Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-12-29

Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha...


Mar a bhí mé ag tnúth leis, fuair mé an leabhar seo mar fhéirín Nollaig. Thum mé mé féin ann, agus tá an chéad léamh déanta agam. Fillfidh mé air, táim measartha cinnte!

Cléireach (arís!) laoch an scéil, i dtiarnas Tír Eoghain agus Conn Bacach i réim. Santaíonn Conchúr Ó hArdail Tiarnas sibhialta síochánta Eorpach - ach tá a rath féin thuas seal thíos seal de réir mar a chasann rotha na comhcheilge agus cinniúna - é féin lena lámh ar an roth ag fónamh do mháistrí éagsúla agus dá fhís féin - féin daonnachtúil na hAthbheochana Eorpaí. Teilgtear amach agus isteach i bhfabhar é, uaireanta de bharr a bheartas féin, uaireanta de bharr (mí) léamh ar na comharthaí. Ní hionann i gcónaí a fhís do rath an tiarnais agus tuairimí a Thiarna - rud a chuirtear in iúl go borb, agus scaití go foréigneach dó. Agus tá na huaisle le cuir san áireamh freisin - comhcheilg, lámh láidir, cleasaíocht dlí, spiaireacht,...

Níl na Gaill chomh suntasach sa scéal is a mheasfá, go háirithe nuair a rinne Conn Bacach géilleadh do Anraí VIII go gairid i ndiaidh deireadh éachtraí an leabhar - bás Feilimí Caoch, a raibh súil ag ó hArdail prionsa de réir Institutio principis Christian Erasmus a dhéanamh de - agus Gaeilge curtha aige air.

Míreanna eachtrúla thar réimse blianta atá sa leabhar, an laoch ag dul chun cinn scaití, siar scaití eile. Gaeilge chúirtéiseach shaibhir san insint. Anois is arís splancanna ón miotaseolaíocht - seanbhean ag marcaíocht ar bhó ag tairngreacht agus ag tabhairt eolais d'Fheilimí Caoch - ag fógairt a gheis dó, a sháraíonn sé agus a mbíonn a fheallmharú mar thoradh indíreach air.

Fir agus mná, idir uasal agus íseal, castar orainn iad ar na leathanaigh, iad ar fad ag lorg a gcearta - de réir mar a fheictear dóibh féin iad. Cléireach agus tuata, ceannaí agus saighdiúir, gallóglaigh agus fir treibhe - meascán baolach, agus formad agus faltanas ag cruthú ithir shaibhir do comhcheilg agus caismirt. 

Agus na Gaill agus comhghuaillithe Gaelacha ag bagairt ar na teorainneacha...


Tá cosúlachtaí le Sliocht ar Thír na Scáth Uí Doibhlin, ach go bhfuil laoch an úrscéal seo níos gníomhaí cé nach máistir ar a chinniúint é ach oiread. 

Bhain mé taitneamh as an léamh, agus táim cinnte go léifidh mé arís é - táim fiosrach agus fonn orm breis eolais a aimsiú faoi na pearsana stairiúla a castar orainn ar na leathanaigh. 

Darach Ó Scolaí
€18.00
240 lch; crua; ISBN 978-1-913814-14-4


2021-12-22

Cothú anama na coille

Tá cónaí orm i mBaile an Chinnéidigh ó thart ar 2003; ach don mórchuid is chun codladh amháin a bhí mé ann, agus mé ag obair ar an dtaobh eile den gcathair - imeacht luath ar maidin agus filleadh déanach tráthnóna a bhí i ndán dom.

Maith go leor, bhí na deireadh seachtainí ann, ach go hiondúil bhíomar amuigh áit éigin. Bhí fhios agam an coill a bheith, buailte ar an eastáit ina bhfuil cónaí orainn, agus bhí corr seal caite agam ann leis na leanaí - níos mó ama caite ag na buachaillí ann leo féin nó le cairde agus iad níos óige. Measaim gur reáchtáil muid cuid de cóisir lae breithe ann freisin - ag ídiú fuinnimh na ngasúir!

