Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label fonótaí staire werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label fonótaí staire werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-09-08

Scéal beatha

„Hier ruhen die Gebeine der weiland Hochedlen und Tugendbegabten Frauen Fr. Margarethe Westphal, welche von Christlichen Eltern Herrn Hermann Baring, Ältermann und Postmeister und Frau Adelheid Schuhmacher in Bremen den 16. Juni 1688 geboren mit Herrn Carl Friedrich Westphal, Königl. Preuss. Oberamtmann, den 10. Juli 1711 in Berlin verehelicht. In dieser mit 5 Söhnen und 5 Töchtern gesegneten Ehe vergnügt gelebet, den 9. Dezember 1725 selig im Herrn entschlafen. Einer Gottesfürchtigen Christin, lieben Haus-Frauen Sorgfältigen Kinder-Mutter und treuen Gehilfin in Lieb und Leid, -  hat dieses Ehren-Gedächtnis aus schuldiger Pflicht setzen lassen, oben genannter betrübter Witwer.
 Gedenk Spruch der selig verstorbenen: Habe deine Lust an dem Herrn; der wird dir geben, was dein Herz wünschet. Befiehl dem Herrn deine Wege, und hoffe auf ihn; er wird es wohl machen.“ Psalm 37,4 und 5

Anseo atá curtha i suaimhneas cnámha na mnaoi sár uasail agus suáilceach thar na bearta,  Margarethe Westphal a rugadh do thuismitheoirí Críostaí Hermann Baring, Seanóir agus máistir poist agus Adelheid Schumacher i mBremen ar an 16 Meitheamh 1688 agus a phós Carl Friedrich Westphal, Príomhoifigeach ríoga Prúiseach ar an 10 Iúil 1711 i mBeirlín. Mhair sí go lúcháireach san pósadh seo a beannaíodh le cúigear mac agus cúigear iníon agus chuaigh chun suain go beannaithe san Tiarna ar an 9 Nollaig 1725. Chomhlíon an baintreach fir brónach thuasluaite a dhualgas i gcrích ag tógáil an cuimhneachán seo ar banchríostaí ar a raibh eagla Dé, bean tí grámhar, máthair cúramach clainne agus cuntóir dílis is ngrá agus gruaim.

Mana an mhairbh: 'Taobhaigh do shlí leis an Tiarna; cuir do dhóchas ann agus déanfaidh sé beart Má thugann tú taitneamh don Tiarna tabharfaidh seisean duit mian do chroí. '

Salm 37:4-5


B'é mian mo mháthair céile, tar éis céadphroinn i mbialann agus tuars báid thart ar na locha, go mbeadh cúpla amhrán á rá - agus cead faighte aici iad a bheith ráite, ar mhaithe leis an fhuaim, in Eaglais an Spioraid Naoimh i Teupitz. Eaglais cuanna, agus ar a bhall amuigh an leac thuas a tharraing mo shúil. Ní raibh mé in ann an t-iomlán a léamh, ach ar amharaí an tsaoil tá cuir síos ar an leac ar shuíomh turasóireachta an bhaile.

Saol gairid, ach is léir go raibh sé eachtrúil - agus a fear céile ina ionadaí ag an Rí sa chaisleán ar an gcathair (baile anois) seo.

Tá nithe gleoite istigh san eaglais freisin, ach ní raibh am ná fonn orm ar an lá staidéar a dhéanamh orthu! Ach an leac úd, spreagann an tsamhlaíocht!

Arbh bean mar a thuairisc í, nó an bhfuil scéalta eile le reic? Cá bhfios!

2022-05-24

Oilithreacht


Nuair a bhí mé óg is minic i Mí Bealtaine, Mí na Maighdine Mhuire gur thugamar cuairt ar an scrín atá lámh leis an ionad síochána i nGleann Crí.

