Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label fiannaíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label fiannaíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-04-12

Fianna Éireann


Kevin Hickey a chuir an leabhar seo ar mo shúile dom, agus chuir mé fios air ón leabharlann. Comhrá idir Peadar Ó Riada agus Pádraig Ó Fiannachta a spreag a chumtha - eipic inchanta a fhí as na scéalta Fiannaíochta. 

Tá téagar ann, agus scéalta Fiannaíochta cáiliúla agus gan a bheith cáiliúil mar thinfeadh do chumadh an Fiannachtaigh. 
Admhaím - toisc gur don gcluas a scríobhadh - gur chuaigh cuid de sa bhfraoch orm de dheasca foclachas agus athrá. Agus ní críonna an bheart é iarraidh leabhar mór filíochta a léamh ó chlúdach go clúdach cibé. 

Ach nuair a chaithfear é thabhairt ar ais ag an leabharlann... 

Cuireann líníochtaí Dhómhnal Uí Bhric go mór leis an saothar, dar liom, ceannlitreacha maisithe ag tús na míreanna agus tagairtí don scéal fite isteach iontu.

Creidim go ndearna Peadar Ó Riada ceol a chumadh don iomlán agus go raibh ar a laghad léiriú amháin de ann. Mura bhfuil dul amú orm, tá focail mír amháin ar albam 1916 Uí Riada, Onóir, tógtha as an leabhar seo.

Pádraig Ó Fiannachta
An Sagart 2014
ISBN 9781903896907
Lth/Pgs 205
Eipic ar an bhFiannaíocht idir Laoithe agus Scéalta

2021-08-17

Fionn Trá ⁊ Cill Mhic an Domhnaigh


Agus an Teampall Geal aimsithe agus feicthe againn, thiomáineamar (go leictreach!) ar aghaidh go Ceann Trá, ag fágáil an ghluaisteáin ag Halla Ceann Trá. Síos linn go dtí an Trá mar sin. Tá sé molta do m'athair go mbeadh uisce sáile go maith dá throithe - mar sin shiúl muid costarnach fad na Trá go dtí na Ráithíní. Bhí gainéid flúirseach amach uainn - ar foluain san aeir agus ansin ag titim ina pleist isteach san uisce, cruth sleá orthu. Níor mhaith liom bheith i mo sprioc ag ghob ghainéid! 

Buataisí orainn arís, shiúileamar ar Shlí Chorca Dhuibhne, tríd Cathair an Treantaigh (áit óige an fhile Nuala Ní Dhomhnaill) go dtí Cill Mhic an Domhnaigh. Bhí fonn orm Leac na Ré a aimsiú, áit a bhfuil, más fíor Daire Donn, Rí an Domhain, a thit i gCath Fionntrá curtha. Ag ceal úsáide tá meirg tagtha ar mo chumas meabhair ceart a bhaint as léarscáil 1:50000 na Suirbhéireachta Ordanáise - táim millte ag cruinneas agus líon sonraí léarscáil East West Mapping! Bhí an Celtic Prehistoric Museum príobháideach trasna ó Scoil Chaitlín dúnta mar sin ní fhéadfaí fiosrú ansin. Chuaigh muid suas bóthair a shíl mé a bheith ceart, ag amharc deas is clé. Déanta na fírinne, bhí mé ag súil go mbeadh fógra.
Tháinig deireadh leis an mbóthar i gclós tí. Ní raibh le déanamh ach filleadh síos ar an bpríomhbhóthar.

Agus muid ar an slí anuas (díomá ormsa) tháinig fear a bhí amuigh ag ritheacht. Chuir mé ceist air - ach ní raibh tuairim aige cad faoi a raibh mé ag caint. Nuair a luaigh mé áfach gur cloch a bhí á lorg agam, dúirt sé go mba cheart dom labhairt leis an bhfear sa dara teach ar chlé - go raibh leabhar scríofa aige ar ghalláin Chorca Dhuibhne!

D'aimsigh muid an teach. Ní raibh an cuma air go dtiocfadh éinne go dtí an doras, ach agus muid ar tí imeacht tháinig Cyril Harrington, údar an leabhair, go dtí an dturas. 
Níor thuig sé cad a bhí uaim i dtosach, shíl sé go raibh mé ag tagairt do "leaca réidh" — atá gar do Chom Dhineoil. Seans nach bhfuil an ainm Leac na Ré in úsáid go háitiúil! 