Ar imeall tailte teach mór atá an choill, stráice fada ar dhá bhruach srutháin. Tá ceanncheathrú Coillte Teo i gcúinne amháin na coille, agus saotharlann acu in áit eile - agus measaim gur leo cuid den gcoill - ach is le dream tráchtála codanna eile.

Meascán crann atá ann - go leor síorghlas, béithe, trom, agus corr dhair. Eidhneáin agus táthfhéithleann fáiscthe thart ar go leor de na crainn. Feictear dom go bhfágtar sách nadúrtha é - cé gur gearradh píosa de go cré le déanaí. Bíonn crainn móra anseo is ansiúd. Go leor crainn tite, ag lobhadh agus ag cruthú deiseanna d'ainmmhithe agus plandaí.

Os rud é go bhfuilim sa bhaile ó thús na paindéime, is minice ná a mhalairt a théim ag siúl sa choill am lóin - tá camchuairt áisúil ann a thógann thart ar 20 nóiméad orm. Scaití ag an deire seachtaine bím ag siúl níos faide agus níos doimhne isteach sa choill. Ar imeall na coille tá cairéal gainimh tréigthe - tírdhreach aduain!

Tá na séasúir uilig feicthe anois agam - an coill faoi bhrat bláthanna san Earrach - coinnle corra agus sabhaircíní agus neart eile. Pas níos déanaí, cairpéad creamha in áiteanna. (Toisc é bheith gar don N11 agus go mbíonn madraí go coitianta ag siúl ann, níl sé de mhisneach agam fómhar a bhaint!). Raithneach ard san samhradh, in áiteanna eile - áiteanna eile lom seachas brat duilleoga tanaí na ngiúiseanna síorghlasa. Meas béithe go rúitín orm ar an gcosán san Fhómhar, agus fungais ilchinéalacha ar na crainn agus ar admhad mharbh.

Tá ioraí glasa fairisng sa choill; táim cinnte go bhfuil ainmhithe eile, ach is uair fánach a leagaim súil orthu. Tá sionnach feicthe agam sa choill ón mbóthar; agus anois is arís fianna. Táim lánchinnte go bhfuil ainmhithe eile ann, atá ró chúramach go bhfeiceadh mise iad! Agus ní bhím ann ístoíche.

Tá feithidí ann gan amhras - tá neart féileacáin feicthe ann.

Tá na héin níos misniúla, agus iad ábalta éalú uaim! Coilm cille, spideoga dan amhras. Smólaigh. Dreoilíní. Preacháin. Uair amháin chonaic mé Diarmaidín riabach. Tá Gabha Dubh fecithe agam roinnt uaireanta, ag sciorradh os cionn uiscí an  srutháin. Tá péire scréachóg coille ina gcónaí sa choill; agus chonaic mé agus chuala mé clámháin agus cúr rua sna spéartha ós a chionn. (Tá coillte eile, níos mó, gar don áit, agus siúlaim iontu sin uaireanta freisin - ach tá siad níos aonchineálaí, coillte tráchtála cuid acu agus leadránach dá réir).

Is iontach an áis é seo atr lic an doras, agus is annamh nach mbíonn spionn níos fearr orm ag filleadh ó mo shiúlóid (agus cuisle aclaithe!)

2021-12-18

Uraiceacht na Giolcaireachta

Thart ar 2010 measaim a thosaigh mé cuntas Twitter, i dtús báire ar mhaithe le bolscaireacht ar son @anciorcal, ach níorbh fhada go raibh mé sáite i gcomhráite agus conspóidí. Cuireadh ar mo shúile dom, agus táim buíoch don té a rinne, nach raibh sé oiriúnach a bheith ag tabhairt tuairimí pearsanta faoi ainm "eagraíochta" sa chiall is scaoilte.