Ar Luan an deireadh seachtaine fada ag tús na míosa seo rinne mé socrú buaileadh le m'athair i nGleann Crí, chun cuairt a dhéanamh agus lón a ithe sa bhialann. Thiomáin seisean. Shiúl mise. Sé sin le rá, thóg mé bus go Bré, agus bus eile as sin go Cill Moling laistiar de Áth na Scéire. Bhí orm siúl feadh bóthair ar feadh thart ar fiche nóiméad go dtí gur shroich mé Slí Chualann Nua ag an gcoill i Baile Mhic Thorcaill. Bóthar coille i dtosach agus ansin cosán déanta ag an meitheal sléibhe le céimeanna clochacha chun an creimeadh talún a mhaolú.
Nuair a bhí barr an droim bainte amach agam chas mé ar chlé ó Slí Chualann Nua agus shiúl fán droim (agus ar theorainn idir Cill Mhantáin agus Áth Cliath) go Suí Liam agus ar aghaidh go Cloch na gCon. Portach atá i gceist, agus eibhear faoi - agus uaireanta ag gobadh as, mar atá ag Cloch na gCon. 
Ag Cloch na gCon thug mé m'aghaidh ar chosán isteach sa Ghleann. Bhí foirgnimh Ghleann Crí le feiceáil go soiléir ag barr an Ghleanna. Foirgneamh a bhí ina bhearaic tráth ag Arm Shasana ar an mbóthar míleata tríd na cnoic a bhí i seilbh ceithearnaigh coille na nGael ar feadh i bhfad. 
Ansin bhí sé ina scoil leasaithe do bhuachaillí a tharraing aird an dlí orthu féin. Níl fhios agam an raibh cáil na brúidiúlachta air - ach bheadh iontas orm mura raibh. Bhíodh dealbh den tréadaí maith ar an mbóthar os cionn an Ghleann. Níl fágtha de anois le fada ach an plionta, agus inscríbhinn i nGaeilge air. Thug mé faoi ndeara áfach go bhfuil dealbh den tréadaí maith curtha i ngairdín beag cuimhneacháin lámh leis an reilig. Nó, ag amharc ar mo phictiúr - an Chroí ró naofa, seachas an tréadaí maith. 
Nuair a bhí leanaí ón nGearmáin a tabhairt go hÉireann i ndiaidh an dara chogadh domhanda is go Gleann Crí a tháinig siad i dtosach. Oibríocht Seamróg a tugadh air. 

Ina dhiaidh sin arís bunaíodh ionad comhuintearais ann, áit a tugadh daoine óga ón dá thraidisiún ó thuaidh le chéile chun plé agus gníomhaíocht. Chaith mé féin seachtain nó mar sin i gcampa samhraidh ann agus mé sna déaga ach is beag cuimhne agam ar ná ar cárbh as na daoine eile. Bronnadh bonn orm as damhsa folklore - gníomh éadóchais ag an gceannasaíocht creidim fós, a bhí ag iarraidh aitheantas éigin a thabhairt do chách agus bhí mé féin ciotach ag mórán gach rud cé go ndearna mé iarracht ar a laghad. 

Bhí m'athair romham i nGleann Crí agus chuamar síos go dtí an scrín in aice an tsrutháin. Bhí athchóiriú déanta air ó chonaic mé cheana cúpla bliain ó shin - bhí dealbh nua de Naomh Bernadette curtha san áit nach raibh ach stumpa cheana. Ba léir go raibh go leor cuairteoirí. San áit nach raibh, de réir cuimhní m'óige ach seastán coinnle bhí anois neart pictiúir agus siogairlíní agus coinnle. Agus muid ag urnaí tháinig teaghlach - athair Éireannach agus máthair agus seanmháthair a raibh dealramh Mheiriceá Theas orthu. D'fhág siad cúpla coinneal ar lasadh. Thug mé faoi ndeara gur pictiúr d'fhear os comhair de phictiúr de Muire Guadalupe a bhí laistiar de na coinnle. Ag cuimhneamh, is dócha, ar athair agus céile a bhí fágtha i gcré na cille thall. N'fheadar an mó eachtrannach a fhaigheann sólás ag a leithéid de scrín chiúin? 