Ach nuair a thaispeáin mé ar an léarscáil dó é dúirt sé "Ah, that's in Tom Garveys Field". 

Bhí sé déanta amach agam faoi sin gur casadh ar a chéile muid cheana, ag ciorcal comhrá Scoil Cheoil an Earraigh faoi stiúir Danny Sheehy, beannacht Dé lena anam. 

Thosaigh sé ag tabhairt treoracha dúinn, ach ansin bheartaigh sé muid a thionlacan píosa. Tá meirg tagtha ar a chuid Gaeilge d'uireasa cleachtadh san dianghlasáil - ach bhí comhrá gabhlánach macarónach againn agus muid ag dul síos an bóthar. 

Ón mbóthar tá Gallán le feiceáil sa chéad gort. Tá an leac a bhí i gceist agam féin sa ghort taobh thiar de sin, agus ar chlé uaidh sin arís tá gallán eile agus iarsmaí Cill Mhic an Domhnaigh - a bhí ina cheallúnach ar feadh i bhfad. Tá cros le feiceáil ar éigin ar an ngallán sin. 

Tá Leac na Ré féin íseal - ach tá dearadh suntasach air. 


Bhí mé i bhfad níos sásta agus muid ag tabhairt aghaidh arís ar an mbóthar! Shiúlamar fán mbóthar chomh fada le tábhairne Pháidí Uí Shé ag Ard a'bhóthair. Tá an bóthar leathnaithe ó bhí mé an treo cheana, agus tá líne péinte ag scaradh píosa de mar chosán coisithe. Feabhas éigin atá ann, cé nach cosaint atá ann. Bíonn an dúrud tráchta ar an mbóthar toisc gur cuid de shlí Ceann Sléibhe atá ann. Is leor tiománaí buile amháin... Agus go deimhin chonaiceamar iarracht baolach dul thar carr ag Francach corrthónach... 

Bhí mé i bhfad níos sásta filleadh ar an dtrá agus siúl ar ais go Halla Ceann Trá. 


Aguisín : Chuir mé ceist maidir le Leac na Ré ar Twitter ar Dáithí de Mórdha. Tá Leac na Ré luaite ag Cuppage et al [Suirbhé Seandálaíochta Chorca Dhuibhne, 1986, foilsithe ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne] (agus is dócha gur dá bharr sin atá sé ar an léarscáil). Ach tá An Leaca Ré tamall siar an Bóthar, ar chliathán an Dúna le hais Tráigh Chom Dhineoil!
Pictiúir ó Dháithí thíos á léiriú :
Tá Leac na Ré luaite ag an Seabhac freisin [Tríocha Céad Chorca Dhuibhne] san sliocht seo thíos, agus breis eolais maidir leis an áit. Tá an na goirt tugtha chun míntíreachais agus níl na sonraí eile, seachas na clocha, chomh soiléir sin don súil neamhoilte. Ní fhaca mé aon uaimh (ach ní raibh mé á lorg) 


Aguisín eile. 
Tá siopa Leac a'Ré sa Daingin. Bhí bréagchuimhne agam féin go raibh an crosleac ar an bhfógra - ach ní hea, agus is do na haillte i gCom Dhineoil a thagraíonn an t-ainm. 






2020-11-30

Fiannaíocht Dharach

 

Is seoda iad leabhra Leabhar Breac. Bhí mé thar sáile nuair a foilsíodh an leabhar seo i dtosach, agus ag deireadh na nochaidí ní raibh cur amach agam ar Dharach agus a chuid oibre ar aon nós. Bhí an leabhar feicthe agam uair nó dhó, ceart go leor. Ach nuair a d'fhógair sé eagrán nua ar Twitter le déanaí, agus ós rud é go raibh mé meáite ar Tinte na Farraige Duibhe a cheannach uaidh ar aon nós, shantaigh mé é.