Cé go leanaim scata cuntas as Béarla (agus teangacha eile) is ar mhaithe le comhrá Gaeilge atá mé ar Twitter. Agus tá fíor aithne curtha agam ar roinnt daoine spéisiúla nach raibh ach Twaithne* agam i dtosach. Neart eile agus ní heol dom a bhfíorainmneacha fiú, ach tá sult agus tairbhe sa ríomhaithne. Dornán beag a bhfuil cosc curtha agam orthu mar gur éirigh eadrainn ró mhinic, go hiondúil de bharr míthuiscint fánach.

Nádúr na cumarsáide ar líne nach bhfuil ann ach an bhfocal lom, agus cé gur féidir mothúcháin a chur in iúl le leithéidí emoji, is go comhfhiosach a déantar sin. Mar sin níl fáil ar an eolas faoi mothúcháin a bheadh ar fáil i gcomhrá aghaidh ar aghaidh a thugann le fios go an comhrá ag druidim le líne nach ceart a thrasnú.


Is iomaí tairbhe atá faighte agam as na comhráite ar Twitter. Moltaí léitheoireachta i nGaeilge agus Béarla. Na cinn Gaeilge go háirithe luachmhar - murar leabhar nua foilsithe atá i gceist, gach seans nach mbeadh sé tagtha i mo threo. (Is iontach na hiasachtaí idir leabharlainne). Eolas faoi cláracha teilefíse agus raidió. 

Is féidir le Twitter bheith achrannach gránna - mná go háirithe thíos leis. Tá sé d'ádh orm nach minic go mbím i gconspóid cé go bhfeicim na macallaí scaití. (Agus bíonn an cnaipe tuairiscithe in úsáid agam dá réir!)

Tugann sé sásamh ar leith dom nuair is féidir liom duine atá ar thóir eolais a chuir i dteagmháil le duine a bhfuil an t-eolas acu.

Gan amhras poll ama atá ann, ar éasca éirí ró ghafa leis, go háirithe agus an fón glic le lámh. (Cúis atá le m'aistharraingt bhliantúil um Carghas).

Ach i ré seo na paindéime, agus deiseanna eile comhrá tearc, is breá liom go bhfuil an líonra sóisialta seo agam chun nascanna a chruthú agus a chothú. 

Mo bhuíochas leo siúd a choinníonn comhluadar liom agus a spreagann aclaíocht intinne ionam tríd ceisteanna meabhracha agus blúiríní eolais a chur faoi mo bhráid. 



*Sinéad (@gobblefunkerr) a chum an téarma meabhrach Twaithne ar an aithne a chuirtear ar dhuine ar Twitter.

2021-12-14

Altai

Roinnt blianta ó shin tharraing Danny Brown m'aird ar an úrscéal stairúil Q ar bhain mé an-sult as. Ní cuimhin liom anois conas ar tháinig mé ar an leabhar eile seo de chuid an comharghrúpa chéanna - atá anois ag feidhmiú faoin ainm Wu Ming (anaithnid as Sínis), ach tháinig mé air tamall siar, agus fuair mé leagan bog saor in aisce de - ón bhfoinse seo, sílim. (Chuir mé cúpla euro i hata s'acu as an pléisúir a fuair mé as é léamh - anseo)

Tá nasc leis an úrscéal Q sa mhéid is go bhfuil páirt bheag ag an ainrialaí a reiceann Q sa scéal nua seo faoi phearsa aonair i ngleic le cumhachtaí móra agus diamhaire a linne - an streachailt idir an Veinéis agus an Turc Otamánach díreach roimh Cath Lepanto.

