2024-07-03
Bláthnaid
2024-01-23
Deirdre
2021-12-29
Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha...
2020-11-30
Fiannaíocht Dharach
2019-10-22
Tá Odaiséas sa Táin!
2019-09-13
Cú
2018-05-24
Laoch na Laochra -Tionscadal na Tána
Tá Táin Bó Cuailgne (Darach Ó Scolaí) agus (cuid mhaith de) Laoch na Laochra (Réamoinn Ó Ciaráin) léite agam, agus fillim scaití orthu. Thug sin cúlra agus spéis dom in ócáid na hoíche aréir i Smock Alley, imeacht eile de chuid IMRAM agus Féile Idirnáisiúnta Litríochta Átha Cliath.
Ba dhá sprioc éagsúla ag an mbeirt acu, agus labhair siad fúthu - ag cuir sleachta ó na saothair i láthair agus ag léamh astu. Ansin chuir fear an tí, Cathal Póirtéir, an bheirt faoi agallamh ag doimhniú an méid a bhí ráite acu.
An sprioc a chuir Réamonn roimhe ná scéalta beatha Con Chulainn a thabhairt le chéile, ó na foinsí éagsúla Gaeilge agus Béarla. Agus é sin a dheánamh go tarraingteach agus thar aon rud eile i nGaeilge Uladh. Ní ar an Táin amháin a bhí a chuid oibre dírithe mar sin, ach ar Cú Chulainn go háirithe. Tá léaráidí lán dathanna Dara Vallely mar tionlacan ag aithris Réamoinn, agus is labhair mór toirtiúil atá ann. (Admhaím nach bhfuil an t-iomlán léite agam). Ó shin tá eagrán Béarla den leabhar foilsithe, agus tá eagrán i nGaeilge, dírithe ar dhéagóirí ar na bacáin. Luaigh Cathal leis an cion agus an feidhm a bhaineann idir dílseoirí (a fheiceann Cú Uladh, cosantóir a gcúige ann) agus náisiúnaithe as. Luaigh Réamonn an feidhm a bhain an Piarsach as Cú Chulainn mar samhail an laoich foirfe. (Léigh mé áit éigin gurb geall le ball foirne i Scoil Éanna ab ea é). Agus go raibh plean ag dílseoirí dealbh cháiliúil Oliver Sheppard a ghoid on GPO, ach go raibh sé ró throm!
Scéal samhlaíoch osréalach scéal Cú na gCleas, scéal a shaibhríonn samhlaíocht agus litríocht ar fud na cruinne.
Litríocht na nGaeilge is mó is cás le Darach, agus is air atá Leabhar Breac ag fónamh faoina stiúir. Feictear dó go bhfuil leaganacha Nua Ghaeilge de dhíth agus dlite do scríbhneoirí na linne seo. Mura bhfuil a leithéidí ar fáil go forleathan do léitheoirí na Gaeilge, ní féidir le scríbhneoirí tagairtí díreacha nó indíreacha a bheadh sothuigthe a dheánamh.
Tá roinnt saothair foilsithe ag Leabhar Breac thar na blianta, agus tuilleadh idir lámha.
Ina leagan fhéin de Táin Bó Cuailgne bhí Darach ag iarraidh athnuachan a dheánamh ar ghontacht agus ealaín an bhunleagan, saothair éigeas áirithe amháin dar leis. Bhunaigh sé a athchruthú ar leagan Leabhar na hUidhre. Ach tá roinnt scéalta a mbeadh taithí ag daoine orthu, agus súil acu leo, nach bhfuil ann ach atá sa Leabhar Laighneach - atá níos osréalaí foclaí. B'éigean do mar sin iad a lomadh le go neadódh siad i gceart san athnuachan.
Athnuachan ar cheart tarlú gach glúin dar leis, de bhrí go sleamhnaíonn brí focail agus fráma tagartha an léitheora de bharr taithí éagsúil.
Ócáid agus plé thaitneamhach, agus is cinnte gur dhá shaothair iad a chuirfidh go mór le saibhreas léitheoirí na Gaeilge.