Fionn ag Fiannaíocht atá againn san leabhar seo. Tá Rahmenhandlung ann ceart go leor, a mhíníonn cén fáth go bhfuil sé Tigh Chonáin, agus cath fuilteach ag an deireadh. Ach mheabhraigh sé Scheherazade  agus 1001 Oíche na hAraibe dom - cuireann Conán ceist faoi ghné de scéal Fhinn agus insíonn Fionn an eachtra. Leathanach nó dhó i ngach eachtra acu - macghníomhartha, mar a fuair sé Bran agsu Sceolaing, mealladh mná agus comhraic le fir.

Teanga cuanna atá in úsáid ag Darach, agus na ruthaig agus coruithe catha a bheadh ag seanchaí maith aige. Dramaíocht. Bhain mé taithneamh as an léamh, agus de bhrí gur díolaim atá ann, d'fhéadfá filleadh air arís is arís, ag léamh scéilín ar leith agus á leagan uait seal eile.

Mar is iondúil is earra iontach an leabhar féin; cló glé, páipéar uasal, léaráidí de chuid Darach tríd - clúdach cuanna le híomhá Bruegel. 

Níl staidéar déanta agam ar aicmiú na scéalta, ach tá lear mór fabhalscéalta léite agam nó feicthe agam ar teilefís na Gearmáine - agus thug mé suntas do chuid na moitífeanna idirnáisúnta - an dream a chuidíonn le Fionn tarrtháil a dhéanamh ar mac rí Laighean, abair. 

Ach tá aduantas ar leith sna scéalta freisin, gné Gaelach, gné barbartha, fiáin. Is maith an cumasc iad na scéalta seo. Is cleasaí é Fionn seachas laoch - agus ní hé an carachtar is deise liom é. (Fadó bhí beartaithe agam scéalta faoi Gholl Mac Morna, ar uaisle de laoch é, a chuir ar leathanach idirlín - ach chuir mé ar an méar fhada chomh fada sin iad gur thit siad de).

Tá leabhra eile Fiannaíochta agam, teaglaim Uí Chadhlaigh ina measc, agus cinn do dhaoine óga, ach níl sárú an leabhar seo mar scíthleitheoireacht dúshlánach (más rud é sin) feicthe agam. Molaim é!

Darach Ó Scolaí
€16.00
96 lch; clúdach crua; 
ISBN 978-1-909907-67-6


2019-08-24

Dóiteoir na Samhna/An Bradán Feasa

Athinsint bhreá atá sna leabhar seo ar Mhacghníomhartha Fionn Mac Cumhaill ó Darach Ó Scolaí. Tá cúlra Finn tugtha aige chomh maith leis na heachtraí iad féin, rud a chuirfidh go mór le heolas na léitheoirí óga. Chomh maith leis an insint taitneamhach tá dathadóireacht iontach Caomhán Ó Scolaí a cuir go mór leis an insint.Tá an insint breá soiléir, agus tarraingteach do léitheoirí óga. Tá na heachtraí féin spleodrach agus an bagairt sa chúlra ó Gholl Mac Mórna breá soiléir san dá scéal. Tá mionsonraí sna scéalta a chuireann leis an saibhreas iontu le hais cnámha na scéalta a bheadh ag go leor daoine cheana.

Tá na leabhar feiliúnach le léamh ós ard do ghasúir agus do léitheoirí neamhspleácha.

Dóiteoir na Samhna
Darach Ó Scolaí
ISBN:9780898332438
Leabhar Breac
Aois 8-10

An Bradán Feasa
Darach Ó Scolaí
ISBN:9780898332421
Leabhar Breac
Aois: 8-10

 

Foilsíodh an mír seo i dtosach ar Gobblefunked 6ú Nollaig 2016

2017-01-10

Bodach an Chóta Lachna

Scríobh mé píosa ar Gobblefunked faoin dá leabhar eile san sraith Fiannaíochta seo le Leabhar Breac.
Bhí deacrachtaí agam teacht ar chóip de Bodach an Chóta Lachtna, agus suim ag m'iníon ann. Táim buíoch de Darach mar sin as cóip a sheoladh chugam mar féirín.

Tá léaráidí Chaomhán Ó Scolaí go hálainn, agus athinsint iontach soléite ar an seanscéal. Rud a chuir beagán iontas orm nár luadh gurbh é Manannán Mac Lir i mbréagriocht é an Bodach. Is trua sin.