Is mac le bean Giúdach i Ragusa (Dubrovnik) é an reacaire, ach is uasal Veinéiseach é a athar - agus tar éis bás a mháthair tógann a athair ar ais chuig an Veinéis é - áit a bhíonn sé ag feidhmiú mar chuid den péas rúnda. Tá col aige lena sinsreacht Giúdach - ach is baol an sinsearacht céanna dó sa Veinéis. Tarlaíonn eachtra san longchlós, agus tuigeann sé go tobann go bhfeileann sé dá mháistrí ceap milleáin a dhéanamh as féin - tar éis an tsaoil is Giúdach faoi choim é, agus bheadh sé inchreidte dá réir é bheith ina thaca ag babhdán na linne - Giudach Sephardeach a raibh tionchar aige ag cúirt an Sultain. 

Teitheann sé lena bheo, agus tar éis eachtraí go leor, agus in aghaidh a thola, scuabtar soir é go Iostanbúl agus isteach i lár na comhcheilge atá ar bun ag Josef Nasi chun ríocht an Chipir a bhaint amach dó féin - mar tearmann do Giúdaigh, mar nach bhfuil ag éirí leis an Tiarnas atá aige i Tiberias na Pailistíne. 

Tá bunús stairúil leis na heachtaí ar fad - ach is féidir freisin macallaí go leor a fheiceáil le heachtraí an lae inniu; agus an cogaíocht agus achrann a fhágann teifigh agus anró ar go leor. Agus na tubaistí is feidir eascairt as iarrachtai cabhrú le dreamanna thar a chéile. 

Scéinséir den scoth atá ann - agus is mar scéinseir a léigh mé é. Ach tá lón marana iomadúil tráthúil eile le baint as. Tráthúil, agus an iarracht tearmann do Giúdaigh a chruthú ag cothú achrann agus foréigean agus anró fós. Agus cumhachtaí móra na cruinne fós ag baint feidhm as daoine agus pobail, nach mbíonn leo ach saol síochánta a chaitheamh, mar cheithearnaigh nó ceap milleáin.

2021-12-12

Sna spéartha thuas, tá banc dramhaíl - is ní iontaisí an tsaoil atá ann!

 

Foinse: ESA

De réir uimhreacha:

Eolas tugtha suas chun dáta ar 9ú Samhain 2021 (Foinse):
  •  Líon roicéid lainseáilte ó thús Ré an Spáis i 1957: Thart ar 6120 (teipeanna as an áireamh) 
  • Líon satailít curtha i bhfithis ag na roicéid sin: Thart ar 12170 
  • Líon fós sa spás: Thart ar 7630 
  • Líon fós i bhfeidhm: Thart ar 4700 
  • Líon píosa bruscair atá á rianú ag na Líonraí Faire Spáis agus atá ina gcatalóg: Thart ar 30110
  •  Líon measta bristí, pléascanna, tuairteanna nó eachtraí aimhrialta a raibh smionagar mar iarmhairt orthu: breis agus 6230 
  • Mais iomlán de rudaí saorga i bhfithis na cruinne: Breis agus 9600 tonna 
  • Meastachán ar an líon iomlán píosa smionagar i bhfithis trí samhlacha staitistiúil 
    • 36500 píosa níos mó ná 10 cm 
    • 1000000 píosa idir 1 cm agus 10 cm 
    • 330 milliún píosa idir 1mm agus 1 cm

Is iondúil go mbíonn mé féin ag ple le misean a théann go domhain isteach sa spás, agus nach gcuireann an plódú ar an bhfithis timpeall ar an domhain, ach tá mé ar an eolas faoi bhfadhb le tamall.  Le déanaí, bhí ceann de na hárthaigh ar raibh baint agam leis - Solar Orbiter - ag baint feidhm as imtharraingt an domhain chun breis luais a bhaint amach, agus bhí imní orthu mar go raibh orthu an sraith dramhaíola a thrasnú roinnt uaireanta. Agus go gairid roimhe sin, bhí ar fhoireann an Spáis Stáisiún fothain a lorg san capsúl Soyuz. Bhí an Rúis tar éis sean satailít dá gcuid a shéideadh san aer, agus bhí baol don spás stáisiún dá bharr. Ní institiúidí Stáit amháin atá bainteach leis an bplódú sna fithis ar ndóigh - tá Space X agus comhlachtaí eile ag seoladh na mílte árthach. Teipeann ar chuid acu, nó ní bhíonn smacht iomlán orthu - agus tagann siad i bpriacal imbhualadh dá réir.