Mar is iondúil d'imeachtaí IMRAM bhí íomhánna á theilgeadh ar an mballa- rogha Margaret Lonergan as pictiúr Dara Vallely, móide roinnt íomhánna ó leaganacha eile fearacht leagan Lady Gregory nó saothair Jim Fitzpatrick, agus roinnt trealamh ón Iarnaois as stóir an Iarsmalann Náisiúnta. Ar an ndrochuair ní raibh siad chomh héifeachtach agus a bhíonn de ghnáth. Tá Smock Alley ana ghnóthach le linn Féile Idirnáisiúnta Litríochta Átha Cliath, agus mar sin ní raibh deis ag Margaret an ghnáth cúram a chaitheamh le roghnú agus lonnú scáileáin. Ní raibh de rogha aici mar sin ach na híomhánna a theilgeadh ar an mballa - agus sin i leataobh ó na cainteoirí. Ba dheacair dá réir aird a thabhairt orthu. (Ach tá spreagadh faighte agam amharc arís ar an leabhar).
2018-02-13
Táin Bó Cuailgne
Le fada is taobh le leaganacha coillte do pháistí, nó leaganacha Béarla a bhí an léitheoir Nua Ghaeilge a raibh suim aige i seanchas liteartha ár sinsir. Feictear dom go bhfuil borradh faoi leaganacha nua Ghaeilge áfach - Laoch na Laochra Réamoinn Ó Ciaráin foilsithe ag Gael Linn agus Conaire Mór Diarmuid Johnson foilsithe ag Leabhar Breac, le péire a lua.
Darach Ó Scolaí, foilsitheoir Leabhar Breac, a chóirigh an leagan seo den Táin. Leanann sé go dlúth na lámhscríbhinní, ag cuir nua Ghaeilge ar an mbunteanga. Earra suntasach an leabhar dá réir, lán ruthaig. Aidiachtaí carntha ar a chéile. Liostaí fada logainmneacha nó ainmneacha dílse, nó an dá rud in éineacht. Comhraic fuilteacha áibhéileacha. Mion chuir síos ar feisteas agus trealamh. Slad agus ár. Giotaí filíochta fite fuaite tríd.
Cinnte ní raibh gach focal agam, ach ní raibh mé ag stopadh le foclóirí a chéadú. Tá comhthéacs ann. Tá rithim agus ceol san insint. Dar liom tá mianach sár chlosleabhar ann, ach na guthanna oiriúnacha a aimsiú.
Tá an insint iontach saibhir, leabhar ar gá blaiseadh ar do shó, á leagan uait anois is arís chun anáil intinne a tharraingt.
Ach sár leabhar.
Gura fada buan Leabhar Breac agus Darach Ó Scolaí agus iad ag oscailt seoda ár sinsir do ghlúinte nua Gaeil.
Táin Bó Cuailgne
Leabhar Breac
2017-04-24
Michael Kohlhaas
Fuair mé Kindle mar féirín agus an poist deireadh. Is fearr liom fós leabhar ceart, ach tá buntáistí áirithe ag baint le Kindle. Ceann acu ná go bhfuil teacht ar shaothair údair a bhfuil an cóipcheart in éag ar bheagán chostas nó fiú saor in aisce ar fad. Nuair a luaigh Darach ó Leabhar Breac úrscéal gairid Kleist liom i gcomhrá rphost, bhí ar mo chumas é fháil gan stró - agus saor in aisce.
Ní dóigh liom go raibh faic le Kleist léite cheana agam.
Úrscéal chumhachtach atá i Michael Kohlhass, bunaithe ar eachtra stairiúil.
Imríonn ridire éagóir ar cheannaí capaill, séantar a chearta ós comhair cúirte ar an gceannaí. Tá lucht na cúirte gaolmhar leis an ridire. Tá an éagóir follasach, ach nuair a theipeann ar a iarrachtaí cóir a fháil, agus nuair a mharaítear a bhean mar thoradh ar láimhseáil gharbh a fuair sí, agus í ag iarraidh a chás a chuir faoi bhráid an prionsa, feictear dó nach bhfuil rogha aige ach a cheart a bhaint amach le lámh láidir.
Tá cúlra stairiúil i gceist - tarlaíonn na himeachtaí ar thairseach cinniúnach. Tá ceartas na n-aicmí a bhí i réim sna meánaoiseanna ag géilleadh go mall do forlámhas iomlán stáit ar imeachtaí dlí.
Tá an t-athrú creideamh i gceist freisin, Liútarach diongbháilte é Kohlhaas agus tá eachtra le Liútair féin cinniúnach san scéal. Agus coimhlintí polaitíochta na linne idir prionsaí Brandenburg, Sachsen agus Rí na Polainne. Ról freisin ag cúirt an Impire i Vín leis an gcás.
An léargas atá ann ar iomrascáil fhir cóir le stáit cam.
