Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-05-24

Oilithreacht


Nuair a bhí mé óg is minic i Mí Bealtaine, Mí na Maighdine Mhuire gur thugamar cuairt ar an scrín atá lámh leis an ionad síochána i nGleann Crí.

Ar Luan an deireadh seachtaine fada ag tús na míosa seo rinne mé socrú buaileadh le m'athair i nGleann Crí, chun cuairt a dhéanamh agus lón a ithe sa bhialann. Thiomáin seisean. Shiúl mise. Sé sin le rá, thóg mé bus go Bré, agus bus eile as sin go Cill Moling laistiar de Áth na Scéire. Bhí orm siúl feadh bóthair ar feadh thart ar fiche nóiméad go dtí gur shroich mé Slí Chualann Nua ag an gcoill i Baile Mhic Thorcaill. Bóthar coille i dtosach agus ansin cosán déanta ag an meitheal sléibhe le céimeanna clochacha chun an creimeadh talún a mhaolú.
Nuair a bhí barr an droim bainte amach agam chas mé ar chlé ó Slí Chualann Nua agus shiúl fán droim (agus ar theorainn idir Cill Mhantáin agus Áth Cliath) go Suí Liam agus ar aghaidh go Cloch na gCon. Portach atá i gceist, agus eibhear faoi - agus uaireanta ag gobadh as, mar atá ag Cloch na gCon. 
Ag Cloch na gCon thug mé m'aghaidh ar chosán isteach sa Ghleann. Bhí foirgnimh Ghleann Crí le feiceáil go soiléir ag barr an Ghleanna. Foirgneamh a bhí ina bhearaic tráth ag Arm Shasana ar an mbóthar míleata tríd na cnoic a bhí i seilbh ceithearnaigh coille na nGael ar feadh i bhfad. 
Ansin bhí sé ina scoil leasaithe do bhuachaillí a tharraing aird an dlí orthu féin. Níl fhios agam an raibh cáil na brúidiúlachta air - ach bheadh iontas orm mura raibh. Bhíodh dealbh den tréadaí maith ar an mbóthar os cionn an Ghleann. Níl fágtha de anois le fada ach an plionta, agus inscríbhinn i nGaeilge air. Thug mé faoi ndeara áfach go bhfuil dealbh den tréadaí maith curtha i ngairdín beag cuimhneacháin lámh leis an reilig. Nó, ag amharc ar mo phictiúr - an Chroí ró naofa, seachas an tréadaí maith. 
Nuair a bhí leanaí ón nGearmáin a tabhairt go hÉireann i ndiaidh an dara chogadh domhanda is go Gleann Crí a tháinig siad i dtosach. Oibríocht Seamróg a tugadh air. 

Ina dhiaidh sin arís bunaíodh ionad comhuintearais ann, áit a tugadh daoine óga ón dá thraidisiún ó thuaidh le chéile chun plé agus gníomhaíocht. Chaith mé féin seachtain nó mar sin i gcampa samhraidh ann agus mé sna déaga ach is beag cuimhne agam ar ná ar cárbh as na daoine eile. Bronnadh bonn orm as damhsa folklore - gníomh éadóchais ag an gceannasaíocht creidim fós, a bhí ag iarraidh aitheantas éigin a thabhairt do chách agus bhí mé féin ciotach ag mórán gach rud cé go ndearna mé iarracht ar a laghad. 

Bhí m'athair romham i nGleann Crí agus chuamar síos go dtí an scrín in aice an tsrutháin. Bhí athchóiriú déanta air ó chonaic mé cheana cúpla bliain ó shin - bhí dealbh nua de Naomh Bernadette curtha san áit nach raibh ach stumpa cheana. Ba léir go raibh go leor cuairteoirí. San áit nach raibh, de réir cuimhní m'óige ach seastán coinnle bhí anois neart pictiúir agus siogairlíní agus coinnle. Agus muid ag urnaí tháinig teaghlach - athair Éireannach agus máthair agus seanmháthair a raibh dealramh Mheiriceá Theas orthu. D'fhág siad cúpla coinneal ar lasadh. Thug mé faoi ndeara gur pictiúr d'fhear os comhair de phictiúr de Muire Guadalupe a bhí laistiar de na coinnle. Ag cuimhneamh, is dócha, ar athair agus céile a bhí fágtha i gcré na cille thall. N'fheadar an mó eachtrannach a fhaigheann sólás ag a leithéid de scrín chiúin? 

Tá eachtrannaigh eile curtha sa Ghleann. I gcairéal ar an dtaobh eile den srutháin tá reilig míleata Gearmánach, ina bhfuil mairnéalaigh nó eitleoirí a fágadh a taisí in Éirinn curtha. Bíonn searmanas ann i Mí na Samhna go bliantúil. Chuamar ann le paidir ar son na síochána a rá. 
Tá uaigh ar leith ag Hermann Görtz ann, spiaire de chuid na Gearmáine. Chuir sé lámh ina bhás féin seachas dul ar ais go dtí an Ghearmáin mar go dtabharfaí ar lámh do na Rúisigh é. Is ait liom na clocha sin atá fágtha ar a leac. Nós Giúdach sin, shíl mé. Ar éigin go mbeadh siadsan ag cuimhniú ar a leithéid.

Bhí sraith ag RTÉ faoi fadó Caught in a free State. Fiú sna caogaidí agus Heinrich Böll ag cuairtíocht in Éirinn bhí neart daoine báúil leis na Gearmánaigh as troid a chuir ar na Sasanaigh. Tá caibidil ina Dhialann as Éirinn áit a chuireann sé síos ar "fhiaclóireacht pholaitíochta" - eadhon ag míniú d'fhear áitiúil nach é go raibh  Hitler "ceart go bunúsach ach go ndeachaigh sé thar fóir" agus nach raibh fonn dá laghad air go mbeadh gean ag daoine air de bharr gur chuir na Gearmánaigh troid ar Shasanaigh! 

Áit shuaimhneach an reilig. Ba shuaimhní fós é dá shílfinn go mbeadh an lá go gcuirfí fir óga in úir aineoil i bhfad ó bhaile tar éis bás fuilteach thart. Ach níl. 

Bhí lón againn i gcafé ionad Ghleann Crí agus ansin ar an slí abhaile rinnemar siúlóid gairid go bun an Ghleanna d'fhonn na coinnle corra faoi bhláth a fheiceáil ar Slí Chualann arís idir An Corrán agus Cnoc Crí. 

Siúlóid taitneamhach.