Bhí mé ag comhdháil (ar líne) de chuid ESA i rith na seachtaine, agus ba cheist mhór seachaint dramhaíola agus glanadh na spéartha. Ag an am céanna tá go leor ciúbsat á dhearadh agus á seoladh - de bharr gur féidir uirlisí a dhéanamh níos lú agus níos lú, is féidir saitilítí beaga - ar thomhais 20 x 30 x 10 cm a dhearadh ar chostas beag, agus scata acu a sheoladh le roicéad amháin - an chostas is suntasaí. Tá saolré níos lú ag na hárthaigh seo, agus mar sin is féidir caighdeán nach bhfuil chomh géar a chur i bhfeidhm ar an ndearadh. Sábháil costais eile.

Ach luadh go seolfar níos mó satailít sa trí bhliain amach romhainn ná mar a seoladh sa seasca bliain roimhe. 

Tá misean ina measc chun breith ar sean satailít agus iad a tharraingt anuas - dófar ansin san atmaisféar iad. Táthar ag obair le crobh mhór nó le heangach chun é sin a dhéanamh. Nó seol a chuir ar saitilít a osclófar nuair atá a shaolré caite - de bharr an frithchuimilt méadaithe leis an beagán atmaisféar atá ann, titfidh sé níos gaiste i dtreo na cruinne. 

Bhí caint éigin freisin ar faid a chuir le saolré saitílití tríd saitílit taca a chuir leo nuair atá an breosla (ar gá é chun tuairt a sheachaint nó chun fanacht i bhfithis) ídithe. 

Tá obair ar bun ar árthaigh ar féidir leo tuirlingt arís, cothabháil a dhéanamh orthu, agus iad a sheoladh athuair. 

Ach bunaite na árthaigh i bhfithis íseal an domhain, is é atá i ndán dóibh luath nó mall titim i dtreo dromchla na talún. Moillíonn an imtharraingt agus an méid beag atmaisféar iad. Dófar iad de bharr an frithchuimilt. 

Caithfidh mé a rá nach bhfuilim pioc tógtha leis an smaoineamh go mbeidh na tonnaí d'earraí leictreonacha, miotail agus plaisteach á dhó go hard san atmaisféar. Tá mé nach mór cinnte go mbeidh iarmhairtí nach bhfuil tuartha fós dá bharr. 

Agus sin gan éifeacht Kessler a chuir san áireamh - sé sin, an baol go mbeadh cascáid tuairteanna ann, agus breis dramhaíl á chruthú ag gach tuairt. 





2021-12-11

Robinson Crusoe óg Éireannach

Ó crannchur Aidbhinte Cló Iar-Chonnachta a ghnóthaigh mé an úrscéal seo de chuid Áine Uí Fhoghlú. Ar ndóigh, ar déagóirí óga seachas mo leithéid atá sé dírithe, agus ní mór dom a admháil go raibh mé ag streachailt anois is arís an díchreideamh a choinneáil ar fionraí!

Fágtar an leath dílleachta Eoin, a bhraitheann uaidh go mór a athair a fuair bás agus é a ceathair, ina aonar ar oileáin bheag tréigthe amach ó chósta na hÉireann tar éis don eitleán a bhí lena rang a thabhairt siar ar thuras scoile tuairt i stoirm agus tuirlingt ar an muir. Scuabtar Eoin chun siúl agus i dtír ar oileáin bheag.

Bíonn ar bia a aimsiú agus é féin a choinneáil misnithe - mar is cosúil nach bhfuil aon chuardach ar bun. 

Forbraíonn sé ó bheith ina phatacháin plobach, i ngleic le thús an teacht in inmhe, ina ghlas-stócach atá maith in ann aire a thabhairt dó féin, ag teacht i dtír ar éirim agus misneach.