Tá eachtrannaigh eile curtha sa Ghleann. I gcairéal ar an dtaobh eile den srutháin tá reilig míleata Gearmánach, ina bhfuil mairnéalaigh nó eitleoirí a fágadh a taisí in Éirinn curtha. Bíonn searmanas ann i Mí na Samhna go bliantúil. Chuamar ann le paidir ar son na síochána a rá. 
Tá uaigh ar leith ag Hermann Görtz ann, spiaire de chuid na Gearmáine. Chuir sé lámh ina bhás féin seachas dul ar ais go dtí an Ghearmáin mar go dtabharfaí ar lámh do na Rúisigh é. Is ait liom na clocha sin atá fágtha ar a leac. Nós Giúdach sin, shíl mé. Ar éigin go mbeadh siadsan ag cuimhniú ar a leithéid.

Bhí sraith ag RTÉ faoi fadó Caught in a free State. Fiú sna caogaidí agus Heinrich Böll ag cuairtíocht in Éirinn bhí neart daoine báúil leis na Gearmánaigh as troid a chuir ar na Sasanaigh. Tá caibidil ina Dhialann as Éirinn áit a chuireann sé síos ar "fhiaclóireacht pholaitíochta" - eadhon ag míniú d'fhear áitiúil nach é go raibh  Hitler "ceart go bunúsach ach go ndeachaigh sé thar fóir" agus nach raibh fonn dá laghad air go mbeadh gean ag daoine air de bharr gur chuir na Gearmánaigh troid ar Shasanaigh! 

Áit shuaimhneach an reilig. Ba shuaimhní fós é dá shílfinn go mbeadh an lá go gcuirfí fir óga in úir aineoil i bhfad ó bhaile tar éis bás fuilteach thart. Ach níl. 

Bhí lón againn i gcafé ionad Ghleann Crí agus ansin ar an slí abhaile rinnemar siúlóid gairid go bun an Ghleanna d'fhonn na coinnle corra faoi bhláth a fheiceáil ar Slí Chualann arís idir An Corrán agus Cnoc Crí. 

Siúlóid taitneamhach. 








2021-02-13

Scéalta iontais, idir sean agus nua


Nuair a tháinig muid go hÉirinn sa bhliain 2000 bhíomar ag iarraidh go gcoinneoidh na gasúir seilbh ar an nGearmáinis. I measc nithe eile fuaireamar mias satailíte chun go mbeadh fáil againn ar theilifís na Gearmáine, go háirithe kika.de.

Bealach ar leith teilifíse do pháistí agus daoine óga atá ann, craoltóir poiblí saor ó fhógraíocht agus cuid den ngréasán craoltóirí poiblí atá eagraithe ar bhonn Länder agus náisiúnta. Teacht acu dá réir ar chartlann shaibhir ag dul siar i bhfad, ach infheistíocht fiúntach ar fáil d'ábhar nua.

Seanscéal iontais atá ag téarma.ie ar Märchen. Is maith liom sin. Is dócha gur Nuascéal iontais an leagan is fearr ar Kunstmärchen, i. Scéal iontais le húdar ar leith. Tá traidisiún fada i lár na hEorpa de scéalta iontais, idir béaloideas agus litríocht. Chum Goethe féin Märchen. Agus tá cáil forleathan ar chnuasach na deartháireacha Grimm.

Cé go mbíonn iontas i gceist leis na scéalta, agus draíocht is iondúil go bhfuil ceachtanna agus rabhadh i gceist iontu freisin. Is minic bean nó fear óg ag lorg nuachar a diongbhála.

Tá nós fadbhunaithe scannán scéal iontais a chraoladh ar an Domhnach (ar cuid de na bealaí eile freisin). Meánlae am na Gearmáine a bhíonn i gceist ar KiKa. Fiú nuair a bhíomar ag freastal ar Aifreann ar an láthair seachas ar scáileán, bhí am ann bricfeasta a ithe roimh amharc ar an scannán.

Bíonn athchraoladh i gceist go minic, mar go bhfuil scannán atá gar do chroíthe daoine. Ach bíonn scannáin nua a choimisiúniú freisin. 

Cuid mhór den stoc scannáin baineann sé le comhoibriú idir grúpaí san Oir Ghearmáin agus san tSeicslóvaic mar a bhí. 

Bíonn sé spéisiúil mar sin na léamha éagsúla ar an bunscéal céanna a fheiscint - léamha a bhíonn ag teacht le leagan amach an sochaí. 

