé air le déanaí ar chúis éigin. Aontaím go láidir leis na smaointe atá i réamhrá an leabhair as ar thóg mé na sleachta thuas - tá an Canónach ag déanamh teanga dom mar a dúirt sé go ndéanann filí!