Braithim go bhféadfadh go leor daoine óga ionannú leis - agus lena streachailt le tromaíocht agus iarracht bheith istigh leis an slua ag tús ach go háirithe. Ach léiríonn na heachtraí an miotal atá ann dáiríre. 

Tá an stíl reacaireachta nádúrtha tarraingteach - muid istigh i meon Eoin agus é ag coraíocht leis an saol, ag sárú a imní nádúrtha. 

Agus ag an deireadh, agus tarrtháil déanta air, faighimid léargas eile, léargas a chuireann go mór le héifeacht an scéil ar an léitheoir. 

Tá gluais leis an leabhar - ní raibh sé de dhíth orm féin, agus níor amharc mé air ach go fánach. Measaim féin nach ceart gluais a chur le leabhar, mura bhfuil focail ann nach mbeadh ar fáil i FGB. Nó úsáid neamhghnách á bhaint astu. Agus fiú má tá sé sin riachtanach, b'fhearr go mór liom dá míneofaí as Gaeilge iad seachas an focal Béarla a thabhairt (go háirithe má tá comhthéacs ar leith i gceist). 

Ach mholfainn an leabhar seo do dhéagóirí óga, agus tá súil agam go mbeidh breis dá leithéid ar fáil! 

Áine Uí Fhoghlú 
Cló Iar-Chonnacht





2021-12-06

San Nioclás de réir an Bhráthair Ainglí

Pala di Perugia, altóir i Perugia na hIodáile, le Fra Angelico. Léiríonn na painéil ag bun scéalta as scéal San Nioclás Míora mar a insítear é sa bhFínscéal Órga (Legenda Aurea) 

Tá sé coitianta ar an Mór Roinn Féile San Nioclás a cheiliúradh tríd féiríní a chuir i mbróga na ngasúr, nós atá againn féin. (Líon mé aréir iad do na daoine atá fágtha sa nead!)

Is iomaí scéal a insítear faoi Nioclás - é ag tarrtháil daoine neamhurchóideacha ó anbhás, nó mairnéalaigh ó anfa. Tá nó bhí deabhóid dó láidir i measc mairnéalaigh - is minic Séipéal San Nioclás i gcathair Muirí, mar atá sa Ghaillimh - nó i bpobal mara fearacht Rinn Ó gCuanach. 

Is é an scéal faoin gcuí a thug sé ór do theaghlach bocht mar spré do na hiníonacha, á dtarrtháil ó striapachas, is bunús, is dóigh liom, leis an nasc idir é agus féiríní. 

Sonra ón altóir, Nioclás ag bronnadh ór faoi rún. 

Anois ar ndóigh tá Easpag díograiseach trodach (i gcoinne eiriceacht) Mhíora folaithe ag Santa Claus an tomhaltais. Ní bhíonn cumpanach aige abhus - tarraingíonn a chompánach Peadar Dubh san Ísiltír raic bhliantúil de dheasca na comharthaí sóirt ciníocha a bhaineann leis. Is dóigh liom go bhfuil Knecht Ruprecht na Gearmáine slán go maith ó chonspóid. N'fheadar faoi Krampus adharcach na hOstaire. Bíonn siad araon ag plé leis na leanaí dalba! 


Féile San Nioclás shona dhaoibh!




2021-12-04

Ifreann spleáchas

Ó XKCD

Téarma atá coitianta i measc lucht ríomhaireachta - agus aistrithe ag an gCoiste Tearmaíochta! 

Ifreann Spleáchas, cad é?

Ní hansa.

Cé gur chaith mé formhór mo chuid ama ag plé le bogearraí neadaithe, diaidh ar ndiaidh, tá an castacht a bhíonn i gceist le ríomhaírí níos mó ag sleamhnú isteach i gcóras na bogearraí neadaithe - agus ar aon nós, bíonn na huirlisí atá in úsáid agam ag feidhmiú ar ríomhairí níos mó. Mar sin, tá corr turas tríd Ifreann Spleáchas tógtha agam, agus corr dó faighte agam!

