Píosaí liom in áiteanna eile:

2025-12-04

Tá struchtúr de dhíth ar fhoilsitheoireacht, léamh ⁊ scríobh na Gaeilge

Bhí mé ag mórsheoladh Comhar aréir, i seomra plódaithe de chuid an United Arts Club. Fear teilifíse, Pádhraic Ó Ciardha (a bhfuil suáilcí eile aige) cathaoirleach reatha Comhar agus is é Alan Esslemont a chuir sé in aithne chun an seoladh féin a dhéanamh. 

Bhí Cine4 luaite ag Pádhraic mar chuid de shaothar Alan, cé gur luaigh sé Cinegael in iomrall focail i dtosach. Tráthúil go leor, bhí an leabhar Scannánaíocht na Gaeilge i measc na leabhar a bhí le seoladh, agus rinne Alan trácht ar cheannródaíocht agus tionchar Bob Quinn ina chaint.

Ba é príomh éirim a chaint áfach ná, faoi mar a bhunaigh seisean agus daoine eile Cine4, ní toisc nach raibh scannáin as Gaeilge ar fáil, ach chun struchtúr a chur ar fáil go bhféadfadh an scannánaíocht fás agus forbairt fiú agus na cúinsí ag athrú, go raibh a mhacasamhail de struchtúr de dhíth ar fhoilsitheoireacht, léamh agus scríobh na Gaeilge.

Luaigh sé go moltach an iniúchadh a rinne Coiste Oireachtais na Gaeilge faoi chathaoirleacht Aengus Ó Snodaigh chun an staid reatha a chíoradh, agus an easpa maoinithe. Ach shoiléirigh sé nach i mbreis maoin atá an réiteach ach go bhfuil gá le straitéis agus struchtúr. 

Mar a tharlaíonn, sa leabhar do pháistí (agus Daideonna) a bhí le seoladh aige Coiscéim coiscéimín tá cód QR a thugann rochtain ar thaifid den údar ag léamh a saothar. Rud a bheidh úsáideach do thuismitheoirí agus seantuismitheoirí nach bhfuil iomlán ar a gcompord le labhairt na Gaeilge. Agus a bheidh fóinteach freisin do thurais gluaisteáin!

Faoi Scáil Gheal na hIndia le Gabriel Rosenstock an leabhar deiridh a bhí le seoladh, agus eagrán na Nollaig de Chomhar.

Labhair údair agus eagarthóirí na leabhair ansin, Gabriel ar fhíseáin réamhthaifeadta toisc go bhfuil sé faoi chóireáil ceimiteiripe faoi láthair agus ag seachaint sluaite. 

Gníomh eile a bhí le cur i gcrích na bronnadh duais ar scríbhneoirí acadúil a raibh saothair den scoth acu i gComhartaighde.

Rud a rinne Réamonn Ó Ciaráin, príomhfheidhmeannach Gael Linn, urraitheoir na nduaiseanna.

Bhí neart ábhar machnaimh sna cainteanna a tugadh. Gura fada buan Comhar. 

Deá scéala go bhfuil ardú maoine faighte ag earnáil leabhair agus iriseoireacht scríofa na Gaeilge, dhá earnáil atá ar an ngannchuid go háirithe ó chliseadh geilleagrach 2008.

Ach tá gá le fadradharc, straitéis agus struchtúr chun leas a bhaint as an maoiniú.