Cuirtear chun báis de bharr ceannairc é, ach cúitítear san bun éagóir é freisin.
Bhí snáithe amháin sa scéal a bhraith mé bheith as alt - cuireann Kleist scéal púcaí faoi tairngreacht giofóige a nascann Kohlhaas le Prionsa Sacsan. Is féidir gur taibhse a bhean atá i gceist.
Níor mheas mé gur chuir sin leis an scéal, agus is dóigh liom go raibh Kleist ag fónamh d'fhaisean léitheoirí a linne san 19ú aois.
Seachas sin is an-chíoradh atá ann ar cheart, éagóir agus baol cumhachta atá i lámha daoine atá iad féin fite in eangach caidreamh gaoil.
Táim buíoch as Darach as seoid seo litríocht na Gearmáine a chuir faoi mo bhráid.
2017-01-10
Bodach an Chóta Lachna
Scríobh mé píosa ar Gobblefunked faoin dá leabhar eile san sraith Fiannaíochta seo le Leabhar Breac.
Bhí deacrachtaí agam teacht ar chóip de Bodach an Chóta Lachtna, agus suim ag m'iníon ann. Táim buíoch de Darach mar sin as cóip a sheoladh chugam mar féirín.
Tá léaráidí Chaomhán Ó Scolaí go hálainn, agus athinsint iontach soléite ar an seanscéal. Rud a chuir beagán iontas orm nár luadh gurbh é Manannán Mac Lir i mbréagriocht é an Bodach. Is trua sin.
Mar sin féin, tá súil agam go mbeidh na leabhair seo ar fáil go fairsing i leabharlanna scoile le go mbeidh teacht ag an aos óg ar leaganacha tarraingteacha a rachaidh i bhfeidhm ar a samhlaíocht idir focail agus íomhánna. (Bhí an dá leabhar eile léite ag m'iníon sula bhfuair mé iad, toisc iad a bheith sa leabharlann scoile)
Tá nasc leis an gcluiche Ardrí freisin, mar go bhfuil an obair ealaíne céanna i gceist.
Cuireann eolas ar na scéalta leis an spraoi sa chluiche. Súil agam nach fada go mbeidh teacht againn ar dhá scéal a bhfuil tagairtí dóibh sa chluiche ach nach bhfuil- go bhfios dom- foilsithe fós. Eachtra an Ghiolla Deacair, agus an uair a bhí Fionn gafa i síbhrú.
Ba mhaith liom féin scéalta eile a fheiceáil freisin- breith Oisín, abair agus scéalta eile fearacht scéalta Bhrain agus Sceolaing nach bhfuil teacht chomh héasca sin orthu.
Bail ó Dhia ar obair Leabhar Breac!
Bodach an Chóta Lachna
Darach Ó Scolaí
€7.50
40 lch; clúdach bog;
ISBN 978-0-898332-60-5
2016-06-12
An Fuadach
2016-05-07
Gráinne Mhaol Ní Mháille
€4.95 (crua), 48 lch; ISBN 978-0-898332-17-7
Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-14 bliana.
2015-05-08
SCÉINSÉIRÍ STAIRIÚLA le Liam Mac Cóil, Darach Ó Scolaí agus Seán Ó Dúrois
AN SIOPA LEABHAR
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
Cead isteach €5
SCÉINSÉIRÍ STAIRIÚLA
Tá an-éileamh go deo ar fhicsean stairiúil le blianta beaga anuas agus tá an tóir chéanna air as Gaeilge agus atá air as Béarla. Bígí linn le haghaidh díospóireacht bhríomhar phainéil le Cathal Póirtéir mar chathaoirleach uirthi ina ndéanfar plé ar chuile rud ó Chath Fontenoy go húrscéalta bleachtaireachta atá spreagtha ag gnéithe áirithe den stair. I measc na bpainéalaithe beidh Liam Mac Cóil, údar Fontenoy, a bhí ar ghearrliosta na Comhairle Ealaíona le déanaí le haghaidh an Laureate i gComhair Ficsean Éireannach, Darach Ó Scolaí, údar An Cléireach a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin, Gradam Leabhar na Bliana i 2008 agus Seán Ó Dúrois, údar Rí na gCearrbhach agus Crann Smóla.