Is annamh anois go mbíonn ríomhchlár - fiú i ríomhaire neadaithe - ina phíosa amháin, neamhspléach ó ríomhchlár eile. (B'amhlaidh a bhí ag tús mo ghairm beatha). 

Tá cúis simplí le sin - bíonn rudaí áirithe is gá do gach ríomhchlár a dhéanamh, agus is fearr an cód sin a athúsáid. Cuirtear an cód i "leabharlann". Sa mhullach ar sin, is minic go mbíonn "córas oibriúcháin" ann, a chuireann seirbhísí ar fáil do na ríomhchláir - agus is iondúil anois go mbíonn níos mó ná ríomhchlár amháin ag obair ar ríomhaire, agus an córas oibriúcháin ag roinnt na hacmhainní orthu. Tá se ag éirí níos coitianta freisin go mbíonn níos mó ná aonad próiseála amháin í ríomhaire agus an córas oibriúcháin freagrach as na hacmhainní sin a roinnt. Mar sin bíonn sraitheanna agus sraitheanna de chód ann idir an feidhmchlár agus an feidhm críochnaithe. 

Tá buntáiste ann an cód seo a úsáid, feidhm a bhaint as leabharlann atá deartha agus profa. Ar ndóigh, d'fhéadfadh gach ríomhchlár an chód seo a choipéail - ach chaillfí go leor den buntáiste, mar nach mbeadh fáil éasca ar cheartúcháin. (Bhí an fhadhb sin agam go luath i mo ghairm, nuair a bhí meitheal againn ag obair ar rudaí gaolmhara, bunaithe ar cóipéail agus leasú - is minic gur réitigh daoine éagsúla an fhadhb céanna ar bhealaí éagsúla - go háirithe nuair a bhíomar amuigh ar na traenacha seachas san oifig ag cumarsáid le chéile - diaidh ar níos d'fhás na difríochtaí gan chúis. Ach sin scéal eile).

Mar sin, baintear feidhm as leabharlanna. An chéad céim eile ansin, go háirithe ar ríomhairí móra, ná bealach a fháil na leabharlanna seo a roinnt, seachas go mbeadh a chóip féin ag gach ríomhchlár. Tugtar DLL (dynamically linked library) ar seo ar Windows; agus SO (shared object) ar Linux. 

Agus sin oscailt geataí Ifrinn Spleáchais...

Toisc go mbíonn na leabharlanna sin ag brath ar leabharlanna eile. Agus go mbíonn na leabharlanna féin ag forbairt. Scaití bíonn ríomhchlár - nó leabharlann - ag brath ar iompar nach raibh iomlán ceart i leabharlann. Má leasaítear an leabharlann, bristear an ríomhchlár a bhí ag brath air. 

Ar ndóigh, is féidir go hiondúil leagan áirithe do leabharlann a éileamh. Ach ciallaíonn sé sin go mbíonn roinnt leaganacha den leabharlann céanna ar an ríomhaire, uaireanta ag teacht salach ar a chéile.... 

Bíonn uirlisí ann chun iarracht a dhéanamh na spleáchais seo a choinneáil faoi smacht, agus go minic oibríonn siad go maith (go háirithe má tá an ríomhaire nasctha leis an idirlíon, agus fáil dá réir ar an leagan cuí. Mura bhfuil, beidh an úsáideoir gnóthach ag aistriú comhaid...). 

Ach nuair a theipeann ar na huirlisí seo bíonn an obair le déanamh ag an úsáideoir d'fhonn an fhadhb a réiteach - nó é a aithint fiú, mar ní gá go mbeadh an chúis gur theip ar an ríomhchlár follasach, nó fiú measartha éasca a aithint. 

Agus is ifreanda an tóraíocht go minic!