Tá scéalta nach bhfuil an bunleagan ródheas - König Drosselbart, abair, áit a bhfuil banphrionsa uallach a bristear a huabhar i gceist. Leagan den scéal Taming of the Shrew. 

Bíonn léamha ann a thugann a ceart di. Go deimhin, fiú sna leaganacha ó na seascaidí is minic na mná níos neamhspleáiche ná mar a thugfadh na bunscéalta le fios. 

Agus fiú na hamadáin saonta a bhíonn coitianta i roinnt scéalta, ní bhíonn siad chomh dubh agus bán sna scannáin. Is breá liom sin. 

Agus bíonn tírdhreacha agus caisleáin spéisiúla lár na hEorpa le feiceáil - álainn aduain.

Uaireanta fiú bíonn scannáin anoir ón Rúis i gceist - Baba Jaga agus a teach siúlach. Iwan simplíoch dathúil. 

Scéalta iontais. Nuascéalta iontais le leithéidí Hauff a bhíonn aduain aisteach le hais na cinn béaloidis, agus a ghabhann go dtí an Mheánoirthear ar thóir ábhair. 

Is breá liom iad. 

2019-06-15

Cití na gCártaí

Fuaireamar blaiseadh de scéal mháthair mhór Réaltán roinnt blianta ó shin i Comhar - bean óg a thug cleamhnas ó Málta go Béal Feirste na fichidí í. Dá máthair mór, Josefina de Felici Mateer atá an saothar tiomnaithe - ach ní hionann Cití agus í. Is léir an taighde agus an staidéar - Málta agus abhus - atá curtha isteach san úrscéal. 

An chéad chogadh Domhanda. Na fir ag imeacht. Athair agus ceithre iníon le tabhairt i gcrích aige. An cleamhnas a bhí déanta don duine is sine ó mhaith toisc an fear a bhí i gceist a bheith curtha go grinneall Muir Bhailt ar dualgas sa chabhlach....

Scéal na mban atá anseo, beo i bpatrarcacht, ach na patrarc féin faoi chúng impireacht. Cuma an sa gcúlráid i Málta atá cónaí orthu nó i sráideanna Béal Feirste áit  a thógann a athchleamhnas Cití. Buailtear buillí go leor ar Chití agus ar mhná nach í, agus foréigean á imirt ar na fir agus ag na bhfear i Trioblóidí na Fichidí agus "Stáit Protastúnach do Phobal Protastúnach" a ghaibhniú le foréigean na Specials agus frith fhoréigean an IRA. Cé go bhfuil na mná thíos go mór le cúrsaí, ní leabhar éadóchasach an t-úrscéal seo mar léirítear seiftiúlacht agus teacht aniar na mban. Ainneoin easpa tuisceana phiúratánach a gcuid bhfear... 

Úrscéal taitneamhach a spreagfaidh smaointe - mar faraor ní leis an gcianaimsir a bhaineann collaíocht mar airm cogaidh. Ná geanmnaíocht agus umhlaíocht mar slat tomhais ar luach mná... 

Úrscéal a fhágann sáite i saol Málta agus Béal Feirste na fichidí muide - ag féiscint na radharcacha, ag bolú na boladh, ag múscailt comhbhá ionann le cinniúint chrua. 

Aguisín : Tá seanfhocal feiliúnach as Máltais maille aistriúchán go Gaeilge le gach caibidil. Dóigh deas chun cosúlacht cultúir agus uilíochas taithí a léiriú. 