2015-01-03
Ag léamh Na Comharthaí
€18.00 (crua) 240 lch;
2014-10-08
Taisce nochta ag Leabhar Breac
2014-08-10
Athchuairt ar an gCléireach
Cé gurbh é Cléireach an teidil an snáth a choinníonn bréidín an scéil le chéile tá scéalta eile na linne fite fuaite lena scéal; agus cuid mhór acu léirithe in eachtraí a a insítear dó féin le linn oíche scéalaíochta nó ar ball mar thuairisc. Tá roinnt gearradh obann ama san scéal, siar agus aniar i saol an Chléirigh, agus roimhe fiú.
Scéal a thosaigh roimh a ré, agus a theagmháil leis, i measc na scéalta, scéal faoi lámhscríbhinn ársa agus an te ar thit mar oidhreacht air cúram a thabhairt dó, agus na castaí ina chinniúint a tharla dá bharr.
Ré an tAthrú Creidimh atá i gceist, agus bhí torthaí thar athrú creideamh amháin i gceist leis sin. Buille mharfach ag ea Imeacht na nIarlaí don aos dána Gaelach, agus don gcóras iomlán a bhí ina mheascán idir feodachas na Normannach agus córas aicmeach léinn is gairm na nGael.
Tá Cléireach an teideal idir na sean uaisle agus a n-aos dána agus an dream atá anois ag teacht faoi bhláth beag beann ar an sean reacht, ach a bhfuil ómós acu don sean reacht go pointe.
Tá Darach Ó Scolaí ina mháistir paiteanta ar an riail gan insint dúinn cad atá ag tarlú, ach é a léiriú dúinn. Tá an teannas agus na fórsaí a d'imir ar na daoine a mhair tríd an ré fhuilteach cogaíoch sin, cogadh a d'fhág an Eoraip ar fad ina bhlár chatha, le mothú anseo. Léiriú arís eile go bhfuil dán agus stair na hÉireann fite fuaite le dán na Mór Roinne, léargas atá caillte cuid mhaith abhus.
An teist ar leabhar atá ann gur féidir é a athléamh, agus mór sásamh a bhaint as. Rud atá fíor faoin leabhar seo.
An Cléireach
Darach Ó Scolaí
Leabhar Breac
ISBN 978-0-898332-33-9
2009-10-25
Ag réabadh Seanbhróg
Thaitin an dearadh stáitse go mór liom, agus baineadh feidhm mhaith as fuaim agus solas.
Ach b'iad na haisteoirí croí an ruda. Thaitin carachtar Muiris - giolla ridire Normannaigh - go mór liom. Ba chliste an bealach an rinne sé idir a mháistir agus an Gael Tadhg a fuineadh agus a chasadh san treo inár mhian leis, agus ba chainteach a ghnúis lena linn. Bhí an bheirt eile ana mhaith freisin.
Fíodh nathanna seana chaite atá cloiste againn ar fad go glic tríd an téacs, agus chuir siad go mór leis an aoir. Aor a cheistíonn ár dtuiscint ar thús an concas, agus na ghaol chasta idir Gael agus Gall. Gan trácht ar an Éireannachas Galldaithe.
Beidh deis ag aoinne atá ag an Oireachtas i Leitir Ceanainn freastal ar an ndráma. Molaim go mór díobh an deis sin a thapú! Éacht eile ó beirt Dharach - Ó Scolaí a scríobh, agus Mac Con Iomaire a léirigh. Tá an chliar trí chéile le moladh.
2007-12-31
An Cléireach
Seo leabhar iontach. Scéal cléirigh in arm na hÉireann aimsir Cromail - ach toisc é a bheith ag seanchas le hAos Léinn, agus an úrscéal a bheith tógtha thart ar an seanchas chéanna, is fuinneog isteach san ré sin san Eoraip atá ann - nuair a bhí an Roinn ar fad corraithe ag na cogaí a lean an tAthleasú creidimh.
Bhí Éireannaigh ar gach machaire an áir ó Bíla Hora na Boihéime go Luimneach.
Tugann an scéal spléachadh ar an dteannas a bhí ann ag an sean ord ag titim as a chéile - cumhacht sliocht na dtaoisigh ag meath; claochlú an aos dána ó ord daingean na scoileanna éigse go filíocht an phobail; ceisteanna faoi dualgas, dílseacht, freagracht, creideamh.
Tá úsáid chliste bainte as litrithe éagsúla; ach tá an leabahr ar fad thar a bheith soléite, aoibhinn.
Beidh mé an súil nach é an duais iarracht seo aon úrscéal an Scolaigh!
An Cléireach
Darach Ó Scolaí
Leabhar Breac 2007