Mar sin féin, tá súil agam go mbeidh na leabhair seo ar fáil go fairsing i leabharlanna scoile le go mbeidh teacht ag an aos óg ar leaganacha tarraingteacha a rachaidh i bhfeidhm ar a samhlaíocht idir focail agus íomhánna. (Bhí an dá leabhar eile léite ag m'iníon sula bhfuair mé iad, toisc iad a bheith sa leabharlann scoile)

Tá nasc leis an gcluiche Ardrí freisin, mar go bhfuil an obair ealaíne céanna i gceist.

Cuireann eolas ar na scéalta leis an spraoi sa chluiche. Súil agam nach fada go mbeidh teacht againn ar dhá scéal a bhfuil tagairtí dóibh sa chluiche ach nach bhfuil- go bhfios dom- foilsithe fós. Eachtra an Ghiolla Deacair, agus an uair a bhí Fionn gafa i síbhrú.

Ba mhaith liom féin scéalta eile a fheiceáil freisin- breith Oisín, abair agus scéalta eile fearacht scéalta Bhrain agus Sceolaing nach bhfuil teacht chomh héasca sin orthu.

Bail ó Dhia ar obair Leabhar Breac!

Bodach an Chóta Lachna
Darach Ó Scolaí
€7.50

40 lch; clúdach bog;
ISBN 978-0-898332-60-5

2011-12-02

Na ceolta ab ansa le Fionn

Spreag ceist ar fóram nua Daltaí mé chun dul sa tóir ar 'ceol na dtarluithe'. Is cosúil gurbh é James Stephens a mhúnlaigh an nath áirithe sin. Ach tháinig mé ar an sliocht seo as Feis Tigh Chonáin: tríd leabhar le Cormac Ó Cadhlaigh a tháinig mé air, agus is leis an leagan nua Ghaeilge (nach ionann go hiomlán agus an ceann eile).

‘Indis dam-sa’ ar Conán ‘na ceódla 7 na oirfitheadha is binde leat fuaruis ariamh.’ ‘Inneósat-sa sin duit,’ ar Finn.

‘An uair bhidh seacht ccatha na gnáthfhéine a n-aon-inadh 7 thógbait a ccraindgal ós a gceanduibh 7 buailuit na gaoithe glan-fuara ar feadh na ccraindgal 7 doníd treathan is tormán etorro, is dona ceólaibh is binne liom dá ccuala ariamh sin. Is bind liom fós an tan easgurthur teach mór na hAlmaine 7 tógthur na cuirnn comhóla dá ndáil ar maithuibh na Féine; is binn liom bloscadh donidh deireadh na ccoirnn ‘gá ttógbháil an uair sin. Is bind liom fós fogur na bfaoilinn 7 coigedal na gcorr 7 fuaim thuinderágha 7 comhrádh (firscarde) arscáth a sgéithe. Is bind liom fós guth na gcuachadh ‘sa céatteamain & sceamgal na muc agamuigmhoin daim Cerae a gcnoc Ruadh 7 nuallán sealga Doire Nouis 7 sgalguire loin Litreach Néid & mungur na glais-sreab 7 aphrán trí n-ingean Bic mic Buain 7  aphrán trí mac Eathach. Is bind liom fós tond fá thír amach 7 asteach. Is iat sin na fuaslaicthe na gceist do chuiris orm, a Chonán’ for Fionn.
"Innseosad-sa san duit," arsa Fionn.
"Nuair a bhídh seacht gcatha na gnáthféinne ar aon mháigh agus nuair a thógaid a crannghail ós a gcionn agus nuair a ghluaiseann an ghaoth glórach ghlanfuar tríotha agus thórsta, is róbhinn liom san. Agus nuair a leagtar na búird amach 'san tigh fleidhe againn i nAlmhain, agus nuair dháilid na dáileamhain na cuirn caomhghlana do mhaithibh na Féinne, an bloscbhéim dobheirid 'na dheire sin ag baint le bórdaibh na bruidhne, is róbhinn liom san.
Is binn liom foghar faoileann ag coigeadail na gcorr agus fuaim toinne Tráighlí, agus abhrán Mac Meardha, agus fead Mhic Lughaidh, agus dórd Fearstaraidh, agus guth na cuaiche an chéad mhí de samhradh, agus nuaill na scol i nDoire.