Cití na gCártaí
Réaltán Ní Leannáin
Cois Life
ISBN: 978-1-907494-93-2 

2018-05-19

Kufstein

Agus muid ar cuaird um Cháisc ar chairde sa Bhaváir, bhí Daingean Kufstein ar ceann de háiteanna ar thug muid cuaird. 
Tá sé san Ostair, ar an dteorainn leis an Bhaváir. Áit inchosanta ar abhainn an Inn, agus dún agus daingean láidir ann le fada. 
San lá atá inniu tá iarsmalann faoi saol na ndaoine ann. Tá oll-orgán ann (nár chuala muid).
Chuaigh muid suas ar saghas ardaitheoir le fána. Shiúl mé síos an bealach cosanta go leibhéal an bhaile - fallaí daingne ar an dá thaobh agus fearas ann chun an slí a dhúnadh go minic. Doiligh an daingean a shárú!
Bhí rannóg ar leith ann do na modhanna céasta a bhíodh ann anallód. Níor chaith mé i bhfad ansin. 
Roimh an chéad chogadh Domhanda bhí impireacht fairsing ag an Ostair. Carcair na Náisiún!
Ba mhinic Daingean ina ghéibheann ag an dream a bhí ag lorg saoirse, go háirithe ón uasaicme. Bhí Kufstein ar imeallbhord thoir críocha na himpireachta agus is cosúil mar sin gur fheidhmigh sé mar géibheann do thírghráthóirí Polannacha agus Ungáracha. Ag barr an túir atá sa phictiúr thuas a bhí a gcillíní. Thug mé suntas do na leaca cuimhneacháin, curtha in airde ar Rialtais na críocha sin, atá anois neamhspleách, ní hamháin ón Ostair ach ón Aontas Soibhéadach anois freisin.
Tá stair achrannach fuilteach ag lár na hEorpa. Faraor ní léir go bhfuil deireadh le hachrann agus doirteadh fola. Tá an stair fós, mar a dúirt Erich Kästner tráth, ar thaobh lucht bailithe stampaí.
Is maith ann iarsmalanna fearacht an chinn seo chun sin a mheabhrú dúinn!

2016-01-15

‘An Trucailín Donn’

Bhí clár ar TG4 le déanaí faoi Niall Mac Giolla Bhríde agus  ‘An Trucailín Donn’. Seo leagan den amhrán a fuair mé sa chnuasach
CISTE CEOIL AN CHOLÁISTE
Díolaim d’Amhráin Ghaeilge do Ghaelcholáistí
CATHAL Ó DONNGHAILE,    
COLÁISTE OIRIALL, A CHNUASAIGH


 ‘An Trucailín Donn’ 

 

Lá aonaigh san earrach 's mé ag taisteal go triopallach,
Trasna an droichid i Muileann na hAbhann,
Sea chonaic mé Bobby arbh ainm dó Thingummy
A's é ag druidim 'mo choinne go teann.

Curfá:

Agus óró bog liom í, bog liom í, bog liom í,
Óró bog liom í, an trucailín donn
Óró bog liom í, druid liom í, corraigh í,
Oró bog liom í, an trucailín donn.

Ba ghairid go bhfaca mé asal is trucail bheag,
Chugainn ar a shodar faoi Mhícheál an gabha
Siúd leis an Bobby "This cart has no signature
Only a lingo I cannot make out."


Curfá

"Your name my good man, and answer right quickly now."
"Amharc ar an trucail! An bhfuileann tú dall?
Tá m'ainmse breactha i dteanga a thuigimse,
Agus fógraím thusa go hIfreann lom!"

Curfá

"Ten shillings with costs or a fortnight's imprisonment.
Next on the list. Take this reprobate down!"

"Cuirtear faoi ghlasa mé feasta, a ghlagaire -
Pingin de m' sheilbh ní fheicfidh sibh ann!"

Curfá

Níl trucail gan ainm breá lachanta legible
Gaeilge le feiceáil i Muileann na hAbhann,
Agus ceardaithe an bhaile, sea ‘thugaid ar Thingummy
Fós ná Trucailín Mhíchíl an Gabha.

2014-11-16

Rosenstrasse 1943

Mionsonra de dhealbh Ingeborg Hunzinger
Lá deiridh na Feabhra 1943. Beirlín le bheith glan ó Giúdaigh. An SS ag scuabadh daoine isteach i leoraithe. Stoc gunnaí len iad a bhrostú. Ceann cúrsa: aineoil. Seachtain dar gcionn. Sciar fillte. Lucht pribhléid. Arischversippt. I gcleamhnas le bean Gearmánach. Bhíodar in áit faoi leith. Tháinig a mná. D'éiligh a bhfear. Scread. Thóg gleo. Balla mná diongbháilte. Drogall ar an SS meaisínghunnaí a imirt orthu. Ghéill.

Aon eachtra i stair. Daonnacht ag baint a chreach den Tríú Reich. Sampla uaigneach. Sampla ar bheag eolas air.

Murach gur sheas mo nuachar mar chuspa don dealbh cuimhneacháin ...

2014-02-02

An tSeansais a Chaith m’Athair Romham

Aidhe, is Fear Buí Ultach mise, as Éirinn a tháinig mé anall
A fheiceáil mo bhráithre Briotánacha na honóra is na cáil’,
Is a rá leo gur throid mo shinsir sna seanlaethe fadó,
Go mbeadh ceart a caite agam arís, ’n tseansais a chaith m’athair romham!

Tá sí sean ach tá sí álainn, tá na dathanna go seoighe
Caitheadh í i nDoire, in Eachroim, in Inis Ceithleann ’s ar an Bhóinn.
Chaith m’athair í nuair a bhí sé óg sna seanlaethe fadó
’S gach dara lá déag bím a’ súil ’ chur orm ’n tseansais a chaith m’athair romham!

Na fir bhreátha sin ’ chuaigh anonn an Bhóinn níor throid siad go bás gan fáth
Chun ár nAontacht, ár gCreideamh, ár nDlithe ’gus ár Saoirse a chur faoi bhláth.
Má thig gáir dhul anonn an abhainn ar ais, leanfaimid an druma mór
Go mbeidh faill ag an Ultach ’ chur air arís ’n tseansais a chaith m’athair romham!

Lá breá éigin, nuair a rachaidh sibh go hAontroim thar sáile anonn,
Cuirfear romhaibh ansin fáilte ’gus fiche, leis an fhliúit agus an drum’
’S beidh cnocáin Uladh beo go fóill, ó Reachlainn go dtí an Droim Mór
’S muid ag ceol arís séis dhílis don tseansais a chaith m’athair romham!


Ní le haicme ar bith ar an oileán seo an teanga, is le cách í, go deimhin is leis an chine daonna trí chéile í. Is iomaí Protastúnach, agus go deimhin Fear Bhuí, a rinne cion fir agus níos mó i dtarrtháil seoda na Gaeilge.

2013-01-12

Zupfgeigenhansel


Nuair a chuaigh mé go Beirlín i dtosach roghnaigh mé dul i dteagmháil le dream gasóga le súil is go gcuirfinn aithne ar aosánaigh eile. (De bhrí go mbíonn Gearmánaigh ar an Ollscoil níos faide, agus go dtosaíonn níos aosta, bhíos cuid mhaith níos óige ná mo chomhghleacaithe. Bhí fós, agus mé ag fágáil 10 bliana níos moille)
B'iad leis an grúpa Normannen a chuaigh mé; baill iad den BdP. Amharcann siad orthu féin ní amháin mar chuid de oidhreacht Bhaden Powell, ach mar oidhrí na Wandervogel, na grúpaí fánaíochta ó thús an fichiú chéid.
Bhí an slua- agus grúpa amhránaíocht lárnach sa traidisiún sin. Faraor, níl nóta ceoil i'm chloigeann féin; ach is maith liom bheith ag éisteacht le hamhráin. Cuid mór den stór ceoil a bhain siad leas astu, ba leis an eite chlé agus le Rómánsachas a bhain sé; easurraim d'uasal is do chléir ag dul siar go cogadh na scológ, ach forbartha go mór ag na mic léinn san 18ú aois.
Meabhraíodh é seo ar fad dom inné nuair a tháinig mé ag leagan Béarla den amhrán thuas "Pápa agus Sultán"
Tá cnuasach de na hamhráin seo le fáil san leabhar Der Zupfgeigenhansl. (Geige = veidhlín, zupfen = piocadh. Mar sin, Giotár = Zupfgeige. Hans(e)l = Seáinín) . Ach sna 1970í agus 198í bhí grúpa ag canadh an Cheoil seo a thug  Zupfgeigenhansel orthu féin. Spreag na comhthráthúlachtaí seo mé an CD dá chuid atá agam a lorg, an deannach a bhaint de agus é a chuir ar mo phíobaire póca. Agus gan amhras, an mír seo a scríobh agus a leagan siúd de Papst und Sultan a roinnt libh!
Dála an scéal, agus mé ag línseoireacht tháinig mé ar leagan Laidine den amhrán céanna: